Sinn Féin: Tóraithe an Tuaiscirt

Sinn Féin - tóraithe an tuaiscirt


Tá feachtas toghcháin faoi sheol ó thuaidh i lathair na h-uaire cé go bhfuil sé osréalaíoch amach is amach, fiú ón áit seo, bheith ag faire air. Toisc go bhfuil comhrialtas idir na gceithre príomhpháirtí sainorduithe de réir dlí, níl i gceist ach athshuathadh na gcathaoireacha ar dheic an Titanic.

Mar sin féin tá na páirtithe éagsúla ag déanamh na rudaí a dheineann pairtithe ar ocáidí den tsort seo. Tá forograí toghcháin á éisiúint is a leithéid.

De réir forogra Shinn Féin, tá an pháirtí ag tairiscint ‘ceannasaíocht ar fud Éireann’ agus ag maíomh faoin méid ar bhain siad amach le linn an ceithre bhliain atá díreach caite.

SA RIALTAS

» Chuir muid acmhainní £20 milliún ar fáil
don chiste craoltóireachta Gaeilge, lena
n-áireofar tionscadail tógála caipitlíochta a
comhaontaíodh in Hillsborough i Mí Eanáir
2010.

Seo maíomh aisteach ó Shinn Féin. Bhí ciste craoltóireachta Ghaeilge ann nuair a tháinig an pháirtí i gcumhacht. Rinne SF cinneadh gan glacadh leis an Roinn Chultúrtha nuair a tugadh an rogha don pháirtí agus fuair an DUP é. Ní sin is measa – le linn d’airí éagsula an DUP bheith ag déanamh sceannairte ar pé ní a bhí bainte amach roimhe sin tre brú leanúnach ó Ghaeil an tuaiscirt, bhí Sinn Féin ag suí ar a lámha. I measc na rudaí ar thit faoi thua an DUP, comhphairtí SF san Fheidhmeannas, bhí an chiste craoltóireachta Ghaeilge. Tugadh seo chun solais i Lá Nua ag an am agus mar gheall ar an bhfeachtas a thionscnaigh an nuachtán agus an gleo a rinne na Gaeilgeoirí, bhí ar SF gníomhú. I mBealtaine 2008, mar gheall ar ‘eigeandáil’ ag Stormont, mar gheall ar eirí as Ian Paisley, d’eirigh le SF ciste £20m a fháil don Ghaeilge, £4m in aghaidh na bliana ar feadh trí bhliain agus £8m do Chiste Infhéistíochta na Gaeilge.

Deirtear go minic mar chosaint ar chinneadh SF gan glacadh leis an Roinn Cultúr, go mbeadh an Roinn Oideachais caillte acu. Bíodh is gur bréag follasach é seo, fiú go raibh an Roinn Oideachais ag SF, is léir ná raibh an cothromas nó an Ghaeilge ar bharr liosta tosaíochtaí an pháirtí faoi mar atá maíte anseo:

» Cinntiú go bhfuil an córas oideachais
bunaithe ar an dá aidhm ar fheabhas
agus ar chomhionannas, agus aghaidh a
thabhairt ar neamhionannais struchtúrtha
cibé áit a mairfidh siad.
» Caighdeáin a ardú agus cinntiú go dtugtar
an seans céanna do gach leanbh inár
gcóras
» Gaeloideachas a chur chun cinn agus a
éascú

Ní gá a lua ach an chás chúirte atá ar siúl faoi láthair idir Choláiste Feirste agus an Roinn OIdeachais mar gheall ar chinneadh an Aire gan tacú le daltaí ar mhaith leo freastal ar an gcoláiste ard chaighdeán seo. Bréagnaíonn sé sin gach rud a deir SF faoin nGaeilge, faoin oideachas agus faoi chothromas i gclár toghcháin an pháirtí.

Le linn do dhliodóirí an Aire bheith ag argóint sa chúirt, tá sé ráite acu nach bhfuil i gComhaontú Aoine an Chéasta ach ‘aspirational document’. Mar sin de, ní gá cloí leis ar chorr ar bith. Ní gá ach obair ina threo. Ní gá duit bheith id saineolaí pholatúil chun a thuiscint gur seo rud a théann go díreach i gcoinne an méid a votáil an phobal, thuaidh is theas, ar a shon i 1998.

