Sabhal Mór Ostaigh agus An Nasc

Ionad Nua an Chultúir ag Sabhal Mor Ostaigh -Fas

Tugaim faoi ndeara go bhfuil mo shean chara, Máirtín  O Muilleoir, ar thuras lena chomhleacaithe ó Chiste Infhéistíochta na Gaeilge ar Shabhal Mór Ostaigh ar Oileán Sgiathánach sna  hOileáin Thiar.  Is fiú a rá go bhfuil an buíon infhéisteoirí imithe ar an dturas ar a gcostas féin – rud a léiríonn dearcadh nua ón gcur chuige a bhionn i réim de ghnath ar ‘quangoes’ ó thuaidh is ó dheas.  Tá siad ann chun léargas a fháil ar an slí ar eirigh leis an ionad ceeannródach seo an fhás agus an  fhorbairt atá déanta a dhéanamh.  Anois aithnítear Sabhal Mór Ostaigh mar an phríomh ionad léinn is cultúir  is teicneolaíochta do Ghaeil sna h-oileáin seo.

Nuair a leandáileas i mBéal Feirste geall leis ceithre bhliain deag ó shin, ceapadh mé ar bhórd Fhorbairt Feirste agus bhí láímh agam i bhforbairt togra bunaithe ar Shabhail Mhór Ostaigh, an Nasc, ionad ina mbeadh fiontarlann, chun gnólachtaí nua a spreagadh agus a áisiú, is scéal-lann, ina mbeadh scileanna scéalaíochta ag baint úsáide as an nua theiceneolaíocht idir scannánaíocht, teilifís, raidió is eile, á mhúineadh don aos óg agus a bheadh ina cheanncheathrú do thionsal chlos-amhairc an Tuaiscirt.

Thugamar cúpla turas orainn féin, turas amháin ó dheas go Gaillimh is Luimneach, chun taighde a dhéanamh ar an bhfiontar agus d’oibríomar ar roinnt roghanna chun suíomh oiriúnach a aimsiú.  Sa deireadh níor tháinig an mhaoiniú chun an togra go léir a chur i bhfeidhm agus níor fhorbraíodh ach an ‘Fiontarlann’ is roinnt oifigi san Nasc, foirgneamh atá suite ar Bhóthar na bhFal.  Is ceann cheathrú Forbairt Feirste é seo anois agus is cinnte go bhfuil go leor oibre fiúntach déanta ag an eagras, go h-áirithe agus é faoi stiur Jake Mac Siacais, le blianta beaga anuas.

An rud ar moladh an chuid is mó de scór bliain ó shin anois, is é sin an rud, go bunasach, atá ag teastáil go fóíll.  Idir an dhá linn tá go leor oibre déanta chun an toirt chriticiúil a chur in áit le go mbainfí usáid fónta as an ionad seo – bunú Raidió Fáilte agus Nuacht 24 sa chéad dul síos.

Agus níl aon ghá foirgneamh nua a aimsiú.  Ar chúl na Cultúrlainne, tá foirgneamh an Springfield Charitable Association agus ba cheart é seo a cheannach laithreach, ar phraghas réasúnta agus é a fhorbairt mar an ‘Scéalann’.   Is é an Chultúrlann an áit nádúrtha don fhorbairt seo agus má chuirtear in áít é gan ró mhoill, beidh rath ar an dtionscnamh, creidim.

Thóg mé roinnt ceisteanna faoin Chiste seo mar níor thuigeas, nó ní thuigim go fóill, cén fath gur bunaíodh é go rúnda, gan aon phroiseas phoiblí chun baill an choiste a cheapadh, go h-airithe i bhfianaise go raibh deontas £8bn d’airgead phoiblí á fháil ag an gciste.     Tá cuid de na ceisteanna sin gan freagra go fóill cé gur aimsigh Danny Browne ar shon Gaelscéal ainmneacha bhallraíocht an Choiste do Ghaelscéal, tar éis gur chuireas an cheist anseo.

É sin ráite, ní mór bogadh ar aghaidh agus an spotsholas a fhágaint ar an gCiste le cinntiú go gníomhaíonn sé gan ró mhoill le beartas a léireoidh go bhfuil ré nua i bhfeidhm ó thuaidh ó thaobh cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge de, mar a mhaíonn Mairtín ar a bhlag:

This is a fortuitous time to visit Samhal Mor Ostaig as we enter a new era of Irish language protection and promotion in the North of Ireland and the advent of the new £8m Irish Language Investment Fund (whose members are here, at their own cost, on a fact-finding mission) but here’s a sobering thought: one building at Samhal Mor Ostaig, the Fas building cost as much as our entire kitty, £8m.

An bhfuil ré nua ann, i bhfírinne?  Níl a fhios agam.   Creidim go leireodh cinneadh infheistiocht i dtionscnamh ar nós ‘An Scéalann’ mar atá molta agamsa go raibh tús leis.   Mar a deir Mairtín, ní mór an méid é £8m – ach, níl anseo ach an chuid is lú den infheistíocht.  Is iad pobal Ghaelach Bhéal Feirste, i gcaitheamh na mblianta, ceannródaithe Bhóthair Seoighe is na Cultúrlainne is Lá/Lá Nua (nach maireann) is Raidió Fáílte is Aisling Ghéar is Gaeloiliúint(nach maireann) is Chumainn Chluain Aird a dhein an infheistiú ar fad go dtí seo. Na milliún uaireannta chloig oibre tugtha go deonach, saothar nach bhfiuil saibhreas ann chun an obair seo a chúiteamh, an infheistíocht sin.

