Cartlanna Clibe: Múscraí

Ré Ó Laighleis ag teacht go Múscraí

Rinne mé cúrsa scríobhnóireachta ag An Scríobhlann i gContae an Chláir roimh na Nollag. An t—údar aitheanta, Ré Ó Laighleis a bhí i mbun an chúrsa agus bhí seachtar eile im theannta agus an sprioc a bhí againn tús a chur le h-úrscéal/cnuasach gearrscéalta. Chomh fada is a bhaineann sé liom ba chúrsa den scoth é agus, faoi láthair, táim i mbun m’úrscéal féin. Tá sé i gceist agam é a chriochnú in am chun cur isteach ar Chomórtaisí Liteartha an Oireachtais agus, ina dhiaidh sin, bhuel, beidh le feiceál.

Ar aon nós tá Ré Ó Laighleis ag teacht go Múscraí inniu (Dé Luain, 28ú Feabhra) chun tús a chur le cúrsa nua agus mholfainn d’éinne atá suim acu i scríobhnóireacht atá sa chomharsanacht páirt a ghlacadh ann. Ar aon nós, beidh an chúrsa ar siúl san Ionad Lae nua agus beidh sé ag tosnú ag 7.30in anocht. Seo an chuid eile den ‘blurb’…

“Scéim Scriobhnóireacht Cónaitheach- ‘Cluas Cleite’
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is mór an cúis áthais ag an Ionad Cultúrtha a fhógairt go reachtáilfear dhá chúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach – ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht Mhúscraí an tEarrach seo.
Is faoi stiúir an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó Laighléis a bheidh na cúrsaí.

Cúrsa 6 seisiún i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ do dhaoine fásta.
Gach Dé Luain idir 7.30 & 9.30
ag tosú @ 28ú Feabhra go dtí 4ú Aibreán
san Ionad Lae , Baile Mhúirne.

Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe ar nádúr agus eilimintí an dá genre (gearrscéal agus úrscéal) agus ar an gcur chuige is gá len iad a shaothrú go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i gceist, ina mbeidh spriocanna seachtainiúla le baint amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí, m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht, comhrá agus stíl, agus é mar sprioc go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe scéal ar ardchaighdeán a chruthú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta ar an Luan 28ú Feabhra san Ionad Lae Nua i mBaile Mhúirne costas €50

Má thá suim ag éinne páirt a glacadh sna ceardlanna seo, ní mór teangmháil a dhéanamh láithreach le Bríd & Síle @ 026.45733

Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’ faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais Chontae Chorcaí.”

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Beidh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl i mbliana ar an Aoine, Márta 11, in Ostán Ghobnatan Baile Mhuirne ag 8in.

Seo chugaibh An Chuireadh agus An Cheist mar lón machnaimh d’fhilí, do bháird agus do rannairí. Cá bhfios ach go spreagfaidh na véarsaí seo sibh le dul i mbun pínn. De ghnath bionn an Dáimhscoil ar siúl i Múscraí idir an dhá Nollag – ach i mbliana, de bharr na droch aimsire – cuireadh ar athló an ocáid ar leith seo agus meastar anois go mbeidh sé á thionól timpeall na Cásca i nGaeltacht Chorcaí.

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn Earrach 2011

An Cuireadh

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Uachtarán

Fáilte is fiche go Dáimhscoil Mhúscraí
Roimh óg agus aosta, roimh bháird is filí
Choinnigh sioc agus sneachta is barthanach bháistí
Sinn go léir cois na tine ar shráideoga inár luí.

Sa chruachás ina bhfuileam, tá gá le h-árdú croí
Ach ní hair a bhionn trácht ach ar cháin is ar chíos
Na filí amháin a chuirfidh an ghruaim ar fán le gáirí
Is a chuirfidh an misneach ag coipeadh in áit an imní

Sea, beir ar do pheann nó tóg chut do phísí
Breac síos do theachtaireacht le teanntas is brí
I láthair na Dáimhe dein é a reacadh go binn
Bíodh sampla do shínsear id’ghriogadh chun gnímh
Ar mhaith le bocht agus nocht is gach dream atá thíos.

