Cartlanna Clibe: Long Kesh

Is maith an scannán ‘Hunger’

 

Michael Fassbender i bpáirt Bobby Sands i 'Hunger'

Michael Fassbender i bpáirt Bobby Sands i Hunger

Is cuimhin liom bhúr n-áird a dhíriú tamall de mhíonna ó shin ar an scannán úr ‘ealaíon’ seo, Hunger, a bhí san iomaíocht ag Féile Scannáin Cannes. 

Mar ar thárla sé bhain an saothar ón ealaíontóír aitheanta Steve McQueen an Camera d’Or, an duais tánaisteach ag an bhfeile iomráiteach seo.  Is é seo an dara uair i ndórnán blian ar bhain scannán faoi ‘thrioblóidí’ na hÉireann – nó níos cirte a rá ‘trioblóidí na Breataine in Éirinn’ – gradam ag an bhféile seo.  

Ach cuir sin ar leataobh – dar le hEoghan O Néill – is é seo an scannán is fearr a chonaic sé le tamall.  Is leor sin dom.   Tá sé feicthe agam – agus tá sé ar fheabhas. 

I 2006 bhain an scannán, The Wind That Shakes The Barley, príomh ghradam na féile ag Cannes, an Palme d’Or.  Bhain an scannán sin ina raibh Cilian Murphy le ré Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad agus deineadh é a scannánú timpeall ar Mhúscraí agus iarthar Chorcaí, áit ina raibh an choimhlint géar go maith.   Go deimhin deineadh cuid den scannán a léiriú timpeall ar Chúil Aodha agus bhí an radharc oscailte i bpáirc peile inar chaith mé cuid mhaith dem óige. 

Baineann scéal ‘Hunger’ le treimhse thar a bheith corraitheach sa tír, treimhse na stailceanna ocrais i 1980-81, treimhse a luaitear go minic leis le cibé dul chun cinn atá déanta sa phroiseas siochána ó thuaidh le blianta beaga anuas.  Murach an íbirt a rinne leitheidí Bobby Sands agus a cháirde agus an briseadh tríd a rinne Bobby ach go h-áirithe nuair a toghadh é ina Fheisire Phairliminte agus é ar stailc ocrais ar son aitheantas mar chime pholatúil, ar eigean go mbeadh bóthar na polataíochta glactha ag poblachtaithe agus go mbeadh an sochaí san áit ina bhfuilimíd inniu, áit nach bhfuil gan fuath agus seicteachas ach, ar a laghad, níl doirteadh fola ann ar an scála is a raibh. 

Is é an aisteoir ón nGearmáin ó dhúchas – ach gur i gCill Airne a chaith sé a óige – Michael Fassbender atá sa phríomh pháirt sa scannán agus ní mór a rá go gcuireann sé chuige lena chorp agus lena anam.  Tá roinnt scannáin déanta faoin dtréimhse sin – ba léiriú íontach é H3 fosta – ach tá sé deacair an léiriú seo a sharú as ucht chomh gar don chnamh is a théann sé le taispeáint cad a rinne an stailc ocrais do Bobby agus a chomh stailceoirí eile.    I scannáín eile, ar nós Some Mother’s Son, bhí an béim ar an bpolataíocht.  Anseo is ar an gcorp agus ar an anam atá an béim. 

Tá sé deacair gan comhbhá a bheith agat leis na stailceoirí agus iad greamaithe i gcilliní ina bhfuil na fallaí salach le cac agus le múin.  Mothaíonn tú go bhfuil tú istigh ann leo agus má shíneann tú do láimh in éadan an fhalla, go saileoidh tú do lamh.  Cé nach bhfaigheann tú boladh an chaca, is leor an meid a fheiceann tú de na cilliní ifreannúil seo le tuiscint cad a d’fhulaing na fir seo.