Cartlanna Clibe: Martin Hayes

Faoi gheasa ag….’Triúr Sa Draighean’

Triúr sa Draighean ag seinnt ceoil

Áilleacht.   Cad  is áilleacht ann?   Aoibh an gháire atá ar do bhean chéile?  Gan amhras.   Do pháistí?   Ar ndóigh.  An radharc siar ó Dhoire’n Chuillin?  Cinnte.

Tá liosta gairid de nithe sa tsaol seo a chreidim-se iad a bheith ‘álainn’.    Chuireas mír amháin eile leis an liosta gairid sin ar maidin.

‘Triúr Sa Draighean’ an dhluth cheirnín nua ó Pheadar Uí Riada atá ag seinnt a chuid ceoil féin ar an albam in éineacht le Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, beirt bhfeidhleadóir nach gá a chur in aithne is ar éigean.

Níl ach cúpla rian cloiste agam go fóill – Tráthann an Taoide, amhrán – agus táim ag éisteacht le ‘N’fheadar’ faoi láthair.  Tá an ceol chomh milis is chomh gar don ghnámh ag an am chéanna is ar éigean go bhfuilim ag scríobh ach go bhfuil mo mhéara ag rínce ar an mhéarchlár.

Cé gur ceoltóir é Peadar a sheineann go leor ionstraimí, is an consairtín is mó a sheineann sé ar an albam seo.     Ach tá go leor ionstraimí eile le clos anseo freisin – tambura ón Ind ar ‘Tráthann an Taoide’ mar shampla, uirlis a thugann ghné ón domhan eile go píosa filíochta atá ag plé go díreach leis an dtaobh eile.     Dónal Ó Liatháin, m’athair nach maireann, a chum focail ‘Tráthann an Taoide’ ar iarratas ó Pheadar a raibh ag lorg dán le cur le fonn neamh ghnach a bhí cumtha aige féin.  Píosa é, idir ceol agus filíocht, a cumadh in onóir do Dhiarmuidín Ó Shúilleabháin, amhránaí, iriseoir agus ball de Chór Chúil Aodha, a cailleadh go tubaisteach i dtimpist ghluaisteán.   Ní h-é an t-aon bhall den Chóir a cailleadh go ró-óg agus bhí píosa ag teastáil chun cuimhne ár gcomrádaithe go léir a chuaigh romhainn a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh.

Tá an píosa, “Spórt/Fiach”, anois á sheinnt – fidil agus feadóg stáin.   Píosa lán le spraoi é seo a mheallann an éisteoir le laethannta na leanbaíochta a thabhairt chun cuimhne.

Tá naoi fhonn deag ar an sé rian deag ar an albam seo.   Albam é a sheasfaidh an fhód mar sheod d’ár gcultúir é ar feadh na mblianta romhainn – ach ná bac liomsa, téigí amach agus ceannaigí é agus tugaigí cluas do sibh féin.

Rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go bhfuil píosa ceoil ar leith ar an albam tiomnaithe do Bharack Obama, Uachtarán nua thofa Mheirceá.   De réir an eolais a thug Martin Hayes do Pheadar, bionn babhta aclaíochta ag an Uachtarán gach maidin agus é ag éisteacht le ceol ar an iPod lena linn.  An rian deireannach a bhionn sé ag éisteacht leis, is é sin rian de chuid an banna ceoil ‘Lúnasa’.  Mar sin de is léir go mbaineann sé taithneamh as cheol traidisiúnta na hÉireann agus chreid an Triúr go mba chóir doibh píosa ceoil a chumadh do chun é a chur ag rínce.  Chreid siad gur cheart go mbeadh sé ina rínceoir maith ós rud é gur mhothaigh siad go raibh an éirim sin ann.

Ní fheadar an mbeidh éinne ábalta an píosa ceoil sin a sheoladh chuig Barack Obama le go mbainfeadh sé triail as.   Tá sé cloiste agam agus is ríl gleoite atá ann….ach ní h-aon rínceoir mise!

