Czar na Gaeilge – cé bheadh ann?

alansugar
Le linn an chíor thuathail ar fad le seachtain anuas sa Bhreatain agus Gordon Brown le cos san uaigh agus ar tí bheith caite isteach ag a pháirtí, bheartaigh sé Alan Sugar, réalt ‘The Apprentice’, a fhostú mar Czar Fiontraíochta. Is é an tUasal Sugar an Czar is déanaí atá fostaithe ag ceannairí Rialtais chun tabhairt faoi dhúshlán ar leith.

De réir dealraimh séard a dúirt John McCain le déanaí faoin Uachtarán Obama, go raibh níos mó Czar ag Uachtarán SAM ná mar a bhí ag teaghlach Romanov na Rúise. Bhí 18 acu – tá 20 ag Obama.

Ag an am chéanna, is tuairim é arbh fhiú é a thriail chun saol na Gaeilge a shuathadh. Duine cumasach a aimsiú chun rudaí a chur ag gluaiseacht sa treo ceart agus ag gluaiseacht go tapaidh sa treo sin. Ní bheadh an fheidhmeannach seo ceangailte le maorláthas agus bheadh buiséad neamhspleach aige nó aici, buiséad substaintiúil.

Cé h-é nó h-é an duine a roghnófá don phost sin, dá mba rud é gurb é sin ceann de na moltaí ar tháinig as an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge atá le foilsiú go luath, sara ndeinfear athshuathadh ar an gComhaireacht pé scéal é! Agus go mbeadh sé i gceist na moltaí sa Phlean a chur i bhfeidhm, a deirim sotto voce!

7 dtuairim ar “Czar na Gaeilge – cé bheadh ann?

  1. Seán Mór

    Daoine galánta dioplómaitiúla atá ar an liosta sin agat, a Choncubhair, ní fheicim aon ábhar Czar ina measc. Má tá Czar le bheith ann, b’fhearr i bhfad duine crua amach is amach a roghnú…

    Más ann dó/dí, tá sé á choinneáil féin faoi cheilt…

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tuigim gur féidir go bhfuil an ceart agat, a Sheáin. Ag an am chéanna, táim réasúnta cinnte faoi fhurmhór an liosta seo go bhfuil an mianach ceart iontu….in am an riachtanais.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim le Czar nach mbeadh aon dualgais éile ar ach an Ghaeilge a chur chun cinn.Nil mé mórán ar an eolas faoi na daoine tuasluaite agus caithfear iad bheith crua, duine mar Joe Higgins mar shampla dá mba rud é go raibh sé ar fáil.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    níor chuala mé moladh chomh háiféiseach le fada an lá- “EL DUCE” na Gaeilge an ea ? biodh ciall agat.is ioma “CAUDILLO* atá i ngluaiseacht na Gaeilge cheana féin gan iad a chur faoi cheannas an “PRIMO CAPO” Is ar an talamh go háitiúl i measc na cosmhuintire atá cath na Gaeilge le troid go hoscáilte agus go daonlathach ó theach go teach agus ó shráid go sráid.Ní theastaíonn deachtóir ná ollphlean náisiúnta fána choinne sin.Tuilleadh cumhachta dóibh sin ar an talamh atá ag teastáil agus níos lú ag deachtóirí,biodh siad mór na beag.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    B’fhearr liom féin go mbeadh pobail is bailte cumhachtaithe mar a deir tú a Shéamuis – ach creidim gur féidir go mbeadh tairbhe le baint freisin as Czar – nó Primo Capo nó cibé – a cheapadh agus an ghnó a bheadh ag an duine sin na h-údaráis a bhrostú i dtreo seirbhisí a chur ar fáil do lucht na Gaeilge – mar shampla trachtaireacht bheo ar chluichí Gaelacha ar RTÉ – atá siad ag iarraidh seachas seirbhísí nach bhfuil (iliomad tuairiscí bhliantúla nach léitear etc).

    Tá sé feicthe agam, mar shampla, nach bhfuil an Choimisinéar Teanga ach ag cur leis an maorláthas – seachas bheith ag baint de.

    Agus tá gá freisin le duine feiceálach cumasach inchreidte bheith ann chun cás na Gaeilge a chur san fhóram phoiblí.

    B’fhéidir gur moladh aiféiseach é – agus gach seans nach gcuirfear i bhfeidhm é choiche nó níl aon eolas agam a thabharfadh le fios dom go gcuirfí i bhfeidhm é – ach is ceart é a phlé. Tá sé maith go leor go mbeadh daoine ag obair leo ina bpobail féin ar an dtalamh ach fiú go n-eiríónn le sin go maith, tá gá freisin le duine, nach bhfuil ceangailte mar atá Foras na Gaeilge, le cuing an mhaorláthais, a chuirfeadh na h-údaráis ag gluaiseacht go tapaidh sa treo ceart agus a chuirfeadh an tacaíocht cuí ar fáil do na grúpaí ar an talamh.

    Tuigeann tusa, níos fearr ná éinne cá bhfuil mo chroí ar an gceist seo, ach ní doigh liom gur féidir suí ar an gclaí níos mó agus ligint do na maorláthaigh an beatha a thachtadh ónár dteanga. Is fiú an moladh seo a phlé, dar liom, agus fiú go bhfuil tú ar mhalairt tuairime liom, b’fhéidir, ar an moladh atá agam, tá sé tabhachtach go mbeadh an plé chomh hoscailte agus is féidir….

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    agus tá muid á phlé a Choncúbhair agus go mba fada uainn an lá a mbeidh tusa ar aon intinn liomsa agus mise ar aon intinn leatsa.Is í an éagsúlacht dearcaidh a dhéanann beo muid agus an blag seo ach go háirithe bail ó Dhia ort ach san am céanna ta mé fada go leor ar an saol seo agus go leor “Ridirí bána ar chapaill” feicthe agam le bheith amhrasach faoina bhfiúntas.Cuimhnímis i gcónaí gurbh iad na deachtóireachta is mó i stair an domhain a ghin na maorlathais is mó ariamh.Féach an papa! Is é ár néagsúlacht agus ár líon a dhéanmah a fhágann réasúnta éifeachtach sinn mar dhream ainneoin a nabránn ár náimhde fúinn.Tugaimis cumhacht don phobal agus slánóidh an pobal iad féin muid mar a deirim ó thuismítheoir go páiste ó pháiste go dtí na chéile agus ó theach go teach agus ó shráid go sráid agus ó bhaile go baile.Ní theastaíonn raidio na Gaeltachta uainn ach teastaíonn Raidio Múscraí uainn.Ní theastaíonn TG4 uainn ach teastaíonn TG mhúscraí agus TG Rinn o gCuanach agus TG Ros MUC agus go deimhin TG Bhéal Feirste agus Baile Atha Cliath agus Doire agus an Srath Bán etc. etc.Is é mó bárúil gurb an rud beag an rud mór in athbheochán na Gaeilge.Na habair é déan é.agus sin an sóiscéal de réir Séamus naofa nach deachtóir go fóill

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s