Cartlanna Clibe: Foras na Gaeilge

Iarracht níos fearr ó ‘Gaelscéal’

….sa dhara eagrán.  Agus de réir dealraimh tá ‘cuid mhór den cháineadh cothrom’ agus go mbeidh muintir ‘Gaelscéal’  “ag foghlaim as sin”.   Is é sin a dúirt an Eagarthóir, Ciarán Dunbar, ina dhara imlitir.

Ní dócha go raibh sé ag tagairt den léirmheas a rinne iGaeilge ar ‘Gaelscéal’ nó ní raibh oiread is tagairt amháin ar an mblag seo sa mhír ‘Ar na mBlaganna’  [Seo mír ina ghoideann nuachtáin clóite míreanna ó bhlaganna le spás a líonadh ….’más maith leat a thuilleamh [sic] a léamh, gabh chuig Gaelscéal.’   Níl tagairt ann do bhua iGaeilge ag Gradaim na mBlaganna ar an Satharn, cé go raibh mír ‘Ar na mBlaganna’ dírithe ar an mhór ocáid seo go h-iomlán i gcéad eagrán Gaelscéal.  Tá súil agam nach bhfuil cantal ar Ghaelscéal, mar a bheadh ar pháiste a fuair ide béil,  de bharr go raibh an cáineadh in iGaeilge níos géire ná mar a raibh siad ag súil.

Cé go bhfuil deireadh leis an athínsint follasach ar scéalta i nuachtáin ar nós an Irish Times, mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, tá go leor scéalta ann agus nach bhfuil a fhios agam cé acu an bhfuil siad sean nó nua.   An priomh scéal mar shampla, faoin aighneas idir ceardchumainn na múinteoirí, cén fath go bhfuil sé tabhachtach?   Glacann sé dhá nó trí paragraf go ndeirtear linn más amhlaidh nach n-aontaíonn ceardchumann amháin leis an moladh faoi phá na seirbhíse phoiblí a aontaíodh níos túisce an tseachtain seo, go dtitfidh an chomhaontú as a cheile.   An dtitfidh go deimhin?      Ceisteanna don eagarthóir iad seo.

Beidh feabhas ag teacht ar Ghaelscéal de réir a chéile, gealltar dúinn.  Gan amhras.   Níl einne ag súíl le miorúiltí – cé gur dheas an rud é caighdeán áírithe a bhaint amach.  Easpa taithí agus tuisceana ar an gcúram na deacrachtaí is mó atá ag cur as don bhfiontar faoi láthair.   Tiocfaidh taithí agus tuiscint – ach cén fath gur ghá do dhaoine fánacht.    Is cinnte go bhfuil an dearadh go maith – agus go bhfuil éagsúlacht scéalta agus altanna ann.  Ach níl rud ar bith ‘nua’ ann.

Ní chuirimse an locht ar an bpáiste ach ar na tuismitheoirí, Foras na Gaeilge sa chás seo.   B’iad an Fhoras a roghnaigh Gaelscéal gí go raibh roghanna eile acu, roghanna le níos mó taithí ar ghnó na h-iriseoireachta agus na meáin chlóite Ghaeilge.   Roghnaigh an Fhoras ‘Gaelscéal’ ar chúiseanna nach bhfuil iomlán soiléir go fóill agus tá an rogha seo faoi chaibidil i gcás dlí san Ard Chúirt a éisteofar i gceann coicíse.    Roghnaigh siad iarratas ná raibh eagarthóir luaite leis nó polasaí eagarthóíreachta ráite ós árd ag na tionscnóirí, seachas ‘ag cothú phobal na Gaeilge’.   Níl a fhios agam cad é an plé a bhí faoi ‘iriseoirí’ v ‘solathróirí abhair’  nuair a bhí Toradh na dTonn faoi agallamh ag an bhForas ach tá’s agam gur ceistíodh sinne faoi ‘pholasaí eagarthóireachta’, faoi cur chuige an eagarthóra, faoi caillíochtaí na n-iriseoirí a bheadh ar bórd is go leor eile le linn ár n-agallamh. Bhí dréacht choip den nuachtán, Nuacht 7, le cur ós comhair an bhoird agallaimh againn. An raibh dréacht choip ag Gaelscéal ós comhair an Fhorais?  Agus bhí Nuacht 7 slachtmhar agus snásta – fiú is ná raibh ach cúpla seachtain oibre caite leis – agus bheadh sé chomh dea dheartha is atá Gaelscéal gan aon cheist.    De bharr go raibh ceangal ag Nuacht 7 le comhlacht dáíleacháín an Irish Examiner, ní bheadh na fadhbanna dáíleacháín céanna againn nó an easpa margaíochta – bheadh fograí rialta i ngach ceann de na nuachtáín atá sa ghrúpa sin, timpeall ar scór ar fuaid na tíre, le cinntiú go mbeadh daoine ar an eolas faoin nuachtán.  Chomh fada agus go bhfeictear domsa, is beag eolas atá ag daoine ar ‘Gaelscéal’, taobh amuigh de sciar áirithe de phobal na Gaeilge.   Is cinnte nár thug mé feachtas margaíochta nó poiblíochta an nuachtáín faoi ndeara, taobh amuigh de lá an seolta agus cúpla físeán fánach ar an idirlíon.

Ní thuigim go fóíll conas mar a bhuaigh Toradh na dTonn an chonradh seo, bunaithe ar an méid a dúirt siad go poiblí i ndiaidh an chinnidh bheith déanta agus an méid a tharla le linn an phroisis roghnacháin.  An é go raibh a n-iarratas chomh láidir sin – nó an é go raibh laige ag baint le nár n-iarratas [an Gael scríobach seo bheith páírteach ann, mar shampla?]  nó iarratas leithéidí Cló Ceart [cén feall a rinne dream sean Foinse ar an bhForas?]

Beidh an chás atá á throid ag lucht Cló Ceart spéisiúil.

Tá tuairim éagsúil eile á nochtadh ag Seán Mór ar a bhlag faoi Gaelscéal.  Níl an léargas céanna aige is atá agam ach tá dealramh leis an méid atá le rá aige.  Mura n-éistfear liomsa, más ‘neamh dhuine’ mé anois i súile Gaelscéal ós rud é gur nocht mé mo thuairim, b’fhéidir go n-éistfear leis?

iGaeilge ‘faoi íonsaí’?

An bhfuil iGaeilge faoi íonsaí?   Ar cheart dom culú go buincéir éigean go dtí go gciúnóidh cúrsaí?   Tar éis dom léirmheas ar an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge Comhar  a fhoilsiú anseo cúpla lá ó shin, táim ag fáil aischothú aisteach.

