Cá bhfuil Colm McCarthy nuair atá gá leis?

litir ó pheann Helen Ó Murchú i Gaelscéal inniu ina gcuireann sí roinnt ceisteanna géarchúiseacha faoin ‘samhail nua mhaoinithe’ atá molta ag Foras na Gaeilge mar bhunús do mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge as seo amach.   [Samhail Nua Mhaoinithe, Cuíchoiriú agus eile – an bhfuil aon baol go bhfuil Foras na Gaeilge ag cumadh chanúna nua den teanga, canúint an mhaoirlaithis mhire, canúint, dála an scéil, atá an cuma air gur droch aistriú é ón mBéarla!)

Na ceisteanna a chuir Helen Ó Murchú, tá cuid acu curtha agam féin in alt ar iGaeilge ar fhoilsíodh ar iGaeilge an lá ar fógraíodh beart nua an Fhorais.    Cé h-iad na daoine a dhéanfaidh na cinntí agus cén slat  tomhas a bheidh acu?   Níl aon mhuinín agam as cumas nó neamhspleachas an Fhorais i bhfianaise an taithí díreach atá agam ar chomh claonta agus chomh míchumasach is atá siad nuair a bhionn cinneadh le déanamh acu.  An toradh ar an easpa cumais agus ar an gclaontacht seo – Gaelscéal!   Foilseachán a thugann ‘áird ar leith’ do pháírithe a sheolann preas ráitis chuig an pháírtí i nGaeilge – ie Sinn Féin agus Eirigí [Nach suimiúil an rud go bhfuil pictiúir d’Eirigí foilsithe in éineacht le h-alt Eoghan Ó Néill inniu gan oiread is tagairt amháin ag Ó Néill don ‘pháirtí’ sin!]

Ar aon nós, ní faoi sin atáim.  An samhail nua mhaoinithe seo, atá ag déanamh tinnis do Helen Ó Murchú, is é sin atá i gceist anseo.  Shíl mé an lá ar fhoilsíodh é – agus creidim go fóíll – gurb é seo an gléas a chuirfidh deireadh le cuid de na h-eagrais Ghaeilge is fearr sa tír agus a larnóidh breis cumhachta i bhForas na Gaeilge, foras atá faoi smacht pholatúil Shinn Féin ó thuaidh agus Fianna Fáil ó dheas.    Ní fhéadfainn smaoineamh ar dhá dhream níos measa le cumhacht ‘beatha agus bás’ a thabhairt dóibh ar an nGaeilge.

I gcás an Fhorais, is léir go bhfuil níos mó cleachtadh ag an institiúid sin an bás a thabhairt seachas an beatha.  Cuimhnigh go raibh na h-eagrais atá faoi bhagairt anois ar an bhfód sara saolaíodh an Fhoras, bhí Conradh na Gaeilge ann le breis is céad bliain agus baint nach beag ag an eagras leis an ngluaiseacht a thug an Phoblacht ar an saol [fiú más poblacht neamh iomlán atá ann go fóill!].  Ar ndóigh bhí Lá ann roimh an Fhoras – agus sean Foinse – ach tá siad imithe anois agus níl fagtha ina ndiaidh ach scáileanna, a bhuiochas don bhForas.

alt léargasach ag Breandán Delap ar Beo na míosa seo ina thugann sé le fios go bhfuil dúshlán na n-eagras Ghaeilge tugtha ag an bhForas agus iad i mbun iarrachtaí chun airgead a choigilt.


Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh. Ach is cosúil anois go bhfuil sruth na meala tráite agus is léir ón cháipéis ad’eisigh an Foras go bhfuil geisfhocal úr aimsithe acu – ‘cuíchóiriú.’ Leagan Gaeilge é seo ar ‘rationalisation’ atá sainmhínithe ag foclóir Collins mar seo a leanas: ‘to eliminate unnecessary equipment, personnel, or processes from a group of businesses in order to make it more efficient.’
Ouch!

