D’fhill mé abhaile ó sheachtain i gCeatharlach agus bhí carn mór litreacha agus beairt ag feitheamh orm. Seic ó TG4 (moladh leo), carta bainc nua, carta Bhailintín mall (ó mo neach ar sheas mé di) agus trí chlúdach litreach mhór lán le cóipeanna de Comhar.
Scéal fada scéal mo thaithí ar an iris seo – agus d’fhéadfá a rá nach caidreamh ró charadach atá eadrainn. Ach le déanaí bunaíodh ‘cairdeas Facebook’ eadrainn – caithfidh gur duine atá ag obair san oifig nach bhfuil morán eolais aige faoin gcaidreamh a bhí agam leis an iris atá i gceist. Tar éis dom chúpla teachtaireacht a sheoladh chuige, teachtaireachtaí ag léiriú mo mhí shasamh leis an gciorcal drúisiúil agus ana chúng de scríobhnóirí a bhionn ag líonadh an stuif bhán san iris seo.
Ar chlúdach an eagráin is déanaí, tá íomhá atá ag tagairt don sraith íontach a bhí ar TG4 le déanaí, Na Cloigne. Is é Na Cloigne ‘an ceann is fearr fós’ ag TG4 de réir an chinnlíne – agus deirtear linn go mbeidh leirmheas istigh ag Seán Tadhg O Gairbhí, iar eagarthóír Foinse, ar an sraith chun tús a chur lena cholún nua ‘teilifíse agus cumarsáide’.
Tá deireadh feicthe agam nuair atá colún teilifíse ag fáíl tús áíte in iris mhíosúil mar seo. An bhfuil aon tuiscint ar leith ag Seán Tadhg ar chúrsaí theilifíse nach bhfuil ag an dara duine. Ní doigh liom é. Bhí an leirmheas dearfach – maith go leor – ach aon duine a chonaic an sraith seo, bhí siad á moladh, mé féin ina measc. Go deimhin tá sé chomh fada ó bhí an sraith ar siúl – mí Eanáír uair eigean gur geall le stair atá ann anois.
Ní bheidh sé buioch díom má dheirim gur scriobhnóir maith é Seán Tadhg – ach is cur amú a chuid ama agus talainne é bheith ag scríobh colún teilifíse i Comhar. Ba cheart do gné alt mór amháin a dhéanamh i ngach eagrán faoi rud spéisiúil is trathúil – gné eigean de chúrsaí reatha – seachas a bheith ag gabhail do chacamas mar seo.
Le cois an príomh leathnach ar a bhfuil an íomhá teibí – ró theibí – tá dhá leathnach istigh caite leis an léirmheas seo. Nóta don eagarthóir: Ní mheallann íomhánna teibí ar an gcéad leathnach leitheeoirí chun iris a cheannach nó a léamh ach nuair atá an iris féin snásta agus suimiúil. [Ní chomhlíonann Comhar – faoi mar atá eagrán mí Feabhra} ceachtar den dhá chritéir sin!]
Ansan tá seacht leathnach caite le dráma raidió de chuid Gabriel Rosenstock a fhoilsiú. Ach cén fath go bhfuil dráma raidió á fhoilsiú in iris cosúl le Comhar – nach fearr é a chur inár lathair mar…dhráma ar an raidió?
Sin trian den iris lán, áfach. Níl eagarfhocal san eagrán seo – ach tá litir chuig an Eagarthóir ann mar chúiteamh. Mea Culpa atá ann faoi bhotún a rinne scriobhnóir in eagrán a fhoilsíodh roimhe seo – agus is cinnte go bhfuil aiféala ar an scríóbhnóir faoin bhotún a deineadh. Ach an bhfuil gá scéal chomh mór a dhéanamh as agus gan eagarfhocal a bheith ann ar chorr ar bith?
Líon an stuif bán, a mhic, is é sin an cur chuige atá ar chúl seo ar fad chomh fada agus gur féidir liom a dhéanamh amach. Seo muid ar leathnach 4 theana féin. Bhí an príomh leathnach againn, ansan fógra, ansan leathnach an ‘chláir’, (athrá ar an méid atá ar an bpríómh leathnach ach ná raibh uimhreacha na leathnach luaite leis na h-altanna ar an leathnach sin).
