Cartlanna Clibe: RTÉ Raidio na Gaeltachta

Lá na Sceanna Fada

Dá mba inné lá na sceanna fada, an lá a chur votairí na tíre (seachas an chuid sin san oirthuaisceart), inniu lá an dhoirteadh fola, an lá a fheicfimíd rian na sceanna ar aos pholatúil na tíre.

Tá sé luath sa chomhaireamh go fóill chun a bheith ag tuar cé h-iad a chaillfidh a suíocháin – ach is é sin an cuid is blasta de lá an chomhairimh, maith go leor bheith ag buachaint ach is fearr arís nuair atá an namhaid á bhualadh faoi chois.

Deirtear linn go bhfuil suíochán Máire Ní Chochláin i mbaol agus de réir phobalbhreith RTÉ aréir, agus votairí ag fágaint na n-áiteanna votaíochta, bhí roinnt na votaí mar seo i leanas:

FG: 36.1
FF: 15.1
Lucht Oibre: 20.5
Sinn Féin 10.1
Neamhspleach 15.5
An Chomhaontas Glas 2.7%

Tá sé soiléir gur fuil FF a bheidh á dhoirteadh inniu, rud a bheidh go h-olc agus go maith don pháirtí, chomh fada agus go bhfaightear réidh le na sean díneasáir a thug sinn ar fad go dtí an phointe seo i stair na tíre, i bhfiacha leis an IMF/EU, ag cosaint na mbanc le h-airgead na mbocht.

Beidh mé ag coimead mo shúil ar chúrsaí i rith an lae ach is féidir bheith ag féachaint ar leithéidí Gaelscéal, a bheidh beo inniú ó h-ionaid chomhairimh, agus Raidió na Gaeltachta a thabharfaidh mion léargas dhúinn ar gach vóta i ngach mbaile fearainn sa tír (an mbeidh siad ábalta an choill a fheiscint seachas na crainn?) agus TG4 a bheidh beo ó mheán lae agus Cathal Mac Coille sa chathaoir.

Ar ndóigh tá twitter ann agus gheobhaidh tú an chéad radharc ar na bhfigiúirí ansan ó #ge11 agus tá tailí á reachtáil ag @suzybie. Ar twitter a chualathas ar dtúis go raibh Paul Gogarty ag geilleadh nach ath-thoghfaí é.

Ar aghaidh leis an sorcas….

Vóta Jim Allister ag RTÉ Nuacht TG4

Suaitheantas RTÉ Nuacht TG4 do Thoghchán na Breataine agus Tuaisceart na hÉireann

Tá olltoghchán ar bun sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann inniu agus tá go leor tuairisciú ar an vóta céanna ar gach meán.  Tá an tuairimíocht laidir ann nach mbeidh aon toradh chinnte a bheidh ann ag deireadh an lae – go mbeidh pairlimint ‘crochta’ ann.   Ar ndóigh is iomaí duine a chreideann gur cheart go gcrochfaí baill Phairlimint Westminster agus na Dála – ach sin scéal eile.

Thug mé faoi ndeara cúpla lá ó shin – agus tá áthas orm gur chuir Ciarán ó Brolcháin i gcuimhne dhom é ar Facebook go raibh grafaic thar a bheith míchruinn agus claonta in úsáíd ag RTÉ Nuacht TG4 mar léaráid toghcháín ar an dtuairisciú atá á dhéanamh acu ar an dtoghchán.

Ní gá do dhuine bheith ina phoblachtóir nó náisiúntóír mire chun a aithint gur léaráid é seo atá míchuí amach is amach le cur síos a dhéanamh ar Thuaisceart na hÉireann.  Níl aon bhrát ag TÉ go h-oifigiúil agus aithnítear go bhfuil an brat, an Union Jack, conspóideach agus níl cead í a bheith ar foluain ar fhoirgnimh oifigiúla ach ar laethannta ainmnithe, sé nó seacht gcinn deag más buan mo chuimhne.

Ar aon nós, is é seo an cineál léaráide a chuirfeadh gliondar chroí ar leithéidí Jim Allister agus na díneasáir eile i ngluaiseacht na hAondachta – agus tá go leor díneasáir i ngluaiseacht na Poblachta a bhainfeadh leas as freisin.

