Cén Ghaeilge atá in An Phoblacht?

Tá suíomh nua idirlín ag An Phoblacht, suíomh ana shnásta ar fad.   Go deimhin tá an oiread snasa curtha air go bhfuil an alt Ghaeilge a bhíodh sa leagan chlóite imithe as radharc ar fad. Ar ndóigh is é An Phoblacht nuachtán phairtí Shinn Féin agus níor cheart aon íontas a bheith orainn má tá an Ghaeilge curtha as radharc acu.  Bhí láimh ag Sinn Féin i gcur faoi chois Lá Nua agus comhaltaí an pháirtí ag suí go teann ar a lámha timpeall bhórd stiúrtha Fhoras na Gaeilge.

Má tá Fine Gael le cáineadh as ucht an easpa Ghaeilge atá ag úrlabhraí Ghaeltachta an pháírtí, agus má tá Fianna Fáil le loisceadh de bharr easpa Ghaeilge ar an suíomh idirlín ag an pháirtí, tá SF agus An Phoblacht [ar eagla gur dhá neach éagsúil iad] le cáineadh as fimíneacht. Is minic go mbionn leithéidí Piaras O Dochartaigh ar a chosa in airde ag caineadh an Rialtais as easpa Ghaeilge etc.  Ní fheadar cad a bheidh leis an Seanadóir i dtaobh an masla is déanaí don teanga i nuachtán a pháirtí féin?

2 thuairim ar “Cén Ghaeilge atá in An Phoblacht?

  1. An Diúlach

    Bhail a Choncubhair, níl a fhios agam an bhfaca tú an pioctúr ar an Irish Times an tseachtain seo chuaigh thart de Gerry Adams agus Pearse Doherty ag siúl guala ar ghualainn chun na Cúirte i mBaile Átha Cliath (- an cás faoi na fo-thoghcháin atá gan ghairm go fóill). Tchím go bhfuil fáinne i mbrollach a chasóige ag Gerry Adams. Smaointigh mé – bhur mbarúil cén teanga atá fear an fháinne agus fear Ghaoth Dobhair ag labhairt le chéile?!! Cibé faoi sin, tá a fhios agam rud amháin – tá a fhios agam cén teanga a labhair siad sa Chúirt. Sa méid sin, ní fearr pioc Sinn Féin ná na páirtithe polaitiúla Béarlacha eile in Éirinn. ‘Cuirtear an réabhlóid ar athló. Bainimis sult as cuideachta na maithe agus na móruasal.’

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s