Cartlanna Clibe: Seachtain na Gaeilge

‘Seachain’ na Gaeilge agus RTÉ

Tá go leor Gaeilge le clos le laethannta beaga anuas ar  staisiúin theilifíse RTÉ.   Is cosúíl go bhfuil an Craoltóir Náisiúnta ag iarraidh rud éigean a dhéanamh ar son na Gaeilge de bhrí gurb é seo Seachtain na Gaeilge.

Thugas faoi ndeara go raibh na fógróirí leanúnachais ag baint úsáide as níos mó Gaeilge agus iad ag cur i láthair cláracha éagsúla.

Bhí clár ann aréir – Would You Believe – agus cuireadh i láthair é sa tslí seo.

“Is é seo Seachtain na Gaeilge agus mar sin seo chugaibh clár faoi aisteoir i Fair City’ .   Shamhlaíos go mbeadh, ar chúis amháin nó eile, an clár seo faoi duine le Gaeilge nó go mbeadh baint éigean ag an nGaeilge leis an chlár.   Cén fath go mbeadh an tagairt sonrach ann do Sheachtain na Gaeilge agus ansan clár nach bhfuil baint dá laghad aige leis an dteanga, gan fiú an chúpla focail ann, murach gur ‘cur i gcéill’ atá i gceist.   Nó ‘cur i nGaeilge’, níos fearr arís.

Bhí dhá chlár i nGaeilge ar RTÉ 1 aréir (oíche Dé Luain), Cloch Ar Charn (faoi oidhreacht Edward Kennedy) agus An Cór, clár i mBéarla don chuid is mó ach le cur i lathair i nGaeilge ó Fhiachna O Braonáin. (Bionn tú ag fánacht ar feadh i bhfad ar chlár Ghaeilge ar RTÉ – agus ansan craoltar dhá chlár an oíche chéanna, díreach ag an am a bheifeá ag cur páistí jna luí.)   Ní miste sin, b’fhéidir, ach, ar son na trócaire, b’fheidir gur cheart do laithreoirí leanúnachas RTÉ rabhadh a thabhairt dúinn roimh chláracha nach bhfuil Gaeilge ann agus iad á chur i láthair i nGaeilge le ‘h-aitheantas a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge’.

Ba cheart a lua, áfach, go bhfuil an dualgas i leith na Gaeilge ar RTÉ an bhlian ar fad seachas le linn Seachtain na Gaeilge amháin.  Ach is dócha go bhfuil an t-eolas sin acu theana féin.

Ní canncrán amach is amach mé.  Taithníonn an chúpla focal i nGaeilge a bhionn ar chlár Ronan Collins ar Raidió 1 liom ag uair a mhean lae.   Taithníonn sé liom freisin go bhfuil Gaelchultúr agus Gael Linn araon ag baint úsáide as an gclár chun a gcuid earraí a chur i mbéal a’ phobail.    Maith sibh, Eamon agus Antaine (agus bhúr gcomhleacaithe)!

An Poc Ar Buile – an amhrán is measa ar Ceol 09?

Tá’n eagrán is déanaí de Nuacht 24 ar fáil agus tá go leor sna scór leathnaigh sa nuachtán seachtainiúil saor ó dheontas seo, mar a bhionn gach seachtain. Tréaslaím le hEoghan Ó Néill agus a fhoireann as a gcuid oibre.

Ach cad é seo sa léirmheas ag Gráinne Nic Fhearraigh ar Ceol 09? Bhí mo léirmheas féin anseo cúpla lá ó shin. An bhfuil sí ag caitheamh anuas ar An Poc Ar Buile, an amhrán is clúití riamh a scríobhadh i nGaeilge?

Seo a deir sí ina léirmheas:

”Ach leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé meallta leis na traiceanna direannacha. Ó traic 11 (Ham Sandwich – Click Click Boom Boom) ar aghaidh, is laige na h-amhráin, rud a tharlaíonn go minic ar dhlúthdhioscaí na saolta seo dar liom. Is minic a chuirtear isteach amhráin mar ‘fillers’ agus tá mé den bharúil go bhfuil lorg de sin ar Ceol 09.

