Aindrias agus an Banríon

alt speisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh i nGaelscéal na seachtaine seo agus é tabhairt aghaidh ar an gCuairt Ríoga atá á thabhairt ag Banríon Riocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann, Eibhlís II, ar Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine.

Ní ró thogtha atá Aindrias le chlann ‘mífheidhmiúil Windsor’ agus dar leis nach aon trath é seo chun an ‘éagothroime chorportha ina steille bheatha’ a chomóradh. Sin an rud a bheidh ar siúl, dár leis, nuair a thabharfaidh A Soilse, Eilís II, cuairt ar an dtír seo den chéad uair, (an chuid sin di ar an dtaobh ó dheas, ar aon nós), i gceann roinnt seachtainí.

Is cinnte go mbeidh go leor d’aos trachtaireachta na tíre – ní thabharfainn ‘aos eagna’ orthu mar a thugtar in eagarfhocal Gaelscéal – ag caint faoin chuairt seo mar shiombal d’aibíocht na tíre sna seachtainí romhainn agus beidh orainn cur suas le go leor den chineál cainte a chuirfeadh múisc ar an t-é leis an mbolg is laidre. Léiriú ar a gcuid anaibíochta féin a bheidh sa trachtaireacht san dar liom.

Ach is mithid do Aindrias agus a gcomrádaithe a thabhairt chun cuimhne go bhfuil sé ar leas na tíre [ó dheas] go mbeadh an chuairt seo ann ó cheannasach na gcomharsan ag aon am, agus is dócha go bhfuil sé chomh maith é a bheith ann anois agus am ar bith eile.

Nó ní mór dúinn gnath chaidreamh a bheith againn lenár gcomharsain in ainneoin an uisce atá gafa faoin ndroichead eadrainn le níos mó ná 800 bliain! Nár réitigh an bua chaithréimeach a bhí ag cruiceadóirí na hÉireann ar na Sasanaigh i mBangalore an aighneas sin!

Cé go nglacann Aindrias leis go gcaithfidh muintearas a bheith eadrainn agus ár gcomharsain céistíonn sé an fath go mbeadh orainn bheith cairdiúil leis an mBanríon úd mar gur le muintir na Breataine ar cheart dúinn bheith ag déanamh cairdeas leo ‘seachas le sumairí a chosnaíonn £180m sa mbliain’.

Chun an fhírinne a ínsint cheap mé gur níos mó a bhí i gceist. Ach creidim go gcreideann furmhór pobal na Breataine go bhfaigheann siad luach a gcuid airgid ón gclann úd, muintir Saxe Coborg agus Gotha a d’athraigh a n-ainm go dtí Windsor le linn an Chogaidh Mhóir i 1917, mar gheall ar an líon mór turasóirí a thaistealaíonn ó gach cuid den domhan chun cuid den ríogacht Briotanach a bhlaiseadh agus na lathracha staire a ghabhann leis a fheiscint. Agus ní féidir argóint leis an bpointe go bhfuil stair den scoth ag Rí Theaghlach na Breataine – tá gach rud ann, doirteadh fola, cogaiocht, gnéas is eile.

An rud mar gheall ar an argóint gur cheart dúinn bheith caradach le muintir na Breataine agus nach gá dúinn bheith caradach lena mBanríon, is é an bréag mór.

Meabhraím ar an bhfearg a bhí orm nuair a bhí na Sasanaigh ar chuairt go Pairc Lansdún roinnt blian ó shin agus gur tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa anuas chun go gcuirfí in aithne í d’fhoireann Shasana. Dhiultaigh na Sasanaigh an chairpéad dhearg a gheilleadh di agus ba mhasla saolta é sin don tír ar fad dar liom – ba mhór an trua nach bhféadfadh ár bhfoireann díoltas fuilteach a bhaint amach ar an bpointe boise ach tháinig ár lá cúpla bliain níos déanaí nuair a thugamar greadadh do Shasana i bPáirc an Chrócaigh.

