Cartlanna Clibe: Ciorruithe

Ag stocaireacht, ag stocaireacht, ag stoc-aireacht….

Eirithe go moch ar maidin chun aghaidh a thabhairt ar an Ard Chathair ar mhaithe le freastal ar lá stocaireachta Guth na Gaeltachta/Conradh na Gaeilge ag Ostán Buswells.

Tá go leor teachtaí agus airi ag gabhail timpeall  – ina measc Michael Creed ó Mhaigh Chromtha, Trevor Sargent, John O’Mahony (Maigh Eo), Frank Fahey (Gaillimh Thiar), Charlie O’Connor (FF, BAC) agus a thuilleadh nach iad.

Ar a laghad beidh siad ar an eolas.  Tá súil agam agallamh a thaifeadadh le hÉamon Mac Niallais, Guth na Gaeltachta, agus Julian de Spainn, ar ball agus craolfar anseo iad.

Seó an Údaráis ar an mbóthar – Ó hAoláin

Tá sraith chruinnithe phoiblí á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’iarracht an phobal sa Ghaeltacht a chur ar an eolas faoin éifeacht a bheidh ag na ciorruithe atá déanta ar an eagras ar fheidhmiú an eagrais, na dúshláín atá roimh an eagrais agus romhainn go léir agus an cur chuige ar ghá chun aghaidh a thabhairt ar an dtodhchaí.

Aréir bhí an chruinniú i Múscraí agus bhí an seomra mór in Ostán Ghobnatan i láthair chun cluas a thabhairt do Phríomh Fheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, agus é ag caint go díreach, ar bhealach nár chuala mé aon fheidhmeannach shinsearach ó eagras stait ar bith eile, leis an bpobal faoi na dúshláin atá romhainn agus an cur chuige ar ghá. Tá buairt ar leith freisin i Múscraí de bharr an phlean atá ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, chun Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a chomhnascadh. Tá aonad den Mheitheal, Meitheal Mhúscraí, ag feidhmiú sa cheantar agus ag cur réimse leathan sheirbhísí ar fáil, go h-áírithe don dhream aosta agus daoine eile a bhí ar an imeall le linn ré an Tiogair Cheiltigh. Bhí siad ann aréir agus iad ag cur in iul nár cheart baint den Mheitheal.

Ar aon nós, is é an ceannlíne thuas an bun rud a theastaigh ón Údarás go mbéarfaimís linn agus sinn ag fagáíl na h-ocáide aréir…





Anois tá sé ráite agat…

In alt san Irish TImes , chuaigh an Ollamh Ray Kinsella go cnámh na h-uilinne.

We are looking at a fracturing and realignment of political institutions which do not speak to the sensibilities of a young generation they have beggared, nor to the needs of those who felt themselves entitled to something better having contributed much of their lives to the development of the Irish economy.

Agus ag deireadh, b’é seo a bhí á mholadh aige:

We need a realignment of politics in Ireland – we need democratic choices that mean something to contemporary society. We need a sense of right and wrong. We need a whole new political ethic premised on values-based leadership.

We need to engage individuals who have little interest in power as such, who have a commitment as well as a widely acknowledged expertise that is capable of restoring trust, confidence and a sense of direction.

Is annamh gur aontaíos an oiread le h-alt is ar aontaigh mé leis an alt seo ón Dr. Kinsella, údar leabhair úir, Restoring Trust In Banking, a bheidh á fhoilsiú an mhí seo chughainn.

I 2007, roimh an olltoghchán, scrígh mé alt do Lá Nua ag déanamh tuar thubaisteach d’Fhianna Fáíl san olltoghchán sin. Más buan mo chuimhne bhí an páirtí chun breis is 30 suiochán a chailliúint de reir na h-anailíse a rinne mé. Cuid de na cúinsí a luaigh mé san alt sin leis an dtuar, tá siad luaite san alt ag an Dr. Kinsella inniu. Conas a fhéadfaí rialtas a rinne scrios, fiú i ré an rachmais ar an gcóras sláine is ar an gcóras oideachais, a athtoghadh? Sin a rinneamar. Ciall cheannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear, deirtear. Tá súil agam go bhfuil sin amhlaidh.

