Cartlanna Clibe: Raidió Fáílte

Sabhal Mór Ostaigh agus An Nasc

Ionad Nua an Chultúir ag Sabhal Mor Ostaigh -Fas

Tugaim faoi ndeara go bhfuil mo shean chara, Máirtín  O Muilleoir, ar thuras lena chomhleacaithe ó Chiste Infhéistíochta na Gaeilge ar Shabhal Mór Ostaigh ar Oileán Sgiathánach sna  hOileáin Thiar.  Is fiú a rá go bhfuil an buíon infhéisteoirí imithe ar an dturas ar a gcostas féin – rud a léiríonn dearcadh nua ón gcur chuige a bhionn i réim de ghnath ar ‘quangoes’ ó thuaidh is ó dheas.  Tá siad ann chun léargas a fháil ar an slí ar eirigh leis an ionad ceeannródach seo an fhás agus an  fhorbairt atá déanta a dhéanamh.  Anois aithnítear Sabhal Mór Ostaigh mar an phríomh ionad léinn is cultúir  is teicneolaíochta do Ghaeil sna h-oileáin seo.

Nuair a leandáileas i mBéal Feirste geall leis ceithre bhliain deag ó shin, ceapadh mé ar bhórd Fhorbairt Feirste agus bhí láímh agam i bhforbairt togra bunaithe ar Shabhail Mhór Ostaigh, an Nasc, ionad ina mbeadh fiontarlann, chun gnólachtaí nua a spreagadh agus a áisiú, is scéal-lann, ina mbeadh scileanna scéalaíochta ag baint úsáide as an nua theiceneolaíocht idir scannánaíocht, teilifís, raidió is eile, á mhúineadh don aos óg agus a bheadh ina cheanncheathrú do thionsal chlos-amhairc an Tuaiscirt.

Thugamar cúpla turas orainn féin, turas amháin ó dheas go Gaillimh is Luimneach, chun taighde a dhéanamh ar an bhfiontar agus d’oibríomar ar roinnt roghanna chun suíomh oiriúnach a aimsiú.  Sa deireadh níor tháinig an mhaoiniú chun an togra go léir a chur i bhfeidhm agus níor fhorbraíodh ach an ‘Fiontarlann’ is roinnt oifigi san Nasc, foirgneamh atá suite ar Bhóthar na bhFal.  Is ceann cheathrú Forbairt Feirste é seo anois agus is cinnte go bhfuil go leor oibre fiúntach déanta ag an eagras, go h-áirithe agus é faoi stiur Jake Mac Siacais, le blianta beaga anuas.

An rud ar moladh an chuid is mó de scór bliain ó shin anois, is é sin an rud, go bunasach, atá ag teastáil go fóíll.  Idir an dhá linn tá go leor oibre déanta chun an toirt chriticiúil a chur in áit le go mbainfí usáid fónta as an ionad seo – bunú Raidió Fáilte agus Nuacht 24 sa chéad dul síos.

Agus níl aon ghá foirgneamh nua a aimsiú.  Ar chúl na Cultúrlainne, tá foirgneamh an Springfield Charitable Association agus ba cheart é seo a cheannach laithreach, ar phraghas réasúnta agus é a fhorbairt mar an ‘Scéalann’.   Is é an Chultúrlann an áit nádúrtha don fhorbairt seo agus má chuirtear in áít é gan ró mhoill, beidh rath ar an dtionscnamh, creidim.

Thóg mé roinnt ceisteanna faoin Chiste seo mar níor thuigeas, nó ní thuigim go fóill, cén fath gur bunaíodh é go rúnda, gan aon phroiseas phoiblí chun baill an choiste a cheapadh, go h-airithe i bhfianaise go raibh deontas £8bn d’airgead phoiblí á fháil ag an gciste.     Tá cuid de na ceisteanna sin gan freagra go fóill cé gur aimsigh Danny Browne ar shon Gaelscéal ainmneacha bhallraíocht an Choiste do Ghaelscéal, tar éis gur chuireas an cheist anseo.

