Cartlanna Clibe: Dónal Ó Liatháin

Omós dhearthair

Dónal  le Peadar  O Liatháin


Do chaitheas mo shaol go léir le Dónal

Ach anois is arís ar feadh mí do scaraimís

Briseadh oibre nar scáir sinn ró fhada

Bhí an samhradh caoin agus collegians tagatithe

Cé gur sine mise boss ab ea Dónal

Is ag dul in aois do boss ní ba mhó é

Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort cabhair a ghealladh do,

Ní bheadh ionat fan lae ach daor gan aithnid.

Id sheasamh go ciúin le casúr id ghlaic agat

Is tú leata leis an bhfuacht muna bhfaighfeá fosca beag.

Ba mhór a ghrá do chrónán na mbeach.

Agus do na ndícheall oibre  ba bhinn a nglór

Mo bhrón nár tháinig sáithe roimh titim do

Ná mil ná cealg ná fiú lá breá,

Déanach sa tráthnóna Iúil agus Lúnasa

Dheinimís dash suas an Cúm agus Insí síos:

Droichead Uí Mhórdha agus an Poc ar Buile

Ruachtaí agus Sleaghainí ag teacht le chéile,

Raidhse  breac má bhí an cuileog agat.

Táimse brónach id dhiaidh a Dhónail

Mar nár cheapas riamh go mbeifeá róm-sa

Chonac d’anáil deireannach ag croitheadh do bheola

Faoiseamh duit mar d’fhulaingís do dhóthain,

Gan gearán gan oscna sar ar dhún do shúile.

Bhí a lán le rá againn fós nár ínseadh

Bhí mí na Samhna ann, mí na marbh

Ag caint ar Nollaig is gan cuileann dearg

Fáinleoga imithe is na duilleoga ar fán

Tránóntaí dorcha is fuacht an tseaca

Ag séideadh chúinn ach ár smaointe ar fán.

Bhís siúlach scéalach, suairc is aerach

Filíocht  na shlaoda ag sceith uait síos

Greann ba mhéin leat is an gáire taobh leat

Mar na gaethe gréine ar Mhullach an Ois.

Do chuamar Domhnach go hInse Geimhleach

Naomh Abán is Ath Bolg a bhí sa chath.

Domhnach gréine go Droichead na Tuinne

Ach ceó as san siar go páirc na h-imeartha

Bhí an cluiche ar siúl ach ní fheicfeá leath de,

An slua ag béicigh go láidir anamúil

An bua ag Naomh Abán i ndeire na scríbe.

Shiúlamar suas an Muirneach Beag

Shiúlamar amach suas an Chnoc Buí

Lastiar dár dtig bhí Cnoc Chúil Aodha

Frach is aiteann garbh gan aon saghas cosáin ann

Ach tá cosán greanta réidh agat dom.

Fágaíg an Bealach….Rosc Catha Choláiste Íosagáin

Trathnóna Dé Satharn atá ann agus mé ag suí sa bhaile, an ghrian ag taithneamh, na paistí is mo bhean ar a suaimhneas.   Mé ag léamh alt lem’ athair ó shean chlár Chomórtas Peile na Gaeltachta, an bhliain 2003, an uair dheireannach a reachtáladh an chomórtas i mBaile Bhuirne.

Alt atá ann faoi mo ‘Alma Mater’, Coláiste Íosagáin, coláiste inar chaitheas roinnt blianta shonasmhar (cé nár mhothaíos gur amhlaidh a bhí ag an am!) sna 80aí.   Alt é lán le stair a bhí ar eolas agam – agus cuid eile ná raibh.   Seo chugaibh an Rosc Catha a bhí ag an Coláíste, nuair a bhíodh an fhoireann ag tabhairt chun páirce i gcluiche peile,  Ní raibh sé ann le mo linn – ní raibh againn ach cúpla fonn Bhéarla, fíric a ínsíonn a scéal féin.

Fágaíg an Bealach (fonn: Féach tá sinn-ne Clann na hÉireann)

Fágaíg an bealach ag Ridirí an uaithne, teacht chugaibh ar sodar go cíocrach chun bua.

Seo chugaibh na gaiscigh ó ghleann Bhaile Bhuirne, togha ‘gus rogha de choláistí na Mumhan

Gach aon fhrear ós na cúil go d’ís na tosaig, fónta foirfe chun diothú ar namhad

Colainn tréana, sprid gan traochadh, leafar a gcáil thar na sléibhte anonn.

Níl in Éirinn, ná an domhan iomlán, dream atá i ndán sinn a chloí

Mar gur Éireannaigh, is gur Gaeil sinn, inár n-ánam is ‘nár gcroí.