Sa chéad dul síos, tá árdú substaintiúil ar an méid cuairteoirí chuig an suíomh seo.  Tá roinnt mhaith freagraí faighte ar an phostáil chonspóideach, cuid is mó acu a aontaíonn liom agus cúpla ceann ina bhfuil íonsaí peaarsanta déanta orm féin.

Thug teachtaireacht amháin le fios go raibh r-phost faighte aige leis an ceann teideal ‘Comhar faoi íonsaí’ agus ná raibh ann ach nasc chuig an suíomh seo.   Léigh sé m’alt agus is amhlaidh gur aontaigh sé liom ó thaobh an argóínt a bhí á dhéanamh agam san alt.   Cibé tú féin atá ag seoladh an r-phost sin, míle buiochas!

Bhí teachtaireacht eile ann ó dhuine éigean a thugann Brian de Róiste air féin agus cé gur cháin sé mé as ‘ionsaí truamhéalach’ a dhéanamh ar Comhar agus gur chuir sé i mo leith go raibh mé ag iarraidh ‘Comhar’ a dhúnadh agus, gan amhras, nár thuig mé gramadach na Gaeilge etc ad nauseam, léirigh an ghangaid ina theachtaireacht féin go raibh deacrachtaí aige argóínt réasúnta a dhéanamh ar an mbuncheist: is é sin caighdeán Comhar.

Is comhartha maith go bhfuil daoine ann atá gangaideach agus iad ag iarraidh Comhar a chosaint. Tugann sé le fios go bhfuil paisean ann ar son na h-irise nár shamhlaigh mé bheith ann ar chorr ar bith.   Is beag duine a léifeadh an iris a cheapfadh go raibh paisean ar bith ar a chúl.  Níos lú paisin ná dúil i ndeontas Fhoras na Gaeilge.

Thall ar Slugger O’Toole, chuaigh fear a thugann Nordie Northsider air féin ar an íonsaí agus rinne sé jab maith prof leitheoireachta ar  shliochtaí ón bpíosa is déanaí a scríobhas ar iGaeilge, píosa ag moladh Glór na nGael as ucht Scrabble Soisireach a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní doigh liom go bhfuil aon leirmheas uaimse chun brú a chur ar Fhoras na Gaeilge an deontas fial atá curtha ar fáil do Comhar a tharraingt siar agus an iris a dhúnadh.  Tá cuma ar an iris go bhfuil sé ina iris mharbh ag foilsiú.  Is cosúil nach bhfuil ar bun anois ach iarracht chun an conradh a chomhlíonadh – cé nach bhfuil tasg nó tuairisc ar shuíomh idirlíon chuimsitheach a gealladh nuair a síníodh an conradh geall leis dhá bhliain ó shin.

Nuair a bhí Comhar faoi íonsaí ó iar bhall bhoird, in alt a foilsíodh san Irish Times ar 2 Eanáír, ba mise agus mé im eagarthóir ar Lá Nua a rinne cosaint ar an iris agus a rinne tairiscint go bhfoilseoimís eagráin Comhar i leathnaigh Lá Nua go dtí go raibh reiteach aimsithe ar na deacrachtaí a bhí ag an iris ag an am le Foras na Gaeilge.     Ní fhaca mé Brian de Róiste an uair úd ag seasamh sa bhearna baoil.

D’eirigh le Comhar teacht slán an uair sin – ach in áit an deis a thapú tús nua a bheith ann don iris agus cuid den oidhreacht uasal atá aici a athshlánú, glacadh cur chuige ‘sabhailte’  is ‘neamh scríobach’ mar mhodh oibre don iris.   Cailleadh eagarthóir amháin nuair nár aontaigh an bhórd le treo eagarthóireachta na h-irise faoina chúram agus fostaíodh eagarthóir sealadach ina dhiaidh sin chun a chinntiú go mbeadh an iris ag teacht le mianta an bhoird.

Níl aon chontúirt do Chomhar uaimse.  Nílim ach ag déanamh léirmheasa ar an iris – nach é sin cuid de ghnó Comhar.  Nach feidir le lucht Comhar glacadh leis go bhfuil daoine ann a dhéanfadh léirmheas orthu féin?  Nó an é an t-aon freagra atá ag lucht tacaíochta na h-irise an teachtaire a íonsaí seachas aird a thabhairt ar an dteachtaireacht.   Níl sé ró mhall téagar agus paisean a chur i leathnaigh Comhar, an bhfuil?

Caol seans, is dócha, go dtarlóidh sin.  Ach tá níos mó ná todhchaí Comhar sa bhearna baoil anseo.  Tá todhchaí na h-iriseoireachta chlóite Ghaeilge, má tá aon todhchaí i ndan don iriseoireacht sin.  Is cuma liom sa tsioc faoi Comhar, ann nó as, ach anois, trath go bhfuil níos mó airgid á chaitheamh ar chaipéisí doleite a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ná mar atá ar iriseoireacht nó ar fhicsean, tá mé cinnte nach ligfidh mé d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge teacht faoi íonsaí gan troid ar son a hanam.

Ag an am chéanna, tá rud amháin is féidir a bhreith liom as seo:  má tá an bhlag seo faoi íonsaí, léiríonn sé go bhfuil rud éigean á dhéanamh agam i gceart.   Is fearr imreas ná uaigneas.

Uaillmhian ‘Gaelscéal’ – an seans deiridh

Nil sé deacair nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú.  Ach tá sé dúshlánach.   Dúshlán níos mó arís é nuachtán Ghaeilge le dealramh agus le téigear a fhoilsiú.   Bhí láimh agamsa i bhfoilsiú nuachtán Ghaeilge ar feadh i bhfad agus b’obair dúshlánach agus deacair a bhí ann.    D’eirigh liom agus mo chomhleacaithe na dúshláin sin agus go leor eile a sharú in aineoin na n-aineoin.       Ba nuachtán laethúil a bhí againn – an nuachtán Ghaeilge is fearr go dtí seo, dar liom, ach ní raibh sé gan locht.  Ach sin scéal eile.

Deirim an méid seo agus mé ag léamh an tuairisc is déanaí faoi ‘Gaelscéal’, an nuachtán nua atá le maoiniú ag Foras na Gaeilge agus a bheidh ag foilsiú den chéad uair roimh dheireadh na míosa seo.     I Nuacht 24, nuachtán neamhmhaoinithe, atá an tuairisc seo le léamh.   Nuachtán teigéartha é Nuacht 24 ach bheithfeá ag súil go mbeidh an nuachtán nua níos fearr ná é, ós rud é go bhfuil maoiniú de €400,000 sa bhliain ag foilsitheoirí Gaelscéal.

