Cartlanna Clibe: New York Times

Fogra Gaeilge ar an New York Times – cás don tUasal Ó Ripley

Seo mise ag spáisteoireacht timpeall an idirlín agus fuaireas alt bhrea, agallamh le hUachtarán SAM, Barack Ó Bama, le fear ón New York Times. Bhíos ag léamh liom nuair a thugas faoi ndeara fogra ar thaobh an leathnaigh.
gaelfonnyt
Ní fhéadfadh sé sin bheith ann….d’fhéachas arís, níos géire an dara uair.
gaelfonnyt2
Ghlacas cúpla griangraf den leathnach ar an scaileán – bhí eagla orm nach gcreidfí mé dá ndéanfainn é a thuairisciú anseo ar iGaeilge.

Fogra d’fhón phoca Samsung, ár sean chara Gaelach, an Tocco, os comhair mo shúile ar leathnach [idirlín] de chuid an IrishNew York Times! A leithéid de radharc. An rara avis cinnte! Ní doigh liom go bhfaca mé a leithéid ar leathnaigh an Irish Times fiú.

Nach é seo an New York Times céanna ina raibh díspeagadh ar an nGaeilge le linn mhí na Márta, nuair a thug Brian Cowen ar Barack Obama le h-aghaidh Lá Fhéile Phádraig! Rinneas tagairt do anseo agus spreag mo chuid tuairimí ar an gceist ar bhlar dhiospóireachta an NYT féin roinnt aischothú feargach ó thrachtairí éagsúla.

Ní thuigim cé acu an bhfuil níos mó airgead ná ciall ag lucht Samsung agus go bhfuil siad ag ceannach fograí ar leathnaigh idirlín an New York Times don ghaelfón? An amhlaidh go gceapann siad go mbeidh corr Ghael fánach ag léamh na leathnaigh seo agus go rithfidh siad amach chun an fón a cheannach.

Sa chás seo bhí an Gael corr agus fánach seo ag léamh an leathnaigh – ach ar droch amharaí an tsaoil, tá Tocco agam theana féin.

Nó an é go bhfuil bogearraí chomh cliste sin ag an New York Times go n-aithníonn siad gur Éireannach mé, le suim sa Ghaeilge, agus go bhfuil an fogra seo á threorú i mo threosa. Mas amhlaidh an scéal, nár cheart go mbeadh eagla orm. Sin cumhacht theicneolaíocht na faisnéise duit. Sin cumhacht lán stad.

Tar éis é sin go léir, chuas ar ais go dtí an leathnach arís. Bhí sé druidte agam agus bhí orm é a athlódáil. Bhí an fogra don Ghael Fón imithe agus ceann eile ina áit. B’fhéidir gur mearú súl a bhí ann.

Ach féach ar na griangrafanna arís. Tá sé ann. Ní mearú súl – agus níor dhein mé ‘Photo-shopáil’ air ach an oiread.

Cás é seo don tUasal Ó Ripley, creidim!

Cé atá ag cur cás na Gaeilge?

Is dócha gur cheart bheith ag súil lena leitheid ach seo alt aineolach leataobhach eile faoi staid na Gaeilge – an uair seo ní i nuachtán Éireannach atá sé ach sa New York Times.

Tá blúirín den bhfirinne ann – sa chiall is go bhfuil cabhair á fháil ag an nGaeilge agus go bhfuil sí in ísle brí sa chóras oideachais – ach sa deireadh thiar is bolscaireacht é atá fréamhaithe go mór in aineolas agus binibeacht frith Ghaeilge leitheidí Kevin Myers.

Kevin Myers, a columnist for the Irish Independent in Dublin, has concluded that the Irish language is dying, and wonders aloud why Ireland’s government, by continuing to pay for things like Irish-language television and education, is spending so much money to postpone the inevitable.

Mr. Myers recently told the German broadcaster Deutsche Welle (in the report embedded at the foot of this post) that he thinks the Irish government is wasting money on a revival project that has obviously failed:

Languages die. This is a norm. Dozens of languages die every year. Is it good? No, it’s not culturally good, it’s not good for the world that something happens, but it does happen, that’s it. Species become extinct, other species emerge. It is the world we live in. You can weep about the world we live in — and with every reason to — but that’s not going to change anything. Putting money into the Irish language is to say “I’m going to burn this money.” It’s like getting a big bonfire, throwing all your millions of euros on it and setting fire to it. That’s what it is.

Nuair a léim altanna mar seo, bíonn díomá orm. Bionn fearg orm freisin – ach is leis an easpa aistroda a bhím i bhfeirg seachas leis an aineolas agus bolscaireacht san alt mí-amharach.

Cé h-iad a chuireann cás na Gaeilge nuair a thagann sí íonsaí mar seo?

Déinimse é go rialta anseo – agus ar bhlaganna eile agus i bhfóraim eile.

Ní mór a aithint, áfach, go bhfuil go leor cur amú airgid i gceist leis an mbealach a chaitheann an Stát leis an dteanga.

Nuair a mhaíonn Kevin Myers gur ionann agus do chuid airgid a chaitheamh ar thine chnamh agus airgead a chaitheamh leis an nGaeilge, tá fírinne ag baint leis chomh fada agus go bhfuil tú ag caint ar an airgead a chaitear ar aistriúcháín nach léitear de chaipéisí nach léitear i dteanga ar bith.