An Cheist Lá ‘ le Gobnatan 2011
An Cléireach (Peadar Ó Liatháin)

A cháirde cairn is a mhaithe groí
Bhùr dtrá arís tá tagaithe
Le lán dea chroí is lom lár na firinne
Tá crua cheist chúibh le freagairt

An mallacht é nó eascaine
nó saint lucht Bainc is rachmais
d’fhág sinn I ngeimheall ag mangairí
Nó ag bacachas sa Bhruiséal.

Ar mbánta mín gan macra
Ó Mhálainn síos go Dairbre
Dí-fhostaíocht ár gcreachadh tá.
Is iad na lán rith i gcéin

Nár leor péindlithe Shasanacha
Ár sinsear síos sa lathaigh bhrúigh
Nó dhibir siar thar Sionainn iad
Mar dhaoir san imigéin.

Bhí mé ag an gcoirm cheoil seo…..

Aibreán 1987, breis is scór bliain ó shin, bhí sraith choirmeacha ceoil sa Cheoláras Náisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Sheán O Riada, a shaothar cheoil chlasaicigh, a cheol thraidisiúnta agus saothair a sheasann gan lipéad dá laghad ach ‘Éireannach’ – Mise Éire, Saoirse agus san fhíseán seo, The Banks of Sullane, omós don abhain a shníonn trí Chúil Aodha….

Cuairt filíochta agus luaidreáin an luaithreach

Ní fhéadfadh an ghnath dhuine cur síos a dhéanamh ar Chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí aréir (Dé Máirt).  Ghlacfadh sé file chun sin a dhéanamh.    Ar ndóigh ní file mé – cé gur de shliocht filí mé – is iriseoir/ainniseoir mé.     Ach roinnfidh mé mo smaointe ar an ocáid libh ar aon nós.

Ritheann líne ó dhán a scrígh Seán O Riordáin liom agus mé ag meabhrú ar dhraíocht na h-oíche aréir san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Ag tagairt do ar bhean a aithris dán ag an Dáimh Scoil i Múscraí tar éis gur fhreastail sé air, dúirt sé an líne seo: “Ní file an bean, ach filíocht”.

Leis an chaint go léir faoin scamall luaithrigh a d’eisigh an Bolcáin úd san Ioslainn, ba cheart a lua gur eirigh leis na filí agus na ceoltóirí seo teacht thar Shruth na Maoile gan aon dua ró mhór agus bhí oíche bhrea acu i gCorcaigh, i dTabhairne an Long Valley oíche Dé Luain, sara tháinig siad chomh fada le Múscraí. Ar aon nós, bhí fearadh na fáilte rompu chuig Múscraí,Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, na filí, agus Shona Masson is Joy Dunlop, an cheoltóír agus an amhránaí faoi sheach.   Ag cur fáilte rompu bhí Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Peadar O Riada agus Gobnait Ní Chruadhlaoich, maraon le slua brea ón chomharsanacht.

Filí Mhúscraí agus na hAlban ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Bhuirne an tseachtain seo

Idir ceol traidisiúnta nua chumtha agus sean amhráin, dánta ó óg agus sean, poirtíní béil agus jigeannaí, bhí oíche bhrea chultúrtha againn.   Agus fíon dearg is chnóanna ón gcomhlacht áitiúil, Bia Sláintiúil na hÉireann, mar sholáistí, bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá.

Ag deireadh na h-oíche, bhí deoch agus comhrá againn sa Mhuileann agus thugas aghaidh ar an mbóthar abhaile.   Tá na filí anois ar a mbealach ó thuaidh go Baile Atha Cliath agus deirtear liom go mbeidh siad ag tabhairt cuairte ar Charraig Chaisil sara sroicheann siad an Ard Chathair.    Má bhionn deis agat dul ann, ná caill é.    Glanfaidh sé luaidreáin na luaithreach ód’ inchinnn…..

Beidh an chéad fhíseán ón oíche [thuas] ar fáil go luath – is amhlaidh go bhfuil sé uaslódáilte ach tá sé go fóill á phroiseáil.

Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre….

Cór Chúil Aodha fé stiúr Peadar Ó Riada

Tá ceoltóirí ó Mhúscraí ag tabhairt faoi thogra nua chun a gcosa a thabhairt leo ón gcúlú eacnamaíochta.  Comharchumann dhá theangach ceoltóirí atá curtha le cheile acu chun a léiriú don phobal mór conas is fearr teacht le cheile ar mhaithe le constaicí a sharú.

