Cartlanna Clibe: Ros na Rún

Ní leor Fry chun spéis a mhúscailt i Ros na Rún


Tar éis na cainte go léir atá déanta ar chúrsaí Ros na Rún sna meáin le tamall bheag anuas, mar gheall ar chuairt an aisteora Shasanaigh úd,, caithfidh mé a rá gur beag spéis a chuir mé sa scéal go dtí gur léigh mé an t-alt seo inniu.

Is doigh liom go bhfuil an scéal droim ar ais ag an scríobhnóir. Níl ag eirí le Ros na Rún, dar liom, lucht féachana mhór a mhealladh – níl sé mór fiú más 100,000 é – mar go bhfuil sé go h-iomlán as tiúin leis an lucht féachana a fhéadfadh bheith aige.

Deirtear linn go bhfuil Ros na Rún suite i nGaeltacht Chonamara – ach i bhfírinne ní bhaineann an saol a léiritear leis an bhfíor shaol i gConamara. Ní bhionn aon chaint ar chúrsaí áitiúla nó níl aon leid ann – idir amhránaíocht ar an sean nós is a leithéid, Pléaracá, Comórtas Peile na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, pleananna teanga is a leithéid – go bhfuil an sraidbhaile seo sa Ghaeltacht in aon chorr. Is dócha go bhfuil cúiseanna le seo – cúrsaí clúmhillte, rialacha an fhormaid seo, an sobal dhráma is araile – ach is féidir bheith cúramach i dtaobh clúmhilleadh agus cén fath go gcaithfidh sobal Ghaeilge cloí le rialacha an fhormaid?

In áit sin tá ‘Bialann Tapas’ agus ‘striapaigh’ is ‘loan sharks’ is a leithéid- b’shin an méid a phioc mé suas ón gclár is déanaí a chonac. (Agus ní chiallaíonn sin gur ‘phioc mé suas striapach’!) Maith go leor is cuid den saol comhaimseartha a leithéid agus tá an saol sin chomh beo i gConamara is atá sé i mBaile Átha Cliath nó i Múscraí.

An cheist a chuirim: An é sprioc Ros na Rún a léiriú go bhfuil an Ghaeltacht cosúil leis an chuid eile den tír nó an áit éagsúil é sa Ghaeltacht ina bhfuil gnéithe den ghnath shaol Éireannach is comhaimseartha le feiscint ann?

Feictear dom go bhfuil tuiscint éagsúil ar fhreagra na ceiste sin agam is atá ag léiritheoirí Ros na Rún. Ní nach íonadh, is duine den lucht féachana mise agus baineann siad san le h-aos ghairmiúil na teilifíse Tá cuid acu agus clú is cáil orthu ó thaobh na h-aisteoireachta de is na leiriúcháin – ach ní h-ionann sin is go bhfuil gach eolas acu.

Ag an am chéanna is nach bhfuil Ros na Rún ‘Conamarach’ a dhóthain, tá sé ‘ró Chonamarach’. Tá an chlár báite i mblas Chonamara Shéamus Mhicil Tom is Tadhg is Mícheál – agus i mblas Blea Chliathach Vince agus an dream nua. Corr Conallach anseo agus ansiúd agus ar éigean go mbionn Muimhneach le clos riamh ar an gclár. Arís ní léargas firinneach é sin ar an saol – amhail is go bhfuil cliar an chláir ag brath ar na h-aisteoirí a bheith ar fáíl, cuma cén chanúint atá acu.

Is léir, áfach, go bhfuil sé indéanta Gaeilge a mhúineadh d’aon dhuine chun a bheith páirteach i sobal – b’fhéidir gur cheart do leiritheoirí Ros na Rún teacht timpeall na tíre chun daoine eile a aimsiú seachas bheith ag feitheamh ar leitheidí Stephen Fry teacht chuthu.

Tá sé ráite agam roimhe gur mhaith liom deireadh a chur le Ros na Rún ar TG4 agus dramaíocht nua a chur ina áit. Mothaím go bhfuil deireadh ré na sobal dhramaí ag teannadh linn agus go bhfuil rud éigean le faobhar níos géire air ag teastáil.