Bhí an tOllamh ag brath ar an léirmheas is déanaí ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais, an IMF, agus é ag rá:

The most recent assessment of the global economy by the International Monetary Fund – and its evaluation of Ireland’s financial sector – makes sombre but not unexpected reading. The most recent Central Statistic Office data for the final quarter of 2008 shows a sharp decline in investment. Meanwhile, the live register is now escalating and is set to reach new levels before the end of this year.

This would strain the most robust and inclusive political system. In the case of Ireland, which faces both local elections and a contentious referendum, there is every possibility that what has happened will test the limits of tolerance of a population that is not without experience of the pains of unemployment and emigration.

Tá an IMF anois ag moladh go ndéanfadh an Rialtas sealbhú sealadach ar na bainc, d’fhonn iad a shabháil. Seo an IMF céanna a bhí ag moladh do gach tír gach saoráid phoiblí a phriobháidiú le blianta beaga anuas – agus féach cár fhag sin sinn? Gan córas teileachumarsáide atá inchurtha le riachtanais na linne seo!

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tír seo á rith de réir eiteois an IMF – seirbhísí sláínte á ghearradh, acmhainní á cheilt ar an gcóras oideachais is eile.

Agus is beag is fiú an ‘íbirt’ atá déanta ag an Rialtas, báta agus bóthar a thabhairt do seachtar Aire Stáit, amhail is go bhfuil brí le sin. Níl ann ach sorcas.

San anál céannathug an Taoiseach le fios nach mbeadh an Rialtas ag baint na bpinsin ó iar airí rialtais atá fós ina dTeachtaí Dála. Agus nach mbeadh na h-iocaíochtaí fad seirbhise a cheilt ar na Teachtaí Dála.

Gabh mo leithscéal, ar thárla go raibh agóidí ar na sraideanna ag an dhá ghrúpa ‘íobartach’ seo nár thug mé faoi ndeara? Nó an é gur thug leithéidí Bertie Ahern is eile le fios nach mbeadh a vóta ar fáil ag an Taoiseach úr dá gcuirfí an ciorrú €150,000 in aghaidh na bliana i bhfeidhm air?

Cad a tharla ar chúl téarmaí chun an athrú poirt seo a spreagadh?

An Poc Ar Buile – an amhrán is measa ar Ceol 09?

Tá’n eagrán is déanaí de Nuacht 24 ar fáil agus tá go leor sna scór leathnaigh sa nuachtán seachtainiúil saor ó dheontas seo, mar a bhionn gach seachtain. Tréaslaím le hEoghan Ó Néill agus a fhoireann as a gcuid oibre.

Ach cad é seo sa léirmheas ag Gráinne Nic Fhearraigh ar Ceol 09? Bhí mo léirmheas féin anseo cúpla lá ó shin. An bhfuil sí ag caitheamh anuas ar An Poc Ar Buile, an amhrán is clúití riamh a scríobhadh i nGaeilge?

Seo a deir sí ina léirmheas:

”Ach leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé meallta leis na traiceanna direannacha. Ó traic 11 (Ham Sandwich – Click Click Boom Boom) ar aghaidh, is laige na h-amhráin, rud a tharlaíonn go minic ar dhlúthdhioscaí na saolta seo dar liom. Is minic a chuirtear isteach amhráin mar ‘fillers’ agus tá mé den bharúil go bhfuil lorg de sin ar Ceol 09.

Más sin mar atá, is íonadh gur choinnigh siad an t-amhrán is measa go dtí an deireadh! Cuireann sin isteach orm go mór. Cad é atá i gceist agam? John Spillane agus ‘An Poc Ar Buile’. An ag magadh atá tú, a mhic! Ar dhluth dhiosca pop. Ní thuigim é. Tá sé as áit, aisteach, agus thar a bheith sean aimsearthale taobh Duke Special agus a leithéid, is cuma gur leagan nua John Spillane atá ann. Ní oireann sé do Ceol 09!”

Ní lia duine ná tuairim. Agus is maith an rud é go bhfuil an leirmheastóir seo sásta tuairim a nochtadh atá dúshlánach agus nach bhfuil eagla uirthí sonc a thabhairt do bhá bheannaithe na Gaeilge!