Fhaid is go bhfuil tionscal an cheoil faoi amhras le fás an idirlin, tá an grúpa seo ag iarraidh rud éigean fónta a dhéanamh ina leith.   Tá siad tagtha le cheile agus é i gceist acu a cuid dluth dhioscaí a dháileadh ar fuaid na tíre i siopaí leabhair i ngach baile agus cathair.

De réir Peadar O Riada, urlabhraí an ghrúpa, is tuairim é seo atá an chumas aige go leor a bhaint amach ar son gach éinne atá páirteach sa ghrúpa.    Chomh maith le daileadh na ndluthdhioscaí, beidh suíomh idirlín againn chun ár suíomhanna ar fad a cheangal le cheile agus taifeadtaí ar líne a chraoladh.  “Gan amhras níl gach éinne ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne agus mar sin tá sé tabhachtach le go mbeadh an togra seo inmharthanach go mbeadh na dioscaí á dháileadh sna siopaí.”

Mar is dual do lucht an cheoil, tá an beartas fónta seo á sheol le coirmcheol in Amharclann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha – an Briery Gap – oíche Dé Satharn ar 20ú Márta.   Liosta le h-áireamh iad na ceoltóírí a bheidh ar an ardán ar an oíche sin agus is é Seán  O Sé a bheidh  ina fhear a tí.

Ar na ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa choirmcheol, a bheidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Aonad Leukeamia Oispidéal na Trócaire i gCorcaigh, tá Máire ní Cheocháin Uí Chrualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine agus Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray,  Máire Ní Chéilleachair, Banna Chéilí Ghobnatan (Abbey Ceilí Band), Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton agus Cór Cúil Aodha.

Tá gach cineál ceol ar mhian leat le clos ó na ceoltóirí seo – ceol córach, amhránaíocht ar an sean nós, na gormachaí,  rac cheol traidisiúnta agus ceol nach gcloisfeá in aon áit eile.  Mar sin má tá an deis agat, bí linn ar an 20ú Márta i Maigh Chromtha.  Mura féidir leat bheith ann, bí ag faire amach do Cheol ó Mhúscraí ar an líon is id siopa leabhar áitiúil.

[Is é seo an seoladh le h-aghaidh an suíomh idirlín nua – ach níl sé beo go fóill.    http://www.ceolomhuscrai.net]

Feabhas suntasach i Múscraí i Scéim Labhairt na Gaeilge

Tháinig ardú 33% ar líon na dteaghlach i Múscrai a shaothraigh deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i Múscraí i 2008/9 i gcomparáíd leis an líon teaghlaigh a thuill an deontas sa bhlian roimhe sin, tá sé dearbhaithe.

Foilsíodh torthaí na bliana seo Dé Luain agus is léir ó na torthaí sin go bhfuil breis iarrachtaí á dhéanamh ag teaghlaigh ar fuaid Mhúscraí chun stadas Gaeltachta an cheantair a chaomhnú.

Sa scoilbhliain 2008/9, tugtar le fios go raibh 185 teaghlach a rinne iarratas faoin scéim.  Fuair 100 teaghlach acu san an deontas iomlán agus 48 an deontas laghdaithe  Diultaíodh aon aitheantas do 37 teaghlach.

Cuirtear sin i gcomparáid le 2007/08:

Sa scoil bhliain sin bhí 176 iarratas faoin scéim.   Ceadaíodh deontas iomlán do 74 teaghlach agus fuair 77 teaghlach an deontas laghdaithe.  Mar sin, is cosúil gur eirigh le 29 teaghlach a thuill an deontas laghdaithe an bliain roimhe feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa teaghlach agus gur eirigh leo an deontas iomlán a thuilleamh.