Dar le h-eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, fear dá fheabhas é mar shaoririseoir nach bhfuil taithi aige ar fhoilsiú nuachtáin agus cúrsaí sprioc am is ‘seoladh chun na clólainne’ &rl, go mbeidh Gaelscéal ‘difriúil ó gach páipéar Ghaeilge  a bhí ann roimhe seo’ .  Is é seo a bhí le rá aige:

“Beidh téagar ann, nuachtán dáirire a bheidh ann.  Cothú pobal na Gaeilge an mana a bheidh againn agus tá súil agam as [sic]  go mothóidh pobal na Gaeilge go bhfuil úinéireacht acu ar Gaelscéal.”

Amhail is ná raibh téagar nó dáiríreacht le gach nuachtán Ghaeilge roimhe seo!    Bhí téagar leo gan amhras, bhí siad dáiríre, b’fhéidir ró dháiríre, agus rinne siad a gcuid iarrachtaí féin ‘pobal na Gaeilge a chothú’.   D’eirigh leo  – linn –  méid áirithe a bhaint amach – ach ní raibh pobal na Gaeilge sásta nó ábalta iad a chothú.

Is cosúil anois nach bhfuil aon áit d’ár leithéid, don taithí is don saineolas a bhailíomar i gcaitheamh na mblianta a rabhmar ag obair sa ghort seo anois.  Tá an lochrann bainte ónár lámha ag an dream nua seo agus iad ag maíomh ag ard a ngutha go ndéanfaidh siad an bheart an iarraidh seo.

Guím rath orthu!

Ach táim in amhras.  Is mó m’amhras agus is lú mó dhóchas ná ag aon uair roimhe seo.   Cinnte tá 100 bliain taithí ag an Connacht Tribune sa ghnó seo agus tá dea chlú ar Mháire Ní Thuathail as Ros na Rún agus éachtaí eile Eo Teilifís.   Ach tá foireann ar bheagán taithí roghnaithe acu chun nuachtán a fhoilsiú.

Beidh le feiceáil an mbeidh Gaelscéal faoi eagarthóíreacht Chiarán Dunbar sásta dul sa tóir ar na scéalta móra, na scéalta conspóideacha, scéalta, b’fhéidir, nach mbeidh na h-údaráis sásta a fheiscint i gcló.       Bhí Lá agus Foinse sásta dul sa tóir ar na scéalta seo – agus go minic ní raibh na boic mhóra sásta faoi sin.  Ghlac mé le cúpla glaoch feargach mé féin i gcaitheamh mo bhlianta le Lá.

Más é ‘ag cothú pobal na Gaeilge’ an manna atá le bheith ag Gaelscéal, níor chóir gur ionann sin agus, b’fhéidir, scéalta tabhachtacha, scéalta a fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha bheith leo, a fhagaint gan dul sa tóir orthu.  Ní gá gur díbhunú Fhoras na Gaeilge nó Udarás na Gaeltachta an toradh a bheadh ar fhoilsiú na scéalta seo – ní fheadar an bhfuil cothrom an Udaráis nó an Fhorais de Watergate amuigh ansin.  An mbeidh an nuachtán sásta dúshlán Sinn Féin a thabhairt mar a thug Lá Nua le linn domsa bheith mar eagarthóír?   Ní fheadar.  Beidh le feiceáil agus le léamh.

Nuair a thosnaíonn iriseoir oilte – murab ionann agus solathróir abhair – ag fiosrú scéil, ní bhionn a fhios aige nó aici cén toradh a bheidh ar an gcuardach.

Tá an claonadh in iriseoireacht chlóite na linne seo bheith ag gearradh na h-acmhainní atá ar fáil chun iriseoireacht fhiosrathach a dhéanamh – dar le Kate Adie, agus í ag caint i mBaile Atha Cliath ag an deireadh seachtaine, tá na meáin ag foilsiú scéalta nach bhfuil iomlán fíor de bharr leisce agus srianta airgid.   Dúirt sí freisin nach raibh ról ag na meáin a bheith ag cothú athmhuintearais mar shampla – agus is dócha go bhféadfadh sí ‘ag cothú phobal na Gaeilge’ a lua san anál céanna – agus gurb é ról na meáin:

Ms Adie said she did not think the media had a role to play in promoting reconciliation. The media should pick up the carpet and find the dirt that had been swept underneath.

“If comment, ideas, opinions, prejudices all get aired, then the possibility of the right outcome is greater. That right outcome is possibly reconciliation.”

Más é ‘cothú phobal na Gaeilge’ an aidhm, bhuel bíodh sin amhlaidh ach nach é sin an misean atá ag Saol?   Níl gá le Saol 2!

Cén fath go bhfuilim ag cur an oiread sin spéise i gcúrsaí Gaelscéal?   Bhuel tá suim agam sa ghnó.   Táim ag saothrú sa ghort seo fada mo dhothain le tuiscint a fháil ar an slí a oibríonn an ghnó.   Ba mhaith liom go mbeadh nuachtán Ghaeilge téagartha ann – ba mhaith liom a leithéid a léamh.   Bheadh suim agam altanna a fhiosrú agus a scríobh dona leithéid de nuachtán ach tá amhras agus imní orm faoin méid atá tuairiscthe i leith Gaelscéal.

B’fhéidir, áfach, go bhfuilim mícheart amach is amach.  Go deimhin tá súil agam go bhfuilim mícheart.

Creidim gurb é seo an seans deireannach do nuachtán Ghaeilge tosnú mar atá Gaelscéal ag tosnú, le tacaíocht dheontais ón ‘stát’ [an Fhoras Teanga Thuaidh Theas sa chás seo agus mar sin tá stát agus dlínse eile i gceist].    Mura n-eiríonn leis, tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh an seans céanna ag éinne eile tabhairt faoi.    Gan tacaíocht dheontais ón ‘stát’, beidh orainn teacht ar bhealaí eile chun nuachtán a mhaoiniú agus níl flúirse airgid ann faoi láthair.

Mar a léiríonn Nuacht 24 agus Foinse Nua, ní dúshlán dosharaithe é sin ach an oiread.

Líon an stuif bán!

D’fhill mé abhaile ó sheachtain i gCeatharlach agus bhí carn mór litreacha agus beairt ag feitheamh orm.  Seic ó TG4 (moladh leo), carta bainc nua, carta Bhailintín mall (ó mo neach ar sheas mé di) agus trí chlúdach litreach mhór lán le cóipeanna de Comhar.

Scéal fada scéal mo thaithí ar an iris seo – agus d’fhéadfá a rá nach caidreamh ró charadach atá eadrainn.  Ach le déanaí bunaíodh ‘cairdeas Facebook’ eadrainn – caithfidh gur duine atá ag obair san oifig nach bhfuil morán eolais aige faoin gcaidreamh a bhí agam leis an iris atá i gceist.  Tar éis dom chúpla teachtaireacht a sheoladh chuige, teachtaireachtaí ag léiriú mo mhí shasamh leis an gciorcal drúisiúil agus ana chúng de scríobhnóirí a bhionn ag líonadh an stuif bhán san iris seo.