Is ionann masla don Uachtarán agus masla domsa agus duitse, do gach duine againn. Má thugaimíd masla do Bhanríon na Breataine, bhuel is masla é sin do phobal na Breataine. Cén fath go mbeadh a leithéid de phobal caradach linn?

Is é an cineál argóna atá ar bun ag Aindrias ná bolscaireacht an tsean pholataíocht. Polataíocht é sin atá níos sine ná polataíocht an chogaidh chathardha, fiú. Ach dá aosta é mar pholataíocht, tá sé leanbaí mar chur chuige freisin.

Tiocfaidh an Banríon ar chuairt go dtí an chuid seo den tír i mí Bealtaine agus ba cheart go gcuirfeadh gach duine, gach Gael fáilte roimpí. Ba cheart go mbeadh bratacha na Breataine ar fholuain ar gach cuaille, fiú ar cheannaras Chonradh na Gaeilge agus beidh mé ag súil le forlíonadh ceithre nó ocht leathnach i nGaelscéal faoin chuairt.

Ocáid stairiúil atá ann. Ní gá do dhuine bheith i ngrá le hEilís Bhindsor chun sin a aithint agus a chomóradh. Nuair a imeoidh sí ar ais go dtí a tír féin, bhuel is féidir linn na bratacha a bhaint anuas agus leanúint orainn lenár saol féin.

Fiú go dtugaimíd cuireadh don Bhanríon úd teacht agus go dtagann sí agus go gcuirtear fáilte roimpí, ní h-ionann sin agus a rá go nglacaimid le h-iompar na Breataine ar fuaid an domhain, in Afganastáin nó abhus inár dtír féin. An oiread agus Peig, is sean bhean í le cos san uaigh agus cos ar a bruach agus ba chóir dúinn meas a bheith againn ar an méid sin. Níl saighdiúirí ‘aici’ – feidhmíonn saighdiúirí na Breataine de réir orduithe an phobail, nó de réir na daoine a thoghadh an phobal sin a bheith freagrach as cinntí den tsort sin.

Ní h-í Banríon Shasana a ghearr an teorainn frith dhaonláthach treasna na tíre. Agus fiú nach n-aontaím leis an teorainn céanna, níl sé iomlán frith dhaonláthach nó votáil móramh den toghlach ó dheas i 1921 ar shon Rialtas a ghlac leis an teorainn. De réir na staire atá tagtha chun solais le déanaí, rinne an Bhreatain tairiscint do Rialtas DeValera le linn an Dara Chogadh Domhanda, athaontú na tíre má thaobhaíonn tú linn sa chogadh in éineacht le Cumanaigh/Soisialaigh na Rúise in éadan Faisistigh na Gearmáine is na hIodáile. Dhiultaigh Dev don tairiscint ar son phobal an deiscirt. Agus toghadh é arís is arís eile ina dhiaidh sin, in ainneoin an thréis.

Ni gá dúinn féachaint thar farraige chun cinseal a ghlac seilbh ar shaibhreas na tíre a aithint. An oiread is ná raibh réabhlóid faoi sa Bhreatain go fóill, ní raibh sé sa tír seo ach an oiread. Agus más buairt faoi Eilís II gan a bheith tofa ag an gcosmhuintir atá ag déanamh tinnis d’Aindrias, d’oirfeadh do féachaint ar chomh forleathan is atá an vóta ag an gnathdhuine sa tSín do rialtóir na tíre sin nó mar a bhí san Aontas Shoivéideach le linn ré na gCumanach d’Ard Runaí an pháirtí sin. Ní raibh vóta ach ag an gcinseal agus cinseal an chinsil ansan.

An rud a mholaim d’Aindrias agus a chomrádaithe, eirigh as an chogadh. Cuireann sé i gcuimhne dhom na sean saighdiúirí Seapanacha a bhí ag troid an dara chogadh domhanda in oileáin ar an Aigéan Chiúin ar feadh na mblianta fada i ndiaidh deireadh an chogaidh. Tá tú gafa sa sean stair a Aindrias – tá sé in am duit tú féin a fhuascailt óna mharbh fhaisc.

