As John Bowman proved, current affairs programming is essential to Irish life, writes NOEL WHELAN .
Ní minic a aontaím le Noel Whelan, an trachtaire chúrsaí reatha a bhionn le clos agus le feiscint go mion is go minic ar RTÉ, ach aontaím leis an méid sin atá scríofa aige in alt inniu san Irish Times.
Tá cláracha chúrsaí reatha tabhachtach i saol na hÉireann, dar leis agus é ag scríobh omós de chineál éigean do Questions and Answers, a tháinig chun deiridh an tseachtain seo tar éis do bheith ag craoladh le breis is scór bliain.
Ach, is cosúil, nach bhfuil siad tabhachtach i saol na Gaeilge nó is beag an riar atá á dhéanamh ag craoltóir Ghaeilge ar bith do Chúrsaí Reatha. Anois, le h-imeacht Foinse sna sála ar Lá Nua, agus Comhar gan cuisle, is beag an riar atá á dhéanamh ar an ghoile le h-aghaidh cúrsaí reatha i nGaeilge.
Seo sean phort dem chuid. Is dócha go bhfuil sibh bréan de. Ar maidin inniu, an chéad Satharn gan Foinse, tá go leor údair éadochais ag pobal na Gaeilge.
Ach tá údar dóchais ann freisin. An oiread is go bhfuil na craoltóirí stát urraithe – RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, RTÉ – ag teip maidir le cúrsaí reatha, tá Nuacht 24 i mBéal Feirste ar tháirseach tús a chur le ré nua don iriseoireacht Ghaeilge ar an oileán seo.
Ar ndóigh rinne siad sin roimhe. Agus Lá Nua ar tí bás a fháil, bhunaigh Eoghan Ó Néill agus a fhoireann óg uaillmhianach An Druma Mór agus Nuacht 24.
Anois is é Nuacht 24 atá ag iompar lochrann iriseoireacht na Gaeilge. Go fóill, mothaím gur beag an chreidiúint atá tugtha dóibh as ucht sin nó ba mhiorúilt é nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú faoi láthair, ba mhiorúilt anuas ar sin é a fhoilsiú gan deontas d’aon tsort agus é beo ar dhuthracht is ar dheamhéin na foirne is lucht tacaíochta atá ag dul i líonmhaire go mall ach go cinnte, más aon tomhas é líon na bhfógraí in eagrán na seachtaine seo.
Maidir leis an easpa creidiúna: Agus an bhéim faoi láthair ar bhás Foinse, bhí go leor cainte ann faoin ‘nuachtán dheireannach’ Ghaeilge a bheith imithe, bhí alt ag iar eagarthóir Foinse san Irish Times an tseachtain seo ar thosnaigh leis an abairt seo:
ÓN DEIREADH seachtaine seo caite níl fostaithe go buan sa Stát seo ach iriseoir cló Gaeilge gairmiúil amháin – Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin seo.
Sa chéad dul síos, ní aithníonn an abairt sin gairmiúlacht muintir Nuacht 24. Níl siad ag fáil íocaíocht as a gcuid oibre – ach ní h-ionann siad nach bhfuil siad gairmiúil. Tá gairmiúlacht agus snás ag baint le h-obair Nuacht 24 cinnte agus dhéarfainn gurb é foireann Nuacht 24 an fhoireann is gairmiúla, b’fhearr liom is éifeachtaí, a d’oibrigh ar aon meán chló Ghaeilge riamh. Agus deirim sin agus mé ag cur mo chuid oibre féin agus na foirne a bhí sé de phribhléid agam obair ina dteannta san áireamh. Tá Nuacht 24 i dtiúin leis an aimsir thar mar a bhí aon seirbhís/nuachtán chló Ghaeilge eile roimhe. Léiríonn sé go bhfuilimíd ag déanamh dul chun cinn agus nach bhfuilimíd siocaithe san aimsir chaite.
Scríobhadh an abairt sin thuas fiú is go raibh a fhios ag Seán Tadhg Ó Gairbhí go raibh blás bréagach leis. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge, níl an chriochdheighilt abharach cé go dtuigim cén fath go mbeadh meoin aigne iar eagarthóra Foinse go fóill srianta ag an meoin aigne seo. Nó nach é sin an t-aon dea rud atá le baint as bunú Fhoras na Gaeilge mar chuid d’fhoras teanga uile Éireann? Bíodh is nach institiúid foirfe an Fhoras – agus nach mise atá carthannach! – is ar bhonn uile Eireann ar cheart a bheith ag déanamh riar ar an nGaeilge.