Ar chlúdach an eagráin is déanaí, tá íomhá atá ag tagairt don sraith íontach a bhí ar TG4 le déanaí, Na Cloigne.   Is é Na Cloigne ‘an ceann is fearr fós’ ag TG4 de réir an chinnlíne – agus deirtear linn go mbeidh leirmheas istigh ag Seán Tadhg  O Gairbhí, iar eagarthóír Foinse, ar an sraith chun tús a chur lena cholún nua ‘teilifíse agus cumarsáide’.

Tá deireadh feicthe agam nuair atá colún teilifíse ag fáíl tús áíte in iris mhíosúil mar seo.   An bhfuil aon tuiscint ar leith ag Seán Tadhg ar chúrsaí theilifíse nach bhfuil ag an dara duine.  Ní doigh liom é.  Bhí an leirmheas dearfach – maith go leor – ach aon duine a chonaic an sraith seo, bhí siad á moladh, mé féin ina measc.   Go deimhin tá sé  chomh fada ó bhí an sraith ar siúl – mí Eanáír uair eigean gur geall le stair atá ann anois.

Ní bheidh sé buioch díom má dheirim gur scriobhnóir maith é Seán Tadhg – ach is cur amú a chuid ama agus talainne é bheith ag scríobh colún teilifíse i Comhar.   Ba cheart do gné alt mór amháin a dhéanamh i ngach eagrán faoi rud spéisiúil is trathúil – gné eigean de chúrsaí reatha –  seachas a bheith ag gabhail do chacamas mar seo.

Le cois an príomh leathnach ar a bhfuil an íomhá teibí – ró theibí – tá dhá leathnach istigh caite leis an léirmheas seo. Nóta don eagarthóir:  Ní mheallann íomhánna teibí ar an gcéad leathnach leitheeoirí chun iris a cheannach nó a léamh ach nuair atá an iris féin snásta agus suimiúil.  [Ní chomhlíonann Comhar – faoi mar atá eagrán mí Feabhra} ceachtar den dhá chritéir sin!]

Ansan tá seacht leathnach caite le dráma raidió de chuid Gabriel Rosenstock a fhoilsiú.  Ach cén fath go bhfuil dráma raidió á fhoilsiú in iris cosúl le Comhar – nach fearr é a chur inár lathair mar…dhráma  ar an raidió?

Sin trian den iris lán, áfach.  Níl eagarfhocal san eagrán seo – ach tá litir chuig an Eagarthóir ann mar chúiteamh.  Mea Culpa atá ann faoi bhotún a rinne scriobhnóir in eagrán a fhoilsíodh roimhe seo – agus is cinnte go bhfuil aiféala ar an scríóbhnóir faoin bhotún a deineadh.   Ach an bhfuil gá scéal chomh mór a dhéanamh as agus gan eagarfhocal a bheith ann ar chorr ar bith?

Líon an stuif bán, a mhic, is é sin an cur chuige atá ar chúl seo ar fad chomh fada agus gur féidir liom a dhéanamh amach.   Seo muid ar leathnach 4 theana féin.  Bhí an príomh leathnach againn, ansan fógra, ansan leathnach an ‘chláir’, (athrá ar an méid atá ar an bpríómh leathnach ach ná raibh uimhreacha na leathnach luaite leis na h-altanna ar an leathnach sin).

Ansan tá colún ag Gabriel Rosentock – (tá trian den iris, 10 leathnach as 30) – ina dheineann an scriobhnóir cur síos ar threimhseachán frithshibhialtachta darbh ainm ‘Green Anarchy’, ábhar atá suimiúil b’fhéidir ach cé léifeadh é?  Tá teibíocht agus teibíocht ann – ach cheapfainn go bhféadfaí líon na leitheoirí Ghaeilge ar shuim leo fealsúnacht an ainrialachais a chomhaireamh ar aon láimh amháin.   Maireann an cholún seo trí leathnach agus faoin am atá an chead paragraf léite agam, dá fheabhas é mar scriobhnóireacht, tá suim agam scian a chur i bputóg éigean.

Ina dhiaidh sin tá alt ag PJ Mac Gabhann ina dtugann sé le fios dúinn go mbaineann sé le ré eile, ré nuair nár nós le daoine bheith ag taisteal ar éitleáin.  Oicé.  Agus cad faoi sin?  Is cosúil gur tháinig sé slán nó seo é ag scríobh mar gheall ar a aidbhintiúr eitleoireachta.   Slán mar a n-ínstear é.  An bhfuil aon rud eile le rá faoi ach go nglacann sé dhá leathnach – téacs agus léaráid mór dubh agus bán!.

Dhá leathnach eile caite le colún ón Athair Réaman  O Muireadhaigh agus é ag caint faoi Naomh Bríd.  Gné cliste leagan amach anseo.  Tá an téacs foilsithe ar an leathnach i bhfoirm chrós Bhríde – ach fagann sé go bhfuil an alt nach mór doléite.  An buntáiste – líonann sé leathnach le líon níos lú focail agus ansan tá leathnach lán focail eile ar an gcéad leathnach eile.

Líon an stuif bhán, a mhic.  Is é sin an tslí chun é a dhéanamh.

Ansan seacht leathnach den dhráma raidió thuasluaite.   Táimíd ag leathnach 17 anois, níos mó ná leath bhealach.   Anois tá gearr scéal againn – maireann sin ceithre leathnach. Is cliste an slí é seo na leathnaigh a líonadh – gearrscéal a thabhairt ar an bpíosa ficsin cé gurb é an dara alt is faide san iris!

Anois táimíd ag Lch 21.  Leathnach ‘filíochta’ a thugtar ar seo cé nach féidir liom a dhéanamh amach go bhfuil dán ann a thabharfainn filíocht air.  B’fhéidir go bhfuilim ró chruaigh.  Ar a laghad sin leathnach 21 líonta – trí ‘dhán’ ghairid – 22 line ‘filíochta’ móide pictiúr de éan.  (Baineann an chéad dán le spideog mar sin tá an íomhá ábharthach).

Alt stairiúil réasúnta spéisiúil ó pheann Mháiréad Ní Chinnéide an chéad alt eile.   An chéad alt le dealramh san iris ar fad.   Léirmheas atá ann leabhar faoi Na Finíní agus an Ghaeilge – ach is trua nach bhfuil pictiúr de chlúdach an leabhair nó d’íomhánna ábharthacha a bhainann leis an scéal ann.   Is maith liom an líne seo, go h-áirithe, ón staraí Bagenal a bhaintear úsáid as sa leirmhas. [Deintear talamh tirim de go bhfuil a fhios ag an leitheoir cé h-é Bagenal!]:

Happily for the historian, the politician and the government, nearly all the modern Irish revolutionists are journalists.