Agus ós rud é gur luaigh tú Libia, nach aisteach a thabhairt chun cuimhne an chaidreamh a raibh ag rialtóir na tíre sin le na poblachtóiri is mó, dar leo féin, sa tír seo agus iad ag lamhach agus ag buamáil ar son na cúise is na hÉireann etc. Agus cad as a tháinig na gunnaí agus an ábhar pléascach a raibh á sholathar ag Libia don IRA ach ó oirthear na hEorpa, na tíortha Chumanacha/Shoisialacha. Is beag atá cloiste agam ó Gerry Adams agus a cháirde ag cáineadh réimeas Libia faoi láthair. Ní gá dul i bhfad chun crios a cheanglaíonn na daoine is réabhlóidí le na réimis is brúidiúla amuigh ansin a aimsiú – sa chomthéacs sin cheapfá go bhfuil íonsaí ar shean bhean 85 bliain d’aois iomarcach agus ábhairín fimíneach.

Mar a deirtear sa Bhíobla, agus níl seo dírithe ar Aindrias ach go h-áirithe ar réabhlóidithe:

And why seest thou the mote in thy brother’s eye: but the beam that is in thy own eye thou considerest not?

16 de thuairimí ar “Aindrias agus an Banríon

  1. ormondo

    Pé rud a thiteann amach, tá súil amach nach ag lútáil a bheidh an Taoiseach i láthair na banríona – faoi mar a dhein John Bruton tráth den saol nuair a bhí an prionsa Cathal ar cuairt.

    Cé nach dual don bhanríon a coinsias a chéasadh i ngeall ar na heachtraí fuilteacha a cuireadh i gcrích i ngach cearn den domhan ina ainm agus ar a son ón gcéad lá ar shuígh sí síos ar an ríchathaoir nílim i gcoinne na cuairte.

    Is mó an tábhacht a luaitear le rud más rud eisceachtúil é. Mar sin ní fiú é a bheith ina rud eisceachtúil nach raibh banríon na Sasana riamh i bpoblacht na hÉireann.

    (Má bhuaileann tú léí le linn na cuairte, abair léí uaimse gan siúl ar an láib.)

    Freagra
  2. Eilis II

    Arise, Sir Conchubhar!
    As seirbhísí do rítheaghlach na Breataine, bronnaim-se ridireacht oinigh ort!

    (Agus nach bhfuil feabhas ag teacht ar mo chuid Gaoluinne?)

    Freagra
    1. igaeilge Údar an Ailt

      Go raibh maith agat ach ní bhacfaidh mé an uair seo. Tá amhras orm, áfach, gur spam atá anseo. Faighim tairscintí mar seo go minic – iasachtaí agus deontais. Seo an chéad uair a tairgíodh ridireacht dom! Ach tuigim, on dtideal ar bronnadh le déanaí ar an dTiarna Adams go mbronntar a leitheidi ar aon steall asail.

      Freagra
  3. Eilis II

    Ó, Sir Conchubhar, ní spam in aon chor é!

    Is maith liom aitheantas a thabhairt dos na géillsínigh umhla atá agam fós i mo choilíneacht Éireannach. Ní hé gach duine anso sa bhaile a cheapann gur fiú an t-airgead san ar fad mé. Agus tá áthas orm a chlos go mbeidh tú ag crochadh bratacha im’ onóir. Caithfimid searmanas speisialta a eagrú chun gur féidir leat mo thóin ríoga a phógadh go hoifigiúil.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Fagfaidh mé faoi Gerry bheith ag pógadh do thóin, a Bhanríon . Agus is doigh liom go mbeidh mé ró ghnóthach chun a bheith ag crochadh bratacha mé féin. Fagfaidh faoi na saineolaithe sa ghnó seo, muintir SF, sin a dhéanamh. Tá cuid is mó acu ag glacadh do scillingí then féin.

