Tá comhaireamh fós á dhéanamh – agus gach seans go mbeidh votaí go fóill á chomhaireamh (agus á athchomhaireamh b’fhéidir i gCaisleán a’Bharraigh) go déanach anocht.
Nílim chun morán a rá faoin dtoghchán agus na torthaí anseo – tá daoine ann a chreideann, mar shampla, gur beag an bhrí a bhionn ag torthaí na dtoghcháin Eorpacha inár saol. Is cosúil freisin go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na votairí ar fuaid na hEorpa a rinne votáil sa toghchán Eorpach i mbliana thar mar a bhí ag an gcéad toghchán Eorpach i 1979. I 1979, agus gan ach naoinúr sa Chomhphobal, bhí an ráta votála i ngiorracht do 65%. I mbliana, agus 25 ballstat ann, agus, cheapfá, níos mó suime san aidbhintiur pholatúil seo, bhí an ráta nios giorra do 40%. Arbh vóta mímhuiníne é sin sa bhfiontar pholatúil seo, vóta mímhuiníne níos tréine ná an vóta a fuair pairtithe atá in éadan an Aontais, leithéidí Libertas, UKIP agus eile?
An cloch is mó ar mo phaidrín anois go gcreidim go laidir go bhfuil droch mhargadh á fháil ag pobal na Gaeilge ó thaobh thuairisciú is anailís cúrsaí reatha. Beag an méid a bhí ar TG4 mar gheall ar an dtoghchán le linn na deireadh seachtaine, i gcomparáid leis an méid a bhí ar RTÉ 1 agus TV3. Bhí clár uair go leith ann oíche Dé Satharn, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionaird agus Eibhlín Ní Chonghaile, agus aréir bhí clár leath chomh fada ann agus gan ach Eibhlín sa stuideo. (Dheineas éagóir ar TG4 i dtrachtaireacht eile nuair a thugas le fios nach mbeadh aon clár toghcháin ann – ach le bheith cothrom, ní raibh a leithéid fógartha sna nuachtáin). Ar eagla na míthuisceana, ní ar lucht léirithe an chláir atáim ag cur locht ach ar saoistí an staisiún agus na h-údaráis nach dtuigeann, is léir, go bhfuil goile ann do chláracha beo ar mhór imeachtaí ar nós toghcháin i measc lucht féachana na Gaeilge is TG4. Is é an locht is mó a laghad agus ní féidir Páidí nó Eibhlín a lochtú as sin…
Gan amhras, ní i dtuairisciú cúrsaí reatha atá easpa le mothú ó TG4. Inné agus go leor cluichí craoibhe ar bun i gCraobhacha na hIomána agus na Peile, bhí trachtairí TG4, Pádraig Brian Tyers agus Gearóid Mac Dara Mac Donncha, (grma@maidhci), ag tuairisciú ar Chraobh Leadóige Oscailte na Frainnce. Ní h-é go raibh cearta eisiacha acu ar an gcluiche leadóige seo nó bhí sé ar fáil ar BBC 2. Má tá sé tabhachtach go mbeadh mór ocáidí spóirt ar fáil i nGaeilge, nár cheart go mbeadh tús áite ag na cluichí Gaelacha?
Feictear dom go bhfuil TG4, dá fheabhas iad, á imeallú de réir a chéile ó lár an aonaigh agus go bhfuil an staisiún, ar mhaithe le greim a choimead ar an ndeontas laghdaithe, ag treabhadh leo gan aon ghleo a dhéanamh faoin leatrom seo. Gan amhras tá TG4 ag brath ar RTÉ le h-aghaidh nuacht agus cursaí reatha agus is cinnte go bhfuil an máthair chraoltóir ag déanamh cinnte nach mbeidh sciar cothrom den chiste á fháil ag craoltóireacht cúrsaí reatha trí Ghaeilge.
Ní h-amháin go bhfuil coilleadh á dhéanamh ar TG4 ach tá seo á dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin. De réir scéala i bhFoinse ag an deireadh seachtaine, dearbhaiodh an méid a tuairisciodh an seachtain roimhe go raibh deireadh le cur le dhá chlár cúrsaí reatha – Seó Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil – agus cé ná raibh aon rud le rá sa scéal faoi ciorrú ar uaireannta chraolta Adhmhaidin, dearbhaíodh go mbeadh deireadh leis an mir ‘Cad A Deir Sé Sna Paipéir’.
Imeallú de short é seo ar lucht éisteachta na Gaeilge. Ba mhír é seo a rinne ceangal idir pobal éisteachta na Gaeilge agus na mór scéalta sna meáin chlóite Béarla agus, nuair a bhí Lá/Lá Nua ann, bhíodh don chuid is mó tagairtí ann do scéalta sa nuachtán sin. Ar ndóigh níl Lá Nua ann níos mó – ach lean an mir agus cé gur cheap mé go bhféadfadh slacht níos fearr a bheith air, bhí sé úsáideach agus tairbheach é a bheith ann.
Splanc geal amháin sa dorchadas go mbeidh síneadh le h-uaireannta chraolta chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí, dhá uair a bheidh ann anois seachas uair amháin. Ciallóidh sin breis craic is eile – ach ciallóidh sé freisin go m’bhféidir go mbeidh deireadh le clár Máirtín Tom Sheainín idir 2-3in nó an clár Foinn is Fógraí idir 4-5in nó an clár An Glóir Anoir (idir 5-6in). Níl an pictiúir soiléir go fóill.
Thugas faoi ndeara gurb é Dónal Ó Braonáin, leas cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-é a bhí ina urlabhraí ag RTÉ RnaG agus an scéal á thuairisciú ag Foinse. Cén fath nárbh í an ceannasaí, Edel Ní Chuirreáin, a thug an droch scéal? Is dócha go bhfuil gá le ceannasaí nó leas cheannasaí ar RTÉ RnaG ach an bhfuil gá leis an mbeirt acu. Mura raibh ann ach ceannasaí, an mbeadh clár nó beirt ná raibh caillte againn?
Thugas faoi ndeara freisin go raibh fógra le Des Bishop ag an gCoimisinéir Teanga á chraoladh ar TG4 le déanaí. An bhfuil sé in am don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an báta clúiteach a deirtear bheith ina sheilbh a úsáid chun smacht a chur ar RTÉ agus iachailll a chur ar an gCraoltóir Náisiúnta riar a dhéanamh níos fearr ar chúrsaí reatha (agus cúrsaí spoirt) i nGaeilge agus iad ag teacht chun tosaigh (cathain?) le scéim teanga?
Seachas bheith ag gearán, agus tá an ghearán tabhachtach, tá gá freisin le beart eile a dhéanamh. Thugas faoi ndeara ná raibh morán, seachas mé féin, ag blagáil agus ag baint úsáide as Twitter chun trachtaireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán éagsúl. Rinneadh an-iarracht amhlaidh a dhéanamh i mBéarla agus ní gá ach cuairt ar an láthair seo, Count Day Live, agus is sár obair atá déanta anseo.
An mbeadh suim ag Gaeil amuigh ansan iarracht mar seo a dhéanamh nuair a bheidh olltoghchán ann luath nó mall. Má tá, tagaigí i dteagmháil liom agus déanfaimid beart. Táim cinnte go bhféadfaí leithéidí Raidió Fáílte, Raidió Rí Rá agus eile a thabhairt ar bórd agus sár jab a dhéanamh…..
RT