Dá ndéanfaí an cuíchoiriú seo ar Fhoras na Gaeilge féin,bheadh tús maith ann.  Ach ni léir go bhfuil sin ag titim amach agus an Fhoras ag iarraidh breis foirne e earcú chun cuma an tsaothair a chur ar oifigí fhairsinge is costasacha atá acu i mBéal Feirste agus i gCearnóg Mhuirfean sa phríomh chathair agus, ní foláír, an oifig nua atá le h-oscailt i nGaoth Dobhair ar mhaithe le ‘dílarú’.

Cé go gcreideann Breandán go bhfuil gaoth fuar na ngiorruithe ag séideadh i gCearnóg Mhuirfean, aithníonn sé freisin ná raibh aon laghdú ar dheontas an Fhorais de bhrí gur institiúid tras teorainn é.  [Nior chosain sin an Fhoras i 2002/3 nuair a baineadh €2m óna chiste sara cuireadh feachtas ar bun i measc eagrais Ghaeilge an tuaiscirt chun an t-airgead seo a fháil ar ais – ní raibh eagrais an deiscirt ró bhuartha ag an am más buan mo chuimhne!]

Tá cúpla pointe tabhachtach a deineadh in altanna an lae inniu.

Fiafraíonn Helen:

Ar ndóigh, seans go gcaithfear cur le foireann FNG chun measúnú a dhéanamh ar thograí. Is tranglam mí-éifeachtach ardchostasach is dóichí a bheidh mar thoradh ar an iarracht seo chun caiteachas a theorainniú. Más costas-éifeacht an bhunlíne, ní mór FNG mar aonad costais ann féin a scrúdú, seachas díriú ar chiste amháin dá chuid chaiteachais. Ar ndóigh, dá leithéid d’iniúchadh, ba ghá critéir chinnte ar éifeacht a bheith ar fáil agus a chruthú nach bhfuil a bhfuil ann cheana féin ag feidhmiú go héifeachtach. Chuige seo arís, ba ghá friotal an mhargaidh a chur ar leataobh nó ar a laghad a athmhúnláil ar bhealach a thaispeánann tuiscint ar nádúr na hoibre teanga.
Má tá friotal an mhargaidh chomh hiontaofa leis an margadh féin i bhfianaise tarlúintí le déanaí, b’fhéidir gurbh fhearr é a sheachaint ar fad chun críche na ngnóthaí seo. An costas-éifeacht é iomlán ciste a chur faoi thionchar dreama amháin, agus nach maoineofar ach a n-oireann don dream sin, dream nach saineolaithe teanga iad nó nach dtuigeann sainriachtanais na bpobal agus na mball atá faoi chúram na saineagraíochtaí bunmhaoinithe mar atá?

Cuireann Breandán morán an cheist chéanna i mbeagán focal:

Beidh ról níos leithne dá réir ag an Fhoras mar mhaoinitheoir.

Is é an ‘ról níos leithne’ a bheith ag Foras na Gaeilge tromluí na nGael.  Níl dream níos mí eifeachtaí nó níos mí oiriúnaí don ról níos leithne seo.  Foras é Foras na Gaeilge atá maoinithe ón sparán phoiblí ach nach feidir leis an bhForas sin a gcuid cúntais a chuir ar fáil go poiblí ach go dtí go mbionn sé ró mhall aon cheist a chur.    Tá tuairisc bhliantúil an Fhorais do 2005 ar fáil ar a shuíomh idirlín – níl aon cheann níos giorra do 2010 ná sin ann.