    Freagra
  5. Eilis II

    “ba cheart go gcuirfeadh gach duine, gach Gael fáilte roimpí. Ba cheart go mbeadh bratacha na Breataine ar fholuain ar gach cuaille”

    I ndáiríre, Sir Conchubhar, is leor liomsa an méid sin thuas mar phóg tóna. Is breá liom go bhfuil Iar-Bhriotanaigh dhílse ann i gcónaí, agus ná raibh maith ag reibiliúnaigh dhána 1916!

    Freagra
  6. Sonny

    Alt seafóideach. Smaoinigh gur diúltaíodh post duit mar eagraí ar Chomhar mar nach raibh tú chomh maith leis an gCathasach. Phat does dat say bout u big boy?

    Freagra
  7. Concubhar Ó Liatháin

    Ní chuireann diultú poist Comhar isteach ar an alt seo beag nó mór, Sonny, a chara buí. Níl ann ach malairt tuairime atá agam le hAindrias agus níl aon dímheas pearsanta i gceist do. Léiríonn sé chomh cúng aigeantach is chomh bíogóideach atá tú féin nuair nach bhfuil tú sasta dul i ngleic leis an argóínt atá á dhéanamh – is é sin gur bréag mór é bheith ag maíomh gur cheart bheith cairdiuil le pobal na Breataine (agus neamh chairdeach le Banríon na tíre sin) nuair a thuigimíd go maith go bhfuil móramh mór phobal na Breataine lán sásta leis an mBanríon. Is comhartha dímheasa orthu san é a mhalairt a mhaíomh.
    Nuair a íonsaíonn tú an scriobhnóir, geilleann tú go bhfuil an argóínt caillte agat.

    Freagra
  8. Eilis II

    An ceart ar fad agat, Sir Conchubhar. Inis dom cá bhfuil an Sonny seo, agus féachfaidh mé chuige go gcuirfear sa Túr é. Orf with his head!

    Freagra
  9. Seosamh Ó Beirgin

    Maith thú a Choncubhair, ba shin cheann de na píosaí is ciallmhaire a chonaic mé ar an ábhar go fóill. Bhí an sliocht ón mBíobla iomlán iomchuí.

    Freagra
  10. séamusmacseáinB'Feirste

    bhí mo ríomhaire as féidhm ar feadh tamaill agus níl mé ach i ndiaidh a theacht ar an phostáil seo. Is maith an fear scéil thú a Choncubhair. Ní bheidh Myles na Gopoleen marbh fad is beo duit. Tá súil ‘s agam nach mbíonn an cliseadh cló céanna ag an Indo agus a bhí acu an tam a dtáinig Bhanríon Victoria go Baile Átha Cliath sa chéad seo thart nuair a d’fhuagair siad go ceithréimeach ar an leathanach tosaigh “” The crowd roared with delight as the Queen Pissed over the bridge”

    Freagra
  11. Aonghus Dwane

    Maith thú- cuirimis failte chroidhiúil roimh an Bhanrion, agus ansin abhaile léí, agus cuirimis fáilte chroidhiúil roimh Barack Obama- is ionann an bheirt acu: Ceann Stait ar thíortha a bhfuilimid cairdiúil leo.

    Is sean-ráiméis do dahoine thíos anseo (sa Phoblacht) a bheith ag rá gur ionann seo agus “seoiníneachas”. Leiríonn sé sin easpa muiníne agus fein-ghradam iontu féin. Ar ndóigh, thuigfinn méid áirithe neamhfhoinn ó phobal naisiúnach Thuaisceart Éireann: ach cuirtear fáilte leathan roimh chuairteanna an Uachtaráin go dti an Tuaisceart anois, mar sin ba chóir go mbeadh an nimh bainte den rud ag an bpointe seo.

    Maidir leis na bratacha: an t-aon cleachtas ceart agus inghlactha ná: brat na tíre ceannasaí seo a bheith níos airde ar an staf, na bratacha eile taobh leis, ach níos ísle. Ba mhaith liom an Union Jack a fheiceáil taobh leis an brat tridhatach sa chaoi sin le linn na cuairte seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s