Níl ach leathnach amháin ag an alt seo agus anois táimíd tagtha go dtí léirmheas teilifíse agus cumarsáíde Sheán Thaidhg.   Na Cloigne agus That’s All We Have Time For atá faoi chaibidil aige.  Ar ndoigh má tá iris Ghaeilge sásta spás a thabhairt do chlár chomh h-amaideach leis an scig chlár sin, is fiú ceisteannna a chur faoin iris agus faoin bhunús atá leis.

Anois táimíd tagtha go dtí leathnach 25 – alt le Ruairí O hEithir faoin cheannlíne spreagúil agus iomlán iontuigthe ‘Agashingura Cumu’.   Anois is léir go bhfuilimse chomh dúr agus chomh neamh liteardha sin nach féidir liom bheith ag plé le h-iriseoireacht ar chorr ar bith.   Nó mura dtuigim laithreach céard atá i gceist anseo, is cinnte gur dúramán mé.     Cad faoi iontróid bheag ag míniú céard atá ag titim amach ar an dhá leathnach seo chun mé a mhealladh chun an chuid eile den alt seo a léamh?  Beag an bhaol.

Dhá leathnach eile den stuif bhán líonta.

Anois táimíd tagtha go dtí Leathnach 27, colún ‘Le hAer An tSaoil’ le Mícheál O Ruairc.  Tá sé ag míniú dúinn conas mar a chaith sé tréimhse na hAthbliana agus an Nollaig Bheag etcetera ar feadh dhá leathnach.    Luaitear linn go bhfuil sé ina thuar dóchais don cholúnaí go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe.  Deir an Ruarcach nach bhfuil dabht ar bith ann ach go bhfuil ‘cic sa tóín’ ag teastáíl ón ‘teanga’ agus ‘ó chuid díobh siúd atá in ainm is a bheith i gceannas ar chaomhnú agus ar fhorbairt na teanga sa tsochaí’.

Tá sé rí shoiléir le tamall de bhlianta anuas go bhfuil easpa samhlaíochta agus easpa fuinnimh ag gabháil le cur chun cinn na teanga i gcúrsaí oideachais agus sa Ghaeltacht ach go h-áírithe.

Agus in irisí Ghaeilge cosúil le Comhar, a Mhichíl.

File é an Ruarcach, de réir dealraimh, agus chuala é ag aithris a dhánta ar Eigse Bheo ar Raidio 1 an oíche dheireannach.  Focal filíochta níor chuala – ach alán focail.  Níl a fhios agam cén fath go mbeadh an fear seo ag scríobh in aon iris nó is beag atá le rá aige.    Tá daoine ann nach n-aontódh liom ar an gceist sin b’fhéidir – ach nach cuma.  Is ball bhoird é Mícheál ar Comhar agus b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh cuidiú – bheadh colún téigeartha ar chúrsaí na míosa go deas in iris – ach ní h-é ‘Le hAer an tSaoil’ an cholún sin.

Ball bhoird eile atá ag líonadh leathnach 29. Duine de ‘scriobhnóirí úra na Gaeilge í Rachel Níc Fhionnáin.   Seo alt faoi chúrsaí lá fhéile Vailintín agus rósanna rúnda is a leithéid.  Beag nua atá le rá ann ach ramhaillí nach bhfuil ró ghreannmhar nó ró spéisiúil timpeall ar an méid a dúirt Wilde – Is Tús É Féin Ghrá do Románsa ar feadh an tSaoil.    Bhí an abairt sin níos fearr i mBéarla gonta Wilde féin.   Ach líonann sé leathnach agus ansan tá leathnach 30 gafa le fógra.

Sin é, triochadh leathnaigh bána líonta.   Eagrán eile de Comhar seolta chun na clódóra.  Costas don cháiníocóir?  Ag Dia is ag Foras na Gaeilge amháín atá fios.   Maoiníonn an Fhoras an iris seo, creid nó ná creid.

Fuair mise an beart eagráin de Comhar ó Comhar.  Tá eagráin ann ón bhlian seo chaite freisin.  Cónaím i nGaeltacht Mhúscraí.  Níl teacht ar an iris anseo. Blian ó shin bhíos ag tabhairt léachta in Ollscoil Chorcaí agus phioc mé suas eagrán de Comhar.  B’shin an chéad uair a chonaic mé an iris ón athsheoladh.

Cúpla bliain ó shin, agus Lá Nua faoi bhagairt, rinne mé iarracht teacht i gcabhair ar Comhar a bhí á ligint chun cáis ag an am sin ag a bhórd stiúrtha.  D’aiseirigh sé agus chuireas isteach ar an bpost mar eagarthóír.  Ní bhfuaireas an post.  (Bhí orm dul faoi scrúdú faoi chúrsaí gramadaí, an dtuigeann sibh agus ní réitim leis an ngramadach!).

Ar aon nós, bhí cconspóid agus clampar ann idir sin agus seo agus anois is é Pól O Muirí an eagarthóir.  Mar atá léirithe sa léirmheas seo, léirmheas nach bhfuil ró mholtach,líonadh an stuif bán san iris gan aon amhras.  Is é sin céad chúram an eagarthóra, an stuif bán a líonadh.   Bónas de short é más féidir leat é a dhéanamh le téigear, le substaint agus le stíl.    Níl aon bónas san eagrán seo de Comhar, dar liom.

Tá aiféala orm anois go raibh láimh agam in aiseirí Comhar.   Tá an iris seo chomh marbh le Máirtin O Cadhain agus na laochra eile a scrigh do Chomhar i dtús ama.  Ach tá an scriobhnóíreacht ag na laochra sin beo go fóill, rud nach féidir a rá faoin scriobhnóireacht i gComhar inniu.

Níl alt ar bith san eagrán seo faoi chúrsaí reatha nó spórt nó cultúr chomhaimseartha na tíre, chomh fada is gur feictear dómsa é.   Ní raibh sé i gceist agam léirmheas a scriobh – ach anois tá sé scriofa.  Líon mé an stuif bán, gan amhras, ach níor chosain sé pingin ormsa ná ortsa!

