Litir chuig Eagarthóir Gaelscéal

Táim ag athfhoilsiú na litreach seo ó Ghabriel Rosenstock, an t-údar aitheanta, chuig eagarthóir Gaelscéal i dtaca leis an ghearán a rinne mé anseo faoin méid a bhí le rá in Eagarfhocal an nuachtáin sin ar an 16ú Aibreán, 2010, faoi ról an nuachtáin i dtaca le léirmheasanna.   Foilsíodh na litreach seo i nGaelscéal ar an 23ú Aibreán.  Níl sé ar fáil go fóill ar shuíomh Gaelscéal.

A chara

Deir sibh in Eagarfhocal na seachtaine seo caite ‘nach é gnó Gaelscéal é léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh’.   Cé atá chun é a dhéanamh mar sin?  An bhfuil tú cinte nach bhfuil léirmheastóireacht tathagach ar leabhair, ar scannáin, ar dhrámaí, ar an gceol, is ar na healaíona eile, ar chláír teilifíse agus ar chláir raidió ag teastáil ó do chuid leitheoirí.

An bhfuil tú cinnte go mbeidh an chuid is mó acu sásta le blúiríní beaga eolais ar chuid de na nithe sin a léamh ó am go go ham., bluiríní ar geall le bolscaireacht bhaoth iad seachas anailís ghéarchúiseach.  An é sin an dearcadh atá ag lucht maoinithe an pháipéir chomh maith?  An sop in áit na scuaibe?   Más ea, is bocht an scéal é!

Saol amú saol gan scrúdú, a dúirt Sócraitéas. A mhalairt atá á rá agatsa: is é atá á rá agatsa ná go dteastaíonn uainne, do chuid leitheoirí, go mbeadh Gaelscéal neamhchriticiúil neamhcheisteach. Cá bhfuair tú an tuairim sin?  Nach é an dearcadh sin a d’fhag Éire sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.

Is mé agat go buíoch beannachtach

Gabriel Rosenstock

20 de thuairimí ar “Litir chuig Eagarthóir Gaelscéal

  1. Micí Mór

    Féar play don pháipéar nua as gan bacaint le truflais den chineál sin a bhíonn á scríobh ag Gabriella agus agatsa

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    A Mhicí, Go raibh maith agat as do léirmheas beacht ar ár saothar. Ar ndóigh ní h-aon údar mise agus níl aon leabhar liom i gcló le léirmheas a dhéanamh air. Tá go leor leabhair foilsithe ag Gabriel – agus is fiú iad a léirmheas. Agus ba cheart gurb é sin cuid de ghnó an nuachtáin atá maoinithe ag an bhforas céanna atá ag maoiniú furmhór na leabhair Ghaeilge a fhoilsítear sa tír seo. Gan amhras tá fuiollach údair eile ann chomh maith ar cheart leirmheas – agus ní gá don léirmheas a bheith mór mar is léir.
    Is leisce agus easpa cur chuige atá ar chúl an raitis seo ó Eagarthóir Gaelscéal, creidim. Ar ndóigh tá fuiollach spáis sa nuachtán le h-aghaidh preas raitis is altanna móra fada faoi ghléascanna teicneolaíochta Apple agus Microsoft – ach is beag an spás atá ann do litríocht na Gaeilge. Tosaíochtaí aisteacha ón nuachtán stat mhaoinithe seo, cheapfainn….

    Freagra
  3. seamus mac seain

    nach iad comhar, feasta agus an tultach na háiteanna is fearr faoi choinne léirmheasanna “litríochta” a Choncubhair. Is páipéar “nuachta” é gaelscéal agus é go maith dar liom agus tá súil agam go maireann sé mar sin. Tá go leor de scrudú imleachain ar bun ag intleachtóirí na Gaeilge gan é a bhrú ar an chuid eile againn.

    Freagra
  4. shinnylites

    Maith thú Gabriel.. maith sibhse. Tá nuachtán níos fearr tuillte againn- bhí an ceart agat ansin a Choncubhair.