É sin ráite, ní mór bogadh ar aghaidh agus an spotsholas a fhágaint ar an gCiste le cinntiú go gníomhaíonn sé gan ró mhoill le beartas a léireoidh go bhfuil ré nua i bhfeidhm ó thuaidh ó thaobh cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge de, mar a mhaíonn Mairtín ar a bhlag:

This is a fortuitous time to visit Samhal Mor Ostaig as we enter a new era of Irish language protection and promotion in the North of Ireland and the advent of the new £8m Irish Language Investment Fund (whose members are here, at their own cost, on a fact-finding mission) but here’s a sobering thought: one building at Samhal Mor Ostaig, the Fas building cost as much as our entire kitty, £8m.

An bhfuil ré nua ann, i bhfírinne?  Níl a fhios agam.   Creidim go leireodh cinneadh infheistiocht i dtionscnamh ar nós ‘An Scéalann’ mar atá molta agamsa go raibh tús leis.   Mar a deir Mairtín, ní mór an méid é £8m – ach, níl anseo ach an chuid is lú den infheistíocht.  Is iad pobal Ghaelach Bhéal Feirste, i gcaitheamh na mblianta, ceannródaithe Bhóthair Seoighe is na Cultúrlainne is Lá/Lá Nua (nach maireann) is Raidió Fáílte is Aisling Ghéar is Gaeloiliúint(nach maireann) is Chumainn Chluain Aird a dhein an infheistiú ar fad go dtí seo. Na milliún uaireannta chloig oibre tugtha go deonach, saothar nach bhfiuil saibhreas ann chun an obair seo a chúiteamh, an infheistíocht sin.

Raidió Fáilte ar an ngearr liosta

Ní raibh mé ann nuair a tháinig Raidió Fáilte, staisiún raidió phobal Ghaeilge Bheal Feirste, ar an aer den chéad uair sna 80aí – ach bhí mé ann nuair a athosnaíódh é i 2005. Bhí sé mar phribhléid agam bheith ag craoladh cláir oíche ann ar feadh i bhfad agus go deimhin bhíodh corr chlár agam le linn an lae freisin.

Ní fúmsa an scéal seo, áfach, ach faoi laochra is cheannródaithe ar nós Gearóid O Cairealláin, Eoghan O Néill, Fearghas O hIr, Maire Ní Fhionnachtaigh, Marcus O Cinnéide, Ciarán O Pronntaigh agus go leor eile – glúin nua ar fad atá tagtha in aibiocht ar an staisiún ó fhagas Bhéal Feirste.

Nuair a thosnaigh an staisiún bhí sé ag craoladh gan cheadúnas. Is cuimhin liom Gradam Aislinge a bhronnadh ar an staisiún bliain amháin (bhí ormsa seasamh isteach sa bhearna a d’fhag Brain Cowen, Aire Ghnóthaí Eachtracha na linne, nuair a thuig sé go mbeadh air gradam a bhronnadh ar staisiún a raibh ag craoladh gan cheadúnas ag an am.

Cé h-iad na Sasanaigh chun ceadúnas a thabhairt d’Éireannaigh bheith ag craoladh ar na aerthonta in Éirinn?

Ach seo sceal.  Tá an staisiún bradach – mar a bhí – anois luaite ar ghearrliosta ‘Staisiún na Biiana’ ag Féile na Meáin Cheilteacha.  Idir iad agus buaiteoir na bliana seo chaite, Raidió na Gaeltachta, BBC Raidió Cymru, BBC Radio Wales, BBC Raidio nan nGaedhal, BBC Radio Scotland atá an craobh seo.

Bronnfar an gradam agus gradaim eile ag an bhFéile a bheidh á reachtáil in Iúr Chinn Trá i mí Aibreán.

Tuigtear dom go bhfuil aighneacht seolta ag Raidió Fáílte chuig OfCom, Rialtóir Craolacháin na Breataine, ag cur an cháis ar son Staisiún Raidió do Phobal Ghaeilge na Sé Chontae.  Ba cheart go leireodh an ainmniúchán seo go bhfuil an cúram sin go maith taobh istigh de chumas Raidió Fáilte.

