Seo an ‘Adeste Fideles’ mar a chantar é i gCúil Aodha. Peadar Ó Riada a chur le chéile an fhíseán.
Cartlanna Clibe: Peadar Ó Riada
Faoi gheasa ag….’Triúr Sa Draighean’
Áilleacht. Cad is áilleacht ann? Aoibh an gháire atá ar do bhean chéile? Gan amhras. Do pháistí? Ar ndóigh. An radharc siar ó Dhoire’n Chuillin? Cinnte.
Tá liosta gairid de nithe sa tsaol seo a chreidim-se iad a bheith ‘álainn’. Chuireas mír amháin eile leis an liosta gairid sin ar maidin.
‘Triúr Sa Draighean’ an dhluth cheirnín nua ó Pheadar Uí Riada atá ag seinnt a chuid ceoil féin ar an albam in éineacht le Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, beirt bhfeidhleadóir nach gá a chur in aithne is ar éigean.
Níl ach cúpla rian cloiste agam go fóill – Tráthann an Taoide, amhrán – agus táim ag éisteacht le ‘N’fheadar’ faoi láthair. Tá an ceol chomh milis is chomh gar don ghnámh ag an am chéanna is ar éigean go bhfuilim ag scríobh ach go bhfuil mo mhéara ag rínce ar an mhéarchlár.
Cé gur ceoltóir é Peadar a sheineann go leor ionstraimí, is an consairtín is mó a sheineann sé ar an albam seo. Ach tá go leor ionstraimí eile le clos anseo freisin – tambura ón Ind ar ‘Tráthann an Taoide’ mar shampla, uirlis a thugann ghné ón domhan eile go píosa filíochta atá ag plé go díreach leis an dtaobh eile. Dónal Ó Liatháin, m’athair nach maireann, a chum focail ‘Tráthann an Taoide’ ar iarratas ó Pheadar a raibh ag lorg dán le cur le fonn neamh ghnach a bhí cumtha aige féin. Píosa é, idir ceol agus filíocht, a cumadh in onóir do Dhiarmuidín Ó Shúilleabháin, amhránaí, iriseoir agus ball de Chór Chúil Aodha, a cailleadh go tubaisteach i dtimpist ghluaisteán. Ní h-é an t-aon bhall den Chóir a cailleadh go ró-óg agus bhí píosa ag teastáil chun cuimhne ár gcomrádaithe go léir a chuaigh romhainn a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh.
Tá an píosa, “Spórt/Fiach”, anois á sheinnt – fidil agus feadóg stáin. Píosa lán le spraoi é seo a mheallann an éisteoir le laethannta na leanbaíochta a thabhairt chun cuimhne.
Tá naoi fhonn deag ar an sé rian deag ar an albam seo. Albam é a sheasfaidh an fhód mar sheod d’ár gcultúir é ar feadh na mblianta romhainn – ach ná bac liomsa, téigí amach agus ceannaigí é agus tugaigí cluas do sibh féin.
Rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go bhfuil píosa ceoil ar leith ar an albam tiomnaithe do Bharack Obama, Uachtarán nua thofa Mheirceá. De réir an eolais a thug Martin Hayes do Pheadar, bionn babhta aclaíochta ag an Uachtarán gach maidin agus é ag éisteacht le ceol ar an iPod lena linn. An rian deireannach a bhionn sé ag éisteacht leis, is é sin rian de chuid an banna ceoil ‘Lúnasa’. Mar sin de is léir go mbaineann sé taithneamh as cheol traidisiúnta na hÉireann agus chreid an Triúr go mba chóir doibh píosa ceoil a chumadh do chun é a chur ag rínce. Chreid siad gur cheart go mbeadh sé ina rínceoir maith ós rud é gur mhothaigh siad go raibh an éirim sin ann.
Ní fheadar an mbeidh éinne ábalta an píosa ceoil sin a sheoladh chuig Barack Obama le go mbainfeadh sé triail as. Tá sé cloiste agam agus is ríl gleoite atá ann….ach ní h-aon rínceoir mise!
An Dord Féinne – Cór Taobh a Leitheid
Bhíos i mBaile Atha Cliath le mo chlann ar Lá Fhéile Phádraig agus tar éis an pharáid, bhíos i lathair ag an gCeolaras Náisiúnta do choirmcheol den scoth ansan an oíche céanna.