    Níl suim agam Gaelscéal a léamh fiú ar an idirlíon agus é saor ansin! Is dona liom é sin a rá, bhí mé ag súil leis an pháipéar le fada, ach níl tada fiúntach istigh ann.

    Is mór an trua é.

    Freagra
  5. shinnylites

    A Shéamus- breathnaigh ar chuile nuachtán seachtainúil eile. Bíonn léirmheasanna ann, chomh maith leis an nuacht.

    Freagra
  6. Concubhar O Liatháin

    I gcead dhuit, a Shéamuis, ní doigh liom go bhfuilim ag moladh ‘scrúdú imleacáin’. Creidim gur cheart go mbeadh nuachtán ábalta leirmheasanna litríochta a chur san áireamh – mar a dhein Lá agus Foinse roimhe seo.

    Irisí le scaipeachán bheag iad na h-irisí a luaigh tú. Paipéar é atá ag iarraidh scaipeachán náisiúnta Gaelscéal. Creidim gur botún é ag an bpointe seo ag an nuachtán cúl a thabhairt do leitheoirí na Gaeilge, leithéidí Club Leabhar Coiscéim Feirste mar shampla, tre bheith ag diultú – agus is diultú é – leirmheasanna litríochta a fhoilsiú. Nach ag lorg leitheoirí atá Gaelscéal. Cinneadh thar a bheith aisteach é seo ag an nuachtán – cúl a thabhairt don dream is mó is doichí a bheadh ag léamh an nuachtáin. Mar atá sé tá níos mó spáis á thabhairt do leirmheasanna leamha ar chúrsaí teicneolaíochtaí ná mar atá ar leabhair is saothair eile in ealaíon na Gaeilge.

    Anuas ar sin, is beag nuachta a bhionn i nGaelscéal. Is féidir liom na scéalta ná raibh foilsithe in aon nuachtán nó aon suíomh idirlín eile roimh a thug Gaelscéal spás dóibh a chúntas ar láimh amháin.

    Le bheith fírinneach tá mo shuim i nGaelscéal caillte agam. Is foilseachán leadránach é – leagan seachtainiúil de Saol ach ar a laghad tá an bua ag Saol go bhfuil sé ag déanamh an rud atá luaite leis ón gcéad lá. Ní nuachtán nó paipéar é Gaelscéal – cur amú paipéir atá ann.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Níl aon rud suimiúil le léamh ann dom. Má chuireann tusa suim i bpreas raitis athchúrsáilte, bíodh agat. Ba mhaith liomsa rud éigean nua le léamh, rudaí suimiúil etc. Níl seo ar fáil i nGaelscéal dar liom.

    Ní fheadar an bhfuil níos mó leitheoirí ag an nuachtán ná mar atá cáirde ar Facebook (thart ar 1,200) Mura bhfuil ann ach an méid sin, conas is féidir le Foras na Gaeilge an cinneadh gan maoiniú Lá nó sean Foinse a leanúint nuair a raibh deich oiread an méid sin coipeanna á dhíol ag an dhá nuachtán le cheile (ag buaic a réime!) ná an 1,200 a deir gur cáirde Facebook de chuid Gaelscéal iad?

    Freagra
  8. brian

    Tá an ceart agat faoi na meáin chlóite Gaeilge. Níl fágtha againn ach leathanaigh Gaeilge an Irish Times le nuacht na Gaeilge a fháil