Eagarthoir ‘gan naire’

Nuachtan nua, eagarthoir nua, tus nua. Le fogra ‘Gaelsceal’ go bhfuil Ciaran Dunbar ceaptha ina Eagarthoir ar an nuachtan nua mhaoinithe, ta tus curtha le re nua in iriseoireacht chloite na Gaeilge.
Nil Ciaran ‘smalaithe’ le taithi iriseoireachta le nuachtan Ghaeilge faoi mar ataimse is go leor eile. Chaith se seal le La mar phrofleitheoir agus mar oifigeach dhiolachain agus ta roinnt altanna leis foilsithe i ‘nos’ agus irisi eile.
Ta aithne air freisin as ucht an chlar raidio, Na Giollai Deacra, ar Raidio Failte agus is minic go mbionn se ag blagail anseo agus ansiud, ar shuiomhanna ar nos Slugger O Toole agus, go deimhin, ar iGaeilge.
Cuireadh faoi agallamh me féin don phost seo ach is leir gur rud eigean nach raibh le tairiscint agam an rud a bhi de dhith orthu.
Guim gach rath ar an nuachtan nua agus ar an eagarthoir agus beidh me ag suil leis an gcead eagran de ‘Gaelsceal’ ‘gan naire’. Taim cinnte go mbeidh se chomh maith no nios fearr na nuachtan Ghaeilge ar bith roimhe agus gur fiu an tairbhe an triobloid a chuir Foras na Gaeilge ar féin an ‘chomortas’ seo a reachtail.
http://www.irishtimes.com/newspaper/anteangabheo/2010/0224/1224265094799.
http://andrumamornuacht.blogspot.com/2010/02/ciaran-dunbar-le-bheith-ina-eagarthoir.html
http://www.irishtimes.com/blogs/ultach/2010/02/24/gaelsceal-a-step-closer-to-publication/
Iar scribhinn: Maith dhom nach bhfuil ‘fadai’ is role anseo. Ag obair ar an iPhone ataim.

ClubLeabhar.com – léigí agus silígí deora…áthais

Seo suíomh snásta ó Ghaelchultúr agus cuireann sé roimhe leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.  Tá tacaíocht faighte ag an dtogra ó Fhoras na Gaeilge agus is maith an rud é sin nó chomh fada agus gur feidir liom a dhéanamh amach, is  beag atá déanta ag an institiúid teanga tras teorainn chun leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Mura gcuireann tú san áireamh chomh maith is ar eirigh le Foras na Gaeilge deireadh a chur le dhá nuachtán Ghaeilge in aon bhliain amháin….

Tá gá cinnte le Club Leabhar agus molaim Gaelchultúr as é seo a chur ar bun.  Níl a fhios agam conas a oibríonn sé go fóill ach is dócha go gcaithfidh mé tosnú ag léamh leabhair Ghaeilge arís.  Nó á scríobh!

Moill le bheith ar ‘Gaelscéal’?

Na Ceithre Chúirteanna - an blár catha is déanaí le h-aghaidh strachailt na nuachtán Ghaeilge.

Táim díreach tar éis féachaint ar an dtuairisc a bhí ag Nuacht TG4 Dé hAoine faoin dúshlán dlithiúil atá á thabhairt ag Cló Ceart Teorannta, iar bhaill foirne sean ‘Foinse’, d’Fhoras na Gaeilge  mar gheall ar an bproiseas a h-úsáideadh chun buaiteoir an chomórtais le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a roghnú.

Mar ar tuairiscíodh anseo, bhí éisteacht den chás Dé hAoine seo chaite sna Ceithre Chúirteanna.  De réir na tuairisce ag Nuacht TG4 is é údar gearáin muintir Cló Ceart Teo nár úsáídeadh na critéir chun an buaiteoir a roghnú mar is ceart.   Glacaim leis go bhfuil Foras na Gaeilge ag cosaint clú na h-institiúide teanga tras teorainne in éadan an liamhain sin ach ní raibh aon rud le rá ag urlabhraí an Fhorais ach ná raibh siad ag caint faoin chás agus é ‘sub judice’.

Ar shlí is cuma faoi cé acu an bhfuil údar gearáin ag Cló Ceart Teo. nó nach bhfuil ach má tugtar breith ar an 26ú Feabhra go bhfuil cás d’aon tsort ag Cló Ceart Teoranta, d’fhéadfadh sé cur as go mór don bhForas agus, go h-áirithe, don phlean atá ann go mbeidh Gaelscéal á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta seo chugainn.

Anois níl aon eolas agam nach bhfuil ag an dara duine ach is cinnte go bhfuil sé i gcónaí dainséarach dul chun cúirte agus gur fánach an gaisce é mura bhfuil pócaí lána agat nó cás mhaith.    Ach an rud amháin atá cinnte, más amhlaidh go meilleann muilte Dé go mall agus go mín, meileann muilte an dlí níos moille fós.

Agus más amhlaidh go n-éiríonn le lucht Cló Ceart Teorannta, cén toradh a fhéadfadh bheith ar an gcás ach go dtionscnófaí comórtas eile arís.   Bhí níos mó ná Cló Ceart Teo a mhothaigh, b’fhéidir, go raibh ceisteanna faoin bproiseas measúnaithe.  Conas, mar shampla, go bhféadfadh Foras na Gaeilge conradh a bhronnadh ar iarratas ná raibh aon nuachtán samplach curtha ar fáíl acu nó ná raibh aon eagarthóir in áít ag an iarratas?      Más amhlaidh go raibh nuachtán samplach ag Gaelscéal, ba dheas linn é a fheiceáíl CHUN GO DTUIGFIMÍS NÍOS FEARR CÉN FATH GUR AR GAELSCÉAL A BRONNADH AN CHONRADH SEACHAS AR CHLÓ CEART NÓ NUACHT 7 NÓ EILE.

Le bheith cothrom ar Gaelscéal, ní ar an nuachtán sin ar cheart a bheith ag díriú méar an amhrais sna h-imeachtaí seo ar fad.  Tá siad i lár na stoirme.   Is é an seasamh phoiblí atá ag Gaelscéal go mbeidh an nuachtán á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta.

Ar aon nós, tá an scéal seo ag eirí spéisiúil agus ní chuirfinn aon airgead ar an dtoradh, bealach amháin nó eile.   An rud eile a dhéarfainn, go bhféadfadh casadh nó trí eile a bheith fagtha ann go fóill.    An bhfuil aon tuairisceoir amuigh ansin tar éis céist a chur ar na h-iomaitheoirí eile amuigh ansin ar a ndearcadh i leith an chomórtais?

Slán le Ciorclán 44/07 – ach céard a thiocfaidh ina áit?

Ar An Druma Mór is túisce a chuala mise an scéal is mó ó thaobh na Gaeilge/na Gaeltachta an tseachtain seo.

Go ciúin, cheapfá, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis Ciorclán 44/07 a chuir ar cheal.  B’é seo an ordú chonspóideach a chuir iachaill ar mhúinteoirí Gaelscoile leath uair a chloig gach lá a chaitheamh ag múineadh Béarla do naíonáin bheaga, in ainneoin gurb é an dea chleachtaa gan tosnú le múineadh an Bhéarla go dtí níos déanaí i saol scoile an phaiste.

Anois tar éis cás cúirte ar chosain go leor táim cinnte – bhí Scoil Mhic Easmainn agus Gaelscoil Nás na Rí tar éis dúshlán a thabhairt don ordú seo, ordú a rinne an Aire Oideachais (mar a bhí) Mary Hanafin GAN DUL i GCOMHAIRLE le Gaelscoileanna nó saineolaithe eile san earnáil – tá an Ciorclán curtha ar ceal.