Níl aon amhras go bhfuil eagrais Ghaeilge ann atá iomarcach agus go bhfuil ‘dúbláil’ ar siúl ag cuid acu.   Ach ní doigh liom go gcuirfidh ‘samhail nua mhaoinithe’ an Fhorais deireadh le sin.   Is é an rud a dhéanfaidh sé go dtabharfaidh sé breis cumhachta don bhForas trath go bhfuil sé ráite i ndréacht straitéis 20 bliain an Rialtais go mbunófar ‘Udarás na Gaeilge’ nó Udarás na Gaeltachta agus na Gaeilge.   Ní féidir liom gan smaoineamh gurb é an brí atá ar chúl ‘samhail nua mhaoinithe’ an Fhorais feidhm a thabhairt d’fheidhmeannaigh an Fhorais ionas go mbeidh ‘gá’ leo.    Beidh orthu measúnú a dhéanamh ar na h-iarratais agus ansan ar na h-iarrachtaí na dualgaisí sa chonradh a bheidh ag na buaiteoirí a chuir i bhfeidhm.    Beidh go leor maorláthas ansan do mhaorláthaigh an Fhorais, is dócha.

An cheist atá agamsa, tá sé curtha go maith ag Helen:  An é seo an usáid is éifeachtaí d’airgead an phobail?  Airgead a infhéistiú i maorláthas seachas in obair ar an dtalamh?

An bhfuil a fhios ag Colm McCarthy go bhfuil ‘maorláthas na Gaeilge ag méadú’ seachas ag laghdú?  Ní h-é go bhfuil ‘sruth na meala tráite’ a Bhreandáin – tá sé curtha ar athreo ag Foras na Gaeilge.   Is an Fhoras féin a bheidh ag snamh sa mhil chéanna anois.

10 dtuairim ar “Cá bhfuil Colm McCarthy nuair atá gá leis?

  1. seamus mac seain

    A chonchubhair a chara ní shílim go bhfuil Gaelscéal go holc ar chor ar bith agus bím ag tnúth lena léamh gach seachtain. I dtaca leis na h-eagrais bhunmhaoinithe agus an Fóras de nach dóigh leat gur troid na mbó maol atá ann idir maorlathas amháin ata i gcumhacht agus maorlathas eile a shíleann gur cheart go mbeadh siadsan i gcumhacht. An bhfuil an ceart agam nuair a déirim gur Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá ar thús cadhanaíochta sa troid seo agus tcí Dia iad sin mar Mhaorlathas. Go sabhála Dia sin orthu uilig idir mhaorlathas bheag agus mhór.

    Freagra
    1. aonghus

      Níl sé cóir cuir síos ar gach duine sna eagrais bun mhaonaithe mar maorlathaigh. Cinnte, bíonn maorlathas in aon eagraíocht. Ach is coistí deonacha agus daoine, atá ag obair ar phá níos lú ná mar a bheadh ar fáil acu in earnáil eile, atá i gceist don gcuid is mó. Agus cuid mhaith den maorlathas atá fágtha, s’iad Folús na Gaeilge agus a maistrí san Státseirbhís is bunús leis, iad ag lorg páipéireachas agus meamraiméis ar dhaoine ar b’fhearr leo dul ar aghaidh leis an obair. (Agus gan iad féin in inmhe tuarascáil bliantúil a chur ar fáil in am).

      Maidir le Gaelscéal. Sílim go bhfuil bealach le dul acu fós. Nílimse ag fáil an chothú a bhíodh i bhFoinse ná Lá Nua astu fós. Rud nach ionadh, ós ag foghlaim a gceird atá an chliar, agus is beag duine a scríobh dóibh a bhfuil taithí aige nó aici san tréimhseacháin eile. Rud – tá súil agam – a leigheasfaidh an aimsir.

      Freagra
      1. igaeilge Údar an Ailt

        Ní raibh sé ceart nó cóir dream ná raibh ach ag foghlaim na céirde a roghnú chun na h-oibre seo a dhéanamh. Bhí daoine ann le taithí agus le cumas nár roghnaíodh don obair seo ach roghnaíodh an ‘dream as Conamara’ agus an ‘dream báúil do Shinn Féin’ don obair gan aon údar eile a bheith ann leis an gconradh a thabhairt doibh…. Comórtas cam eile de chuid Foras na Gaeilge….