An Crisis – seod teilifíse eile ó TG4

Foireann An Chomhairle Teanga

Is minic go mbím ag gearán faoi TG4 – ach níos minicí ná a mhalairt, bionn orm an ghearán a athscríobh dá luaithe is a bhíonn sé foilsithe agam mar go mbionn seod eile acu ar an scaileán.   Tá trí nó ceithre shraith i mbliana a chuaigh i bhfeidhm orm – Lorg Lunny, an sraith ceoil is fearr go dtí seo, Barr an Ranga (sraith brea ‘réalaíoch’ faoi shaol scoileanna ó thuaidh is ó dheas), Na Cloigne, an scéinséar Éireannach is fearr go dtí seo (chomh maith le na h-eagráin is fearr de Morse nó Wallander) agus anois seo chugainn ‘An Crisis’.

Ní raibh sraith grinn chomh maith leis ar chainéal Éireannach ó bhí CU Burn ann – agus, ar ndóígh, is sraitheanna iomlán difriúil óna chéile iad.   Bhí blaisín de na “Keystone Cops” ag baint le h-eachtraí Charlie agus Vinne Burn (beannacht Dé le h-anam Seán Mac Fhionnghaile, an Ghael uasal, a fuair bás le bliain anuas) agus cuireann ‘An Crisis’  ‘Yes Minister’ agus ‘The Rise and Fall of Reginald Perrin”  i gcuimhne dhom nó tá an greann ann bunaithe ar imeartas focail, ar bheagán slapstick agus ar nosmhaireacht dhaoine.

Bhí páirt bheag agam féin i CU Burn uair – agus ní h-é gur aisteoir mór le rá mé.   Is amhlaidh gur Corcaíoch mé a bhí lonnaithe i mBéal Feirste ag an am agus nach mbeadh sé ró fhada dom taisteal go dtí Rann na Feirste don taifeadadh.   Ach ba phribhléid dom é – nó creidim go seasfaidh CU Burn teist na h-aimsire.

Tá An Crisis ar fheabhas.   Bíonn ‘crisis’ éigean ann gach seachtain – sa chlár deireannach bhí ‘réalt’ ann a bhí tar éis cocaon a bheith aige agus bhí ar Setanta de Paor, Príomh Fheidhmeannach gníomhach An Chomhairle Teanga (scig ar an bhForas?), ag iarraidh bealach a aimsiú chun go mbeadh a réalt, Diarmuid Darcy (Seán T. O Meallaigh), ábalta na duaiseanna a bhronnadh ag pháistí scoile a ghlac páirt i gcomórtas aistí.  In eagrán eile, bronnadh maoiniú ar nia leis an stiurthóir chun scannán a léiriú a chuirfeadh an Ghaeilge i mbéal an phobail.  Nuair a taispeanadh an ‘rough cut’, fuarthas amach ná raibh focal Ghaeilge ann!    Tá sé chomh h-amaideach, b’fhéidir, le bheith ag maoiniú nuachtán gan iriseoirí nó nuacht – ach sin scéal eile. Uaireannta bionn an fíor shaol níos greannmhaire ná an fhicsean!

Ar aon nós, ní fiú gach eagrán de An Crisis a aithris anseo.   Is féidir libh iad  a fheiceáil ar shuíomh TG4. Is cinnte dá n-eiseofaí ‘An Crisis’ ar DVD trath na Nollag go mbeadh áthas orm é a fháil mar bhronntanas!   Maraon le Na Cloigne, Rasaí na Gaillimhe agus The Running Mate.

Cé go bhfuil go leor réaltaí luaite le An Crisis, leithéidí Risteard Cooper (Apres Match) agus Michelle Beamish (Seacht agus eile), tá áthas ormsa réalt eile a fheiceáil agus a ainm in airde ar an scaileán.  Scriobhnóir é Antóin O Flatharta a chum agus a cheap ‘Ros na Rún’ – ní fheadar cad a cheapann sé faoin saol ar an sraid bhaile seo anois? – agus a scrígh drámaí ar nós ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘Solas Dearg’.   Cé go bhfuil sé abhairín seafóideach comparáid a dhéanamh, tá sé ar chomhchéim dar liom le leithéidí Martin McDonagh nó Jimmy McGovern.  Scríobhann sé i dteanga na ndaoine – agus tá sé iomlán inchreidte.

Maith sibh TG4 as an sraith íontach seo, An Crisis.  Tá gradaim is buiochas na nGael – an dream mí bhuioch sin! – tuillte go maith agaibh!