Bhí Foinse beo ar an gcriochdheighilt. Gan an chriochdheighilt ní bheadh sé tagtha ar an saol fiú. Roghnaigh Bórd na Gaeilge iarratas Mhoinéar Teoranta thar iarratas Lá, a bhíodh ag foilsiú go seachtainiúil i 1996, agus b’é an údar ba mhó lena rogha, dar liom, go raibh Moinéar Teo chun an nuachtán a bhí siad ag moladh a lonnú sa Ghaeltacht agus go raibh Lá bunaithe ó thuaidh agus nár mhaith leo airgead an ‘Stáit’ a chur as an Stát fiú is go mbeadh luach níos fearr le fáil ar an airgead ó thuaidh nó ó dheas.
I gcaitheamh na mblianta, bheathaigh an criochdheighilt céanna Foinse go maith le h-ais Lá agus Lá Nua. Mar a dúirt Pádraig Ó Céidigh agus é ag fógairt bhás an nuachtáin ar TG4, costas €1m in aghaidh na bliana a bhí air an nuachtán a fhoilsiú. Fuair Moinéar Teo €300,000 ó Fhoras na Gaeilge agus fograíocht ó na h-údaráis arbh fhiú €750,000 air.
Ní le Foinse a cháineadh atáim ach le féachaint anois ar an dtírdhreach agus cad tá romhainn.
Bhí litir san Irish Times inné agus é sínithe ag go leor de mhaithe agus de mhór uaisle na Gaeilge. Ainmneacha na nGaeil Móra ón deisceart is mó a bhí le braistint ann – ach bhí a n-achainí iar bháis ró mhall do Foinse.
Nior aithníodh sa litir gurbh ann dó An Druma Mór/Nuacht 24 agus deineadh beag den obair atá á dhéanamh ar an idirlíon.
A chara, – We wish to add our voices to the others which have deplored the closure of the weekly Irish language newspaper, Foinse.
It was an invaluable source of information, opinion and linguistic refreshment for those of us who wish to keep the Irish-speaking part of our reading brains active in a sea of English language print media.
Where else will the voices of the talented team of journalists and columnists employed by Foinse reach their audience? How else will the community of interest which straddles Gaeltacht and non-Irish speaking areas of the island read each others’ stories in print?
Where will the young school-going readers of Foinse go for the invaluable assistance they’ve had for their Junior and Leaving Cert Irish exams? A linguistic community that does not have regular access to printed material is the weaker for its absence.
Of course speakers of Irish listen to radio, watch TV and use the internet, Facebook, Twitter and so on, just as English speakers do.
But a tangible piece of print like a weekly newspaper helps to enrich our knowledge of the written language, while keeping us well informed. The closing of Foinse is a loss for journalism in Ireland. It is well documented by those who have researched the area of language revival that a journalistic forum is central to creating a living language, a forum which is now coming of age after 100 years of national Irish language newspapers.
We appeal to all parties involved and to those who have the power to intervene to revisit the decision and to search for new ways of supporting this valuable resource.
– Is sinne le meas, DOIREANN NÍ BHRIAIN, FIACH MAC CONGHAIL, ÁINE UÍ CHEALLAIGH, LIAM Ó DOCHARTAIGH, MÁIRE NÍ NEACHTAIN, Dr REGINA UÍ CHOLLATÁIN, DERMOT McLAUGHLIN, PIARAS Mac ÉINRÍ, PADDY BUSHE, FIONA De BUIS, PETER SIRR, SEÁN Ó LAOIRE, NEASA NÍ CHINNÉIDE, CATHAL PÓIRTÉIR, CEARBHALL O SIOCHÁIN, FACHTNA Ó DRISCEOIL, BRIAN Ó DÁLAIGH, MURT Ó SÉAGDHA, DIARMUID P. BREATHNACH, EOIN C. BAIRÉAD, ORLA Mhic ATHLAOICH MÍCHEÁL Mac ATHLAOICH
c/o Palmerston Court,
Rathmines,
Cuid de na daoine a shínigh an litir, bionn siad ag obair le RTÉ, an craoltóir céanna atá tar éis cliseadh go h-iomlán ar a dhualgaisí reachtúla i leith na Gaeilge. An peaca is mó orthu san go bhfuil an craoltóír ag séanadh ‘fóram náisiúnta’ ar lucht na Gaeilge.
