Cartlanna Clibe: TG4

An Eoraifís – teach fuar don Ghaeilge

alt agam i nGaelscéal inniu mar gheall ar an Eoraifís, teach fuar don Ghaeilge, agus cuirim an cheist ar cheart feachtas a bhunú le brú a chur ar RTÉ amhrán i nGaeilge, an teanga oifigiúil eile, a chur san iomaíocht ar ár son an bhliain seo chugainn, dhá scór bliain ó raibh an amhrán Ghaeilge deireannach san iomaíocht.

“Éistigí, éistigí, cloisim arís é, ceol an ghrá…”
Ba é sin an céad líne ón amhrán deireannach i nGaeilge a sheas an fód ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse. Go deimhin ba é ‘Ceol an Ghrá’ an t-aon amhrán i nGaeilge a rinne ionadaíocht ar son na tíre ó thosaigh an ceiliúradh cultúrtha seo sna 50í.
An bhliain seo chugainn, beidh dhá scór bliain caite ó chan Sandy Jones an t-amhrán a chum Joe Burkett agus ar chuir Liam Mac Uistín na focail leis i nDún Éideann. Tugadh an méid sin chun solais i gclár faisnéise spéisiúil a chraol TG4 ag an deireadh seachtaine agus babhta ceannais de chomórtas Eoraifíse na bliana seo ag teannadh linn Dé Sathairn. Le linn do Sandy bheith ag canadh i gcraobh na hEoraifíse, phléasc tine ealaíne go giorraisc sa lucht féachana mar agóid ó aondachtaithe, maítear, in éadan dhánaíocht na hÉireann amhrán Gaeilge a chur san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta.
Lean Sandy léi ag ceol agus chríochnaigh an comórtas le 72 marc agus sa 15ú áit as 18 iomaitheoir. Mura bhfuair Sandy Jones an teachtaireacht ón ghiorraisc aondachtach nach raibh fáilte roimh an amhrán i nGaeilge, fuair RTÉ, an craoltóir náisiúnta, ar a bhfuil freagracht ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa maidir le roghnú iontráil na tíre seo, go soiléir é. Níl amhrán i nGaeilge tágtha i ngiorracht scread asail do Chomórtas na hEoraifíse ó shin. Má bhí aon locht ar chlár TG4, níor thug sé aghaidh ar an gceist mhór a bhí agam. Cén fath nach bhfuil amhrán Gaeilge curtha san iomaíocht ó shin? Dá am agus don chomórtas seo, b’amhrán den scoth é ‘Ceol an Ghrá’. Cé nár bhuaigh sé, d’éirigh níos fearr leis ná mar a chruthaigh amhráin eile ón dtír seo le blianta beaga anuas. Ní bhfuair amhrán na hÉireann ach 25 pointe anuraidh agus le dhá nó thrí bhliain roimhe sin níor éirigh leis an iontráil Éireannach gabháil thar an babhta leathcheannais. Sheolamar turcaí nach raibh Gaeilge ná Béarla aige chuig an Eoraifís in 2008 leis an amhrán ‘Irelande Douze Pointe’ – n’fheadar an bhfuil sin cruinn ceart i dteanga ar bith!
