Cartlanna Clibe: Lucht Oibre

Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

Mr Doherty said Labour was “desperate” for power.

“I think Labour will concede to Fine Gael on a wide range of issues. I think they will accept cuts in social welfare. Labour will walk away with a few Fine Gael concessions on things like graduation tax and maybe the Irish language — not key economic issues,” he said.

B’shin a bhí le rá inné ag Pearse Doherty TD, ionadaí Shinn Féin i Donegal South West, agus é ag tracht ar na cainteanna atá ar bun idir an Lucht Oibre agus Fine Gael. Má bhí léargas ó dhuine ar bith ar fhíor mheas Shinn Féin ar an nGaeilge, sin agat é ó bhéal a’ chapaill. Síleann Pearse agus, ní foláir, SF gurb í an sop in áit na scuaibe.

Ar ndóigh rinne an pháirtí seo go minic roimhe. Noiméad amháin tá siad ag déanamh ‘buaileam sciath’ faoin gheallúint i gComhaontú Chill Rimhinn ach nuair atá ár n-aird in áit eigean eile, ní ghlacann siad an Aireacht Chultúir nuair atá sé ar phláta ós a gcomhair agus fágann siad ag an DUP agus leithéidí Nelson McCausland (Edwin Poots is Gregory Campbell roimhe) é chun sceannairt a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar gheall ar sin bionn ar phobal na Gaeilge troid chúlgharda a fhearadh chun, mar shampla, an Chiste Craoltóíreachta a thabhairt slán ón dtua.

Roimh an toghchán seo, bhí go leor ráitis árd bhladhmannach ag Sinn Féin faoi chomh diograiseach is a raibh an pháirtí ar son na teanga, an páirtí ag maíomh go raibh siad in éadan moltaí Fhine Gael, mar shampla, faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ard Teist. Is léir ó chaint Doherty, áfach, nach mbeadh aon suim aige ina leithéid de chomhghéilleadh ó FG, dá mba rud é go raibh margántaíocht ar bun idir FG agus SF faoi chomhdhéanamh an Chomhrialtais atá le cur i réim, is dócha, go luath..

Polataíocht na fantasaiochta atá agus a bhionn ar bun ag Sinn Féin, iad ag ceapadh gur féidir leo an dubh a chur ina gheal ar an bpobal i rith an ama mar go dtuigeann siad nach mbeidh siad i gcumhacht ó dheas ar feadh na mblianta fada. Uaireannta, áfach, tagann an fhírinne chun solais, fiú más tre thimpist féin a tharla sé.

Tá éirithe le SF, áfach, an dubh a chur ina gheal ar sciar áirithe den phobal leis an bhfantasaíocht seo. Fiú gur eirigh le SF líon a suíocháin sa Dáil a mhéadú faoi thrí, chaithfeá a rá gur ait an scéal é go bhfuil fós níos mó iontaoibh ag an bpobal as Fhianna Fáíl ná mar atá acu as SF – dá olcas a rinne FF, sháraigh siad SF ar a laghad!

Murar féidir le páirtí radacach ar nós SF páirtí cosúil le FF a sharú, trath go bhfuil FF luaite mar phríomh namhaid an phobail ag na meáin is eile, ní mór do SF gan bheith ag tabhairt an iomarca súntais dá chuid bolscaireachta féin.

Agus maidir le ráiteas Doherty i leith ‘Labour’ a bheith ‘desperate for power’, cuireann sé an sean fhocal ina bhfuil na focail ‘pota’, ‘citeal’ agus ‘dubh’ luaite ann i gcuimhne dhom.

Deireadh na Dála…tús an fheachtais

Faoi dheireadh thiar tá an 30ú Dáil ar scor agus na teachtaí ag ardú a seol is iad ag ullmhú d’fheachtas nua nó do saol nua taobh amuigh den pholataíocht. Thug An Taoiseach, Brian Ó Comhain, a oráid dheireanach sa Dáil inniu agus é ag ráite aige ón oíche aréir [Dé Luain] nach mbeidh sé san iomaíocht don Dáil i mbliana.

Bhí go leor Gaeilge ina oráid – agus in oráid Enda Kenny freisin – agus bhí sé oiriúnach. Ni h-é go raibh croí Brian Ó Comhain san áit mícheart – ní raibh an t-adh leis agus chothaigh sé go leor deacrachtaí do féin – ach is dócha gur féidir a rá gur dhein sé, mar a dúirt sé féin, a mhíle dícheall. Bhí cúpla focal Ghaeilge in oráid Éamon Gilmore chomh maith – leath líne ó dhán Raifteirí’. Go deimhin bhí ceannairí na bpríomh phairtithe ar fad ag baint úsáide as an dán céanna….

