Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

Mr Doherty said Labour was “desperate” for power.

“I think Labour will concede to Fine Gael on a wide range of issues. I think they will accept cuts in social welfare. Labour will walk away with a few Fine Gael concessions on things like graduation tax and maybe the Irish language — not key economic issues,” he said.

B’shin a bhí le rá inné ag Pearse Doherty TD, ionadaí Shinn Féin i Donegal South West, agus é ag tracht ar na cainteanna atá ar bun idir an Lucht Oibre agus Fine Gael. Má bhí léargas ó dhuine ar bith ar fhíor mheas Shinn Féin ar an nGaeilge, sin agat é ó bhéal a’ chapaill. Síleann Pearse agus, ní foláir, SF gurb í an sop in áit na scuaibe.

Ar ndóigh rinne an pháirtí seo go minic roimhe. Noiméad amháin tá siad ag déanamh ‘buaileam sciath’ faoin gheallúint i gComhaontú Chill Rimhinn ach nuair atá ár n-aird in áit eigean eile, ní ghlacann siad an Aireacht Chultúir nuair atá sé ar phláta ós a gcomhair agus fágann siad ag an DUP agus leithéidí Nelson McCausland (Edwin Poots is Gregory Campbell roimhe) é chun sceannairt a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar gheall ar sin bionn ar phobal na Gaeilge troid chúlgharda a fhearadh chun, mar shampla, an Chiste Craoltóíreachta a thabhairt slán ón dtua.

Roimh an toghchán seo, bhí go leor ráitis árd bhladhmannach ag Sinn Féin faoi chomh diograiseach is a raibh an pháirtí ar son na teanga, an páirtí ag maíomh go raibh siad in éadan moltaí Fhine Gael, mar shampla, faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ard Teist. Is léir ó chaint Doherty, áfach, nach mbeadh aon suim aige ina leithéid de chomhghéilleadh ó FG, dá mba rud é go raibh margántaíocht ar bun idir FG agus SF faoi chomhdhéanamh an Chomhrialtais atá le cur i réim, is dócha, go luath..

Polataíocht na fantasaiochta atá agus a bhionn ar bun ag Sinn Féin, iad ag ceapadh gur féidir leo an dubh a chur ina gheal ar an bpobal i rith an ama mar go dtuigeann siad nach mbeidh siad i gcumhacht ó dheas ar feadh na mblianta fada. Uaireannta, áfach, tagann an fhírinne chun solais, fiú más tre thimpist féin a tharla sé.

Tá éirithe le SF, áfach, an dubh a chur ina gheal ar sciar áirithe den phobal leis an bhfantasaíocht seo. Fiú gur eirigh le SF líon a suíocháin sa Dáil a mhéadú faoi thrí, chaithfeá a rá gur ait an scéal é go bhfuil fós níos mó iontaoibh ag an bpobal as Fhianna Fáíl ná mar atá acu as SF – dá olcas a rinne FF, sháraigh siad SF ar a laghad!

Murar féidir le páirtí radacach ar nós SF páirtí cosúil le FF a sharú, trath go bhfuil FF luaite mar phríomh namhaid an phobail ag na meáin is eile, ní mór do SF gan bheith ag tabhairt an iomarca súntais dá chuid bolscaireachta féin.

Agus maidir le ráiteas Doherty i leith ‘Labour’ a bheith ‘desperate for power’, cuireann sé an sean fhocal ina bhfuil na focail ‘pota’, ‘citeal’ agus ‘dubh’ luaite ann i gcuimhne dhom.

Aon tuairim amháin ar “Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

  1. Máire Zepf

    B’fhéidir go bhfuil an ceart agat fá Shinn Féin agus an Ghaeilge – beidh le feiceail, is dóigh é. Ach ní fheicim féin go bhfuil sé le tuiscint ón ráiteas thuasluaite. Ní ceist mhór eacnamaíochta í an Ghaeilge – fíric. Agus tabhachtach is mar atá sí, tá mór-cheisteanna eile eacnamaíochta le freagairt ag polaiteoirí na tíre seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s