Níos measa ná an léaráid seo, áfach, an easpa tuairisciú atá á dhéanamh ag Nuacht TG4 ar an dtoghchán seo ina bhfuil baint díreach aige le cuid dá lucht féachana is dílsí.   Bíodh is go gcreideann Nuacht TG4 gur tír iasachta í TÉ, nó níl oiread is noimead breise luaite le cláracha Nuacht TG4 chun tuairisciú a dhéanamh ar an dtoghchán seo inniu (Déardaoin) nó amarach (Dé hAoine), tá ról ar leith acu i saol an tuaiscirt agus baineann an staisiún, TG4, a bhfuil cúram na nuachta ar RTÉ Nuacht TG4 ina leith, leas as an ról sin tre cláracha fordheonaithe a fháíl ón gCiste Craoltóíreachta ó thuaidh.   Tá TG4 nó TnaG luaite go sonrach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus mar sin ba cheart go n-aithneodh seirbhís nuachta an staisiún, atá faoi smacht RTÉ go fóill, go bhfuil dualgas ar an staisiún i leith Tuaisceart na hÉireann thar mar a bheadh air i leith toghchán SAM mar shampla!

Is mór an náire do Nuacht TG4 agus do TG4 nach bhfuil aon chlár speisialta chúrsaí reatha inniu nó amarach luaite le tuairisciú an toghcháin seo.   An é go gcaithfidh lucht leanta an olltoghcháin seo an fuaim a mhúchadh ar chláracha an BBC agus RTÉ agus éisteacht leis an dtuairisciú chuimsitheach a dheineann Raidió na Gaeltachta ar Lá an Chomhairimh

.   Díreach mar a bheidh orainn déanamh maidir le na cluichí móra CLG ar feadh an chuid eile den bhliain!

Gaeilge Chonamara = Béarla aistrithe

“Níl i nGaeilge Chonamára anois ach Béarla aistrithe, don chuid is mó. Chuala duine desna dea-chainteoirí, léiritheoir, ar RNG le déanaí á rá so.. Casfaimid sean-téipeanna daoibh agus má tá aon téipeanna agaibh ar mhaith libh iad a ROINNT linn, seolaigí chugainn iad.”

Seo teachtairecht a foilsíodh ar m’fhalla Facebook inniu.   Muimhneach a d’fhoilsigh é agus b’fhéidir go raibh roinnt mioscais i gceist – ach b’fhéidir go bhfuil blúirín den fhírinne ann freisin.

Tá’s agam go mbeidh sibh ag fiafraí céard sa diabhal atá ar bun ag mo leithéidse ag caint faoi dhroch chaighdeán Ghaeilge muintir Chonamara – más fíor – nuair atáim féin chomh lochtach.  Ag an am chéanna, níl ionam ach an teachtaire an uair seo.   Níor mhiste dá mbeadh diospóireacht oscailte ar an ábhar.

Ritheann sé liom go bhféadfadh a léithéid bheith fíor ar chúiseanna fónta.  De bhrí go bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gConamara thar mar atá sí á labhairt amhlaidh in aon cheantar eile sa tír, agus go bhfuil gach pobal Ghaeltachta agus Ghaeilge go mór faoi anál an Bhéarla trí na meáin, caithfidh go bhfuil deacrachtaí ag cainteoirí dhúchais chun teacht ar na focail chun iad féin a chur in iúl i nGaeilge.  Cad é an Ghaeilge ar ‘flatscreen TV’ mar shampla?    Tá sé fánach bheith ag rá le daoine imeacht go Focal nó go dtí an fhoclóir nuair atá tú ag iarraidh an focal ceart a úsáid i gcomhrá le do chomharsan.

Ceist é seo a bhaineann le saibhreas teanga.   Baineann saibhreas teanga, den chuid is mó, leis an sean aimsir.  Bím féin ag caint le m’úncail agus tá togha na Gaoluinne aige agus ar ndóigh bionn sé i gconaí mo cheartú.  Dár leis go bhfuil an líon daoine le fíor saibhreas teanga ana thearc ar fad, duine nó beirt i ngach pobal Gaeltachta.

Mar sin de, conas a bheadh an ghnath chainteoir Ghaeilge ábalta na focail atá gá acu leo a úsáid nuair atá an saol athruithe an oiread sin nach bhféadfadh na daoine a bhíodh fíor saibhreas teanga acu é a aithint.

Ná bac na gnath chainteoirí Gaeilge.  Cad faoi na daoine a shaothraíonn a slí beatha ón nGaeilge?  Is beag dealramh idir teanga na n-aistritheoirí agus an teanga a bhionn á úsáid ag an pobal.    Bionn lucht Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcónaí ag caint faoi ‘cheisteanna a ardú’ – agus is aistriuchán lom é sin ar an mBéarla ‘to raise a question’.   Creidimse go bhfuil sin micheart agus gur cirte ‘ceist a chur’ ná ‘ceist a ardú’.    Sin iad na cineál rudaí atá ag baint ó shaibhreas na teanga.