An bliain roimhe, 2006/7, bhí 193 iarratas agus d’eirigh le 76 teaghlach an deontas iomlán a fháil agus 99 a fuair an deontas laghdaithe.  Is léir ó na bhfigiúirí sin go bhfuil líon na dteaghlach a chur isteach ar an deontas réasúnta seasta – idir 176 agus 193 – ach an rud is súntasaí atá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas laghdaithe ag titim agus an líon a fhaigheann an deontas iomlán ag méadú dá réir.      Tá líon na ndiultú ag méadú ó bhliain go bliain freisin, rud a thugann le fios, b’fhéidir, go bhfuil feabhas leanúnach ag titim amach.  Is é sin go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ó dhiultú go deontas laghdaithe go deontas iomlán agus go bhfuil feabhas céimiúil ag titim amach.

Seo stracfhéachaint ar an mhór phictiúr:  Conas mar atá an Ghaeltacht i Múscraí tar éis feabhsú a dhéanamh idir 2006/7-agus 2008/9.   An cheist ná seo: an leanfaidh an fheabhas seo?   Agus, ceist níos mó, an teist é Scéim Labhairt na Gaeilge ar féidir brath air mar léargas ar shláinte Ghaeltachta?

Ceisteanna eile ar fiú a chur:  Cén fath go bhfuil an feabhas seo ag titim amach i Múscraí agus creimeadh ar úsáid na Gaeilge ag titim amach i gceantaracha láidre Gaeltachta, leithéidí An Ghaillimh?

Creidim féin go bhfuil feabhas leanúnach ag tarlú i Múscraí de bharr feabhas na scoileanna sa cheantar agus diogras na dteaghlach agus gur spreagadh iad chun na duthrachta breise, b’fhéidir, de bharr an méid phoiblíocht a tugadh do scéalta uafáis faoin mbealach go bhféadfaí stadas Gaeltachta a chailliúint de bharr na moltaí éagsúla i dtuarascálacha ar nós an Staidéar Chuimsitheach Teanga-eolaíoch agus eile faoi chatargóirí A,B,C.     Deirim b’fhéidir mar nach féidir fás thar oíche den scála seo a cheangal go simplíoch le tosca amháin.   Dá mbeadh sé amhlaidh, b’fhiú an bhata seachas an chairéad a úsáid i ngach Gaeltacht.

Tá scéimeanna anseo i Múscraí – leithéidí Aisling Gheal, scéim amhránaíochta do dhaoine óga – agus suim ar leith i gcúrsaí chultúr atá ag cuidiú go mór le suim a mhúscailt sa teanga.  Cheapfá go raibh labhairt na teanga tanaisteach don Chultúr – ach is mar sin fearr é, sé sin go mbionn an Ghaeilge á labhairt go nadúrtha le linn imeachtaí eile bheith ag titim amach.     Ní bhaineann sé leis an deontas nó tacaíocht airgid, dar liom, cé nach feidir liom é sin a chur as an áireamh, ach baineann sé le saibhreas de chineál eile, aitheantas agus tuiscint an phobail go bhfuil saibhreas sa chultúr ina bhfuil siad préamhaithe agus gur cuid larnach den chultúr sin an teanga.

Sna scoileanna tá spiorad ar leith le tabhairt faoi ndeara, suim i ndramaí agus i gceol, suim i gcluichí Gaelacha agus cloistear an Ghaeilge á labhairt.  An oiread is aon Ghaeltacht eile, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil suim ag páistí óga i gcluichí ar nós an Wii agus an Playstation agus nach labhrann siad Bhéarla go nadúrtha ina measc féin chomh maith leis an Ghaeilge.   Ach tá níos mó deiseanna acu an Ghaeilge a úsáid agus tá na deiseanna sin taithneamhach.   Mar sin ní ualach orthu an teanga.

Go pearsanta, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeltachta nó is féidir na figiúirí a úsáid chun meath na Gaeilge sa Ghaeltacht a léiriú os comhair an tsaoil agus b’fhéidir go bhfuil toscaí eile nach dtuigimíd san imirt anseo – mar shampla dá ndúnfadh comhlacht mhór i nGaeltacht áirithe agus dá mbeadh ar go leor teaghlaigh bogadh chun teacht ar fhostaíocht, d’imreodh sin tionchar ar na figiúirí seo.    An gciallódh sé go raibh an Ghaeltacht níos laige?  Gan amhras. Ach ba chuinsí seachas neamhshuim a bheadh ar chúl na meithe sin.

Is suimiúil iad na ceisteanna atá le cur de bharr seo….beidh tuilleadh faoi seo agam ar ball.