    Freagra
  9. seamus mac seain

    ní lia duine ná tuairim is dócha a choncubhair (fágfaidh mé shinnylites mar atá sé nó sí go dtí go léiríonn sé nó sí meas orainn agus a ainm nó a hainm dlistineach féin a thabhairt)ach ar pháipéar nuachta 32 leathanach ba dheacair dar liom cothrom na féinne a thabhairt do léirmheasanna leabhair. Ba ghnáthach le Lá agus le Preas a phobail roimhe fóirlíonadh litríochta a chur amach anois agus arís le bearna na litríochta a líonadh, cá fios nach ndéanfaidh Gaelscéal an rud céanna ach am a bheith acu chuige? agus i gcead duit a Choncubhair sílim gur áibhéil amach agus amach atá sa ráiteas agat nach nuachtán ná páipéar é Gaelscéal. Tá sé ar a laghad chomh maith agus a bhí “Lá Nua ” san fhoirm thablóideach inar chríochnaigh sé, mura b’ionann agus an paipéar a bhí ann nuair a bhí sé ina mhórbhilleog. ach is duine mé go dtáitníonn an mhórbhilleog liom agus ni bheadh daoine eile ar aon intinn liom mar gheall ar sin. Tá tú tógtha faoi sholátharaí abhair seachas iriseoirí a bheith ag scríobh don pháipéar nach cuma a fhad agus go bhfuil siad maith ag scríobh? fad fad ó shin i saol eile a bhí agam is ioma duine a bhfuair mé cárta NUJ dó go dtiocfadh leis Iriseoir a thabhairt air féin agus thig liom a rá nach aon teist ar chumas scríbhneoireachat an duine é ainm Iriseora a bheith air. Chuntas mé na scríbhneoirí éagsúla a bhí ar an chéad eagrán den phaipér agus bhí ochtar déag ann creidim. Murar éagsúlacht é sin ní lá go fóill e ( nó pun intended)

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Bhíodh forlíonadh i Lá agus i bPreas an Phobail GO RIALTA gach seachtain mar sin níorbh aon rud ocáidiúil é. An rud atáim ag maíomh maidir le Gaelscéal, gur cinneadh é seo atá déanta, de réir dealraimh, gan leirmheasanna leabhair a dhéanamh mar sin ní cosúil go bhfuil siad ag obair ina threo amach anseo.

    Ní aontaím leat maidir le caighdeán Gaelscéal i gcodarsnacht le Lá Nua – gan amhras tá níos mó leathnaigh ann agus b’fhéidir go bhfuil níos mó scriobhnóirí ann. Ach níl aon comparáid, dar liom, idir chaighdeán na h-iriseoireachta sa dhá nuachtán. Ní ceist beag í ceist seo an ‘Solathraí Abhair V Iriseoir’ ach bun cheist – chomh fada agus go bhfeictear domsa, is preas raitis athchúrsáilte agus an chuma sin orthu furmhór mhór na ‘scéalta nuachta’ i nGaelscéal. Níl iriseoireacht le léamh i nGaelscéal – ach tá go leor ábhar a deineadh ‘solathar’ air. Ní gá gur ionann cárta NUJ agus aitheantas a bheith ag duine mar iriseoir, nó fiú céim sa ‘chumarsáid’ – ach tá rud éigean sa bhreis ar ‘coipeáil’ agus ‘pasteáil’ preas raitis i gceist le h-iriseoireacht, dar liom.

    Níl fo-eagarthóir ag obair leo – mar sin tá droch Ghaeilge ar fuaid an nuachtáin agus cinnlínte ar nós ‘ceart chun obair’ (mar aistriú ar Right to work) nó ‘tuilleamh litríochta’ mar aistriú ar ‘more literature) mar shampla. Seo nuachtán stat mhaoinithe na Gaeilge – agus tá sé leibideach. Tá nios fearr ná seo tuillte ag pobal na Gaeilge.

    Creidim go bhfuil Gaelscéal i bhfad ar chúl sa tríú nó sa cheathrú áit ó thaobh foinsí nuachta na Gaeilge – agus cuirim Nuacht 24 go mór chun tosaigh orthu. Sin mo bharúil. Ar ndóigh tá daoine ann a chreideann gur cás ‘sour grapes’ é seo. Bíodh acu. Ní féidir liomsa ach mo thuairim féin a nochtadh – tá cead acu a dtuairimí a fhoilsiú anseo más maith leo. Go deimhin tá fáílte rompu.