An rud is mó a léiríonn an clár toghcháin seo, nuair a ghlactar leis i bpáirt leis an méid atá déanta/raite ag SF le ceithre bhliain anuas, go bhfuil an pháirtí díreach chomh mí-eifeachtach agus chomh féin-sásta i gcumhacht is atá gach páirtí eile. Is é an príomh obair atá acu ná cumhacht a choimeád – a la Fianna Fáil ó dheas nó na Tóraithe sa Bhreatain Mhór – seachas leas an phobail.

Is maith liom Fianna Fáil LIte a thabhairt ar an pháirtí. Níl morán idir SF agus FF – seachas am. B’fhéidir nach fada go mbeidh SF níos cosúila le na Tóraithe sa Bhreatain Mhór, iad chomh fonnmhar céanna ag cur giorruithe i réim ach ag maíomh go poiblí gur a mhalairt atá á dhéanamh acu.

3 thuairim ar “Sinn Féin: Tóraithe an Tuaiscirt

  1. séamus mac seáin Béal Feirste

    go raibh maith agat a Choncubhair as cás Choláiste Feirste a thógáil arís. Tá postáil fada déanta agam ar sin ar “Nuacht 24″ le déanaí agus ní dhéanfaidh mé do chuid léitheoirí a bhodhrú leis a thuilleadh ach gur léiriú é ar chomh contúirteach agus atá sé cumhacht ró mhór a bheith ag páirtí polaitiúl, is cuma cé hiad iad (a la Fianna Fáil). In iarthar Bhéal Feirste san áit a bhfuil mé imo chónaí tá an lámh in uachtar ag Sinn Féin go hiomlán a bheag nó a mhór. Tá siad comh cumhachtach sin nach gá dóibh a bheith buartha faoi cad a shíleann an pobal níos mó nó gheobhaidh siad na bhótaí ar scor ar bith. Sílim go bhfuil sin dáinséarach don phobal agus don pháirtí araon agus sin an fath dtíg leo leatrom a dhéanamh ar pháistí Choláiste Feirste gan a bheith buartha fá dtaobh de. Dar ndóigh níl i Sinn Féin ach páirtí eile béarlach de chuid na hÉireann ach is é an trua é go bhfuil go leor Gaeilgeoirí maithe ag baint leis an pháirtí nár dhúirt focal faoin éagóir seo. Is cosúil gurbhé ” an páirtí ceart nó contráilte” an mana atá acu, ach buíochas le Dia tá go leor Gael neamhspleách agus saor ó aon chuing pholaitiúl le cur i gcoinne na héagóra is cuma cá huair ná cá háit a nardaíonn sí a cloigeann agus ar IGAEILGE ach go háirithe.

    Freagra
  2. Concubhar Ó Liatháín

    B’fhéidir go bhfuilim ró chruaigh ar na dtoraithe. Ar a laghad sa deireadh thug siad aitheantas do Choláiste Feirste! Shíl mé go raibh sé ina údar íoróin go mbeadh SF ag gearán mar gheall ar ghiorruithe na dToraí nuair atá siad féin chomh pras chun an tua céanna a úsáid.

    B’fhéidir gur cheart dom díriú amach anseo as na ‘Gaeil’ nár thug dúshlán don dhearcadh seo ‘Una duce, una voce’ atá ag teacht ó mhuintir SF agus a leithscéalaithe? Na madraí nár dhein tafann!

    Freagra
  3. séamus mac seáin Béal Feirste

    sílim go bhfuil abhar díospóireachta ansin agat a Choncubhair mar gheall ar na Gaeil atá neadaithe isteach i Sinn Féin agus a bhfuil tionchur thar an mheasarthacht acu i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé amhlaidh anseo i mBéal Feirste agus ar fud an oileáin go hiomlán gan dabht. Foras na Gaeilge,Glór na nGael,an Chiste infhéistíochta Gaeilge, Gaelscéal srl srl. An bhfuil sé lenar leas mar phobal go mbeadh sé sin amhlaidh? An mbíonn claonadh infhéistíachta i dtreo grúpaí eile Gaeilge a bhfuil Sinn Feinithe ag baint leo? an mbíonn coimhlint leasa i gcéist go minic? is céisteanna achrannacha iad sin ach is cheisteanna iad a bhaineann le habhar dar liom ach nár pléadh ariamh go fios domh. Dar ndóigh ní le Sinn Féin amháin a bhaineann an tabhar díospóireachta seo ach le ceist an fhabharachais i gcúrsaí polaítíochta na hÉireann thuaidh agus theas a ba chionn tsiocar leis an sean fhocal ” an té atá thuas óltar deoch air ach an té atá thíos buailtear cos air”

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s