Eilís Ní Chróinín ó Bhaile Mhuirne, buaiteoir eile ó Mhúscraí i gcomórtas shean nóis ag an Oireachtas, agus í ag canadh Abha an tSuláin, dán molta a chum Gael na nGael – Pádraig O Cruadhlaoi – in omós don Sulán, an abhainn fireann a sníonn trí Ghaeltacht Mhúscraí. Chan sí an amhrán seo ag oíche cheiliúrtha do rannpháirtithe an Oireachtais a reachtáil Aisling Gheal, an eagras atá ar chúl na gcéimeanna móra chun tosaigh atá glactha ag an amhránaíocht sean nóis i Múscraí le blianta beaga anuas, san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne. Faigheann Aisling Gheal agus Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Abha an tSuláin
Freagra