Níl  a fhios agam an fonn sin, ‘Fágaíg an bealach/Féach, tá sinn-ne Clann na hÉireann).  Luaim anseo ar eagla go bhfuil a fhios ag aon duine agaibh….

Pé scéal é is maith é mar Rosc Catha, ós na focail amháin…..

Beannacht Dé le h-anamacha na marbh….

Domhnach na Fola 1972

Domhnach na Fola   Eanair 1972

Le Dónal  Ó Liatháín

Mar  a shníonn an Fheabhail go leatha, go ngéilleann sí don ghlas-mhuir,

Thárla slad-mharú an Eanáir san bhliain a seachtó dó

Nuair a ghluais an slua gan airm ar mhór-shiúl d’éileamh cearta

Is i nDoire teann na bhfallaí d’ardaíodh an gleo.

I mbarr Shráid Liaim do scaipeadh iad ag uisce ‘s gás an airm

Is go taobh an Bhogaigh treasna do chúlaíodar gan treoir,

Ach na ndiaidh fé luas na Paras is ar Chearnóig chéasta Rossville

Triúr déag fé lamhach gan taise fagadh marbh ar an bhfód.

Ba dhubhach Dé Luain an baile is a muintir suaite creachta,

Ag roinnt na gcorp mbocht stracaithe is a a n-ardú ‘bhaile leo;

Is an Céadaoin duair a lean é, ba thomhaiste trom an fhearthainn,

Is na sléibhte i gclúid fé mhairg i ndluth bhrátaibh ceoidh.

San reilig thuaidh cois caladh bhí brón ar Ghaeil is fearg

‘S do cháíneadar na barbair a scaoil na urchair leo,

Ach ní thógann caint ná paidir ón mbás arís na mairbh

Mar le spórt an tsaoil táid scártha is ní fhillfidh chughainn go deo.

Go dtóga Críost gach anam díobh ‘na líonta lána casta,

Go gleanntaibh árd na bhFlaitheas go brách i measc na naomh;

Is más toil Dé go leanam iar ar bhóthar cruaidh na staire,

Nach fearr an bás tá fearúil ná náir’ ós comhair an tsaoil;

An bhfuil leigheas ach bás nó gaisce is cuirp ‘na línte leagtha;

An bhfuil aon cheart do lagaibh gan lámhach gunnaí is piléar?

Nó an mbeidh sa chré ‘na bhfairis, ó Gaeil is Gaill ‘na sreathaibh

Sula scaoilfear snaidhm na staire is go mairimíd fé shéan.

Seo dán a chum m’athair go gairid tar éis an slad cois Feabhail ar 30ú Eanáir 1972.   Tá sé tabhachtach go bhfuil Rialtas na Breataine ag glacadh leis anois gur dhein saighdiúirí na Breataine slad-mharú ar an lá sin a d’fhag 13 shibhialach neamh armtha ó Dhoire marbh agus ceathrar deag gonta, duine amháin acu san a fuair bás ina dhiaidh sin óna ghonta.

Gan amhras, ní raibh aon ghá do Rialtas na Breataine £200m a chaitheamh chun teacht ar an dtuiscint sin – bhí a fhios acu go maith cad a thárla ach rinneadh dráma mór costasach den rud ar fad.     Agus cé mhéid uair a raibh cinnlínte i nuachtáin na Breataine agus nuachtáin in Éirinn freisin ag caoineadh ‘an cur amú airgid’ ar an bhFiosrúchán seo amhail is ná raibh luach ar bith ar bheatha na ndaoine a maraíodh ar an lá agus a cailleadh ina dhiaidh sin?

Suaimhneas sioraí d’anamacha na marbh.

Faoi gheasa ag….’Triúr Sa Draighean’

Triúr sa Draighean ag seinnt ceoil

Áilleacht.   Cad  is áilleacht ann?   Aoibh an gháire atá ar do bhean chéile?  Gan amhras.   Do pháistí?   Ar ndóigh.  An radharc siar ó Dhoire’n Chuillin?  Cinnte.

Tá liosta gairid de nithe sa tsaol seo a chreidim-se iad a bheith ‘álainn’.    Chuireas mír amháin eile leis an liosta gairid sin ar maidin.

‘Triúr Sa Draighean’ an dhluth cheirnín nua ó Pheadar Uí Riada atá ag seinnt a chuid ceoil féin ar an albam in éineacht le Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, beirt bhfeidhleadóir nach gá a chur in aithne is ar éigean.