Ag an am chéanna, ba cheart a lua gurb é ‘An Poc Ar Buile’, dá olc é, an t-aon amhrán ar Ceol 09 nach aistriúchán a bhí ann. Cinnte is ‘golden oldie’ é agus níl morán difiriúil i leagan John Spillane ón leagan a bhí ag Seán Ó Sé sna 60í. Agus tá Seán Ó Sé ag canadh sa leagan seo freisin. Ní mór a lua freisin go raibh An Poc Ar Buile ar an albam ‘Irish Songs We Learned At School’ a d’eisigh John Spillane roimh na Nollag agus a dhíol na mílte coipeanna, tuairim is 40,000, an díolachán is mó d’albam Ghaeilge riamh creidim.

An dea smaoineamh amhrán ón albam seo a chur ar Ceol 09? An meallfaidh sé an phobal, seachas an 40,000, Ceol 09 a cheannach ar mhaithe leis An Poc Ar Buile agus na h-amhráin eile ar Ceol 09 a bheith acu nó an gcuirfidh sé daoine ó dhoras mar go bhfuil 40,000 tar éis an albam ISWLAS a cheananach agus nach mbeidh fonn ar chuid acu, atá fonn léirithe acu albam Ghaeilge a cheannach, díol as An Poc Ar Buile faoi dhó. Gan amhras níl ann ach amhrán amháin le taobh breis is dosaen amhrán pop eile i nGaeilge. Nior cheart go gcuirfeadh sé isteach ar dhíolachán.

Bhuel tá an dhá albam agam. Agus is dócha go bhfuil an dhá albam ag go leor Gaeil eile ar mhaithe gur i nGaeilge atá an dhá albam. Ar ndóigh is fiú an dhá albam a cheannach mar go bhfuil siad beirt go maith ó thaobh an cheoil de an oiread is go bhfuil siad go maith ó thaobh an cheoil de.

Ach b’fheidir go bhfuil gá le treo úr a léiriú i Ceol 10. Cén fath nach mbeadh an albam sin lán le h-amhráin nua chumtha i nGaeilge nach bhfuil ar fáil i mBéarla ar chorr ar bith? Cén fath nach gcuirfí meitheal scríobhneoirí is ceoltóirí le cheile chun dosaen nó níos mó amhrán a chumadh anois a bheadh á cheol ag leithéidí Fiach, Cathy Davey, Camille O’Sullivan, Duke Special, Eddi Reader is eile, amhránaithe is bannaí a bheadh i mbéal an phobail.

Cén fath nach mbeadh amhrán ó Ceol 10 ar bharr chairteacha na singlí? Nach mbeadh sé ar an fhreagra is fearr ar An Poc Ar Buile atá as alt le Ceol 09 go mbeadh amhrán Ghaeilge eile ar bharr na gcairteacha – nó ins an Barr 10 ar a laghad – i 2010?

Ar ndóigh tá tosc amháín le cur san áireamh nach bhfuil curtha san áireamh go dtí seo, is é sin go bhféadfadh tograí ar nós Ceol 10 bheith i mbaol de bharr ciorruithe an Fhorais ar Chonradh na Gaeilge. Níl a fhios sin agam go cinnte – níl ann ach tuairimíocht. Fagfaidh mé faoi leitheoirí a mbarúil a thabhairt faoin fhiúntas a bhaineann le caiteachas ar leitheidí an Fhorais seachas ar thograí ar nós Ceol 10.

Is boichte sinn de bharr ciorrú ‘Foinse’

Is cosúil gur gearáin is mó a thaithníonn leis an dream a thaithíonn an bhlag seo – nó thug mé faoi ndeara ná raibh leath an oiread cuairteanna ann mar thoradh ar an dtrachtaireacht, Is Aoibhinn An Saol, ná mar a bhí na laethannta roimhe.

Mar sin de ar cheart dom riar a dhéanamh ar an éileamh sin?

Rith sé liom mar shampla go mbeadh go leor gearáin a bhféadfainn déanamh nuair a léigh mé an alt a bhí i dTuarascáil an Irish Times an tseachtain seo faoi fhoireann ‘Foinse’ a bheith ag glacadh le laghdú 10% ar a dtuarastail.