Ní raibh iarracht Éireannach sa ‘Bharr 10’ ach dhá uair ó 1999 agus bhaineamar an áit dheireannach amach den gcéad uair in 2007. Is comórtas é an Eoraifís atá dírithe ar an amhrán is fearr san Eoraip a aithint – cé go mbíonn an sprioc sin dofheicthe go minic sa cheo draíochta ar an ardán ar an oíche mór. Is faoi RTÉ atá sé an comórtas a reáchtáil sa tír seo, cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí amhrán liricí agus ceol cuí a chumadh, scagadh a dhéanamh ar na hiarratais agus gearrliosta d’amhráin a chur ós comhair na tíre don Chomórtas Náisiúnta. Bhí tráth ann go mbíodh seo ina oíche mhór ann féin ach anois níl ann ach mír ar an Late Late Show, teach fuar don Ghaeilge riamh.
I mbliana – agus le roinnt blianta anois – ní raibh amhrán Gaeilge le clos i mbabhta ceannais na hÉireann. I mbliana ba é an t-amhrán “Lipstick” a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad an cúpla gruaigeach, Jedward, a cheolann an t-amhrán ach b’iad Daniel Priddy, Lars Halvor Jensen agus Martin Michael Larsson, cumadóirí ceoil ón Danmhairg, a chum é. Tá na torthaí imithe an oiread sin chun donais go bhfuil ár gcraoltóir náisiúnta, ar a bhfuil dualgas reachtúil an Ghaeilge a chur chun cinn, anois ag déanamh aithrise ar Chumann Sacair na hÉireann agus a gcuid iarrachtaí imreoirí sacair le dúchas Éireannach a aimsiú chun imirt ar son na tíre. Ní léir go bhfuil fiú seanmháthair de bhunadh na tíre i ngéaga ginealaigh na gcumadóirí a chuir iarracht na bliana seo chun tosaigh. An t-amhrán deireannach i nGaeilge ar chuimhin liom é bheith san iomaíocht sa chomórtas náisiúnta, ba é ‘Bon Bon Carr’. Cé nach liric é a bhí thar mholadh beirte ó thaobh doimhneachta de, bhí bua éigin san fhonn a d’fhág mé á cheol faoi m’anáil agus in ainneoin chomhairle na n-aingeal. Tháinig ‘Bon Bon Carr’ agus amhráin ar nós ‘An Dreoilín’ chuig an gComórtas Naisiúnta via comórtas ‘Réalta’ RnaG, comórtas chun iontráil Ghaeilge a roghnú agus a bhí thar a bheith rathúil. Cuireadh deireadh leis in 2002/3, tráth go raibh an craoltóir ag iarraidh ciorruithe móra a chur i bhfeidhm. Cé go raibh rath ar RTÉ idir 2003 agus 2008, níor deineadh ‘Réalta’ a atbheochan. Mar sin, gan agó, chuir an craoltóir náisiúnta deireadh leis an Ghaeilge san Eoraifís.
Beidh go leor i measc phobal na Gaeilge a déarfaidh nach cailliúint é. Nílimse ina measc. Táimid ró-ardnósach, cuid againn. Ní fhéadfadh sé ach cuidiú le stádas na Gaeilge bheith ar ardán a mbeadh aird ag breis is 200 milliún duine air, fiú nach mbeadh i gceist ach seal gairid. Dhéanfadh sé níos mó i gcúpla nóiméad ar son stádas agus úsáid na teanga ná mar a dhéanfadh maidhm pháipéarachais, tuarascálacha oifigiúla agus foirmeacha dothuigthe agus dolíonta.
Nuair a bheidh Eoraifís na bliana seo curtha thar abhainn, pé toradh a bheidh ag Jedward ar ár son, ba cheart teagmháil a dhéanamh le RTÉ chun a chur in iúl go bhfuil sé thar am deis a thabhairt d’amhrán Gaeilge, an teanga oifigiúil eile, bheith páirteach ar ár son sa cheiliúradh cultúrtha Eorpach seo. Éistigí, éistigí, an gcloisfimíd arís é, ceol an ghrá?