Más sin mar atá, is íonadh gur choinnigh siad an t-amhrán is measa go dtí an deireadh! Cuireann sin isteach orm go mór. Cad é atá i gceist agam? John Spillane agus ‘An Poc Ar Buile’. An ag magadh atá tú, a mhic! Ar dhluth dhiosca pop. Ní thuigim é. Tá sé as áit, aisteach, agus thar a bheith sean aimsearthale taobh Duke Special agus a leithéid, is cuma gur leagan nua John Spillane atá ann. Ní oireann sé do Ceol 09!”

Ní lia duine ná tuairim. Agus is maith an rud é go bhfuil an leirmheastóir seo sásta tuairim a nochtadh atá dúshlánach agus nach bhfuil eagla uirthí sonc a thabhairt do bhá bheannaithe na Gaeilge!

Ag an am chéanna, ba cheart a lua gurb é ‘An Poc Ar Buile’, dá olc é, an t-aon amhrán ar Ceol 09 nach aistriúchán a bhí ann. Cinnte is ‘golden oldie’ é agus níl morán difiriúil i leagan John Spillane ón leagan a bhí ag Seán Ó Sé sna 60í. Agus tá Seán Ó Sé ag canadh sa leagan seo freisin. Ní mór a lua freisin go raibh An Poc Ar Buile ar an albam ‘Irish Songs We Learned At School’ a d’eisigh John Spillane roimh na Nollag agus a dhíol na mílte coipeanna, tuairim is 40,000, an díolachán is mó d’albam Ghaeilge riamh creidim.

An dea smaoineamh amhrán ón albam seo a chur ar Ceol 09? An meallfaidh sé an phobal, seachas an 40,000, Ceol 09 a cheannach ar mhaithe leis An Poc Ar Buile agus na h-amhráin eile ar Ceol 09 a bheith acu nó an gcuirfidh sé daoine ó dhoras mar go bhfuil 40,000 tar éis an albam ISWLAS a cheananach agus nach mbeidh fonn ar chuid acu, atá fonn léirithe acu albam Ghaeilge a cheannach, díol as An Poc Ar Buile faoi dhó. Gan amhras níl ann ach amhrán amháin le taobh breis is dosaen amhrán pop eile i nGaeilge. Nior cheart go gcuirfeadh sé isteach ar dhíolachán.

Bhuel tá an dhá albam agam. Agus is dócha go bhfuil an dhá albam ag go leor Gaeil eile ar mhaithe gur i nGaeilge atá an dhá albam. Ar ndóigh is fiú an dhá albam a cheannach mar go bhfuil siad beirt go maith ó thaobh an cheoil de an oiread is go bhfuil siad go maith ó thaobh an cheoil de.

Ach b’fheidir go bhfuil gá le treo úr a léiriú i Ceol 10. Cén fath nach mbeadh an albam sin lán le h-amhráin nua chumtha i nGaeilge nach bhfuil ar fáil i mBéarla ar chorr ar bith? Cén fath nach gcuirfí meitheal scríobhneoirí is ceoltóirí le cheile chun dosaen nó níos mó amhrán a chumadh anois a bheadh á cheol ag leithéidí Fiach, Cathy Davey, Camille O’Sullivan, Duke Special, Eddi Reader is eile, amhránaithe is bannaí a bheadh i mbéal an phobail.

Cén fath nach mbeadh amhrán ó Ceol 10 ar bharr chairteacha na singlí? Nach mbeadh sé ar an fhreagra is fearr ar An Poc Ar Buile atá as alt le Ceol 09 go mbeadh amhrán Ghaeilge eile ar bharr na gcairteacha – nó ins an Barr 10 ar a laghad – i 2010?

Ar ndóigh tá tosc amháín le cur san áireamh nach bhfuil curtha san áireamh go dtí seo, is é sin go bhféadfadh tograí ar nós Ceol 10 bheith i mbaol de bharr ciorruithe an Fhorais ar Chonradh na Gaeilge. Níl a fhios sin agam go cinnte – níl ann ach tuairimíocht. Fagfaidh mé faoi leitheoirí a mbarúil a thabhairt faoin fhiúntas a bhaineann le caiteachas ar leitheidí an Fhorais seachas ar thograí ar nós Ceol 10.