Seo Pól Ó Muirí, eagarthóir Ghaeilge an Irish Times agus colúnaí spoirt le Foinse, ag bolscaireacht faoin nuachtán seachtainiúil arís eile. Seo foireann Foinse, a bhí ag fáil tuarastal ró árd, is dócha, ag maíomh as a bheith ag glacadh le ciorrú.

Cuirfear schadenfreude im leith as tagairt ar bith a dhéanamh den scéal cé gur boichte saol na Gaeilge de bharr seo. Tréaslaím a gcinneadh le lucht Foinse.

Ach ní ar sin ar mhaith liom aird a dhíriú. An fath go bhfuil an ciorrú seo á dhéanamh ar thuarastail ‘Foinse’ go bhfuil titim tubaisteach ar an ioncam a bhí á fháil ag an nuachtán sin ó fhograíocht ón earnáil stáit ó dheas.

Ar feadh na mblianta fada bhí an nuachtán lán le fógrai ó gach cineál áisínteacht, cuid mhaith acu nach mbeadh aon cheangal ar leith acu leis an nGaeilge. Is cinnte go raibh ioncam substaintiúil ón foinse seo ag an nuachtán seachtainiúil, sruth ná raibh ar fáil ag Lá Nua de bharr go raibh an nuachtán sin lonnaithe ó thuaidh den criochdheighilt pholatúil ar an oileán seo.

Is cuimhin liom uair amháin an cheist a chur in eagarfhocal i Lá Nua faoin claonadh a bhí ag na h-aisínteachtaí stait is ranna rialtais fograí dhá theangacha a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla – is cuimhin liom go bhfaca mé figiúir de €500,000 in aghaidh na bliana luaite leis an gcaiteachas seo i bhfreagra a tugadh ar cheist Dála. Dar liom gur cheart go mbeadh sé níos saoire, fiú an am sin, go mbeadh leaganacha Ghaeilge na bhfógraí dhá theangacha seo sna nuachtáin Ghaeilge agus go mbeadh na leaganacha Béarla amháin sna nuachtáin Bhéarla. Dar liom go sabhálfaí taoscán mhaith den leath mhilliún Euro sin. Ní gá dom a rá, is dócha, go raibh mé dochasach go mbeadh dea thoradh do Lá Nua ar an gceist seo.

An aischothú a fuair mé, bhí sé thar a bheith aisteach. Fuaireas glaoch ó fheidhmeannach shinsearach in eite Ghaeilge an stat chórais ag tabhairt le fios dom nár cheart a leithéid de cheist a chur go poiblí mar go raibh an baol ann go dtosnódh na h-aisínteachtaí stait is na ranna rialtais ag cur ceisteanna faoin chaiteachas seo agus gurb é an toradh ar na ceisteanna seo go mbeadh comhairle á chur ar na ranna sin nach raibh aon cheangal orthu, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, aon leagan Ghaeilge d’fhógra phoiblí a fhoilsiú. Mar sin gurb é an toradh ar an gceist sin uaimse nach mbeadh aon fógra Ghaeilge á fhoilsiú ón earnáil phoilbí i nuachtán ar bith.

Is cosúil anois go bhfuil sé aitheanta anois ag duine éigean go raibh míthreo ar na rannaí stáit na fógraí móra costasacha dá theangacha seo a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla agus na leaganacha Ghaeilge sa nuachtán Ghaeilge agus go bhfuil stop nach mór iomlán ar an sruth seo ioncaim.

Tugann seo chun cuimhne an cheist clúiteach a chur WB Yeats ar féin: Did that play of mine send out good men the English shot?

Ach mothaím go bhfuil an ciorrú is déanaí mar thoradh ar na fiosruithe atá á dhéanamh ag leithéidí an Bhórd Snip faoi chiorruithe gur féidir a dhéanamh san earnáil phoiblí seachas ar cheist fánach uaimse.

Agus creidim nach bhfuil ann ach an tús. Creidim go mbeidh lán stad ar chur i bhfeidhm aon mhír den Acht nach bhfuil curtha i bhfeidhm go n-uige seo. Anuas ar sin, ní chuirfeadh sé íontas orm dá mbeadh beart éigean ann a chiallódh go mbeadh aon bhuntáiste don phobal ón Acht á chur ar ceal.