Ait go leor, nuair a labhair mé le Fearghas O hIr ar maidin, ní raibh an scéal faoi ainmniúchán a staisiún cloiste aige.   Is amhlaidh go bhfuil sé ró ghnóthach ag beartú chun tosaigh le pleananna uaillmhianacha eile.

Dá mbeadh raidió phobail mar seo ag gach pobal Gaelach sa tír, ní fada go mbeadh réabhlóid teanga againn sa tír ar fad.

Comhghairdeas freisin le Ronán Mac Aodha Bhuí as an ainmniúchán atá faighte aige le h-aghaidh an gradam do Laithreoir Raidio na Bliana.

Ronan Mac Aodha Bhuí

Ag éisteacht le Raidió Fáilte….i Múscraí

iPhone

Ní gá céim dochtúireachta sa teicneolaíochta le h-éisteacht le Raidió Fáilte ar an riomhaire, os rud é go bhfuil sé ar fáil ar an idirlíon, ach chuaigh mé céim níos faide chun tosaigh trathnóna inniu.

Nó tá sé anois agam ar an iPhone, a bhuí don chlár feidhme, Wunderradio.   Anois is féidir liom an iPhone a cheangal le mo raidió agus má roghnaím ‘Aux’ ar an raidió, craolann sé cláracha Raidió Fáílte go beo beathach sa chistin.   Más maith liom anois, beidh mé ábalta dul amach ag rothaíocht ar ball agus éisteacht leis an staisiún agus mé ag gluaiseacht chomh fada agus go bhfuil comhartha maith agam don fón féin.

Faoi láthair, tá Glen Philips agus Aoife McAteer i mbun na ndioscana agus díreach soicind ó shin bhí Fergus O hEithir ag ceol ‘Victor Jara’, amhrán brea á chanadh le croí ag an bhfonnadóir is an amhránaí úd, stiurthóir an staisiúin.

Is é Raidió Fáilte an dea shampla ó thaobh staisiúin raidió atá ag déanamh riar ar phobal ar leith – agus cé go bhfuilim ag éisteacht leis anseo i gCúil Aodha, Shane McGowan anois ag ceol ‘The Auld Triangle’, tá a fhios agam gur ag cúl éisteacht atáim nó is ar phobal Bhéal Feirste is na sé contae atá sé dírithe.    Ag an tús, áfach, bhí sé ag craoladh ar an idirlíon agus anois tá sé, a bhuí don teicneolaíocht, ag craoladh go beo beathach breis is trí chéad míle ón chrann chraoltóireacht atá á chraoladh ar bhruach Loch Lao, ar fáil ar mo raidió chistineach.

Tá Raidió na Life agus Raidió Rí Rá ar fáil ar an gcóras céanna.  Níl ann ach an tús.   Cá fhad go mbeidh staisiún raidió idirlín ann i Múscraí?  Nó sa Rinn?  Nó in iliomad pobail Gaelacha eile?   Cá fhad go mbeidh na staisiúin seo ábalta teacht le cheile chun ceadúnas le h-aghaidh seirbhís comhthaite náisiunta i nGaeilge a lorg ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann.  (Ní gá, fhaid is atá an seirbhís ar an idirlíon, ach bheadh sé ina bhuntáíste, faoi láthair.)

B’fhéidir gurb é sin an spreagadh a bheidh ag teastáil ó shaoistí RTÉ agus RTÉ RnaG eirí as  bheith ag déanamh neamh íontas de phobal Ghaeilge na tíre ina iomláíne seachas na pócaí beaga i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCiarraí atá tús áite á thabhairt acu doibh?

Uasghnéasú na Gaeilge?

teanga

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleofá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Tugann an ghné alt sa Sunday Tribune ábhar machnaimh dom. San alt deirtear go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail agus maítear gur de bharr go bhfeictear anois go bhfuil an teanga á shealbhú ag an dream ghairmiúil, go h-áirithe iad san sna meáin Ghaeilge.