Cad é bhúr mbarúil?

Agus seo iad na cinnlínte…

Agus seo iad na cínnlínte...

Tar éis dom ghearán le déanaí go raibh cinnlínte i nGaeilge ar shuíomh nua TG4, ba cheart dom cothrom na féinne a thabhairt don chraoltóir agus a chur in iúl go bhfuil cinnlínte i nGaeilge ann anois.

Níl na cinnlínte ag ceangal le h-aon scéalta nuachta – roimhe seo bhí ceangal le suíomh an Irish Times. Ní doigh liom go bhfuil an nuachtán sin chun scéalta nuachta a aistriú go Gaeilge anois nó go luath.

Mar sin féin is fearr an leath-bhulóg gan aon arán in aon chorr. Creidim féin go bhfuil sé suas do RTÉ, an t-aon solathróir nuachta san earnáil phoiblí, cúram a dhéanamh den ghnó seo.

Gan a thuilleadh moille.

Nuacht i mBéarla ar phríomhleathnach TG4!!!

Roimh mo cheapachán ar Bhórd TG4, chuir mé roinnt spriocanna romham. Tá ceann acu bainte amach cheana féin – is é sin go raibh diospóireacht na gceannairí craolta ar an gcainéal le linn an fheachtais toghcháin díreach thart. B’fhéidir gurb é an méid a dúirt mé ag na h-agallaimh nuair a bhí an ceapachán á dhéanamh a spreag é seo, b’fhéidir gur cúinsí eile a spreag é. Is cuma liom – baineadh an sprioc amach.

Sprioc éile a luaigh mé go mbeadh seirbhís nuachta ar líne ag TG4 a bheadh údarásach agus leanúnach agus, níos tabhachtaí ná rud ar bith eile, go mbeadh sé i nGaeilge. Tá na céadta míle cuairteoir ag tarraingt ar shuíomh TG4 gach mí – is é go cinnte an suíomh idirlín Ghaeilge is mó a mheallann airde ar fuaid an domhain. Anois is uirlis ana chumhachtach é sin agus nior cheart é a dhíol faoina luach.

Inniu thug mé faoi ndeara go raibh suíomh idirlín nua ag TG4 agus go bhfuil nuacht ann ar an bpríomh leathnach. Ar fheabhas, cheapfá, ach go bhfuil an nuacht seo i mBéarla. I mBÉARLA!

Anuas ar sin, tá na cinnlínte i mBéarla ár dtreorú go dtí na scéalta i mBéarla ar shuíomh RTÉ. Is mór an náire dár gcraoltóir náisiúnta nach bhfuil seirbhís nuachta i nGaeilge ar líne acu mar atá i mBéarla. Tá an suíomh nuachta i mBéarla abhairín leibideach agus leathbhacáilte – ach tá sé ann, níl a leithéid ann i nGaeilge ar chorr ar bith.

De bhrí gur comhalta mé ar bhórd TG4, comhalta ar son an phobail a roghnaíodh tar éis proiseas poiblí, tá ceangal dlí orm faoin mhéid ar féidir liom rá go poiblí ar cheist den tsort seo. Ag an am chéanna, déarfaidh mé an méid seo. Ní aontaim le cinnlínte i mBéarla ar scéalta nuachta ar phríomh leathnach TG4. Tá súil agam go dtiocfar ar shocrú níos sasúla gan ró mhoill.

An bhfuil an ‘Feirm Factor’ agat?


Tá iarrtha ag cara liom go bhfoilseoinn achainí ar iGaeilge le h-aghaidh feirmeoirí atá ag iarraidh pairt a ghlacadh i ‘Feirm Factor’. Is cosúil go bhfuil an ceathrú sraith ag tosnú go luath ar TG4 agus tá iomaitheoirí á lorg chun páirt a ghlacadh ann. Más feirmeoir thú – nó más amhlaidh gur mhaith leat dul sa tseans – lean ort agus glac páirt.

Seo chugat na sonraithe maidir leis an gcomórtas seo….

SRAITH NUA 2012
Tá 12 iomaitheoir á lorg again atá 18+ bliain d’aois, fir/mná, a thaispeánfaidh scoth na feirmeoireachta.
An bhfuil an Feirm Factor agat?
Más ea, déan teagmháil le Good Company Productions ar 057 9323847 nó seol ríomhphost chuig: feirmfactor@goodcompany.ie

Is féidir leat an fhoirm iarratais atá ar líne ar láithreán gréasáin TG4 a chomhlánú: www.feirmfactor.ie

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 5pm, Dé Luain an 25 Aibreán 2011.

Lá na Sceanna Fada

Dá mba inné lá na sceanna fada, an lá a chur votairí na tíre (seachas an chuid sin san oirthuaisceart), inniu lá an dhoirteadh fola, an lá a fheicfimíd rian na sceanna ar aos pholatúil na tíre.