Níl ach cúpla rian cloiste agam go fóill – Tráthann an Taoide, amhrán – agus táim ag éisteacht le ‘N’fheadar’ faoi láthair.  Tá an ceol chomh milis is chomh gar don ghnámh ag an am chéanna is ar éigean go bhfuilim ag scríobh ach go bhfuil mo mhéara ag rínce ar an mhéarchlár.

Cé gur ceoltóir é Peadar a sheineann go leor ionstraimí, is an consairtín is mó a sheineann sé ar an albam seo.     Ach tá go leor ionstraimí eile le clos anseo freisin – tambura ón Ind ar ‘Tráthann an Taoide’ mar shampla, uirlis a thugann ghné ón domhan eile go píosa filíochta atá ag plé go díreach leis an dtaobh eile.     Dónal Ó Liatháin, m’athair nach maireann, a chum focail ‘Tráthann an Taoide’ ar iarratas ó Pheadar a raibh ag lorg dán le cur le fonn neamh ghnach a bhí cumtha aige féin.  Píosa é, idir ceol agus filíocht, a cumadh in onóir do Dhiarmuidín Ó Shúilleabháin, amhránaí, iriseoir agus ball de Chór Chúil Aodha, a cailleadh go tubaisteach i dtimpist ghluaisteán.   Ní h-é an t-aon bhall den Chóir a cailleadh go ró-óg agus bhí píosa ag teastáil chun cuimhne ár gcomrádaithe go léir a chuaigh romhainn a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh.

Tá an píosa, “Spórt/Fiach”, anois á sheinnt – fidil agus feadóg stáin.   Píosa lán le spraoi é seo a mheallann an éisteoir le laethannta na leanbaíochta a thabhairt chun cuimhne.

Tá naoi fhonn deag ar an sé rian deag ar an albam seo.   Albam é a sheasfaidh an fhód mar sheod d’ár gcultúir é ar feadh na mblianta romhainn – ach ná bac liomsa, téigí amach agus ceannaigí é agus tugaigí cluas do sibh féin.

Rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go bhfuil píosa ceoil ar leith ar an albam tiomnaithe do Bharack Obama, Uachtarán nua thofa Mheirceá.   De réir an eolais a thug Martin Hayes do Pheadar, bionn babhta aclaíochta ag an Uachtarán gach maidin agus é ag éisteacht le ceol ar an iPod lena linn.  An rian deireannach a bhionn sé ag éisteacht leis, is é sin rian de chuid an banna ceoil ‘Lúnasa’.  Mar sin de is léir go mbaineann sé taithneamh as cheol traidisiúnta na hÉireann agus chreid an Triúr go mba chóir doibh píosa ceoil a chumadh do chun é a chur ag rínce.  Chreid siad gur cheart go mbeadh sé ina rínceoir maith ós rud é gur mhothaigh siad go raibh an éirim sin ann.

Ní fheadar an mbeidh éinne ábalta an píosa ceoil sin a sheoladh chuig Barack Obama le go mbainfeadh sé triail as.   Tá sé cloiste agam agus is ríl gleoite atá ann….ach ní h-aon rínceoir mise!

Oíche cheiliúrtha i Halla Chúil Aodha

Bhí oíche ana dheas i Halla Chúil Aodha – Aras Eamonn Mhic Suibhne – an Satharn seo chaite nuair a deineadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar m’athair, Dónal O Liatháin, a cailleadh um an dtaca seo den bhliain anuraidh.

Deineadh é a cheiliúradh agus a chomóradh le h-amhráin, ceapóga, agallaimh beirte, píosaí filíochta agus dráma – a chum sé féin don chuid is mó – agus b’iad muintir na h-áite a bhí ag cur na saothair ar fad i láthair.

Mar bharr ar sin deineadh ionad nua óige atá tógtha le h-ais an halla a thiomnadh i gcuimhne m’athair.  Anois tá Ionad Oige Dónal O Liatháin ar Ionad Oige Chúil Aodha.   Chaith m’athair na blianta mar chathaoirleach ar an gcoiste forbartha áitiúil, Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, agus b’é togáil an ionaid seo an mhór éacht lena linn.

Tá mo mhathair, Margaret O Liatháin, agus clann Uí Liatháin ar fad fíor bhuioch don Chomhaltas Chosanta agus faoi chomaoin ag pobal Chúil Aodha de bharr an méid atá déanta chun meas agus omós a léiriú do m’athair.

Beidh tuilleadh míreanna ón oíche á fhoilsiú anseo de réir mar a fhoilsítear iad ar You Tube sna laethannta romhainn.

I ndíl chuimhne….

An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh.    Bhí sé 74 bliain d’aois.

Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997.  Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.

Fomhar 1997

Thainig na h-ealaí aréir,

Ar shaoire ón aigéin

Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin

Is ní rabhais ag luí lem thaobh.

Cé leis go ndéanfad caint?

Cé dho go dtabharfad grá?

D’imigh tú leis an taoide

Agus ní thiocfair thar nais go brách.

Coiscéim ar lic an dorais,

cheapas gur tú a bhí ann.

Go h-oban cheartaigh m’aigne

Macalla ar fán ón uaigh.

Ó dá mba mise Críost

d’ardóinn tú arís ón mbás

Ó a Chríost na trócaire

Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.

Duilleoga fómhair ag séideadh

Tá mo smaointe leo chun fáin

Tá na gaotha tríom ag réabadh

Níl aon ghéag ná craobh díom slán;

Agus chím ar íor na spéire

An Nollaig a’ teacht ar luas

Du’ scamail tíntí is tóirní

A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.

Seasaim ar imeall na h-aille,

Is an chuilithe mhealtach thíos fúm

Is níl loinnir de ghrian an Earraig

Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim

Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne

Ná an samhaircín buí cois claí

Nuair a mhúch an chré do gháire

D’fheoigh gach bláth im chroí.

Mise bláth feochta i ngloine

Mise an luaithreach ar thoitín

Mise cúbhar bán ar an dtuille

Nó an peidhleacán insan draoib

Tabhair dom do sholas a chuisle

Cuir an dóchas arís im chroí

Mar anois má déantar mé a chroitheadh

Bead im luaithreach ar neamhní.

le Dónal Ó Liatháin

Deireadh seachtaine i gConamara

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

Imeacht

Is píosa filíochta é seo a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin. Rinne mo dheirfiúr, Bríd, é a d’aithris ag béal a uagha nuair a cuireadh é anuraidh. Léim é ó am go cheile nuair a bhíonn a chomhluadar uaim. Ní seo an chéad uair a foilsíódh anseo é ach nach mbionn ath-chraoltaí ar theilifís?

Imeacht

le Dónal Ó Liatháin

Cíorann an bás an gleann gach bliain

Is tógann creach

Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann

Fán Sulán soir

Díríonn méar is buaileann buille

Is tógann leis óg is sean.

Ceol is spórt is clisteacht céirde

Gaois is croi maith, cion is féile

Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic

San Ínse Mhór is alpach a theacht

Is Ré na bPobal ag eascar glas

Fíon ’a ól de dhroim bó seasc

Is caoire bána an sliabh amach.

Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh

Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

I gcliabhán na haigne

A’taithneamh fe ghrian na hóige

Tá imeachtaí, eachtraí

A bhí, is ná beidh arís níos mó.

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin

Grian Aibreán ag árdú,

Meitheal fear ’na leinte geala

Bainc á nglanadh

Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas

Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh

Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn

Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas

Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;

Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,

Is gréasán airgid ar ghormloch.

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí

Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’

Staisiún le hól, amhráin go maidean

Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

Sin í an chreach a thógann an bás leis

An cnagaire sanntach ó dhoras is doras

Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh

Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.

©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008

Imeacht

Is é seo an phíosa filíochta ó pheann m’athair a rinne mo dheirfiúr, Bríd, aithris air ag béal na h-uagha.  Más ceadmhach dom é a rá, is píosa filíochta as an ghnath atá ann.  Tá súil agam go mbeidh sé mar sholás agus mar chlochmhíle filíochta agaibh…..

 

Imeacht     

An Dálach – Dónal Ó Liatháin

 

Cíorann an bás an gleann gach bliain

Is tógann creach

Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann

Fán Sulán soir

Díríonn méar is buaileann buille

Is tógann leis óg is sean.

 

Ceol is spórt is clisteacht céirde

Gaois is croi maith, cion is féile

Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

 

Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic

San Ínse Mhór is alpach a theacht

Is Ré na bPobal ag eascar glas

Fíon ’a ól de dhroim bó seasc

Is caoire bána an sliabh amach.

Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh

Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.

 

I gcliabhán na haigne

A’taithneamh fe ghrian na hóige

Tá imeachtaí, eachtraí

A bhí, is ná beidh arís níos mó.

 

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin

Grian Aibreán ag árdú,

Meitheal fear ’na leinte geala

Bainc á nglanadh

Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas

Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh

Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

 

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn

Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas

Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;

Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,

Is gréasán airgid ar ghormloch.

 

Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí

Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’

Staisiún le hól, amhráin go maidean

Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

 

Sin í an chreach a thógann an bás leis

An cnagaire sanntach ó dhoras is doras

Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh

Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.

 

©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008