    Freagra
  11. orla bheag

    An ceart ar fad agat a gharsúin agus dála an scéil comhghairdeas leat as d’ainmniúchán do dhuais an Oireachtais. Tá sé tuillte go maith ‘at agus cheapfainn gur beag iomaíocht a bheas agat don dá ghradam. Ach ceistín amháin faoin gcomhfhreagras thuas: cad é do thuairim faoin bhFoinse nua i gcomhthéacs na nuachtáin ar fad atá luaite?
    An bhfuil sé chun cinn nó taobh thiar do Foinse?

    Freagra
  12. orla bheag

    Mo leithscéal ba cheart go léafadh an abairt dheireanach sa teachtaireacht thuas mar seo: An bhfuil sé chun cinn nó taobh thiar don Ghaelscéal?

    Freagra
  13. igaeilge Údar an Ailt

    Orla,

    Tá go leor rudaí i gceist le foilseachán – ábhar, cur i láthair, cén margadh atá an foilseachán sa tóir air. Creidim go n-aimsíonn Foinse nua an margadh atá á lorg aige – is é sin lucht foghlama na Gaeilge. Ní h-é sin le rá nach mbeadh sé níos fearr dá mbeadh níos mó nuachta ann, fíor nuacht seachas an stuif a bhionn go h-ionadúil (mar shampla an priomh scéal a bhí ann an tseachtain seo chaite, maíodh go raibh ‘fear Foinse’ tar éis aighneas faoi chúrsaí eitleoireachta agus an bholcáin. Ní chreidim gur fear Foinse an scriobhnóir – b’fhéidir gur saor iriseoir de chuid an Indo é – ach fiú dá mba fear Foinse é, ní raibh sé ceart go mbeadh sé ina phríomhscéal.

    Is é an fhírinne nach dtuigeann eagarthóir Foinse nó eagarthóir “Gaelscéal’ cad is nuacht ann. Tá siad ag líonadh na leathnaigh le Gaeilge – agus tá sin maith go leor ach ní h-ionann sin go bhfuil gach leathnach líonta le dealramh nó le h-abhair suimiúil. Tá siad gan taithí sa ghnó seo – agus tá sin le h-aithint. Ní caitheamh anuas é seo orthu go pearsanta. Dá gcuirfeá duine ón sráid ag obair mar lia inchinne, ní bheifeá ag súil go mbeadh sé ábalta leigheas a chur ar dhuine le tinneas cinn?

    Tá colúnaithe maithe ag Foinse nua – ainmneacha atá i mbéal an phobail, Daithí O Sé, Hector, Evanne Ní Chuilinn (bean spóirt RTE). Nil aon duine atá i mbéal an phobail ag Gaelscéal cé nach ionann sin agus a rá nach bhfuil colún réasúnta ag Páídi O Lionaird.

    “Never mind the quality, feel the Irish” isea an polasaí eagarthóíreachta ag an dhá nuachtán dar liom. Ní feidir liom locht a chur ar Foinse – níl aon airgead stait á fháil acu i bhfoirm deontais – cé go bhfuil go leor fograí stáit á fháíl acu.

    Ós rud é go bhfuil tú ag iarraidh orm a rá cé acu is fearr liom, deirfidh mé go bhfuil siad gob ar ghob ó thaobh caighdeán de san iomlán. Tre thimpist tá níos mó scéalta i nGaelscéal – ach ní gá gur nuacht iad. Tá níos mó le léamh i Foinse – sé sin ábhar fiúntach. Tá Foinse beagán níos fearr mar go bhfuil an nuachtán sin ag aimsiú an sprioc mhargadh níos fearr ná mar atá Gaelscéal. (Bím istigh i siopaí anseo i nGaeltacht Mhúscraí agus i mbailte timpeall agus bionn carn mhór Gaelscéal fagtha ag deireadh gach seachtain. Níl sé ag díol go maith anseo ó dheas agus feictear domsa nach fada a mhairfidh sé mura dtagann athrú ar chúrsaí.)

