Cartlanna Clibe: Acht na Gaeilge

Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

Mr Doherty said Labour was “desperate” for power.

“I think Labour will concede to Fine Gael on a wide range of issues. I think they will accept cuts in social welfare. Labour will walk away with a few Fine Gael concessions on things like graduation tax and maybe the Irish language — not key economic issues,” he said.

B’shin a bhí le rá inné ag Pearse Doherty TD, ionadaí Shinn Féin i Donegal South West, agus é ag tracht ar na cainteanna atá ar bun idir an Lucht Oibre agus Fine Gael. Má bhí léargas ó dhuine ar bith ar fhíor mheas Shinn Féin ar an nGaeilge, sin agat é ó bhéal a’ chapaill. Síleann Pearse agus, ní foláir, SF gurb í an sop in áit na scuaibe.

Ar ndóigh rinne an pháirtí seo go minic roimhe. Noiméad amháin tá siad ag déanamh ‘buaileam sciath’ faoin gheallúint i gComhaontú Chill Rimhinn ach nuair atá ár n-aird in áit eigean eile, ní ghlacann siad an Aireacht Chultúir nuair atá sé ar phláta ós a gcomhair agus fágann siad ag an DUP agus leithéidí Nelson McCausland (Edwin Poots is Gregory Campbell roimhe) é chun sceannairt a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar gheall ar sin bionn ar phobal na Gaeilge troid chúlgharda a fhearadh chun, mar shampla, an Chiste Craoltóíreachta a thabhairt slán ón dtua.

Roimh an toghchán seo, bhí go leor ráitis árd bhladhmannach ag Sinn Féin faoi chomh diograiseach is a raibh an pháirtí ar son na teanga, an páirtí ag maíomh go raibh siad in éadan moltaí Fhine Gael, mar shampla, faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ard Teist. Is léir ó chaint Doherty, áfach, nach mbeadh aon suim aige ina leithéid de chomhghéilleadh ó FG, dá mba rud é go raibh margántaíocht ar bun idir FG agus SF faoi chomhdhéanamh an Chomhrialtais atá le cur i réim, is dócha, go luath..

Polataíocht na fantasaiochta atá agus a bhionn ar bun ag Sinn Féin, iad ag ceapadh gur féidir leo an dubh a chur ina gheal ar an bpobal i rith an ama mar go dtuigeann siad nach mbeidh siad i gcumhacht ó dheas ar feadh na mblianta fada. Uaireannta, áfach, tagann an fhírinne chun solais, fiú más tre thimpist féin a tharla sé.

Tá éirithe le SF, áfach, an dubh a chur ina gheal ar sciar áirithe den phobal leis an bhfantasaíocht seo. Fiú gur eirigh le SF líon a suíocháin sa Dáil a mhéadú faoi thrí, chaithfeá a rá gur ait an scéal é go bhfuil fós níos mó iontaoibh ag an bpobal as Fhianna Fáíl ná mar atá acu as SF – dá olcas a rinne FF, sháraigh siad SF ar a laghad!

Murar féidir le páirtí radacach ar nós SF páirtí cosúil le FF a sharú, trath go bhfuil FF luaite mar phríomh namhaid an phobail ag na meáin is eile, ní mór do SF gan bheith ag tabhairt an iomarca súntais dá chuid bolscaireachta féin.

Agus maidir le ráiteas Doherty i leith ‘Labour’ a bheith ‘desperate for power’, cuireann sé an sean fhocal ina bhfuil na focail ‘pota’, ‘citeal’ agus ‘dubh’ luaite ann i gcuimhne dhom.

Clamhnas an DUP agus Sinn Féin i mbaol

Tá deacrachtaí sa chlamhnas idir Sinn Féin agus an DUP, is cosúil.    Inniu bhí Peter Robinson agus Martin McGuinness ag cur fáilte roimh chuairt ón dTaoiseach agus dornán airí ó Chomhaireacht an Deiscirt ag cruinniu tras teorainn i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire.   Ocáid stairiúil, cheapfá.  Ní bheithfeá ag súil le titim amach phoiblí idir Céad Aire agus Leas Chéad Aire an Tuaiscirt.  Nach iad dhá thaobh an bhoinn chéanna?

Baineann an easaontú seo le cúrsaí poilíneachta agus slándála, an cloch is mó ar phaidrín Shinn Féin de réir dealraimh.  Glacaim leis go bhfuil sé tabhachtach, gan amhras, ach ní aontaim go bhfuil sé chomh tabhachtach sin is go gcuirfeadh sé lan stad le gach rud eile bogadh chun tosaigh. Is cosúil go bhfuil an DUP ag diultú bogadh ar chúrsaí poilíneachta go dtí go mbogfaidh SF seasamh an pháirtí ar chúrsaí na bparáidí conspóideacha. Ar ndóigh tá réiteach ar seo.

