Ní bheidh an saol mar a bhí – todhchaí na n-eagras Ghaeilge

Ní bheidh an saol mar a bhí.

Is é sin an léargas a thug duine atá ag obair ag libhéal sinsearach in eagras Ghaeilge dom níos luaithe inniu agus é ag trácht ar an méid atá le h-eisiúint uair éigean inniu faoi mhaoiniú is struchtúr na n-eagras Ghaeilge bunmhaoinithe.

Foilsíodh an t-eolas sin ar shuíomh an Fhorais inniu mar thoradh ar an ‘idirphlé’ is ‘imeacht i gcomhairle’ a bhí ar bun ag an bhForas leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.   Is féidir teacht ar an gcaipéis ina iomláíne anseo.

An príomh phointe atá le sonrú ón ‘shamhail mhaoinithe’ atá molta ag an bhForas, caipéis atá scríte i dteanga atá nach mór dothuigte agus nach n-aithneofá mar Ghaeilge, go mbeidh ar gach eagras dul san iomaíocht le h-aghaidh maoiniú a fháil ón bhForas ar bhonn togra.  Fógrófar dornán scéimeann – ina measc:

o Scéim raidió áitiúil

o Scéim na nEalaíon

o Scéim oideachais

o Scéim tacaíochta teaghlaigh

o Scéim cumasaithe pobal

o Scéim óige

o Scéim abhcóideachta agus taighde

Is é seo an múnla céanna a ghlac Foras na Gaeilge chuige féin nuair a bhí sé ag iarraidh fáil reidh le Lá/Lá Nua.  Is é sin ‘comórtas poiblí’ a bhunú agus ansan tabhairt ar na h-eagrais dul san iomaíocht le cheile chun an conradh a bhuachaint.  Faoin mhúnla seo beidh airgead nios lú á íoc agus ní bheidh ‘post saoil stat seirbhiseach’ i ndán don bhfostaí in eagras bunmhaoinithe.    Féach go bhfuil tagairtí sa chaipéis do na h-eagrais ‘iarbunmhaoinithe’.

Ar ndóigh, níl Lá Nua ann chun cosaint a dhéanamh ar na h-eagrais ar an dtua a bheith á úsáid sa bhealach neamhchúramach seo.  Is earnáil leochailleach í earnáil na Gaeilge agus ní oireann sé di go mbeadh tua á luascadh ann.  B’fhearr sceanóg mhanlia don ghearradh atá ag teastáil seachas tua a dhéanfaidh sceannairt agus slad.

Ní mise an t-aon duine a dhéarfaidh nach bhféadfadh an saol dul ar aghaidh mar a bhíodh sé – ach creidim go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an Fhoras an iomarca sceannairte agus iad ag iarraidh an craiceann agus a luach a fháil ó na h-eagrais Ghaeilge.

Tá furmhór na n-eagrasaí ag déanamh obair mhaith – leithéidí Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Linn, Pobal mar shamplaí.   Tá siad ag athrú agus aithint go bhfuil an saol ag athrú agus go gcaithfidh siad athrú dá réir chun bheith beo agus bríomhar san am atá le teacht.

An dream is mó ar cheart bheith sa bhearna baoil, Foras na Gaeilge féin.  Ní raibh riamh i gceist go mbeadh ann ach eagras nó meicníocht chun airgead a dháileadh ar eagrais ar an dtalamh, eagrais a bhí ag déanamh na h-oibre.  Seachas sin tá an Fhoras tar éis iompú ina mhaorláthas atá ag slogadh acmhainní na Gaeilge in áit bheith á ndáileadh go cothrom orthu san atá an taithi agus an scil chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as ar mhaithe leis an teanga.

Ar aon nós, tá’s agaibh an meas atá agam ar an bhForas.

Mothaím go bhfuil an tua le titim go trom inniu ar eagrais Ghaeilge – agus gur ait liom i ndiaidh na sceannairte más gluaiseacht a bheidh fagtha ach iarlais (más ceadmhach dom focail Uí Dhireáin a thógaint ar iasacht ).

Tá dóchas agam, áfach, go mbeidh eagras nó dhó a thiocfaidh as agus iad níos laidre mar nach mbeidh siad ag brath feasta ar an bhForas dá chuid maoiniú agus go mbeidh siad i bhfirinne neamhspleach.    An dtapófar an deis eagras amháin neamhspleach a bheith ann a thabharfaidh dúshlán don mhaorláthas ar mire seo – ie Foras na Gaeilge.