Deirtear linn go mbeidh an fheachtas romhainn ar an toghchán is tabhachtaí i stair na tíre. Feachtas stairiúil, is cosúil, mar den chéad uair riamh, beidh díospóireacht i nGaeilge ar TG4. B’é seo sprioc a chuir mé romham nuair a chuireas m’ainm chun tosaigh sa chomórtas phoiblí le bheith i m’ionadaí phoiblí ar Bhórd TG4. Anois, ar amharaí an tsaoil b’fhéidir nó ‘events, dear boy, events’, tarlóidh sé agus tá cuireadh seolta ag an staisiún chuig ceannairí na dtrí mórpháirtí, Fianna Fáil (Mícheál Martin), Fine Gael (Enda Kenny) agus An Lucht Oibre (Eamon Gilmore), chun páirt a ghlacadh i ndiospóireacht a chraolfar BEO, is cosúil, ag 10 AR MAIDIN, ar an 16ú Feabhra, naoi lá roimh an olltoghchán.

Is cuma liom triúr nó cúigear bheith sa dhíospóireacht – ba chuma liom freisin, go deimhin ba mhaith liom, dá mbeadh diospóireachtaí foirmeálta idir urlabhraithe na bpairtithe sna príomh réimsí, cúrsaí oideachais, sláinte, gnó agus fiontraíocht is airgeadais, Gaeilge/Gaeltacht.

Ach tá sé tabhachtach go mbeadh diospóireacht ann idir iad san a fhéadfaí, go réadúil, bheith tofa mar Thaoiseach. Agus má tá sé tabhachtach go mbeadh sé ann i mBéarla, tá sé chomh tabhachtach céanna go mbeadh sé i nGaeilge.

Feicim go bhfuil ráiteas éisithe ag Conradh na Gaeilge ag cur fáilte roimh an dhiospóireacht stairiúil seo. Tá tagairt sa ráiteas céanna don éileamh ar gach páirtí go mbeadh an Ghaeilge ina chroí-ábhar san Ard Teist. Tá ceangal laidir idir an dhá rud, creidim, Má bhionn an diospóireacht seo ann uair amháin, beidh sé tabhachtach leanúint leis an nós seo agus má leantar cothóidh sé bunriachtanas d’ábhar ceannairí sna toghcháin amach anseo: is é sin go mbeidh Gaeilge ag aon duine ar mhaith leo bheith ina ceannaire ar mhór pháirtí. Ciallaíonn sin, d’fhéadfá a rá, go mbeadh Gaeilge ag furmhór mhór na bpolaiteoirí, is é sin má tá suim acu i gceannaireacht a bpairtithe. Caithfidh sin cuidiú leis an nGaeilge a choimeád ina chroí-ábhar san Ard Teist amach anseo.

Creidim go laidir gur fearr i bhfad iacaill a chur ar cheannairí pholatúla an dea-shampla a thabhairt ná bheith ag caint de shíor faoi ‘stadas oifigiúíl’ agus ‘caipéisí’ is reachtaíocht bheith aistrithe go Gaeilge fiú is go bhfuil a fhios againn nach mbionn cainteoirí Ghaeilge á lorg nó á léamh. Ach sin mo shean phort….

An Lucht Oibre chun tosaigh ar Fhianna Fáil

De réir an pobal bhreith is déanaí, tá Páirtí an Lucht Oibre imithe chun tosaigh ar Fhianna Fáil den chéad uair.

Is iad seo torthaí suirbhé TNS/MRBI:
Fine Gael 32 (-2)
Lucht Oibre 24 (+10)
Fianna Fáíl 22(-5)
Sinn Féin 8 (+1)
An Chomhaontas Glas 4 (gan athrú)
Neamhspleaigh 9 (-4)

Is é seo an freagra a bhíos ag súil leis nó creidim gurb é Éamon Gilmore is fearr a chruthaigh a mhianach mar cheannaire le seachtain anuas.

Ciallaíonn an toradh seo go bhfuil Fianna Fáíl tar éis leath dá chuid tacaíochta a chailliúint ón olltoghchán dheireannach.

De réir torthaí phobal bhreith na gceannairí, tá Eamon Gilmore ag 44% agus tá eisean i bhfad chun tosaigh ar gach ceannaire eile. Ní raibh titim ró mhór ar fhigiúirí an Taoisigh – nó thit sé sin 2%. Ach ní raibh sé ard sa chiall dul síos agus anois is é an ceannaire leis an figiúir is ísle – tá sé ag 22%.

Scéal imeallach – agus ní dócha gur íontas é nó is pairtí imeallach é Sinn Féin – nach bhfuil aon méadú suntasach ar Shinn Féin – suas 1% go dtí 8%.

Léiríonn sé go bhfuil an páirtí ‘radacach’ seo ar an imeall trath gur cheart do bheith ar mhuin na muice. Is é an pairtí is faide bhunaithe sa tír iad ach tá sé cosúil is gur pairtí coimhthíoch é ina thír dhúchais.