An Bhfuil Cead Agam? Ifreann Ar Theilifís

An dream mífhortúnach atá páirteach sa chlár 'An bhFuil Cead Agam'?

An dream mífhortúnach atá páirteach sa chlár 'An bhFuil Cead Agam'?

An bhfuil cead agam….labhairt amach in éadan chlár Ghaeilge ar an dteilifis?

An Bhfuil Cuid Agam? – sin ainm an chláir nua Ghaeilge ar RTÉ, sraith a thosnaigh anocht agus atá an chéad eagrán díreach thart agus mé ag scríobh an méid seo.

Teilifís Réalaíoch atá i gceist. Sin an aistriú ar ‘Reality Television’ is cosúil. Cé nach doigh liom go dtugann an aistriuchán sin uafás iomlán na sraithe seo leis.

Sraith úr Ghaeilge é seo atá á chraoladh ag RTÉ mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Tá deichniúr mean aosta, cúigear fear agus cúigear ban, á imtheorannú i gcoláíste Ghaeilge i Ros Muc. Ní gnath Choláiste Ghaeilge é seo nó is Coláiste na bhFiann atá ann.

Agus ciallaíonn sé sin liosta rialacha nach mbeadh as áit i gcampa géibhinn. Níl cead Béarla a labhairt – go deimhin níl cead fiú smaointe i mBéarla [baineadh leabhar de bhean amháin], níl cead GHDanna [céard iad GHDanna?], níl cead toitiní, níl cead piúnt istoiche agus caithfidh siad éisteacht le droch Ghaeilge cathrach na gceannairí. Tá orthu eirí le breacadh an lae chun Amhrán na bhFiann a chanadh agus an Trídhathach á árdú ar an gcuaille. Ní miste liom omós a thabhairt don Bhrát Náisiúnta ach an bhfuil sin ag dul thar fóir? Tá sé cosúil le rud éigean a dheintear sa tSín – ach deintear ansan é gach maidin agus níl aon fhianaise ann go mbionn céimithe Choláiste na bhFiann ag gabhail dá leitheid nuair a thugann siad na cosa leo ón institiúid sin.

Ifreann ar thalamh a thugaimse ar a leithéid. Ifreann ar theilifís atá i gceist leis an leagan teilifíse.

Ó thaobh íomhá na Gaeilge de, dearbhaíonn sé an droch íomhá atá ag daoine sna cathracha i leith na teanga. Ní mór rialacha a bheith ann gan amhras – ach ní chothaíonn rialacha chomh dian le seo ach spiorad cheannairceach in aghaidh rialacha.

Agus is léir an méid sin ón mhéid den gclár atá feicthe agam.

Bhí sé de mhí adh orm, agus mé ag freastal ar an Oireachtas i gCathair na Mart, bheith i gcomhluadar gasra a d’fhreastal ar Cholaiste na bhFiann. Bhí siad caoch ólta agus iad ag canadh an líne sin a bhionn i bhfógra don “Flake” amhail is gurb é sin an amhrán náisiúnta. Bhí siad ag labhairt Ghaeilge, maith go leor, ach bhí an teanga a bhí acu pianmhar le h-éisteacht leis.

Gan amhras tá aithne agam ar dhaoine eile a d’fhreastal ar Choláiste na bhFiann; is daoine breatha iad agus iad ana dhílis don teanga agus is mór an phleisiúr bheith ag caint leo i nGaeilge faoi ábhar ar bith.

Seo an rud is mó a chuireann as dom. Sa chlár seo tá deichniúr ag taisteal go Ros Muc, croí lár na Gaeltachta in Éirinn, gan bacadh le Conamara, agus iad ag súil go bhfoghlaimeoidh siad a dteanga dhúchais.