Seo chugainn an Éigse

eigse

Tá’s againn go bhfuilimíd i ndúlaíocht an Gheimhridh nuair a thosnaítear ag caint ar an Éigse.   Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin nó Éigse Dhiarmuidín atá i gceist agus beidh sé á reachtáil anseo i gCúil Aodha, áit dhúchais an amhránaí a cailleadh i dtimpist taca an ama seo i 1990, agus i mBaile Bhuirne ar an 4ú-5ú-6ú Nollaig.

Deireadh seachtaine ceoil agus amhráin, cuimhní cinn agus léachtanna agus go leor leor eile a bheidh ag titim amach i mbliana.   Tosnóidh sé ar an 4ú Nollaig i Halla Chúil Aodha – Aras Éamoinn Mhic Suibhne – leis an oscailt oifigiúil ag Seán O Liatháin, sean chara le Diarmuidín agus a leathbhadóir i luibíní is a leithéid.   An oíche céanna seolfar feilire 2010 Coiste Litríochta Mhúscraí agus beidh léacht ann faoin Dochtúir O Loingsigh, a shaol agus a shaothar, ag Dónal O hÉalaithe.   Beidh ceol agus rínce sna tabhairní is ostáin áitiúla – seisiún ceoil sa Mhuileann agus oíche rínce seiteanna in Ostán Ghobnatan/Abbey Hotel.

Ar an Satharn a reachtáilfear na ranganna do lucht foghlamtha ceoil  agus tá cuid de na ceoltóirí, rínceoirí is amhránaithe is fearr sa tir ann chun barr snáis a chur ar do chuid scileanna.  Paudie O’Connor (bosca ceoil), Diarmuid O’Brien (fidil), Eamonn Cotter (feadóg mhór), Gay McKeown (píob uileann), Máire Ní Cheilleachair(amhránaíocht sean nóis), Dainní Maidhcí O Suilleabháin (Bailéadaí Béarla) agus Máire Aine Ní hIarnáin (rínce ar an sean nós).

Beidh seisiún ceoil i Mhuseam an Mhuilinn agus taispeantas rínce le cois san iarnóin.  An oíche sin beidh Coirm Ceoil na hÉigse sa Halla i gCúil Aodha agus is liosta le h-áireamh iad na ceoltóirí a bheidh ar an ardán.    Orthu sin nach bhfuil luaite go dtí seo, tá Martin Hayes, laoch fidil Oirthear an Chláir, Caoimhín O Raghallaigh, Gabriel McArdle, Patsy agus Pauline Healy, Charlie Harris, John Kelly, Eamon McGivney, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha,  Muireann Ní Dhroighneáin a bheidh ina bhean a’ tí ag an ocáid.

Tuilleadh seiteanna ina dhiaidh sin in Ostán Ghobnatan, beidh cruinniú na n-amhránaithe sa Mhuileann agus Club na Féile sa Mhuseam.

An maidin dar gcionn beidh Aifreann na hÉigse i gCúil Aodha ag 11rn.  Craolfar seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith Diarmuidín seal fada ag obair agus é in chlár reachtaire/iriseoir ann.    Ina dhiaidh sin, ag mean lae,  beidh ocaid an speisialta sa tsean teampall i Reilg Ghobnatan le Martin Hayes, Caoimhín O Raghallaigh agus Peadar O Riada – agus is í Gabriel McArdle a bheidh ag canadh na n-amhrán.

Idir 1in agus 7.000in sa Mhuseam sa Mhuileann tá imeacht ana spéisiúil á reachtáil.  Séard atá i gceist leis an Amhránathon ná seisiún amhránaíochta gan stop agus beidh aos óg na h-áite go h-áirithe páirteach ann.  Tá an imeacht á reachtáil ar mhaithe le h-airgead a chnuasú do Aisling Gheal, an scéim áitiúil amhránaíocht ar an sean nós.     Tá sé rí thabhachtach go mbeadh maoiniú á dhéanamh ar seo nó is é seo an scéim ceannródach atá ag cur chun cinn amhránaíocht ar an sean nós go h-áitiúil.

Cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an deireadh seachtaine sa ‘cosy spot, the Top of Coom’ nuair a bheidh Eibhlís Uí Thuama ina bhean a tí ar sheisiún amhránaíochta san iar nóin.

Agus, ansan arís, tuilleadh ceoil in Ostán Ghobnatan an oíche sin,  Jimmy Doyle agus a chairde.

Mo cheol thú, ‘Faoi Lán Cheoil’!

 

Caoimhin Ó Raghallaigh agus Jeremy Irons

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Jeremy Irons

Caithfidh mé a admháil gur mó uair a dúirt mé liom féin go raibh i bhfad an iomarca cláracha ceoil, cheapas, ar TG4.  Ní h-é nach dtaitníonn ceol traidisiúnta liom – nó taithníonn sé liom go mór – ach uaireannta ní bhionn sé chomh speisiúil sin bheith ag faire ar a leitheid de chlár ar an dteilifís.    

Idir é sin agus na cláracha Béarla a bhionn ar TG4, is iad is mó a chuireann as dom faoi ‘súil eile’ an staisiún.   Thug mé faoi ndeara go bhfuil na ceisteanna seo á phlé i leabhar nua atá éisithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag eascairt as sraith chainteanna a bhí acu anuraidh agus atá leirmheas déanta air san Irish Times. [Quelle surpris, léirmheas ar leabhar Ghaeilge san Irish Times!]

Ar aon nós, seo linn go dtí abhar an lae.   Os rud é go raibh ana chuid Béarla san eagrán seo de “Faoi Lán Cheoil” agus go mbaineann sé le fear ag foghlaim conas poirt a sheinnt ar an bhfidil [Reality TV – cúis eile chun an clár a dhí mholadh], bhíos den tuairim nach dtaithneodh sé liom ar chorr ar bith. 

Ach a mhalairt glan atá fíor.  D’eirigh leis an eagrán inar fhoghlaim an sar aisteoir scannáin, Jeremy Irons, a bhuaigh Oscar roinnt mhaith blian ó shin, conas an fhidil a sheinnt i seisiún ceoil imeacht i bhfeidhm orm go mór. 

Clár an-phleisiúrtha a bhí ann le fáire air agus le h-eisteacht leis.  Bhí sé suite idir iarthar Chorcaí, áit atá caislean ag Irons láimh le Dún na Séad, agus i Nua Mheicsiceo, mar a bhí Irons ag scannánaíocht ar scannán a bheidh le feiscint, amach anseo, ar ‘Western an Aoine’, Appaloosa.   Ar aon nós bhí draíocht eigean ag baint leis an gclár – cumas grinn Irons agus a nadúrthacht os comhair an cheamra, foighid an mhúinteora, Caoimhín, agus an radharcra alainn idir iarthar Chorcaí agus iarthar Mheirceá, a mheall mé, a shuaimhnigh mé agus a shasaigh mé. 

An sprioc a bhí ag an múinteoir agus ag an dalta, seinnt le cheile ag Aonach na bhFidil i nDún na Séad san Fhómhair, rud a rinne siad agus cé a bhí ag seinnt leo ach Martin Hayes, Breandán O Beaglaoich agus Dennis Cahill, triúr de mhór cheoltóirí na tíre. 

Má bhí Irons abalta seinnt leo is cinnte go mbeadh sé abalta an fód a sheasamh in áit ar bith sa tir, fiú ag seisiún i Sraid na Cathrach le linn seachtain Willie Clancy. 

Ar aon nós ní doigh liom go bhfuilim ag scaoileadh rún má dheirim go raibh crioch sona ceolmhar leis an gclár a léirigh Conor O’Byrne, sár cheoltóir é féin, ar son Stirling Productions i mBéal Feirste agus a fuair tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta ó thuaidh.  

Maith sibh ar fad!