Ach, mar atá raite i dtuairisc an Irish Times, tá sé i gceist ag an Roinn dul i gcomhairle le Gaelscoileanna anois chun reachtaíocht maidir le múineadh an Bhéarla agus tumoideachas a ullmhú.  Deirtear sa tuairisc nuachtáin go mbeidh an reachtaíocht seo ag teacht ós comhair na Dála i gceann roinnt seachtainí.  Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh tapaidh le sin – ach is léir gur comhartha é seo go bhfuil fonn gluaiste ar an Roinn ar chúis éigean.

B’fhéidir go gcreideann siad go bhfuil tuismitheoir(í) pháistí Gaelscoile amuigh ansin ar bís le go múinfí an Bhéarla do pháistí atá siad ag seoladh ar Ghaelscoil in ainneoin iad a bheith timpeallaithe ag scoileanna náisiúnta ina bhfuil an Bhéarla mar ghnath theanga iontu.

Anois, an rud atá riachtanach, go ndeinfí riar cheart ar na páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta le réimse leabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge.

Rug mé ar eireaball (spideoige?) inné – sé sin d’eirigh liom féachaint ar an 20 noimead deireannach de thuairisciú bheo TG4 ar an gcruinniú den gComhchoiste Dála ar an nGaeilge agus Dréacht Straitéis 20 Bliain Uí Chuív á phlé.    [Mór an trua ná raibh teacht agam ar an mbeochraoladh seo ar an idirlíon agus bheinn ábalta faire air agus mé ag m’áit oibre – tá súil agam go mbeidh sé ar fáil mar chraoladh taifeadta agus, b’fhéidir fiú, go bhféadfaí míreanna uaidh a chur ar an suíomh seo nó chuala mé cúpla rud agus léigh mé cúpla rud ar maidin nár mhiste plé a dhéanamh orthu!)

Ní leor 'Seideán Sí' - tá réimse leathan leabhair i nGaeilge de dhith

Chuala mé Ferdie Mac an Fhailigh ó Fhoras na Gaeilge ag geallúint go mbeifí ag tógaint ar ‘Seideán Sí’ chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáíl.   An cheist atá agamsa:  cén fath nach bhfuil níos mó oibre déanta ar seo go dtí seo.  Chuala mé an fear céanna ag maíomh as ucht go mbeidh dhá nuachtán Ghaeilge ann faoin Cháisc – amhail, cheapfá, is go raibh sé á fhoilsiú é féin.  Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh ar an abhar…..tuigeann sibh mé, ceapaim, fiú mura n-aontaíonn sibh liom ar gach ceist.

Beidh le feiceáil cad a thiocfaidh in áit Ciorclán an Mhíchomhairle ach, ar a laghad, beidh proiseas comhairliúcháin ann faoi seo sara gcuirfear aon rud in áit.  B’fhéidir gurb é sin an ceacht is fearr a d’fhoghlaim an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ón eachtra seo ach bheithfeá ag súil le cur chuige níos cúramaí le h-achmhainní an Stait – ár bpáístí agus ár gcuid airgid – ón roinn sin thar aon roinn rialtais eile.

Cad a deir an seanfhocal?  Tá ciall ceannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear.   Ná dein feall mar seo arís, a chairde sa Roinn Oideachais, nó tá a fhios agat anois go ndeinfidh an dream a thog gluaiseacht na Gaelscoileanna id aineoinn cosaint tréan ar an seod seo, an tumoideachas, atá ag tabhairt oideachas níos fearr dár bpáistí ná mar atá ar fáil sa mhórshruth.

Gaelscéal – an scéal is déanaí

Faoi dheireadh thiar, tá cúrsaí maidir leis an iarratas a bhuaigh an chomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán sheachtainiúil a aimsiú ag bogadh chun tosaigh.   Tá sé fógartha go bhfuil Trevor O Clochartaigh, sean chara liom féin agus iarrthóir Shinn Féin sna toghcháin áitiúla i nGaillimh anuraidh, ceaptha ina Bhainisteoir Tionscadail ar an mbeartas seo.    Nil a fhios agam cad a chiallaíonn an fógra seo don chaidreamh idir SF agus Trevor – ach más amhlaidh go bhfuil deireadh leis agus aghaidh á thabhairt ag an bhfear ildánach seo ar thionscnamh nua, is ionann méala na polataíochta agus bua na Gaeilge.  [Ní h-é sin an chéad uair a tharla a leithéid!]

De réir teachtaireachta a fuair mé mar r-phost aréir [Dé Satharn] timpeall 11 a chlog, tá Torann na dTonn Teo, an comhfhiontar idir Eo Theilifís agus an Curadh Chonnachtach, ag lorg Eagarthóir, Iriseoirí agus Dearthóirí, chun dul i mbun oibre leis an nuachtán nua seo a thabhairt ar an saol.

Cibé dream a cheapfar sna postanna seo, beidh dúshlán rompu.   Tá Foinse ar an bhfód arís agus ag mealladh leitheoirí úra agus fógrai agus an nuachtán a bhunaigh Pádraig O Céidigh i 1996 á scaipeadh saor in aisce in éineacht leis an Irish Independent.  Taithníonn sé liom féin corr alt a chur ar fáil don nuachtán nua agus caithfidh mé a rá go bhfuil aischothú maith á fhail agam féin dá bharr.  Tá daoine ag léamh na Gaeilge ná raibh á léamh riamh roimhe, fiú ag an uair is fearr do Lá Nua/Foinse.

Is maith an rud é do Gaelscéal, más é sin an ainm a bheidh ar an nuachtán nua, go bhfuil níos mó den phobal ag léamh na Gaeilge a bhuiochas do Foinse.  Ciallaíonn sé go bhfuil líon níos mó leitheoirí Gaeilge ann – agus ní olc an  scéal é sin do dhuine ar bith atá ag cur ábhar leitheoireachta fónta ar fáíl trí Ghaeilge.

Ag an am chéanna, tá cúinne ar leith don mhargadh curtha faoi smacht ag Foinse agus beidh ar Gaelscéal a chruthú go bhfuil sé éagsúil ón nuachtán atá ann theana féin.   Ar eagla na mí thuisceana, nílim ag déanamh beag de Nuacht 24 – is amhlaidh gur doigh liom go bhfuil misean eile á chomhlíonadh ag mo chairde ó thuaidh agus tiocfaidh mé chuige sin ar ball beag.