Ca bhfuil 6 anois? An bithiunach O Dowd

Chuaigh an bhithiunach O Dowd ar iarraidh o Ros na Run tamall o shin agus ta bleachtairi na nGardai sa toir ar o shin.
Agus taim tar eis teacht air. Anois is aghaidh ur macanta an Anglo Irish O Dowd. Bi ag caint ar an fhear cheart ag an am cheart!
Ar eagla na mi thuisceana bunaithe ar fhianaise an phictiuir thios, taim lan sasta gur mo shean chara, Nollaig Mac Aoidh, aisteoir (O Dowd i Ros na Run agus go leor pairteanna eile i leirithe eagsula) scriobhnoir agus, anois, aghaidh mhacanta Anglo Irish ata ann. Is leir nach mbionn lucht deanta an fhogra ag faire ar Ros na Run! Da mbeadh airgead agam le cur I dtaisce is tuisce go dtabharfainn e le h-aire a thabhairt do do O Dowd na do bhithiunaigh an Anglo Irish. Is tuisce aris go dtabharfainn do Nollaig an t-airgead ach ar ndoigh nil airgead agam agus, mar sin, nil an rogha sin agam! (ar amharai an tsaoil is docha go bhfuil aon airgead ata agam agus a bheidh ag sliocht mo shleachta geallta ag Rialtas na MiChomhairle don Anglo Irish agus na bainceiri eile.)
Mar fhocal scoir, ni h-aon iontas go raibh ar an Anglo Irish aisteoir a fhostu mar aghaidh mhacanta I bhfianaise eachtrai ata i mbeal na nuachta!

Póg leisbiach ina chomhartha ar rás rite Ros na Rún?

rosnarun
Is cosúil go bhfuil sé i gceist ag lucht léirithe Ros na Rún go mbeadh póg leisbiach ar an sobal Gaeltachta go luath. Trath go raibh bheadh seo ina scéal mór sna nuachtáin – is cuimhin liom an scannal a bhí ann nuair a taispeanadh bean nocht ar an dráma teilifíse, The Spike.

Anois tá sé i gceist go mbeadh Roise agus Tína ag tabhairt póg dá chéile an tseachtain seo chugainn agus is dócha go mbeidh rudaí eile ar na bacain ina dhiaidh sin. Bainfidh na h-eagarthóirí tablóideacha sásta leis an scéal – líonfaidh sé an spás a bhí á líonadh an tseachtain seo le scéalta faoi Ryan Tubridy agus Jordan.

Trath go raibh gur ionann seo agus briseadh múnla. Ach bhris Ros na Rún an múnla seo na blianta fáda ó shin nuair a bhí póg aerach ann – Diarmuid de Faoite agus Seán Ó Tarpaigh a bhí i gceist.

Dar liomsa is comhartha é seo go bhfuil rás Ros na Rún rite – tá cuma tuirseach ar an gclár anois. Trí bhliain deag ar an mbóthar agus má tá sin aosta i dtearmaí saoil ré mhadra, tá sé seacht uair níos aosta nuair is sobal theilifíse atá i gceist.

Sílim go bhfuil sé in am deireadh a chur le Ros na Rún agus tús a chur le dráma nua teilifíse. Goillfidh sé orm ar shlí nó tá caraictéirí ann a thaitníonn go mór liom – Séamus Mhicil Tom, Tadhg an Tabhairneoir, An Sairsint Úna – is brea liom bean slachtmhar in éide.

Cad é bhúr dtuairim ar an gceist seo? An bhfuil sé in am comharba a fháil do Ros na Rún? Sobal dhráma a bheadh suite i bpobal Gaelach sa chathair, b’fhéidir?

Tá a fhios agam go bhfuil lucht leanúna ag Ros na Rún – ach bhí lucht leanúna ag Glenroe agus ag na RIordans. Imíonn sin agus tagann Fair City. Nil morán measa agam ar Fair City mar dhráma teilifíse – ach tá lucht féachana ollmhór aige mar go bhfuil sé suite sa chathair.

I bhfianaise na tuarascála a fhoilsíodh le déanaí, tuarascáil a thug le fios go raibh níos mó suime sa Ghaeilge sa Pháil, an bhfuil sé in am an bogadh a dhéanamh ó Ghaeltacht na Gaillimhe go nua Ghaeltacht Átha Cliath nó Béal Feirste?