Baineann ceist na mórshiúl le cultúr na nAondachtach.   D’fhéadfadh Sinn Féin éileamh a dhéanamh anois go mbogfadh an DUP a seasamh ar cheist na Gaeilge, Acht na Gaeilge a cheadú mar shampla nó cur go súntasach le Ciste Craoltóireacht na Gaeilge, chomh fada agus go ngeillfeadh Sinn Féin réimeas níos solúbtha ar cheist na bparáidí. Nach bhfuil a fhios ag an saol go bhfuil lá na nOrd Dílis caite agus fiú má thugtar cead doibh bheith ag siúl gach bóthar ó thuaidh, creidimse nach mbeidh ag siúl ach na seanóirí!   Tá an chultúr sin i gcontúirt de bharr go dtagann sé salach go h-iomlán ar chultúr na linne agus ní fheictear do ghlúin óg na nAondachtach go bhfuil tabhacht leis ina saol pearsanta.

Ní thaitníonn sé liom bheith ag cur an Ghaeilge chun tosaigh mar an ‘quid pro quo’ ar paráídí na nAondachtach,   Má chreideann ceannairí na nAondachtach go bhfuil tabhacht ag baint le ceist na bparáidí, mar go dtugann sé áit dá leagan den chultúr Briotanach sna sé chontae, ba cheart éiric níos oiriúnaí a ghearradh orthu; is é sin go mbeadh áit ceart agus faoi phribhléid ag cultúr na nGael/na hÉireann sa chuid sin den Tuaisceart. Is léir domsa go bhfuil an DUP ag feidhmiú de réir an tuiscint nach gá doibh a aithint go bhfuil cultúr ar bith seachas cultúr na Breataine/na nAondachtach ó thuaidh.   Ní féidir leis an status quo a leanúint.

Is cosúil nach féidir le Sinn Féin féachaint ar an gceist seo go samhlaíoch agus go bhfuil siad ceangailte anois le ceist seo na poilíneachta agus go gcaithfidh an cumhacht slándála bheith aistrithe go dtí Béal Feirste ó Londain roimh Nollaig.  Níl sin chun tarlú anois.   Níl an DUP chun bogadh.   Is léir sin.   B’fhéidir ná raibh siad riamh chun bogadh.

Tá sé in am cluiche éagsúil a imirt.   An bhfuil Sinn Féin ábalta sin a dhéanamh?   Nó an bhfuil siad chun cloí le taictic nach bhfuil ag oibriú?

Má cheapann siad mar shampla go bhfuil an dá Rialtas chun teacht i gcabhair orthu agus Comhaontú na Nollag a éascú, faoi mar a rinne siad roimhe, tá dul amú orthu.  Tá clocha níos mó ar phaidrín Bhrian O Comhain agus Gordon Brown ná bheith ag tabhairt mílseáin do pháistí dána an Tuaiscirt de bharr nach bhfuil siad sásta ar chúis éigean.

In am bogadh chun tosaigh…

Tá an cheart ag Máirtín Ó Muilleoir nuair a deir sé go bhfuil an clampar seo ar fad faoi thuairisciú an BBC ar mhórshiúl Acht na Gaeilge Dé Satharn seo chaite ag tógáint ár n-áird ón bpríomh chuspóir, sé sin Acht Ghaeilge, le dealramh agus le brí, a reachtú ó thuaidh. 

Tagaim leis an méid atá le rá freisin ag Philip Cummings ina cholún an tseachtain seo: 

Maidir leis an tréith is coitianta ag Gaeilgeoirí, .i. an gearán, is leor sampla amháin. Den chéad uair, bhí tuairisc ag an BBC faoi mhórshiúl ar son na Gaeilge.
In ionad an rud cliste a dhéanamh agus tuile litreacha molta a sheoladh chuig an BBC as an tuairisciú lena chinntiú go ndéanfadh an stáisiún arís é, cad é a bhí beartaithe ag grúpa amháin i ndiaidh an mhórshiúil, Dé Sathairn?
Tá, gearán a dhéanamh leis an BBC cionn is go raibh an figiúr míchruinn foilsithe ag an stáisiún.
Go leor ráite?

Ar ndóigh deineann an BBC mí thuairisciú ar imeachtaí faoin nGaeilge, is é sin nuair a dheineann siad iad a thuairisciú ar chorr ar bith.   An uair seo, thar na h-uaireannta eile ar fad, rinne siad tuairisciú ar an ócáid. Bhí an tuairisc mí chruinn, bhí sé ró ghairid agus nior thug sé a cheart don ocáid.  Tá an ghearán déanta – ach bog ar aghaidh anois, tá an seó sin thart agus bí ag smaoineamh is ag beartú ar an gcéad ocáid eile chun aird an phobail a dhíriú ar an mór cheist. 

An rud ar cheart a dhéanamh má tá ocáid eile chun a bheith ann, go mbeadh sé nach mór beo ar You Tube, nó a chothrom, le go bhfeicfeadh an domhan mór é gan an BBC a theacht sa tslí chun a leagan leath bhacáilte a thabhairt.   Go deimhin ba cheart smaoineamh ar You Tube agus ocáid a reachtáil díreach ar an meán sin amháin agus féachaint conas mar a eiríonn leis.  Tá sé saor in aisce agus tá sé iomlán faoi do smacht….Agus cinnte go bhfuil go leor léiritheoirí teilifíse thart chun cuidiú libh jab ceart a dhéanamh de….

Feicim anois go bhfuil litir éisithe ag an BBC ag tabhairt a taobh den scéal.  Tá siad ag seasamh leis.  An aon íontas é sin?  Fagfaimís an scéal mar atá sé….

litirchuigpobalonbbc