Sílim go mbeidh gaoth fuar ag séideadh ar earnáil na Gaeilge ón 7 Márta. Ní an Foras amháin a bheidh á shéideadh óna gceannaras insilithe i gCearnóg Mhuirfean.

An rud nach bhfeicim, seachas i gcúinne Ghaeilge na h-idirlíne, an plean B ag earnáil na Gaeilge athshamhlú a dhéanamh ar thodhchaí ina mbeidh tacaíocht ón stat i bhfad Éireann níos deacra teacht air do bheartais Ghaeilge as seo amach.

An Foras agus an tua…

Ní bheidh tua an Fhorais ag titim go ceann roinnt seachtainí eile ar eagrais atá ag obair i ngort na Gaeilge, de reir na tuairisce seo ar An Druma Mór.

Is cosúil go bhfuil an Fhoras tar éis an cinneadh maidir leis na ciorruithe a d’iarr an Aire Ó Cuív agus a chomrádaí san Fheidhmeannas Sinn Féin/DUP ó thuaidh a chur ar athló go ceann míosa go bhfeicfidh siad na ciorruithe atá le cur i bhfeidhm ag an Rialtas sa chainaisnéis eigeandála a fhogrófar ar 7 Aibreán. Bhí mo mholadh féin agam maidir leis na ciorruithe, tuairim is 20%, atá beartaithe ar gach eagras (seachas an bhForas).

Níl aon phreas raiteas faoin gcruinniú a bhí ag an bhForas Dé hAoine ar shuíomh an Fhorais – go deimhin níl aon phreas raiteas nua ar an suíomh sin ó dheireadh mhí Eanáir [Dála an scéil, bheifeá ag súil le caighdeán Ghaeilge níos fearr ón bhForas ná an méid atá le feiceáil ar an suíomh seo nó tá na cinnlínte ar an suíomh go h-iomlán mícheart agus iad ag tabhairt le fios, mar shampla, go gcuireann Vodafone agus Foras na Gaeilge 25,000 frása Ghaeilge ar fáil. An ndeineann siad an éacht seo gach lá nó rud éigean nó sin atá á thabhairt le fios sa cheannlíne. Amaitéirigh!].

Ait an scéal nár bhfogair an Fhoras, ag deireadh mhí Feabhra, go raibh tuairisc bhliantúil á fhoilsiú acu le h-aghaidh 2004. Cheapfá go mbeadh an chomhlacht teanga tras teorainn lán sásta a fhogairt go raibh an clochmhíle áirithe sin bainte amach acu agus go mbeadh ríméad agus bród orthu na h-éachtaí a bhain siad amach ar son na teanga sa bhliain sin a cheiliúradh cúig bhliain níos déanaí.

Ar aon nós, cuirimís uainn an ghreann. Níl a fhios a fhios agam cad é atá ar bun ag an bhForas leis an gcinneadh seo a chur ar athló – an amhlaidh go bhfuil eagla orthu faoin aisfhreagra a bheidh ann ó eagrais Ghaeilge?

An amhlaidh go bhfuil daoine ag cur na ceiste, a chuir mise anseo, faoi cé acu is fearr maoiniú a ghearradh ó eagrais ar nós Conradh na Gaeilge is POBAL is eile atá ag saothrú go dian is go h-eifeachtach ar son na teanga nó ó eagrais ar nós Foras na Gaeilge féin, atá amhras forleathan ann faoi chomh h-eifeachtach is úsáideach is atá sé?

Ba dheas liom a cheapadh go bhfuil na ceisteanna sin á chur faoi dheireadh.