Ach i bhfirinne, i bhfianaise an méid atá cloiste agam go dtí seo ó cheannairí an chúrsa a bhí le clos ar an gcéad chlár, is Gaeilge na cathrach a bheidh á fhoghlaim acu seachas Gaeilge dhúchasach Ros Muc.

Ceist agam: cén fath nach dtógann Coláiste na bhFiann campa geibhinn – abraimís an Cheis Fhada i gContae Aontroma atá folamh faoi láthair agus, is cosúil, nach mbeidh staid náisiúnta an tuaiscirt á thogaint ann -ar chíos agus a gcuid cúrsaí a reachtáil ansan?

Táim cinnte faoi rud amháin – ní bheidh paiste liomsa riamh ag freastal ar chúrsa atá á reachtáil ag Coláiste na bhFiann mas é seo an chineal rud atá ar thairiscint.

Creidim freisin go bhfuil a fhios ag RTÉ go maith cad atá ar bun acu leis an gclár seo nach mbeidh mar thoradh air ach go bhfagfaidh sé coláistí samhraidh atá á reachtáil go réasúnta agus go h-eifeachtach ar fuaid na nGaeltachtaí faoi scath. Seo clár a chloíonn leis an sean chló is measa den choláiste samhraidh. Dearbhóidh sé agus daingneoidh sé an íomhá gur áit í an Ghaeltacht ina bhfuil an saol ann glúin ar chúl ar an saol chomhaimseartha, gur áit í an Ghaeltacht a théann daoine ann ón chathair ann chun an sean shaol a bhlaiseadh – an Ghaeilge, an saol gan fón poca, an omós don Trí Dhathach, an Choroinn Mhuire….

Ní sin an Ghaeltacht atá aithne agamsa uirthí….

The blogosphere – as Gaeilge

Normally I blog entirely in Irish. However, this is a special appeal to those of you with a ‘cúpla focal’ to get involved in Lá na Gaeilge which is being celebrated on St Patrick’s Day.

The twitterers are already getting involved – and fair play to them. Imitation is the most sincere form of flattery.

I’m proposing that every blogger who has Irish, be it the cúpla focal or a native speaker’s fluency, use that on Lá na Gaeilge by posting a blog or a comment as Gaeilge, or as much Gaeilge as they have, on that day.

It’ll only take a few minutes but it could have a profound impact on the blogosphere and with any luck will get some media attention. It’ll cost nothing and yet it might achieve more than has ever been achieved by grants and language stifling bureaucracy over several decades.

And if a number of the bloggers, posters carry on afterwards, all the better…..

Ag gaelú an bhlagasféir

Tá smaoineamh agam – agus ní fiú smaoineamh a bheith ag blagadóir gan é a fhoilsiú, mar a mhaítear ar ‘Ar Son na Cúise’ – agus is é seo é:

I gceann coicíse, beidh Lá le Pádraig againn. Lá na Gaeilge atá á bhaisteadh ar an lá seo ag lucht giolcaireachta – agus más féidir leo san é a dhéanamh, cén fath nach féidir le na blagadóirí é a dhéanamh. Daoine níos substaintiúla sinn le tuairimí níos substaintiúla. 😉

Ar an láimh eile, is féidir le lucht giolcaireachta a rá go bhfuilimíd ag déanamh aithris orthu.

Is cuma liom mar is é an deireadh a bheidh air go mbeidh níos mó Gaeilge ar an idirlíon.

An rud ar mhaith liom a spreagadh; gaelú an bhlagasféir.

Gaelú an bhlagasféir? Conas a bhféadfaí a leitheid a dhéanamh?

Cúpla tuairim atá agam faoi seo: Dá bhfoilseodh gach blagadóir a bhfaigheann an teachtaireacht seo, nó a bhfaigheann scéala faoi, teachtaireacht i nGaeilge go dhá theangach, bheadh curtha go mór againn le gaelú an bhlagasféir. Fiú mura bhfuil acu ach cúpla focal i nGaeilge, iad sin a úsáid.