Scéim Labhairt na Gaeilge

An mbionn tú ag ‘cúl éisteacht’ le RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Ag éisteacht dom le ‘Iris Aniar’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar maidin chuala mé agallamh le Leas Cheannasaí an staisiúin, Dónal O Braonáin agus é ag déanamh cur síos ar shuirbhé phríobháideach a rinne an staisiún coimisiúnú air chun líon agus spéis na n-éisteoirí a mheas. 

Ar chúis nár rinneadh ró shoileir le linn an agallaimh, ní chuirtear RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh le linn suirbhéanna éisteoirí an JNLR.   Ait liom an méid sin os rud é, má tá figiúiri an tsuirbhé le creidmheáil agus caithfear glacadh leis, is dócha, gur suirbhé neamhspleach a dhothain é in ainneoin gurb é RTÉ RnaG atá á choimsiúnú agus á fhoilsiú, tá sciar mhór den lucht éisteachta ag RTÉ RnaG i gceantair Ghaeltachta áirithe. 

Tabhair faoi ndeara nár deineadh an suirbhé seo, is cosúil, ach i gceantair Ghaeltachta.  Agus nior deineadh i ngach ceantar Ghaeltachta é ach an oiread.  Tá sé amhail is go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin, gan imeacht i gcomhairle le duine ar bith, gan pobail sna Gaeltachtaí beaga, leithéidí An Rinn, Rath Chairn, Múscraí agus Oileán Cléire a chur san áireamh.   

Má táím ag déanamh éagóir ar Raidió na Gaeltachta, maith dhom é.  Chuala mé an tUas.  O Braonáin ag rá go sonrach gur deineadh an suirbhé sna mór cheantair Gaeltachta, Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill. 

Ní raibh a fhios agam go raibh teorainneacha na Gaeltachta gearrtha theana féin – is cosúil gur tharla sé i nganfhios dúinn go léir. 

Ar ndóigh, ní ceist Gaeltachta amháin é seo.  Má ghlacaimíd leis an méid a deir an tUas. O Braonáin mar admháil nach bhfuil RTÉ RnaG ach in ainm is riar a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta – pobal Ghaeltachtaí ar leith is é sin le rá nach bhfuil aon riar ceart á dhéanamh ar na céadta, na mílte chainteoirí Ghaeilge  ar fuaid na tíre atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.    Ar a laghad, is féidir a rá gur cuma sa tsioc le bainistíocht Raidió na Gaeltachta cad é barúil na ndaoine seo, a n-eisteoirí, faoin seirbhís a bhfaigheann siad ó RnaG. 

Tá sé in am, agus thar am, go mbeadh riar mar is ceart á dhéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta ar éisteoirí Ghaeilge na tíre ina iomlán agus bíodh is gur sciar bheag den phobal éisteachta sin pobal na Gaeltachta, níl sé maith a dhothain, dar liom, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú amhail is gur staisiún áitiúil é sna mór cheantair Gaeltachta seachas bheith ina staisiún náisiúnta Ghaeilge. 

Léiríonn gach suirbhé dá bhfuil á dhéanamh – fiú an Daonáireamh féin – go bhfuil furmhór na nGaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mar sin ba cheart go mbeadh riar níos fearr á dhéanamh orthu le cláracha cúrsaí reatha, cláracha ceoil, cláracha siamsaíochta is eile. 

Molaimse an Raidió as an méid atá déanta acu ó 1973 i leith.  Ach anois creidim go gcaithfidh an Raidió an cur chuige a athrú – sin nó caithfidh an Rialtas dul i gcomhar le RTÉ agus staisiún raidió Ghaeilge don náisiún ar fad a bhunú, cothrom Raidió 1 ach i nGaeilge.   Tuigtear an méid seo, má tá tusa id chónaí i gceantar nach ceantar Gaeltachta é, tá tú i dteideal an oiread is an áitritheoir Gaeltachta, seirbhis craoltóireachta i dteanga oifigiúil na tíre atá ag déanamh riar ort seachas tú bheith curtha san áireamh mar chúl éisteoir ar sheirbhís atá ag ioc as go daor ód cheadúnas teilifíse! 

An bhfuilim mí réasúnta san éileamh sin?