Tá sé luath sa chomhaireamh go fóill chun a bheith ag tuar cé h-iad a chaillfidh a suíocháin – ach is é sin an cuid is blasta de lá an chomhairimh, maith go leor bheith ag buachaint ach is fearr arís nuair atá an namhaid á bhualadh faoi chois.

Deirtear linn go bhfuil suíochán Máire Ní Chochláin i mbaol agus de réir phobalbhreith RTÉ aréir, agus votairí ag fágaint na n-áiteanna votaíochta, bhí roinnt na votaí mar seo i leanas:

FG: 36.1
FF: 15.1
Lucht Oibre: 20.5
Sinn Féin 10.1
Neamhspleach 15.5
An Chomhaontas Glas 2.7%

Tá sé soiléir gur fuil FF a bheidh á dhoirteadh inniu, rud a bheidh go h-olc agus go maith don pháirtí, chomh fada agus go bhfaightear réidh le na sean díneasáir a thug sinn ar fad go dtí an phointe seo i stair na tíre, i bhfiacha leis an IMF/EU, ag cosaint na mbanc le h-airgead na mbocht.

Beidh mé ag coimead mo shúil ar chúrsaí i rith an lae ach is féidir bheith ag féachaint ar leithéidí Gaelscéal, a bheidh beo inniú ó h-ionaid chomhairimh, agus Raidió na Gaeltachta a thabharfaidh mion léargas dhúinn ar gach vóta i ngach mbaile fearainn sa tír (an mbeidh siad ábalta an choill a fheiscint seachas na crainn?) agus TG4 a bheidh beo ó mheán lae agus Cathal Mac Coille sa chathaoir.

Ar ndóigh tá twitter ann agus gheobhaidh tú an chéad radharc ar na bhfigiúirí ansan ó #ge11 agus tá tailí á reachtáil ag @suzybie. Ar twitter a chualathas ar dtúis go raibh Paul Gogarty ag geilleadh nach ath-thoghfaí é.

Ar aghaidh leis an sorcas….

Kevin Myers – an Gael is fearr riamh!

Kevin Myers - an Gael is Gaelaí riamh

Bhí litir uaim san Irish Independent ar maidin ag gabhail buiochais le Kevin Myers agus a chomh thaistealaithe mar gheall ar an méid atá déanta aige agus acu ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Gan a mbinib in éadan na teanga le linn an ama sin ar fad cá bhfios ach go mbeadh an Ghaeilge faoin bhfód fadó!

An rud nach maraionn, neartaíonn. Sin a deirtear ar aon nós. In ainneoin na n-ionsaithe ar an dteanga ó leithéidí Kevin Myers i gcaitheamh na mblianta, tá níos mó beatha intí anois ná mar a bhí le blianta fada. I gcead do ‘Ghluaiseacht na Gaeilge’, ní h-é Conradh na Gaeilge nó Comhdháil nó Foras nó aon eagras eile atá ar a chúl seo ach gnathdhaoine ag iarraidh sealbhú a dhéanamh ar rud éigean atá, b’fhéidir, as an ghnath. Teanga éagsúil ó theanga an aonaigh – mar a dúirt Hartnett, English is the perfect language to sell pigs in – ach ár dteanga féin ag an am chéanna!

Agus nuair a chuireann leithéidí Kevin Myers a bpinn sa phota nimhe le h-íonsaí a dhéanamh ar an dteanga, is sinne, an ghnath chosmhuintir, atá á íonsaí aige, na dúramáin a fhanann dílis do theanga nach dtuigeann sé. Scríobhann sé chun sinn a mhaslú ach is amhlaidh go ngriosann sé sinn. Agus féach an toradh atá ar a chuid maslaí – thug sé Telefís Delorean ar an bhfeachtas ar son TG4 (TnaG mar a bhí) agus anois tá ceannairí na tíre ag diospóireacht as Gaeilge ar an staisiún sin agus lucht féachana san iomlán de 500,000 aige. Go deimhin b’é an diospóireacht ab fhearr san fheachtas é, dar le go leor, an t-aon uair a raibh beocht san fheachtas fhadalach leathdránach seo. (Thit mo chodladh orm le linn na diospóireachta ar RTÉ an oíche dheireannach!)