    Freagra
  14. seamus mac seain

    a Choncubhair a chara má tá tusa anois ag cuntas na meancóg Ghaeilge atá ag daoine beidh agam le cúlú ón chomhfhreagras nó níl an tam agamsa a bheith ag rannsadh tríd foclóirí leis an litriú bheacht a aimsiú. Ní ar bheachtáiocht Ghaeilge amháin a mhaireann an duine. Go minic a Choncubhair imo tháithí féin is iad na daoine is foirfe Gaeilge is lú smaoinimh ina gcloigeann.

    Freagra
  15. orla bheag

    Ana-shuimiúil! gRMA a Chonchubhair. Agus dá mbeifeá le liosta a chur le chéile do na nuachtáin go dtí seo, INNIU, Amárach, Anois, Foinse, Lá, Foinse nua, Gaelscéal, Saol, Nuacht 24 cén ord a chuirfeá iad ó thaobh caighdeáin de?

    Freagra
  16. Concubhar O Liathain

    Ní thaitníonn liostaí liom. Ceapaim gur shroich Foinse, Lá/Lá Nua, Amarach agus Nuacht 24 agus Inniu an íoschaighdeán atá mise ag súil leis ó nuachtán Ghaeilge. Ceapaim gur eirigh le Lá/Lá Nua agus Foinse ard-chaighdeán a bhaint amach. Tá Nuacht 24 ag dul sa treo sin agus tá sé deacair bheith ró chruaigh ar na nuachtáin eile mar ní raibh na h-áíseanna céanna ar fáíl acu is atá againn anois. Cá bhfios cad a bheadh bainte amach ag Inniu, Amarach agus Anois ach iad tacaíócht ceart a fháíl?

    Nílim ag iarraidh bheith ag cúntas na meancóg, a Shéamuis, ach tá sé deacair gan iad a thabhairt faoi ndeara. An poinnte atá i mo cheann, nach léir domsa go bhfuil fo-eagarthóír fostaithe ag an nuachtán chun féachaint chuige go mbionn caighdeán áírithe Ghaeilge agus iriseoireachta á bhaint amach, faoi mar a bheadh fo-eagarthóir i nuachtán Bhéarla nó san Andersonstown News nó an nuachtán eile. In áít sin, tá an nuachtán ag brath ar Ceart agus ar Gaelspell. Ní aithneoidh ceachtar den dhá chlár riomhaireachta sin, dá fheabhas iad, droch iriseoireacht nó leabhal. Agus má ligeann siad ‘ceart chun obair’ dul chun na clólainne, tá laigí sa dhá chlár.

    Tá’s agat agus agam, a Shéamuis, nach aon diograiseoir gramadaí mé. Ach ní chreidim gur cóngar é seo ar cheart d’aon nuachtán glacadh ar mhaithe le céard – breis airgid a chaitheamh ar mhargaíocht (cén margaíocht?) nó ‘iriseoireacht’ (cén iriseoireacht?).

    Dá mba rud é go raibh Máirtín tar éis na fo-eagarthóirí a bhí ag Lá a chur chun bealaigh agus go mbeadh an nuachtán fós ann ach é lán le droch Ghaeilge, an mbeifeá sásta? An mbeadh aon leitheoir Ghaeilge sásta? Ní doigh liom é.

    Freagra
  17. orla bheag

    GRMA as sin a Chonchubhair agus míle comhghairdeachas arís as d’ainmniúchán. Dála an scéil le cur le d’argóint níl éinne as Gaelscéal nó Foinse nua ar an liosta de réir mar a thuigim. Ar aon nós tá súil agam go mbuafaidh tú mar go mbíonn rud éicint spéisiúil le rá agat i gcónaí

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    Gach seans go bhfuil an ceart agat a Áine. Is cinnte nach bhfuilim ag brath ar ghradam ar bith a bhuachaint ag ocáid mhór Farmleigh i mbliana. Ní fheadar an mbeidh mé ann – b’fhéidir é nó tá imeacht eile ar siúl i mBAC an lá céanna.

    Bua nó diomua, beidh iGaeilge anseo go fóill, ag rá rudaí atá conspóideach nó ar a laghad nach bhfuil siad leadránach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s