Ar an ardán le h-aghaidh ‘Guthanna na nGael/Irish Voices’ bhí Cór Taobh a Leitheid faoi stiur chumasach Doiminic Mac Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha, Eithne Ní Chatháin agus Róisín Elsafty.
Bhíos ag taifeadadh Cór Chúil Aodha le h-aghaidh ár gcartlann ach d’eirigh liom an píosa seo a thaifeadadh ó Chór Thaobh a Leitheid a thaifeadadh freisin. Seo chugaibh an Cór agus iad ag ceol An Dord Féinne – óró sé do bheatha bhaile más fearr leat – agus níl amhrán níos oiriúnaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Phádraig.
Bainigí sult – agus gabh mo phardún agus an giorrú gonta ag an deireadh (bhíos ag rith amach as téip!). Ní gá a rá ach go gcreidim go bhfuil Cór Taobh a’ Leitheid ag seasamh an fhóid ar son an traidisiún agus ar son ‘Teanga na nGael’ go ceolmhar binn. Nára laga Dia iad!
Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre….
Tá ceoltóirí ó Mhúscraí ag tabhairt faoi thogra nua chun a gcosa a thabhairt leo ón gcúlú eacnamaíochta. Comharchumann dhá theangach ceoltóirí atá curtha le cheile acu chun a léiriú don phobal mór conas is fearr teacht le cheile ar mhaithe le constaicí a sharú.
Fhaid is go bhfuil tionscal an cheoil faoi amhras le fás an idirlin, tá an grúpa seo ag iarraidh rud éigean fónta a dhéanamh ina leith. Tá siad tagtha le cheile agus é i gceist acu a cuid dluth dhioscaí a dháileadh ar fuaid na tíre i siopaí leabhair i ngach baile agus cathair.
De réir Peadar O Riada, urlabhraí an ghrúpa, is tuairim é seo atá an chumas aige go leor a bhaint amach ar son gach éinne atá páirteach sa ghrúpa. Chomh maith le daileadh na ndluthdhioscaí, beidh suíomh idirlín againn chun ár suíomhanna ar fad a cheangal le cheile agus taifeadtaí ar líne a chraoladh. “Gan amhras níl gach éinne ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne agus mar sin tá sé tabhachtach le go mbeadh an togra seo inmharthanach go mbeadh na dioscaí á dháileadh sna siopaí.”
Mar is dual do lucht an cheoil, tá an beartas fónta seo á sheol le coirmcheol in Amharclann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha – an Briery Gap – oíche Dé Satharn ar 20ú Márta. Liosta le h-áireamh iad na ceoltóírí a bheidh ar an ardán ar an oíche sin agus is é Seán O Sé a bheidh ina fhear a tí.
Ar na ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa choirmcheol, a bheidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Aonad Leukeamia Oispidéal na Trócaire i gCorcaigh, tá Máire ní Cheocháin Uí Chrualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine agus Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray, Máire Ní Chéilleachair, Banna Chéilí Ghobnatan (Abbey Ceilí Band), Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton agus Cór Cúil Aodha.
Tá gach cineál ceol ar mhian leat le clos ó na ceoltóirí seo – ceol córach, amhránaíocht ar an sean nós, na gormachaí, rac cheol traidisiúnta agus ceol nach gcloisfeá in aon áit eile. Mar sin má tá an deis agat, bí linn ar an 20ú Márta i Maigh Chromtha. Mura féidir leat bheith ann, bí ag faire amach do Cheol ó Mhúscraí ar an líon is id siopa leabhar áitiúil.
[Is é seo an seoladh le h-aghaidh an suíomh idirlín nua – ach níl sé beo go fóill. http://www.ceolomhuscrai.net]
Cuimhneachán ar an Samhradh….
Ó am go chéile anseo, bionn rudaí trom agus duairc. Ach seo trachtaireacht a chuirfidh an Samhradh i gcuimhne dhúinn, an Samhradh mar a bhíodh sé ar aon nós, nó tá dhá mhír scannán anseo atá ana thaithneamhach – agus sin a dhéarfainn ós rud é gurb iad mo mhuintir féin atá ann – ar aon nós.