  2. igaeilge Údar an Ailt

    Nílim ar shon maorláthas mór nó beag, a Shéamuis. Maidir le Gaelscéal, ní aontaím leat. Ach sin mar is fearr é – nó dá n-aontóinn, bheadh an bheirt againn uaigneach….

    Freagra
  3. aonghus

    Ní raibh sé ceart nó cóir dream ná raibh ach ag foghlaim na céirde a roghnú

    Ní raibh. Ach mar a deir lucht polaitíochta, táimid san áit ina bhfuilimid.

    Agus is drochthuar é do na scéimeanna scéimiúla atá á bheartú.

    Freagra
  4. seamus mac seain

    a Aonghuis a chara Má’s fíor go bhfuil daoine sna heagrais Ghaeilge ag obair “ar phá níos lú ná mar a bheadh in earnáil eile” ní bhíonn sé fíor i gcónaí de réir cosúlachta nó ma’s fíor an rud a dúbhradh liom (scéal scéil gan dabht)tá fostaí amháin i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 100,000 Euro sa bhliain. Is bhuíoch le bocht beagán !!

    Freagra
  5. aonghus

    Nílim ag maíomh nach bhfuil na heagrais gan locht. Ach is mo thaithí phearsanta go bhfuil na daoine ar an dtalamh – i gComhluadar, mar shampla – díograiseach, tiomanta.

    Níl bealach níos fearr chun an díograis a ídiú ná iallach a chuir ar dhaoine cuir isteach ar a bpostanna féin gach cúpla bliain. Rud atá i gceist le scéiméireacht an Fhorais, mar a d’fhoghlaim muid i gcás Foinse agus Lá.

    Tá bealaí níos fearr, le níos lú maorlathas agus níos mó den earra ghann sin “trédhearcacht” ag baint leo chun féachaint chuige nach bhfuiltear ag cuir pinginí na Gaeilge amú.

    Freagra
  6. Seán Mór

    Bheinn féin buartha faoi chur chuige seo Fhoras na Gaeilge, agus bhí neart pointí fiúntacha curtha chun tosaigh sa litir sin ag Helen Ó Murchú. Is é an buaireamh is mó atá ormsa ná nach mbeidh aon mhaoiniú ‘eagraíochtúil’ ar fáil amach anseo. Níl a fhios agam an féidir aon straitéis sheasmhach leanúnach a chur i bhfeidhm san fhadtéarma más síor-iomaíocht le haghaidh maoiniú scéimeanna a bheas ann gach trí bliana.

    San am céanna, ní fhaca mé aon rud sa litir sin ó na ’19 n-eagraíocht’ a thabharfadh dóchas dom go dtuigeann siad féin an gá atá le hathrú radacach eagraíochtúil i saol na Gaeilge. Is é mo bharúil féin go bhfuil sé thar am againn dul isteach faoi aon eagraíocht náisiúnta amháin, ach é a bheith oscailte go leor le go mbeadh neart gníomhaíochtaí áitiúila ceangailte leis an eagraíocht chéanna… béim mhór ar an ghníomh áitiúil, ach iad uilig a bheith ceangailte ag leibhéal náisiúnta in aon ghluaiseacht amháin. Chuala mé ar na mallaibh go bhfuiltear i ndiaidh struchtúr eile a bhunú i measc na n-eagraíochtaí óige sna Sé chontae fiú… mar atá ‘Fóram na nÓg’… ní thuigim féin cén fáth a bhfuil struchtúir eile mar seo á mbunú nuair atá neart eagraíochtaí óige ann cheana féin agus gur chóir dúinn a bheith ag obair le hÓgras agus Feachtas a thabhairt le chéile, seachas struchtúr eile maorlathais a bhunú, a bheas ag dul san iomaíocht fá choinne maoinithe srl.