An dúshlán atá roimh fhoireann Gaelscéal, an nuachtán nua-aimseartha iomlán a chur ar fáil.  Beidh ar an nuachtán seo bheith ina fhoinse nuachta, gan amhras, ach anuas ar sin, ós rud é go bhfuil é á fhoilsiú ar an Aoine, beidh air bheith ina iris dheireadh seachtaine, cosúil le h-iris an Irish Times ar an Satharn.   Is rud éagsúil an nuachtán anois thar mar a bhí nuair a thosnaigh Foinse nó Lá, an uair sin ba leor nuacht.  Anois tá an Idirlíon ann agus níl beatha chalóg sneachta ag scéal nuachta.   Caithfidh anailís agus greann bheith sa nuachtán nua seo, caithfidh faisean agus ceol bheith ann, spórt agus saoire, na cleasanna chun bheith beo le linn an chúlú eacnamaíochta agus comhairle conas cur le do stór airgid le bheith rachmasach id ghnó/shlí beatha.

Sa chur chuige seo atá á mholadh agam, beidh níos lú tabhacht leis an ndeighilt shaorga gan brí sa saol chomhaimseartha idir an Ghaeltacht agus an domhan nach bhfuil sa Ghaeltacht oifigiúil ach atá Gaelach mar sin féin, an oiread is go bhfuil an Ghaeltacht féin Gaelach pé scéal é.

Ba cheart go mbeadh tuairisceoirí/comhfhreagraithe sna reigiúin éagsúla ar fuaid na tíre ach ní gá gur i gceantair Gaeltachta a bheadh siad lonnaithe.  Is leor blaiseadh den saol mar atá sé id reigiún féin chun leithscéal a thabhairt don ceannaitheoir nuachtáin Gaelscéal a cheannach – ní fheadar an fiú mar shampla eagráin éagsúla le príomhleathnaigh difriúla le h-aghaidh gach mór reigiún [Mumhan, Laighean, BAC, Connacht agus Uladh] a fhoilsiú?  An mbeadh sé ró chostasach ó thaobh cló de?  Nó arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

Nior cheart go mbeadh na colúnaithe ró throm – nílim ag caint ar chúrsaí meachan anseo – agus go mbeadh réimse a suimeanna níos leithne ná polataíocht, an tuaisceart, spórt agus An Ghaeilge.    Tá go leor ábhair eile le plé ann – is beag tuairisciú a dheintear i nGaeilge ar chúrsaí timpeallachta mar shampla.   Tá gá freisin le na bearnaí sna meáin Bhéarla a aithint – is náireach a laghad trachtaireachta a dheintear sna meáin Bhéarla ar cheol thraidisiunta agus amhránaíocht ar an sean nós in ainneoin gur léir dom go bhfuil fás mór ar an suim sna reimsi seo de chultúr na hÉireann faoi cheilt, mar a thug Dónal O Corcora uirthí.

Táim ag scríobh liom anseo agus anois tuigim gur féidir go mbeidh daoine ag baint usáide as mo chuid tuairimí agus iad á gcur féin san áireamh do na postanna seo. Gach seans freisin go mbeidh an oiread daoine nach n-aontóidh liom faoin fhís atá agam.  Ach, ar a laghad, tá fís agam.   B’fheidir nach ciallmhar an mhaise sin dom!

Is é an príomh suim atá agam go mbeadh nuachtán fónta inmharthanach ann, nuachtán a bheidh ábalta seasamh ar a chosa féin gan ró mhoill agus bheith beo gan deontas ó Fhoras na Gaeilge.   Tá súil agam go mbeidh sé beo de bharr go bhfuil suim ag daoine le Gaeilge í a cheannach agus a léamh agus tuilleadh a lorg ina dhiaidh sin.

Is beatha teanga í a léamh….

Sir Humphrey ag cosaint postanna Fhoras na Gaeilge

Scéal speisiúil sa Sunday Tribune inniu – beidh sé ar líne anseo ar an Luan – ag tabhairt chun solais plean Fhoras na Gaeilge seisear déag fostaí nua a earcú go luath, in ainneoin an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Ar ndóigh ní scéal nua ar bith é seo ann féin do leitheoirí iGaeilge – ag an am chéanna, tá an ‘míniú’ nó ‘cosaint’ a thug Roinn Uí Chuív don Tribune  spéisiúil.

Seo agaibh é, i mBéarla blasta Ken Foxe, an tuairisceoir a bhris John O’Donoghue as a phost.

The department defended the appointments and said they were existing jobs which had been ‘held open’ because of a dispute over decentralisation.  They [The Department is dócha] also said the recreuitment freeze did not apply to north-south bodies, of which Foras na Gaeilge, the agency involved, is one.

A statement said: The posts that have now been approved for advertising include vacancies that were held open pending resolution of the decentralisation issue case taken by the Unions representing Foras na Gaeilge staff to the Labour Relations Commission.

All these posts are within the current Foras na Gaeilge staffing complement – they are not extra posts that have been approved since the restrictions on the wider public service came into force.  These restrictions do not apply to the North South bodies.“

Míniú é sin a bheadh ina údar bhróid ag Sir Humphrey féin.  Ní postanna sa bhreis iad seo – is postanna iad atá mar chuid d’fhoireann an Fhorais nach bhfuil líonta go dtí seo de bharr an aighnis idir foireann an Fhorais agus an Roinn faoi dhílarú – agus mar  sin ní sharaíonn siad an chosc ar earcú san earnáil phoiblí.  Anuas ar sin, toisc gur gniomhaireacht thuaidh  theas é, ní bhaineann an cosc sin leis an Fhoras ar aon nós!

Níl Sir Humphrey ar shlí na fírinne, tá sé beo leis ag obair leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i nDún Aimhirgín ar Bhóthar Mespil i mBaile Atha Cliath.

Yes Minister!  Go deimhin.

Ní h–é go bhfuil deacracht ar leith agam le Foras na Gaeilge bheith ag earcú.  An deacracht atá agam leis an scéal seo gurb é mo thuiscint go mbeidh eagrais atá ag obair ag cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail thíos leis an earcaíocht seo.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe sa Bhuiséad. Tá costaisí breise ag gabhail leis an earcaíocht seo – suas go €800,000 de réir an Tribune.  Is giorra é do €1m dar liom nó biionn tuarastal agus costas an phoist – féach ar an míniú casta neamh leithscéalach a thugtar ar cheist na n-innealtóirí teanga i scéal an Tribuen –  níos mó ar Fhoras na Gaeilge ná mar atá sé ar na sclabhaithe atá sa chéad líne catha.     Mar sin de ligfear chun siúil go leor gniomhaithe – níos nó 16 ar aon nós – atá ag obair ar son na Gaeilge i measc an phobail chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta cur leis an maorláthas atá á fhás acu i mBaile Atha Cliath,Béal Feirste, Gaoth Dobhair.

Agus, díreach chun mo phointe a chruthú, seo chugainn an ‘t-atbhreithniú’ atá mar sprioc aige líon na n-eagrasaí Ghaeilge a laghdú ó 19 go 1…..