Is cuimhin liom bheith ag obair le Lá trath agus gur chuireamar ‘Clabhsúr Cogaidh’ mar cheannlíne ar scéal chéad leathnaigh faoi ocáid a shíleamar a bheith ag léiriú go raibh cogadh an IRA ag teacht chun deiridh.  Fuaireamar barántas ina dhiaidh sin ó dhream i mBaile Atha Cliath a bhí ag faire amach do “Bhéarlachas” sna meáin Ghaeilge.  Bhíos ábalta a léiriú go raibh an focal ‘clabhsúr’ i bhfoclóirí eagsúla Ghaeilge, Foclóir Uí Dhuinnín san áireamh, agus nach bhféadfaí bheith ag maíomh gur focal Béarla ‘aistrithe go Gaeilge’ a bhí ann.  Ach gan amhras b’fhéidir gur aistríodh é sara tháinig An Duinníneach ar an bhfód.    Focal eile a thaitníonn liom ‘aidbhintiúr’ mar aistriúchán ar ‘adventure’.  An bhfuil sin mícheart freisin?

Bhíodh comórtas seachtainiúil i dTuarascáil an Irish Times fadó, nuair a bhíodh dealramh leis an gcolún sin agus leithéidí Deaglán de Bréadún agus Daire Mag Cuill ina mbun, agus an pointe a bhí leis an gcomórtas aistriúcháin glic agus saibhir a aimsiú le h-aghaidh téarmaí nua aimseartha.  Mura bhfuil dearúd orm, is ón gcomórtas sin a tháinig an leagan Ghaeilge de mobile phone – fón póca.

Deirtear liom go bhfuil coiste téarmaíochta ag obair go dícheallach chun leaganacha Ghaeilge ar theanga ár linne – ach ní bheidh sé riamh tapaidh a dhothain chun an téarmaíocht atá i mbéal an phobail a shárú.

Nuair a bhionn plé ar chúrsaí teanga mar seo bionn an baol ann go mbionn an plé dirithe ar cheisteanna gramadaí – mo ghramadach – agus gan tuiscint ar an scéal iomlán, conas is féidir cur le saibhreas na Gaeilge don ghlúin atá le teacht le cinntiú go mbeidh an teanga acu atá i dtiúin leis an saol ina bhfuil siad beo?

Is dócha nach mbeadh morán measa ag sean laochra na teanga ar ár nGaeilge agus is lú fós a meas ar Gaeilge na glúinte a thiocfaidh in ár ndiaidh.  B’fhéidir nach bhfuil leigheas ar sin – ach cad is feidir déanamh ag an bpointe seo agus san am atá romhainn le cinntiú nach breac theanga a bheidh sa Ghaeilge amach anseo?

Ar aghaidh leis an diospóireacht….

Raidió Fáilte ar an ngearr liosta

Ní raibh mé ann nuair a tháinig Raidió Fáilte, staisiún raidió phobal Ghaeilge Bheal Feirste, ar an aer den chéad uair sna 80aí – ach bhí mé ann nuair a athosnaíódh é i 2005. Bhí sé mar phribhléid agam bheith ag craoladh cláir oíche ann ar feadh i bhfad agus go deimhin bhíodh corr chlár agam le linn an lae freisin.

Ní fúmsa an scéal seo, áfach, ach faoi laochra is cheannródaithe ar nós Gearóid O Cairealláin, Eoghan O Néill, Fearghas O hIr, Maire Ní Fhionnachtaigh, Marcus O Cinnéide, Ciarán O Pronntaigh agus go leor eile – glúin nua ar fad atá tagtha in aibiocht ar an staisiún ó fhagas Bhéal Feirste.

Nuair a thosnaigh an staisiún bhí sé ag craoladh gan cheadúnas. Is cuimhin liom Gradam Aislinge a bhronnadh ar an staisiún bliain amháin (bhí ormsa seasamh isteach sa bhearna a d’fhag Brain Cowen, Aire Ghnóthaí Eachtracha na linne, nuair a thuig sé go mbeadh air gradam a bhronnadh ar staisiún a raibh ag craoladh gan cheadúnas ag an am.

Cé h-iad na Sasanaigh chun ceadúnas a thabhairt d’Éireannaigh bheith ag craoladh ar na aerthonta in Éirinn?

Ach seo sceal.  Tá an staisiún bradach – mar a bhí – anois luaite ar ghearrliosta ‘Staisiún na Biiana’ ag Féile na Meáin Cheilteacha.  Idir iad agus buaiteoir na bliana seo chaite, Raidió na Gaeltachta, BBC Raidió Cymru, BBC Radio Wales, BBC Raidio nan nGaedhal, BBC Radio Scotland atá an craobh seo.