6 thuairim ar “Ní bheidh an saol mar a bhí – todhchaí na n-eagras Ghaeilge

  1. aonghus

    Maorlathas ar mire! Scéimeanna gairide seachas straitéis.

    Ní miste slat tomhais agus critéir a leagan síos.

    Ach in ainm dílis Dé, cén mhaith an chraic seo? Scéim tacaíochta Teaghlaigh – in áit Comhluadar, atá ag feidhmiú go maith? Fágfaidh seo é níos deacra foireann le dealramh a earcú agus a choinneáil; agus brú mór ar choistí neamhspleácha ag réiteach páipéireachas agus meamraiméis.

    Freagra
  2. bhuilieodeagha

    Bhí sé thar am a leithéid de struchtúr a leagan síos. Caitheann na heagrais sin a gcuid ama ag ól fíona agus ag taisteal na cruinne. Tá accountability agus coigiltis in gach gné eile den saol. Cén fáth nach dtagadh profiteers na GAeilge faoin scian céanna.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    maith thú a “bhuile” má’s féidir leat struchtúr a phiocadh amach as an ramháile seo ón Fhoras. ní féidir liomsa.

    Freagra
  4. Concubhar O Liathain

    Wilie O’Dea ag caint ar ‘accountability agus coigiltis’ – Dia idir sinn agus an t-olc. An é go raibh sé ar bhóthar Dhamascas ón am ar fhag sé an Chomhaireacht?

    Níl aon ‘struchtúr’ leagtha síos go fóill. Más aon tomhas mo thaithí ar Fhoras na Gaeilge agus chomh mall triallach is a bhionn siad ag feidhmiú, beidh cuid mhaith den 20 bliain atá luaite le Straitéis an Rialtais caite sara mbeidh aon dul chun cinn suntasach déanta. Idir an dhá linn, coimeadfaidh siad na h-eagrais béasach le bagairtí agus spriocamanntaí a bhaineann lena maorláthas ar mire.

    Níl aon údarás ag an bhForas – seachas an sparán a bheith ina seilbh – chun bheith ag déanamh meastóireacht ar eagrais eile – ós rud é go bhfuil an Fhoras chomh míeifeachtach iad féin.

    Agus níl aon saineolas acu sna réimsí thuasluaite – raidió áitiúil, cumasú phobail, Gaeilge sa teaghlach – le bheith ag déanamh measúnú ar iarratais ghrúpaí atá saineolas na mblianta fada acu. B’amhlaidh an scéal le Scéim na Nuachtáin – ní raibh an saineolas acu agus is mar thoradh ar an aineolas sin a fuair pobal na Gaeilge ‘Gaelscéal’, nuachtán gan iriseoireacht nó nuacht.

    Gléas é an ‘athbhreithniú’ seo chun feidhm éigean a thabhairt don bhForas trath go mbeidh Udarás na Gaeilge ar an bhfód. Murach é ní bheadh faic le déanamh acu agus dhúnfaí an institiúid teanga tras teorainn seo….

    Ní h-ionann mo cháíneadh ar Fhoras na Gaeilge agus bheith go h-iomlán ar shon na n-eagras Ghaeilge nó tá cuid mhaith acu nach bhfuil thar moladh beirte. Ach ní h-é seo an uirlis chun barr feabhais a chur ar na h-eagrais Ghaeilge – níl ann ach gléas chun go dtiocfadh Foras na Gaeilge

    Freagra
  5. Iarla

    Ní féidir le Foras na Gaeilge a bheith éifeachtúil. Cumadh mar sin é. Ní theastaíonn ó rialtóirí ná ó úinéirí na tíre seo an Ghaeilge a chur chun cinn, mar go dtarlódh réabhlóid dá mbeadh an teanga láidir. Faigheann na heagraíochtaí beagán airgid chun scéimeanna a reachtáil, fostaíonn siad daoine óga fuinniúla chun an obair a dhéanamh ar phá íseal, cuirtear deireadh le maoiniú ón bhforas nuair a bhíonn an obair leathdhéanta. Faigheann an chuid is cumasaí de na fostaithe postanna deasa sa teilifís nó sna coláistí tríú leibhéil agus ní dhéanann siad aon rud fiúntach an chuid eile dá saol. Tá an toradh a theastaíonn ó na polaiteoirí á bhaint amach ag Foras na Gaeilge, sop anois agus aris do na ‘cancráin’, agus múchadh an idéalachais i ndaoine a d’fhéadfadh aon difear a dhéanamh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s