Tá sé léirithe ag Roinn Uí Chuiv go bhfuil sé go maith ábalta airgead a dháileadh agus má tá ceangal follasach ag d’eagras le Fianna Fáil, faoi mar atá ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann trí Stiurthóir an eagrais náisiúnta sin, an Seanadóir Labhras Ó Murchú, níos fearr arís. Glacfaidh Roinn Uí Chuív le h-iarratas uait ar, abraimís, €50,000 agus íocfaidh siad deontas leat ar €3m agus, seo an rud is fearr faoi, cé gur ó Chiste na Gaeilge a thiocfaidh an t-airgead breise seo, ní bheidh aon cheangal ort aon rud a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Cinntí maoinithe Fhoras na Gaeilge – buaiteoirí agus caillteoirí

 

maoiniu4Is iad seo na figiúirí a fuair mé ó Fhoras na Gaeilge inniu.  Na figiúirí ar thaobh na láimhe deise is iad san na figiuirí a raibh i bpreas ráiteas a d’eisigh an Fhoras thart ar am lón inniu.  Níl sé ar fáil go fóíll ar shuíomh idirlíne an Fhorais.  

Na figiúirí ar thaobh na láímhe clé, is ó shuíomh an Fhorais a tháinig siad.  Is é seo an nasc….

Bhí An Chigire Gaelach thíos den tuairim go bhfuil na figiúirí atá anseo mí chruinn, go h-áirithe i dtaobh Ghlór na nGael.  Nior bhain mé díobh nó níór chuir mé leo. Is iad figiúirí an Fhorais iad.    Táim sásta glacadh leis go bhfuil an fhigiúir atá sé ag lua cruinn mar gur luaigh mé roimhe seo go raibh laghdú beag ar fhigiúir Ghlór na nGael mé féin.    Ach ag an am chéanna ní mór don Chigire glacadh leis gur ó thobar an Fhorais a tháinig na figiúirí agus go bhfuil siad foilsithe ar shuíomh an Fhorais le breis is bliain gan aon cheartú bheith déanta orthu sa treimhse sin.  Níl anseo ach blag ach ag an am chéanna deinimíd ár ndicheall bheith cruinn go h-áirithe agus an scéal ag athrú leis i rith an ama.   Ag an am chéanna má tá míchruinneas i bhfigiúirí an Fhorais féin, bhuel sin scéal a chaithfidh an Fhoras féachaint chuige mar tá mo leitheidse ag brath ar na figiúirí atá siad ag cur ar fáíl. 

Mar thoradh ar ghearán an Chigire, áfach, rinne mé seiceáíl leis an bhForas agus dúirt urlabhraí liom go raibh  figiúirí a bhain le cúig eagras – Glór na nGael, Conradh, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge agus Raidió Fáilte – tar éis athrú ón am ar foilsíodh na figiúirí ar shuíomh an Fhorais um an dtaca seo anuraidh.  Tá na figiúirí leasuithe foilsithe anois agus tá siad cruinn. Léiríonn siad go raibh laghdú an bheag ar mhaoiniú Ghlór na nGael. 

Tá mé sásta leithscéal a ghabhail as míchruinneas ar bith más mo mhíchruinneas atá ann. 

Ní mór a chur san áireamh freisin gur tugadh figiúirí na bliana seo chaite i bhfoirm Euro amháín sa phreas ráiteas agus go bhfuil ar chúiseanna intuighte b’fheidir figiúirí eagrais ó thuaidh do 2009 á thabhairt i sterling.  Nior mhaith leis an bhForas bheith thíos leis, is dócha, dá mbeadh a thuilleadh laghdaithe ar luach an sterling i gcomparáid leis an Euro agus go mbeadh eagrais ó thuaidh ag fáil cúpla cent sa bhreis dá bharr.  Má tá cuma ar na figiuirí le h-aghaidh na h-eagrais ó thuaidh le h-aghaidh 2008, ní mór a chur san áireamh gur deineadh na cinntí maidir le maoiniú 2008 ag uair go raibh sterling i bhfad Éireann níos sláintiúla ná mar atá sé inniu (b’fhiú an Euro 74p sterling um an dtaca seo anuraidh, inniu is fiú 90p é).

De réir comparáid idir figiúirí 2008 agus 2009, ba chosúil go raibh méadú ag teacht ar mhaoiniú an Chonartha ón bhForas.  Is cosúil gur laghdú atá i gceist i bhfirinn de réir na bhfigiúirí leasuithe thuasluaite. 

Níl aon fhigiúirí sa mhéid a fuaireas le h-aghaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Duaradh liom go raibh cainteanna ag leanúint idir an gComhdháil agus an Fhoras faoi libhéal mhaoinithe 2009.