    Thug sé dóchas dom gur chláraigh An Droichead i mBéal Feirste mar bhallghrúpa de Chonradh na Gaeilge ar na mallaibh. Anois, ní dhéanfaidh sin aon dochar don Droichead, ach cuirfidh sé go mór le hathbheochan an Chonartha mar ghluaiseacht náisiúnta… ba mhaith liom go ndéanfadh Glór na nGael, Comhluadar, srl an rud céanna…

    Tuigimse an buaireamh atá ar na heagraíochtaí Gaeilge, agus ní aontaím féin le cur chuige ‘scéimeanna’ amháin. Ach, má bhriseann an cur chuige ‘scéimiúil’ seo an maorlathas eagraíochtúil atá i ndiaidh sleamhnú isteach i saol na Gaeilge le blianta, bhuel, b’fhéidir gur tús a bheas ann chun rud éigin úr a chruthú amach anseo….

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Tá roinnt poinntí maithe sa mhéid a deir tú, a Sheáin. Ní doigh liom go bhfuil éinne réasúnta nach gcreideann go bhfuil laigí i gcur chuige na n-eagraíochtaí Ghaeilge mar atá – agus bheadh sé go maith dá mbeadh eagras amháin ann le gach eagras eile faoina scath (agus ní hé Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an eagras sin nó tá sé ró ‘stat sheirbhíseach’ creidim). Ach ní doigh liom gurb é gléas an athruithe an chur chuige scéimiúil.
    Gan amhras tá gá go bhfasfadh na n-eagrasaí Ghaeilge magairlí dá gcuid féin agus is é an t-aon slí chun sin a dhéanamh teacht ar fhoinse mhaoinithe eile seachas an sparán phoiblí via Foras na Gaeilge. Tá sé in am go mbeadh scéimeanna cearta ann chun airgead a mhealladh ó na baill ar shlite éagsúla le neart na n-eagrasaí seo a threisiú.

    Freagra
  8. seamus mac seain

    níl a fhios agam A Sheáin agus A Chonubhair an mbéinn féin i bhfabhar Olleagras amháin a bheith ann do na grúpaí Gaeilge uilig, mar atá molta agaibh. Ceapaim féin gurb í ár n-éagsulacht ár láidreacht. Roinnt blianta ó shin i mBéal Feirste i ndiaidh síniú comhaontú Aoine an Chéasta( tráth a raibh dóchas againn go raibh athrú ag teacht ó thaobh na Gaeilge de sna se chontae) thug na h-údaráis cruinniú le chéile i mBéal Feirste dena na grúpaí Gaeilge uilig sa chathair agus d’iarr aon ghrúpa amháin a dhéanamh astú agus gheall siad milliún punt achur isteach ann. Cuireadh seo chun tosaigh le go mbeadh sé níos fusa ag an mhaorlathas déileáil leis an earnáil. Suim mhór airgid dar leat milliún punt ach nuair a rinne cuid againn scrúdú ar na grúpaí éagsúla a bhí ann (níos mó na caoga acu a bhí ag obair a bheag nó a mhór neamhspleách ar a chéile) fuair muid amach gur laghdú ar mhaoiniú a bheadh ann glacadh leis an tairiscint agus go raibh na grúpaí ag fáil i bhfad níos mó na sin agus iad ag déanamh ar á son fein leis na h-údaráis.Caithfidh muid a admháil sílim nach deá chleachtadh atá againn cheanna féin ar na scath grúpaí ann cosúil le Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar shampla. Sílim gur buntáiste againn é a oiread grúpaí agus is féidir a bheith ann agus iad ag obair as lámh a chéile ach ag déanamh ar á son féin san am chéanna agus sílim gur mó oibre a dhéanafar ar an dóigh sin. Seachnaimis in ainm Dé “Plúid Shó” (comfort blanket?) na n-olleagras. Ní neart go cur le chéile cinnte ach ach na caillfimis ar neamhspleáchas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s