Tá deacrachtaí sa chlamhnas idir Sinn Féin agus an DUP, is cosúil. Inniu bhí Peter Robinson agus Martin McGuinness ag cur fáilte roimh chuairt ón dTaoiseach agus dornán airí ó Chomhaireacht an Deiscirt ag cruinniu tras teorainn i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire. Ocáid stairiúil, cheapfá. Ní bheithfeá ag súil le titim amach phoiblí idir Céad Aire agus Leas Chéad Aire an Tuaiscirt. Nach iad dhá thaobh an bhoinn chéanna?
Baineann an easaontú seo le cúrsaí poilíneachta agus slándála, an cloch is mó ar phaidrín Shinn Féin de réir dealraimh. Glacaim leis go bhfuil sé tabhachtach, gan amhras, ach ní aontaim go bhfuil sé chomh tabhachtach sin is go gcuirfeadh sé lan stad le gach rud eile bogadh chun tosaigh. Is cosúil go bhfuil an DUP ag diultú bogadh ar chúrsaí poilíneachta go dtí go mbogfaidh SF seasamh an pháirtí ar chúrsaí na bparáidí conspóideacha. Ar ndóigh tá réiteach ar seo.
Baineann ceist na mórshiúl le cultúr na nAondachtach. D’fhéadfadh Sinn Féin éileamh a dhéanamh anois go mbogfadh an DUP a seasamh ar cheist na Gaeilge, Acht na Gaeilge a cheadú mar shampla nó cur go súntasach le Ciste Craoltóireacht na Gaeilge, chomh fada agus go ngeillfeadh Sinn Féin réimeas níos solúbtha ar cheist na bparáidí. Nach bhfuil a fhios ag an saol go bhfuil lá na nOrd Dílis caite agus fiú má thugtar cead doibh bheith ag siúl gach bóthar ó thuaidh, creidimse nach mbeidh ag siúl ach na seanóirí! Tá an chultúr sin i gcontúirt de bharr go dtagann sé salach go h-iomlán ar chultúr na linne agus ní fheictear do ghlúin óg na nAondachtach go bhfuil tabhacht leis ina saol pearsanta.
Ní thaitníonn sé liom bheith ag cur an Ghaeilge chun tosaigh mar an ‘quid pro quo’ ar paráídí na nAondachtach, Má chreideann ceannairí na nAondachtach go bhfuil tabhacht ag baint le ceist na bparáidí, mar go dtugann sé áit dá leagan den chultúr Briotanach sna sé chontae, ba cheart éiric níos oiriúnaí a ghearradh orthu; is é sin go mbeadh áit ceart agus faoi phribhléid ag cultúr na nGael/na hÉireann sa chuid sin den Tuaisceart. Is léir domsa go bhfuil an DUP ag feidhmiú de réir an tuiscint nach gá doibh a aithint go bhfuil cultúr ar bith seachas cultúr na Breataine/na nAondachtach ó thuaidh. Ní féidir leis an status quo a leanúint.
Is cosúil nach féidir le Sinn Féin féachaint ar an gceist seo go samhlaíoch agus go bhfuil siad ceangailte anois le ceist seo na poilíneachta agus go gcaithfidh an cumhacht slándála bheith aistrithe go dtí Béal Feirste ó Londain roimh Nollaig. Níl sin chun tarlú anois. Níl an DUP chun bogadh. Is léir sin. B’fhéidir ná raibh siad riamh chun bogadh.
Tá sé in am cluiche éagsúil a imirt. An bhfuil Sinn Féin ábalta sin a dhéanamh? Nó an bhfuil siad chun cloí le taictic nach bhfuil ag oibriú?
Má cheapann siad mar shampla go bhfuil an dá Rialtas chun teacht i gcabhair orthu agus Comhaontú na Nollag a éascú, faoi mar a rinne siad roimhe, tá dul amú orthu. Tá clocha níos mó ar phaidrín Bhrian O Comhain agus Gordon Brown ná bheith ag tabhairt mílseáin do pháistí dána an Tuaiscirt de bharr nach bhfuil siad sásta ar chúis éigean.