Bronnfar an gradam agus gradaim eile ag an bhFéile a bheidh á reachtáil in Iúr Chinn Trá i mí Aibreán.

Tuigtear dom go bhfuil aighneacht seolta ag Raidió Fáílte chuig OfCom, Rialtóir Craolacháin na Breataine, ag cur an cháis ar son Staisiún Raidió do Phobal Ghaeilge na Sé Chontae.  Ba cheart go leireodh an ainmniúchán seo go bhfuil an cúram sin go maith taobh istigh de chumas Raidió Fáilte.

Ait go leor, nuair a labhair mé le Fearghas O hIr ar maidin, ní raibh an scéal faoi ainmniúchán a staisiún cloiste aige.   Is amhlaidh go bhfuil sé ró ghnóthach ag beartú chun tosaigh le pleananna uaillmhianacha eile.

Dá mbeadh raidió phobail mar seo ag gach pobal Gaelach sa tír, ní fada go mbeadh réabhlóid teanga againn sa tír ar fad.

Comhghairdeas freisin le Ronán Mac Aodha Bhuí as an ainmniúchán atá faighte aige le h-aghaidh an gradam do Laithreoir Raidio na Bliana.

Ronan Mac Aodha Bhuí

Adhmhaidin giorruithe go ciúin

Is cosúil go bhfuil leath uair bainte de phríomh chlár nuachta agus cursaí reatha RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis saoire na Nollag.   In áit a bheith ag tosnú ar 7.30rn ó Luan go hAoine, anois ní bheidh an clár ag tosnú go dtí 8rn gach maidin le linn na seachtaine.

Ní h-é seo an chéad giorrú atá déanta ar chláracha chúrsaí reatha is nuachta RnaG – nó roimhe seo gearradh cláracha ar nos Seó Beo an tSathairn den sceideal.

Cuid de straitéis bhainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta é seo teacht slán tri Ré na gCriosanna Cúnga gan daoine a scaoileadh chun bealaigh in éadan a dtola.   Tá go leor de bhuan fhoireann an Raidió imithe amach ar phinsean le gairid.

Is léir áfach gurb é riachtanaisí na n-éisteoirí an cloch is lú ar phaidrín bhainistíocht RTÉ RnaG má tá siad ag gearradh leath uair an chloig ón chlár is mó eisteoirí ar mhaithe le tuilleadh ceoil….sin ag trath gur mó an spéis i gcúrsaí reatha ná aon uair roimhe.

Nach bhfuil slí eile ann chun teacht slán ó chiorrú buiséad seachas gearradh siar ar an seirbhís don phobal eisteachta?

Ag éisteacht le Raidió Fáilte….i Múscraí

iPhone

Ní gá céim dochtúireachta sa teicneolaíochta le h-éisteacht le Raidió Fáilte ar an riomhaire, os rud é go bhfuil sé ar fáil ar an idirlíon, ach chuaigh mé céim níos faide chun tosaigh trathnóna inniu.

Nó tá sé anois agam ar an iPhone, a bhuí don chlár feidhme, Wunderradio.   Anois is féidir liom an iPhone a cheangal le mo raidió agus má roghnaím ‘Aux’ ar an raidió, craolann sé cláracha Raidió Fáílte go beo beathach sa chistin.   Más maith liom anois, beidh mé ábalta dul amach ag rothaíocht ar ball agus éisteacht leis an staisiún agus mé ag gluaiseacht chomh fada agus go bhfuil comhartha maith agam don fón féin.

Faoi láthair, tá Glen Philips agus Aoife McAteer i mbun na ndioscana agus díreach soicind ó shin bhí Fergus O hEithir ag ceol ‘Victor Jara’, amhrán brea á chanadh le croí ag an bhfonnadóir is an amhránaí úd, stiurthóir an staisiúin.

Is é Raidió Fáilte an dea shampla ó thaobh staisiúin raidió atá ag déanamh riar ar phobal ar leith – agus cé go bhfuilim ag éisteacht leis anseo i gCúil Aodha, Shane McGowan anois ag ceol ‘The Auld Triangle’, tá a fhios agam gur ag cúl éisteacht atáim nó is ar phobal Bhéal Feirste is na sé contae atá sé dírithe.    Ag an tús, áfach, bhí sé ag craoladh ar an idirlíon agus anois tá sé, a bhuí don teicneolaíocht, ag craoladh go beo beathach breis is trí chéad míle ón chrann chraoltóireacht atá á chraoladh ar bhruach Loch Lao, ar fáil ar mo raidió chistineach.

