Ní h-é seo an chéad uair do Gerry Adams bheith páirteach ar an Late Late Show – ach bhí blas difriúil ar an ocáid an iarraidh seo. Roimhe seo, bhí an cosmhuintir ag tacú le hUachtarán Shinn Féin agus é ag tabhairt aghaidh ar an mbuainíocht. An uair seo, is stataire náisiúnta agus idirnáisiúnta é Gerry Adams, is cuid den bhuainíocht é, tá sé i bhfad ón gcosmhuintir anois, in ainneoin an oiread is a dheineann sé iarracht a mhalairt a thabhairt le fios.
An chéad rud as a bhéal, tar éis a chur Ryan Tubridy i láthair é, ba faoin Ghaeilge é. Teachtaireacht a bhí caillte, cheapfá, ar an slua sa stuideo, ach mhothaíos go raibh sé ag iarraidh labhairt leis an gcosmhuintir arís, chun a chur ina luí orthu ná raibh sé tar éis dearmad a dhéanamh den Ghaeilge – mar a dhein de réir gach dealramh is tuairisc – sa Chomhaontú ag Cill Rimhinn, Comhaontú an Titanic mar a thugaimse air.
An gcreideann éinne go bhfuil seo ina chomhartha go mbeidh SF ag díriú ar cheist na Gaeilge anois le dúthracht agus ls diograis? Nó an gceapann siad gur sampla é seo de ‘TUIL’/Tactical Use of Irish Language?
Ag tús na seachtaine seo phostáil mé roinnt cheisteanna ar bhlag Gerry ag fiafraí cad a tharla don Ghaeilge ag na cainteanna. Tá sé tuairiscthe ó shin ar Nuacht 24 go bhfuil Uachtarán SF ag lorg cruinnithe le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt chun a mhíniú cad a tharla maidir leis an teanga ag na cainteanna agus an bealach chun tosaigh a phlé. Ní bhfuair mé freagra ar feadh roinnt laethannta ach inné thug mé faoi ndeara go raibh an méid seo curtha leis an dteachtaireacht ó Gerry a spreag mo cheist an chéad lá. An lá sin, ní raibh tagairt don Ghaeilge de réir mo chuimhne. Inné, bhí an méid seo ann:
Agreement has also been reached on a process to progress the outstanding issues arising from the St. Andrews Agreement and this clearly includes the rights of Irish language speakers.
It was the Shinners who put Acht na Gaeilge on the table at St Andrews and this Blog is confident that the rights of Irish language speakers will be advanced in the time ahead. This Blog would have liked more progress on language rights. That’s one of the reasons I called the agreement a staging post.
There should be a draft strategy on the Irish language before long. The focus then will be to make this viable; with clear objectives and timeframes, and the inclusive involvement of Gaeilgeoirí to figger all this out. There is also more work to be done by the two governments in tandem with the Executive fulfilling its responsibilities to uphold the rights of those of us who wish to live our lives through our own language.
Arís tá sé doiléir agus níl aon amscála luaite leis an obair seo, agus ní mar a chéile sin leis an sceideal beacht agus cruaigh atá luaite le réiteach ceist na bparáídeanna agus eile. Ní doigh liom gur leor é.
Cad a cheapann sibh?
Dar liomsa gurb é ‘TUIL’ an polasaí Ghaeilge atá ag Sinn Féin. Sin a bhí ar chúl na ‘cúpla focail’ ag Martin McGuinness ag an bpreas ocáid agus an méid a bhí le rá ag Gerry Adams aréir ar an Late Late Show.