Tá sé féin fostaithe ag nuachtán, an Irish Indo, agus deintear Foinse a dháileadh sa nuachtán céanna. Ar an lá a fhoilsíodh an cholún is déanaí uaidh i leith na Gaeilge bhí scéal ar phríomh leathnach Foinse faoin líon is airde léitheoirí riamh a bheith ag an nuachtán sin, 195,000, thar aon nuachtán Ghaeilge eile riamh roimhe. Ní beag an méid léitheoirí sin ag aon nuachtán.

Mar sin tá Kevin Myers agus a leithéid tar éis bheith ina chabhair mór ag lucht na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus é ár bpriocadh ó am go chéile chun sinn a dhíriú ar an mbóthar romhainn seachas bheith gafa ag mionshonraithe an lae. Cén fath go mbímíd ag cur am agus allas i dtreo cur chun cinn na teanga? Uaireannta, tá a fhios agat, bionn gá le meabhrú cad é an rúd atá ag troid ar a shon agus is é sin an fheidhm atá ag Myers – nuair a léann tú a cholún bionn a fhios agat laithreach cad tá tú ar a shon mar gheall go bhfuil an rud atá tú ina choinnibh curtha i gcuimhne dhuit!

Mar sin, lean ort Kevin Myers, an Gael is fearr riamh. Ná trathfadh an nimh i do pheann choiche!

Corp agus Anam

Thosnaigh Corp agus Anam anocht agus chonaic mé é. Déarfaidh mé seo anois – is é seo an dráma teilifise is fearr dá bhfaca mé – Gaeilge, Béarla, TG4, HBO, RTE, BBC. Tá sé firinneach, léargasach agus tá gach gné de ar an gcaighdeán is airde.

Ní beag an méid atá bainte amach ag Darach Mac Con Iomaire – agus b’é a dhriothar, Colm, a chur an fuaimrian ar fáil, fuaimrian le macallaí na Sopranos (ceapaim) – agus a chliar is an chriú. Dramaí ar nós An Crisis, Rasaí na Gaillimhe, Running Mate, Na Cloigne – tá siad an mhaith. Tá Corp agus Anam níos fearr.

Cuirim sin i gcodarsnacht leis an stuif a bhionn ar RTE, stuif suarach ar nós Love/Hate, Mrs Brown’s Boys agus, le déanaí, Raw. Stuif é sin nach féidir leat creidiúint ann. Níl sé ‘firinneach’.

Ar aon nós, maith sibh TG4. Sár oíche theilifíse.

Tá Diarmuid de Faoite i bpáirt Cathal, tuairisceoir theilifíse ar chúrsaí coiriúlachta, agus is ceardaí é. Duine a bhionn an casadh is fearr agus is déanaí a bhaint as gach scéal. Níl alán acu timpeall. Tá bean aige atá le ceangail sa bhaile agus í ag iarraidh tús a chur le post nua. Tugann sé abhaile a h-athair ó thigh altranais, áit go raibh sé faoi chois, agus ní ró shásta atá a bhean mar gheall ar sin. Idir an dhá linn tá a iníon 15 ag póirseáíl timpeall seomraí comhrá ar an idirlíon is tá a mhac ag cothú trioblóide ar na sraideanna.

Ansan maraitear cúigear leaid óg agus iad ag tiomáint go dainséarach, ag déanamh ‘diffs’. De réir dealraimh, bhí a fhios ag na Gardaí cad a raibh ar bun agus ar oíche na timpiste bhí deis acu an tiománaí ba chúis leis an timpist a bhaint den bhóthar. Ach nior bhac siad leis. Ar aon nós faigheann Cathal seo ar fad ar scannán agus craolann sé an timpist in ainneoin nach bhfuil a eagarthóir nuachta sásta le seo. Ach tá gach éinne eile sásta leis.

Tá trí chlár eile le teacht sa sraith seo – ach tús mhaith curtha leis anocht.

Tá cúpla rud eile le rá agam faoi seo – ach tá a dhothain ráite agam go fóill.