Seo taifead a deineadh anuraidh i gCíll Airne nuair a bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Pheadar O Riada as é bheith ainmnithe mar Chumadóir na Bliana. Tá oráid deas ann agus tá’n Cóir freisin ag canadh ‘Aoibhinn Crónán’, amhrán gleoite, dán de chuid an Chraoibhín Aoibhinn, Dúbhglás de hIde.
Agus mar bhónas beag ag deireadh an dara mhír, tá píosa le Martin Hayes, Ceoltóir Traidisiúnta TG4 do 2008.
Éacht an “Echo”
Am lón inniu {Dé Máirt] beidh an Evening Echo le fáil ar shráideanna chathair Chorcaí. Paipéar laethúil nuachta é an Evening Echo a dhailtear ar fuaid na cathrach. Díoltar thart ar 32,000 cóip agus meastar go mbionn thart ar 150,000 léitheoir ag an nuachtán.
In eagrán an lae inniu, beidh forlíonadh lán dáite ocht leathnach dhá theangach ann ag ceiliúradh theacht an Oireachtais, príomh fhéile na Gaeilge, go Corcaigh. Tá a fhios agam seo mar go raibh mé féin im eagarthóir ar an bhforlíonadh.
Ach ná bac liomsa. Táim ag lua an scéil seo de bharr go dteastaíonn uaim áird a dhíriú ar an méid seo – ní bhfuair an Evening Echo pingin rua as seo ó fhoinse stáit ar bith. Is fiú b’fheidir €20,000 an deontas seo ón nuachtán don Oireachtas nó chosnódh sé an méid sin ar a laghad dá mbeadh ocht leathnach le ceannach ag an Oireachtas ón Echo.
Ní h-amháin sin ach beidh mé ag cur tuairiscí dhá theangacha ar fáil ón OIreachtas gach lá le linn na féile an tseachtain seo chughainn agus beidh siad á fhoilsiú ag an Evening Echo. Is ar éigean go mbeidh aon nuachtán eile sa tír ag tabhairt an spás céanna don Oireachtas, príomh fhéile na Gaeilge.
Is cinnte go bhfuil ard mholadh tuillte ag an Echo, a bhionn ag foilsiú leathnach i nGaeilge gach seachtain ag tuairisciú ar chúrsaí Múscraí. Ní fhaigheann an nuachtán deontas dá laghad. Cuireann siad an spás ar fáil mar tá siad ag iarraidh seirbhís a thabhairt dá leitheoirí agus, mar gheall ar sin, creideann siad go mbeidh leitheoirí dílis don nuachtán. Is cinnte nár thit díolachán an nuachtán de bharr an Ghaeilge bheith ann.
Sin dúshlán díbh anois, a cháirde. An bhfuil nuachtán áitiúil sa cheantar ina bhfuil tusa id chónaí ann? An bhfuil aon Ghaeilge ann? Mura bhfuil, cén fath nach n-iarann tú é. Má luann tú leo go bhfuil an Evening Echo á dhéanamh seo, agus sasta é a dhéanamh ar bhonn gnó, ar an dtuiscint go bhfuil leitheoirí á mhealladh acu, ní féidir leo an argóínt sin a shéanadh.
Nílim á moladh seo in áit nuachtán laethúil nó seirbhís nuachta idirlíne – ach is cinnte go mbeadh sé ina chabhair mór i ngach aon áit ina bhfuil pobal Ghaeilge ar fud na tíre go mbeadh an nuachtán áitiúil ag cur seirbhíse dá leitheid ar fáíl. Tá nuachtáin sa Ghaillimh, an Galway Advertiser, a chuireann a leitheid sin de sheirbhís ar fáil freisin agus is dócha go bhfuil nuachtáin eile ann.
Ní miste a lua nach aon comhtharlúint go bhfuil an seirbhís seo á chur ar fáil i gCorcaigh, bunait Ghael Taca. Bhí baint ag Pádraig O Cuanacháin leis an mbeart seo agus is cinnte go bhfuil baint nach beag ag muintir Mhúscraí, leitheidí Pheadair Uí Riada, leis an dtionscnamh seo freisin.