Tá ceangal á dhéanamh san alt seo idir uasghnéasú seo na Gaeilge – ní fheadar cad a cheapann sibh faoi mo leagan Ghaeilge de ‘sexing-up’? – agus chomh feiceálach is atá an Ghaeilge anois de bharr go bhfuil pearsaí i TG4/iar TG4-TnaG agus daoine aille eile á úsáid – leithéidí Dáithí Ó Sé, Gráinne Seoighe, Blathnaid Ní Chofaigh agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin atá luaite in alt Úna Mullally.

Tá barúil agam go bhfuil caint mar seo cosúil leis an chaint ann cheol thraidisiúnta tar éis chéad léiriú Riverdance – sé sin le rá nár thuig daoine go raibh ceol agus rínce traidisiúnta gnéasúil go bhfaca siad Michael Flatley agus na stumpaí breatha a bhí in éineacht leis ar an dteilifís.

Anois, de bharr go bhfuil leithéidí na réaltaí ghnéasúil thuas luaite ag labhairt na Gaeilge agus cuid acu beo ar an dteanga, tá an teanga gnéasúil arís agus de bharr sin tá ailt mar seo sna meáin. Creidim go bhfuil abhairín den aicíd sin ‘spin’ i gceist anseo agus feicim láimh an chomhlachta chaidreamh phoiblí, Stillwater, ann – agus ní droch rud amach is amach an méid sin. Luaitear duine de phríomhaithe Stillwater san alt – Natasha Fennell – agus tá blas leataobhach is easnamhach san alt fiú má tá sé ag dul sa treo ceart. Agus luaitear go sonrach Gradaim Cumarsáide an Oireachtais san alt agus bhí páirt lárnach ag an gcomhlacht le h-eagar is poibliú na Gradaim agus sílim gur toradh an alt seo ar an obair phoiblíochta a bhí ar bun ag Stillwater faoi na Gradaim seo.

atasha Fennell is a communications adviser with Stillwater, a company that works with Irish language organisations. “What has happened in this sector [Irish media] is that it has been completely professionalised,” Fennell says. “Public sentiment towards the language has changed – the Irish language has managed to turn a corner from being quite nasty to being fashionable. That shift has been made.”

Fennell believes that a dominant presence in Irish media of fluent Irish speakers has played a huge part in changing the way the public perceives the advantages of learning Irish. “They are role models,” she says of the nominees in the Irish Language Media Awards. “Because of them, people have started to see the value of what Irish can bring you. And it’s about confidence. They have instilled confidence in young people to use the language and be proud of it.”

Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh an ghné ghnéasúil sin ag baint leis an Ghaeilge. Is tosca é sin a chuideoidh le fás phobal labhartha na Gaeilge amach anseo, chomh fada agus go mbeidh réaltaí nua ag teacht chun tosaigh agus ag úsáid na Gaeilge.

Is dócha nár cheart iontas a bheith orainn agus sinn ag léamh ailt cosúil le seo go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i dtuiscint agus i léargas an iriseora.

Dá gcuirfí ceist ormsa faoi na ghnéithe is forásaí agus is gnéasúla i saol na Gaeilge, ní bhéinn ag caint ar Dháithí Ó Sé (quelle surprise? Cé go dtuigim go dtaithníonn Dáithí le roinnt nó na mná thuasluaite, cé nach bhfuil amhras orm ach go bhfuil siad ‘gnéasúil’).

Mar atá ráite agam go minic is iad na fiontair agus na daoine is ‘gnéasúla’ i saol na Gaeilge iad san atá ag saothrú le tionscnaimh ar nós ‘nós*‘, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, An Druma Mór/Nuacht 24, Blas an BBC ó thuaidh, lucht an Chonartha agus tionscnaimh ar nós Ceol 09, fiontair ar nós Gaelchultúr (ranganna Ghaeilge) agus Comhluadar/Baile, agus, gan amhras, an pobal Ghaelach ar an líon, ó Shéamus Poncán go Tadhg Mac Dhonnagáin go iGaeilge is eile. I gcásanna áirithe, nílim cinnte an é ‘gnéasúil’ an focal ceart….

