Ceist agam órt, a Gerry. Lá 3

Níl aon freagra tugtha ag Gerry Adams go fóill ar na ceisteanna uaim a foilsíodh ar a shuíomh idirlín oíche Dé Domhnaigh.

Ag an am chéanna, de réir an eagrán is déanaí de Nuacht 24, an leagan clóite, tá sé ag lorg cruinnithe go luath le Gaeilgeoirí ó thuaidh ‘chun a mhíniú dóibh cad a tharla maidir leis an nGaeilge sna cainteanna agus chun an tslí chun cinn a leagan amach’.

Sin toradh, mar a déarfá.

NOT.

Ní h-é ná raibh am ag an tUasal Adams – nó This Blog, mar a thugann sé air féin – nó phostáil sé blag fada inné ag gearán mar gheall ar an SDLP agus ag céistiú cén ról a bhí ag an bpáírtí sin anois.

Is cuma liom an SDLP ann nó as – dá mbeadh an chumas ag an páirtí sin múineadh a chur ar Shinn Féin, páirtí nach léir go bhfuil ag déanamh beart de réir briathar ó thaobh na Gaeilge de, bhéinn sásta.  Ach ní léir go bhfuil an chumas nó an toil ag an SDLP amhlaidh a dhéanamh.

Mar sin, maith dhom mo shotal, fagtar faoi mo leithéidí é Sinn Féin a cheistiú faoi chur chuige an pháírtí.

2 thuairim ar “Ceist agam órt, a Gerry. Lá 3

  1. Seán Mór

    Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin, chuir an club peile CLG s’againne foireann isteach in achan rannóg de chuid Scór Shinsear Thír Eoghain, an t-aon chlub sa chontae a rinne amhlaidh. Chuaigh trí cinn den ochtar sin fríd chuig an bhabhta ceannais contae. Nuair a bhí na rannóga uilig thart agus muid ar bís ag fanacht ar na torthaí iarradh ar an Oifigeach Cultúrtha s’againne teacht ar an ardán. Tugadh bualadh bos dó, rinneadh babhla deas éigin a bhronnadh air, tugadh ardmholadh don chlub as cur isteach ar gach rannóg agus as an éacht a bhí déanta againn.

    Thosaigh an monabhar cainte eadrainn. ‘Tá ár bport seinnte’ a dúirt muid lena chéile. Bhí a fhios againn nach raibh sa bhronnadh seo ach an ‘soft landing’, fiú sular fógraíodh na torthaí… agus chuaigh muid abhaile an oíche sin, ár lámha folamh, gan oiread agus bonn dara háit againn…. ach babhla deas galánta.

    Sin mar a mhothaigh mé nuair a chuir Máirtín Mac Aonghusa an abairt mhór fhada i nGaeilge uaidh agus iad ag fógairt Chomhaontú Hillsborough. Tá siad chun babhla deas galánta a bhronnadh orainn ag na cainteanna seo leis na grúpaí Gaeilge?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    “babhla de bhrachan fuar ” chomh dócha lena a mhalairt a Sheáin mhóir. amharcfaidh sinn féin isteach ina gcroíthe féin le fáil amach cad atá Gaeilgeoirí ag lorg. Tá á “gcúigiú colún” ag obair leo taobh istigh de chuid de na hEagraíochtaí Naisiúnta Gaeilge is mó sa tír,ar nós Foras na Gaeilge,Glór na nGael,Conradh na Gaeilge srl agus is iad sin a chinnfeas cad é a dhéanfar le cibe airgid a thiocfas de bharr Comhaontú Cromghlinne agus coinneofar an “pobal gan mhaoin” ar an taobh amuigh. Dar ndóigh níl an SDLP i ndán aon rud a rá nó níor lorg siad aon rud ó thaobh na Gaeilge de ag aon socrú ariamh. Cá huair a bheas Gaeilgeoirí uchtúil go leor le tús áite a thabhairt don Athbheochan agus an phólaitíocht Pháirtí a fhágáil ag na Polaiteoirí?.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s