Ansan tá colún ag Gabriel Rosentock – (tá trian den iris, 10 leathnach as 30) – ina dheineann an scriobhnóir cur síos ar threimhseachán frithshibhialtachta darbh ainm ‘Green Anarchy’, ábhar atá suimiúil b’fhéidir ach cé léifeadh é? Tá teibíocht agus teibíocht ann – ach cheapfainn go bhféadfaí líon na leitheoirí Ghaeilge ar shuim leo fealsúnacht an ainrialachais a chomhaireamh ar aon láimh amháin. Maireann an cholún seo trí leathnach agus faoin am atá an chead paragraf léite agam, dá fheabhas é mar scriobhnóireacht, tá suim agam scian a chur i bputóg éigean.
Ina dhiaidh sin tá alt ag PJ Mac Gabhann ina dtugann sé le fios dúinn go mbaineann sé le ré eile, ré nuair nár nós le daoine bheith ag taisteal ar éitleáin. Oicé. Agus cad faoi sin? Is cosúil gur tháinig sé slán nó seo é ag scríobh mar gheall ar a aidbhintiúr eitleoireachta. Slán mar a n-ínstear é. An bhfuil aon rud eile le rá faoi ach go nglacann sé dhá leathnach – téacs agus léaráid mór dubh agus bán!.
Dhá leathnach eile caite le colún ón Athair Réaman O Muireadhaigh agus é ag caint faoi Naomh Bríd. Gné cliste leagan amach anseo. Tá an téacs foilsithe ar an leathnach i bhfoirm chrós Bhríde – ach fagann sé go bhfuil an alt nach mór doléite. An buntáiste – líonann sé leathnach le líon níos lú focail agus ansan tá leathnach lán focail eile ar an gcéad leathnach eile.
Líon an stuif bhán, a mhic. Is é sin an tslí chun é a dhéanamh.
Ansan seacht leathnach den dhráma raidió thuasluaite. Táimíd ag leathnach 17 anois, níos mó ná leath bhealach. Anois tá gearr scéal againn – maireann sin ceithre leathnach. Is cliste an slí é seo na leathnaigh a líonadh – gearrscéal a thabhairt ar an bpíosa ficsin cé gurb é an dara alt is faide san iris!
Anois táimíd ag Lch 21. Leathnach ‘filíochta’ a thugtar ar seo cé nach féidir liom a dhéanamh amach go bhfuil dán ann a thabharfainn filíocht air. B’fhéidir go bhfuilim ró chruaigh. Ar a laghad sin leathnach 21 líonta – trí ‘dhán’ ghairid – 22 line ‘filíochta’ móide pictiúr de éan. (Baineann an chéad dán le spideog mar sin tá an íomhá ábharthach).
Alt stairiúil réasúnta spéisiúil ó pheann Mháiréad Ní Chinnéide an chéad alt eile. An chéad alt le dealramh san iris ar fad. Léirmheas atá ann leabhar faoi Na Finíní agus an Ghaeilge – ach is trua nach bhfuil pictiúr de chlúdach an leabhair nó d’íomhánna ábharthacha a bhainann leis an scéal ann. Is maith liom an líne seo, go h-áirithe, ón staraí Bagenal a bhaintear úsáid as sa leirmhas. [Deintear talamh tirim de go bhfuil a fhios ag an leitheoir cé h-é Bagenal!]:
Happily for the historian, the politician and the government, nearly all the modern Irish revolutionists are journalists.
Níl ach leathnach amháin ag an alt seo agus anois táimíd tagtha go dtí léirmheas teilifíse agus cumarsáíde Sheán Thaidhg. Na Cloigne agus That’s All We Have Time For atá faoi chaibidil aige. Ar ndoigh má tá iris Ghaeilge sásta spás a thabhairt do chlár chomh h-amaideach leis an scig chlár sin, is fiú ceisteannna a chur faoin iris agus faoin bhunús atá leis.
Anois táimíd tagtha go dtí leathnach 25 – alt le Ruairí O hEithir faoin cheannlíne spreagúil agus iomlán iontuigthe ‘Agashingura Cumu’. Anois is léir go bhfuilimse chomh dúr agus chomh neamh liteardha sin nach féidir liom bheith ag plé le h-iriseoireacht ar chorr ar bith. Nó mura dtuigim laithreach céard atá i gceist anseo, is cinnte gur dúramán mé. Cad faoi iontróid bheag ag míniú céard atá ag titim amach ar an dhá leathnach seo chun mé a mhealladh chun an chuid eile den alt seo a léamh? Beag an bhaol.
Dhá leathnach eile den stuif bhán líonta.