Tugaim faoi ndeara na tagairtí atá sa litir seo ‘in print’ agus ‘tangible’. Tá daoine ann den tuairim gur cheart cloí leis an sean mhúnla fiú is go bhfuil sé cruthaithe nach n-oibríonn sé. Dá mbeadh an dream a chuir a n-ainmneacha leis an litir seo sásta an nuachtán nua seo a bhunú iad féin, beart a dhéanamh de réir briathar, bheadh níos mó measa agam orthu.
Ag an am seo, tuigtear nó tá sé ráite, go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú chun comórtas eile a fhógairt. Ceapann an Fhoras, is cosúil, go bhfuil dreamanna eile amuigh ansan sásta tabhairt faoin obair seo. B’fheidir go gcuirfidh Ó Céidigh isteach ar an gcomórtas arís ag súil go mbeidh tairiscint níos fearr ann an dara uair de bharr brú ón bpobal. Bhuel, má tá sé ag brath ar chúpla litir san Irish Times ó na maithe is mór uaisle an taoide a athrú ar a shon trath go bhfuil an tóin ag titim as an ngeilleagar, tá dul amú air. I bhfianaise na cainte atá déanta faoi mholtaí Bórd Snip, agus trácht ann faoi dhúnadh nó ‘athmhunlú’ Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Uí Chuív, ní feidir brath ar an gcriochdheighilt fiú le h-aghaidh an slánú.
Gan amhras, dá mbeadh ciall ag an bhForas, lorgóidís cruinniú le Nuacht 24 agus dhéanfaidís socrú leis an nuachtán sin fógraí rialta a fhoilsiú sa nuachtán sin chun a thodhchaí a chinntiú. Ní gá comórtas phoiblí chuige seo agus d’fhéadfaí tacaíocht substaintiúil a threorú chuig an nuachtán sa tslí sin. Cuimhnigh gur thug Foras na Gaeilge €65,000 don Sunday Indo anuraidh chun CD a scaipeadh – agus an raibh comórtas phoiblí ann don obair seo? Ní raibh ná baol air.
Go fóill ní fhaca mé fogra ó Fhoras na Gaeilge i Nuacht 24. Anois tá athrú ar an scéal nó, in eagrán na seachtaine seo de Nuacht 24, d’fhograíodh gurb é Nuacht 24 an t-aon iarratas atá fagtha sa chomórtas le h-aghaidh an conradh do sheirbhís nuachta ar líne fhísiúil a bhí á reachtáil ag an gCiste Craoltóireachta.
In áit cloí leis an gcur-chuige criochdheighilteach amaideach agus mí éifeachtach a chloígh siad leis i gcaitheamh na mblianta, agus a theip orthu arís is arís eile (de bharr laigí an Fhorais), ba cheart dul i bpáirt le Nuacht 24, an t-aon imreoir atá fagtha ar an mbloc, an imreoir amháin a léirigh inmharthanacht i gcaitheamh na mblianta agus é faoi éide Lá/Lá Nua roimhe seo. Ní h-amháin sin – ach is acu atá seilbh na liathróide….
Níl sé ciallmhar ag an bpointe seo cloí leis an múnla cló. Tá comhreiteach aimsithe ag Nuacht 24 atá sasúil domsa – agus a bhí á mholadh agam do Lá Nua roimhe seo, go mbeadh leagan cló á sheoladh sa phost do dhaoine ar mhaith leo an nuachtán a bhraistint ina lámha. Sasaíonn an eagrán cló sin riachtanas na scoláirí a bhí ag fáil Foinse agus Lá Nua tríd an phost roimhe seo fiú.
In áit leagan costas leagan chló a iompar, bheadh sé níos saoire don Fhoras deontas 50% a chur ar fáil do leitheoirí nuachtáin Ghaeilge chun gléas ar nós an Kindle a cheannach chun go mbeadh siad ábalta é a iompar is a bhreith leo.
Ní gá gurb é seo an reiteach – nílim ach ag iarraidh tuairimí nua a chur ós bhúr gcomhair agus bhúr mbarúlacha a aimsiú.
Tá sé in am tabhairt faoin dúshlán seo i gceart. Bheadh sé go deas mar athrú!