An rud a thugaim faoi ndeara faoi na daoine/fiontair atá luaite agam go bhfuil siad ‘gairmiúil’ maith go leor ach nach an t-airgead an rud is tabhachtaí leo – is é an obair an rud is tabhachtaí agus toradh a saothar agus an slí a théann siad i bhfeidhm ar an bpobal, ar phobal na Gaeilge ar dtúis agus, ina dhiaidh sin, ar sciar den phobal mhór, sciar atá ag fás.

Tá cuma ghairmiúil ag an obair – ach is grá agus diograis na gnéithe is tabhachtaí ann, seachas airgead. Tá sé go maith go bhfuil altanna mar seo sa Sunday Tribune agus sna meáin Bhéarla ó am go chéile – an rud is annamh is iontach – agus fiú go bhfuil an chreidiúint ag dul don dream is lú atá sé tuillte acu, i gcead doibh agus gan dímheas orthu a deirim san, is cinnte nach mbeadh altanna mar seo ann ach an obair ceannródach atá ar bun ag faobhar nua na Gaeilge.

Ní fheadar cad a cheapfadh Ó Riordáin faoin chasadh seo ar a línte chlúiteach óna dhán, Saoirse (féach thúas).

Dá labhródh bean ghnéasúil thú,nach gnéasófaí do ghuth

Gach seans nach mbeadh morán measa aige ar a leithéid…….cad a cheapann sibh?

Scúp Raidió Fáilte – agallamh le hIan Paisley….

Caoimhe Ni Chathail, Raidió Fáilte agus An Druma Mór

Caoimhe Ní Chathail, Raidió Fáílte agus An Druma Mór

 

Tá rud éigean déanta ag Raidio Fáílte inniu nár eirigh le h-aon craoltóir Ghaeilge eile a dhéanamh roimhe seo – agus tá ard mholadh ag dul don tuairisceoir óg, Caoimhe Ní Chathail, ar eirigh lei é a dhéanamh. 

Agallamh le Ian Paisley a ghnóthaigh Caoimhe lena muinéal práis agus, ní foláir, croí cróga.  

Chuala mé féin é ar Raidió Fáílte inniu díreach tar éis mean lae.  Tá súil agam go mbeidh nasc ann do ar an bpriomh leathnach ag an staisiún amach anseo. 

Ghnóthaigh an éacht craoltóireachta seo an phoiblíocht don staisiún phobail seo i mBéal Feirste agus ar an idirlíon.  Agus gí gur i mBéarla a labhair Ian Paisley le Raidio Fáilte, ba éacht é gur labhair sé go cneasta agus go séimh faoi chúrsaí cultúrtha.   

Is cuimhin liom uair nuair a chuir ban chraoltóir eile ó na meáin Ghaeilge, Áine Ní Chiaráin, a bhí ag obair do RTÉ ag an am, ceist ar an tUrramach agus ba bheag nár caitheadh go fisiciúil í ón seomra.  Is cinnte gur phléasc Paisley le fearg nuair a chuala sé a h-ainm Ghaeilge agus gur ó RTÉ a tháinig sí. 

Maith sibh Raidió Fáílte!  Maith thú a Chaoimhe!  

Is féidir a thuilleadh eolais faoi Chaoimhe a fháil ina colún siamsúil faoin saol singilte ar An Druma Mór…

Tá sé ráite go mbeidh an agallamh le clos arís ar 1in inniu Dé Máirt.  Glacaim leis go ndeinfear é a athchraoladh uair nó dhó…. Má fhaigheann éinne an nasc le h-aghaidh an mír seo, bheinn buioch….

Go raibh  maith agat, a Aonghuis, as an nasc a chur ar mo shúile dhom:

Ian Paisley faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail ar Raidió Fáilte