Anois táimíd tagtha go dtí Leathnach 27, colún ‘Le hAer An tSaoil’ le Mícheál O Ruairc. Tá sé ag míniú dúinn conas mar a chaith sé tréimhse na hAthbliana agus an Nollaig Bheag etcetera ar feadh dhá leathnach. Luaitear linn go bhfuil sé ina thuar dóchais don cholúnaí go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe. Deir an Ruarcach nach bhfuil dabht ar bith ann ach go bhfuil ‘cic sa tóín’ ag teastáíl ón ‘teanga’ agus ‘ó chuid díobh siúd atá in ainm is a bheith i gceannas ar chaomhnú agus ar fhorbairt na teanga sa tsochaí’.
Tá sé rí shoiléir le tamall de bhlianta anuas go bhfuil easpa samhlaíochta agus easpa fuinnimh ag gabháil le cur chun cinn na teanga i gcúrsaí oideachais agus sa Ghaeltacht ach go h-áírithe.
Agus in irisí Ghaeilge cosúil le Comhar, a Mhichíl.
File é an Ruarcach, de réir dealraimh, agus chuala é ag aithris a dhánta ar Eigse Bheo ar Raidio 1 an oíche dheireannach. Focal filíochta níor chuala – ach alán focail. Níl a fhios agam cén fath go mbeadh an fear seo ag scríobh in aon iris nó is beag atá le rá aige. Tá daoine ann nach n-aontódh liom ar an gceist sin b’fhéidir – ach nach cuma. Is ball bhoird é Mícheál ar Comhar agus b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh cuidiú – bheadh colún téigeartha ar chúrsaí na míosa go deas in iris – ach ní h-é ‘Le hAer an tSaoil’ an cholún sin.
Ball bhoird eile atá ag líonadh leathnach 29. Duine de ‘scriobhnóirí úra na Gaeilge í Rachel Níc Fhionnáin. Seo alt faoi chúrsaí lá fhéile Vailintín agus rósanna rúnda is a leithéid. Beag nua atá le rá ann ach ramhaillí nach bhfuil ró ghreannmhar nó ró spéisiúil timpeall ar an méid a dúirt Wilde – Is Tús É Féin Ghrá do Románsa ar feadh an tSaoil. Bhí an abairt sin níos fearr i mBéarla gonta Wilde féin. Ach líonann sé leathnach agus ansan tá leathnach 30 gafa le fógra.
Sin é, triochadh leathnaigh bána líonta. Eagrán eile de Comhar seolta chun na clódóra. Costas don cháiníocóir? Ag Dia is ag Foras na Gaeilge amháín atá fios. Maoiníonn an Fhoras an iris seo, creid nó ná creid.
Fuair mise an beart eagráin de Comhar ó Comhar. Tá eagráin ann ón bhlian seo chaite freisin. Cónaím i nGaeltacht Mhúscraí. Níl teacht ar an iris anseo. Blian ó shin bhíos ag tabhairt léachta in Ollscoil Chorcaí agus phioc mé suas eagrán de Comhar. B’shin an chéad uair a chonaic mé an iris ón athsheoladh.
Cúpla bliain ó shin, agus Lá Nua faoi bhagairt, rinne mé iarracht teacht i gcabhair ar Comhar a bhí á ligint chun cáis ag an am sin ag a bhórd stiúrtha. D’aiseirigh sé agus chuireas isteach ar an bpost mar eagarthóír. Ní bhfuaireas an post. (Bhí orm dul faoi scrúdú faoi chúrsaí gramadaí, an dtuigeann sibh agus ní réitim leis an ngramadach!).
Ar aon nós, bhí cconspóid agus clampar ann idir sin agus seo agus anois is é Pól O Muirí an eagarthóir. Mar atá léirithe sa léirmheas seo, léirmheas nach bhfuil ró mholtach,líonadh an stuif bán san iris gan aon amhras. Is é sin céad chúram an eagarthóra, an stuif bán a líonadh. Bónas de short é más féidir leat é a dhéanamh le téigear, le substaint agus le stíl. Níl aon bónas san eagrán seo de Comhar, dar liom.
Tá aiféala orm anois go raibh láimh agam in aiseirí Comhar. Tá an iris seo chomh marbh le Máirtin O Cadhain agus na laochra eile a scrigh do Chomhar i dtús ama. Ach tá an scriobhnóíreacht ag na laochra sin beo go fóill, rud nach féidir a rá faoin scriobhnóireacht i gComhar inniu.
Níl alt ar bith san eagrán seo faoi chúrsaí reatha nó spórt nó cultúr chomhaimseartha na tíre, chomh fada is gur feictear dómsa é. Ní raibh sé i gceist agam léirmheas a scriobh – ach anois tá sé scriofa. Líon mé an stuif bán, gan amhras, ach níor chosain sé pingin ormsa ná ortsa!