Tá Raidió na Life agus Raidió Rí Rá ar fáil ar an gcóras céanna.  Níl ann ach an tús.   Cá fhad go mbeidh staisiún raidió idirlín ann i Múscraí?  Nó sa Rinn?  Nó in iliomad pobail Gaelacha eile?   Cá fhad go mbeidh na staisiúin seo ábalta teacht le cheile chun ceadúnas le h-aghaidh seirbhís comhthaite náisiunta i nGaeilge a lorg ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann.  (Ní gá, fhaid is atá an seirbhís ar an idirlíon, ach bheadh sé ina bhuntáíste, faoi láthair.)

B’fhéidir gurb é sin an spreagadh a bheidh ag teastáil ó shaoistí RTÉ agus RTÉ RnaG eirí as  bheith ag déanamh neamh íontas de phobal Ghaeilge na tíre ina iomláíne seachas na pócaí beaga i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCiarraí atá tús áite á thabhairt acu doibh?

Go ndéanaí Dia trocaire ar chúrsaí reatha i nGaeilge…

Tá sceideal nua an Fhomhair fogartha ag RTÉ agus beidh áthas ar chuid agaibh a chloisteáil go mbeidh go leor cláracha ceoil nua ar sceideal RnaG.

Fillfidh an chuid is mó de chláracha na maidine i rith na seachtaine, ach beidh clár nua ceoil agGráinne Ní Dhomhnaill ag 10.00 r.n. ó Luan-hAoine, Geantraí Ghráinne.

Agus….

cuirfear tús le clár nua ceoil agus fógraí, Na Ceithre Cúigí, san fhómhair, á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé agus Áine Uí Laoithe

Agus…

Beidh roinnt athruithe ar sceideal an deireadh seachtaine – beidh clár nua ceoil le Jó Ní Chéide agus Gemma Ní Chionnaith Dé Sathairn, Spleodar an tSathairn

Gan amhras is seod é an ceol traidisiúnta agus caithfear éisteacht leis.  Ag an am chéanna, mothaím go bhfuil rud éigean ar iarraidh ó sceideal nua RnaG.

Níl oiread is clár amháin nua cúrsaí reatha ar an sceideal.  An bhfuil oiread is clár amháin cúrsaí reatha ar an sceideal, gan bacaint an bhfuil sé nua nó sean?

Cuireadh deireadh an Samhradh seo chaite le Seo Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil, dhá chlár phlé cúrsaí reatha ó Bhaile Atha Cliath.  Ní raibh na cláracha féin ró mhaith, dar liom, nó bhíodh painéil ana theorannta acu – ciorcal ana chúng ar fad agus ní raibh réimse leathan tuairimíochta le cloisteáil ar cheachtar den dhá chlár.   Ach is fearr leath dhiospóireacht ná ceann ar bith.

Anois níos mó ná riamh, tá gá le cláracha cúrsaí reatha.  Aithníonn RTÉ féin an méid sin nó tá clár nua cúrsaí reatha ag Pat Kenny ar an dteilifís oíche Dé Luain.  Beidh iar laithreoir an Late Late Show ag cur ‘The Frontline’ i láthair.   Ar ndóigh is ionadaí é The Frontline ar Questions and Answers ach is léir go dtuigeann an craoltóir go bhfuil éileamh ann do chláracha chúrsaí reatha.

Ar ndóigh, an fath go bhfuil dornán cláracha nua cúrsaí reatha ar RnaG go bhfuil níos lú oibre ag baint leo.  Is féidir leo na cláracha a líonadh le ceol ón chartlann.   Go deimhin, tá barúil agam go bhféadfaí córas a chumadh chun ceirníní a sheinnt gan ach corr píosa cainte ann.

Tá sé ráite go neamh bhalbh ag ceannaire RnaG, go bhfuil ciorruithe i bhfeidhm agus go bhfuil sí ag tabhairt faoin bproiseas seo ar mhaithe le postanna a chosaint.  Maith go leor, ach is iad na h-eisteoirí a bheidh thíos leis.

Beidh sraith nua faisnéise ar sceideal RnaG an Fhómhair.

Cuirfear tús le sraith nua faisnéise ar 27 Meán Fómhair – Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009.

Gan amhras is maith ann a leithéid – ach is clár faisnéise bunaithe ar abhar chartlainne agus, is dócha, agallaimh le na príomh phairtithe agus iad ag féachaint siar ar eachtraí 1969 ó chompórd an lae inniu atá i gceist.

An bhfuil spiorad 1969 sa chré, in éineacht le cúrsaí reatha tre Ghaeilge?