Agus más duine thú le suim sa Ghaeilge, cén fath nach dtosnaíonn tú blag tú féin ar an lá sin nó teachtaireacht a fhoilsiú i nGaeilge ar bhlag éigean eile….

Beartas siombalach é seo agus níl aon chomórtas i gceist. Ní bheidh aon buaiteoir, ní bheidh aon duais.

Má eiríonn leis an mbeartas, léireoidh sé an oiread gur féidir a dhéanamh chun an dea scéal faoin nGaeilge a chraobhscaoileadh gan deontas, in ainneoin lámha márbha an mhaoirláithis atá ag iarraidh an anam is an spioraid a thachtadh ónár dteanga.

Ach ní beartas diúltach atá i gceist agam le seo. Ba mhaith an rud é beart dá leitheid a dhéanamh ar son na teanga ar Lá na Gaeilge. Tá moladh ag dul do lucht #lnag as a mbeartas – seo aguisín le cur leis an spraoi.

Sin é. An síol curtha. Scaipigí é agus feicimíd toradh ár saothar i gceann coicíse…..

Ag titim go mall….

fallingslowlyoscarsUm an dtaca seo anuraidh, agus mé ag scríobh mo thuairiscí dheireannacha do Lá Nua, rinneas scéal faoin bhua a bhí ag Glenn Hansard agus Marketa Irglova ag Gradaim na Oscars leis an amhrán sin, “Falling Slowly”.

Bhíos ag fiosrú an scéil Dé Luain nó d’fhograíodh buaiteoirí na ngradam oíche Dé Domhnaigh. Mar sin bhí fonn orm fiosrú an raibh casadh éigean a chuirfeadh coincín nua leis an scéal do léitheoirí Lá Nua ar an Mháirt.

Bhí caint san aer ag an am sin faoi Ceol 08, an sar bheartas ag Seachtain na Gaeilge chun ceoltóirí móra le rá a mhealladh l leaganacha Ghaeilge dá amhráin is clúití a thaifead ar dhluth dhiosca a dhioltar de ghnath ar mhaithe le carthanacht éigean.

Mar sin chuireas ceist ar Orla Nic Suibhne, stiurthóir SNAG, féachaint an mbeadh speis aici fiafraí ar Glenn agus ar Marketa leagan Ghaeilge den amhrán a thaifead agus a fhoilsiú ar Ceol 09.

Agus is léir ón méid a thug Órla le fios in agallamh a rinne sí ar chlár Ronáin Mhic Aodha Bhuí inné gur chuir sí an cheist nó beidh ‘Ag Titim Go Mall’ ar Ceol 09 nuair a dheinfear é a eisiú le linn Seachtain na Gaeilge, a bheidh faoi lán sheol ón Luan seo chughainn ar aghaidh. Beidh an fhéile bhliantúil á sheoladh anocht – agus de réir dealraimh tá ticéid go fóill ar fáil ach r-phost a chur chuig: eolas@snag.ie

Ná h-abair éinne ná raibh dea thoradh ar shaothar Lá Nua!

Ar aon nós, tá áthas orm go bhfuil an méid seo bainte amach. Beidh le feiceáil an mbainfidh Ceol 09 uimhir 1 sna cáirteacha mar a bhain Ceol 08. Ach tá tús mhaith leis an obair chun an sprioc sin a bhaint amach.

Ag caint dúinn ar Sheachtain na Gaeilge, tá athas orm a fheiceáil go bhfuil ‘yuimí muimí’ na Gaeilge, Blathnaid Ní Chofaigh, ann chun an fhéile a sheoladh in éineacht le Ian Dempsey.

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge anseo i Múscraí, beidh cumann nua scannáin á sheoladh ar an Aoine, 6 Márta, le taispeantas den scannán clúiteach, an chéad ghné scannán i nGaeilge d’fhéadfá a rá, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, ag Ionad Chultúrtha Bhaile Bhuirne. Ní bheidh Blathnaid Ní Chofaigh anseo ach beidh stiurthóír an scannáin sin, Bob Quinn, i láthair chun an cumann, Cumann Scannáin Dhoire’n Chuilling, a sheoladh.