8 dtuairim ar “Sabhal Mór Ostaigh agus An Nasc

  1. seamus mac seain

    Alt suimiúl a Choncubhair.is fada suim ag muintir Bhéal Feirste i Sabhal Mór Ostaig agus is ioma cuairt a thug muid air. Ba é Ciarán Ó Duibhinn as Béal Feirste a spreag ár suim ann an chéad lá ariamh agus a thug an t-eolas dúinn air. Níl a fhios agam an raibh Máirtín ann roimhe seo ach is cinnte go raibh baint aige le toradh cuairte amháin acu.Nuair a bhí na céad dalta ag Choláiste Feirste ag tarraing ar dheireadh á dtréimhse sa scoil agus gan faill ach ag an chuid is acadúla dul ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal fríd mheán na Gaeilge thug mé féin Ciarán Ó Duibhinn agus Feargus Ó hÍr( a bhí ina ard mháistir san am) cuairt ar Sabhal Mór le fáil amach an dtiocfadh linn na cúrsaí praicticúla a bhí sa siúil acu a bhunú i mBéal Feirste. Cé nach raibh na cúrsaí ar fóirstin go h-iomlán ba as an chuairt sin a bunaíodh na cúrsaí atá dá reachtáil do iardhalta Choláiste Feirste faoi choimirce Colma MCKee ag forbairt feirste ó shin agus a bhfuil na céadta dalta i ndiaidh tairbhe a bhaint astu. Ba é Mairtín a rinne cinnte ar iarratas ‘sagainne go mbeadh áiseanna Forbairt Feirste ar fáil chuige agus tá buíochas na ndalta tuillte aige as sin.

    Is beag ar fad an £8 milliúin dona tógraí Gaeilge i mBéal Feirste atá ag cuardach airgid gan dul taobh amuigh den chathair féin. Tá pleanna uailmhianacha ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta do Cheanncheathrú ar Bhóthar na Bhál. Tá an Droichead mar a gcéanna ar Bhóthar Ormeau agus an Fhobairt uilig atá le déanamh ag Sólann Ard na bhFeá ar bBóthar na bhFál. Ní £8 milliúin a theastódh ach £80 milliúin. Dá mbéadh mó dhóigh agamsa (agus ní bheidh) cheannóinn oiread de na foirgnimh fholamha sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste ar £2 mhilliúin den airgead sin mar thús agus líonfainn iad le Nuacht 24,Ráidío Fáilte,Comhlacht Teifíse Tobar,Pobal,Aisling Ghéar srl leis an Cheathrú a spré amach agus seo an t-am chuige nuair atá athchóiriú le déanamh ar an Chultúrlann agus na dreamanna sin le bogadh amach as ar scor ar bith. Tá an Chultúlann le ró fhada ina “phlúid Shó” ag na dreamanna seo agus dhéanfadh sé maith iad á n-iomaire féin a treabhadh.

    I dtaca leis an chiste inféistíochta féin de níl cearr leis ach an easpa trédheacachta a bhaineann lena bhunú ach cad é a thiocfadh a bheith ag súil ó pháirtí Polaitiúil ar bith ach a bheith ag tarraing uisce ar a Mhuileann féin. I dTaca leis na rannpháirtíthe féin de is beirt den scoth iad Máirtín Ó Muilleoir agus Niall ó Catháin agus bhéinn ag súil le héifeacht uathu. Níl go leor eolais agam ar an chuid eile le barúil a thabhairt. Tá súil agam go caitheann siad an t-airgead le h-éifeacht ach beidh stiúrthóir den scoth de dhíth orthu agus mar atá a fhios ag an saol mhór tá go leor liúdramán ag baint “cúis na Gaeilge”. Fanadh siad amach uathu sin.

    Freagra
  2. Seán Ó hAdhmaill

    “Agus níl aon ghá foirgneamh nua a aimsiú. Ar chúl na Cultúrlainne, tá foirgneamh an Springfield Charitable Association agus ba cheart é seo a cheannach laithreach, ar phraghas réasúnta agus é a fhorbairt mar an ‘Scéalann’.”

    An bhfuil an Springfield Charitable Association toilteanach an fhoirgneamh atá acu a dhíol, nach bhfuil ioncaim bhreá a fháil acu ó chomhlachtaí na Cultúrlainne? Cén fáth go ndíolfaidís an teacht isteach leanúnach (agus luachmhar don eagraíocht) sin?

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Sin ceist don SCA, a Sheáin. Tá mé cinnte gur féidir teacht ar shocrú réasúnta. Tá cnap shuim ann anois agus b’fhiú smaoineamh ar sin a úsáid chun an Chultúrlann a cheannach scun scan ionas go mbeadh sé i seilbh buan na nGael. Agus an chuid eile a úsáid chun an togra atá beartaithe agam a chur i bhfeidhm. Is sppéiúil an moladh atá ag Séamus freisin ach creidim gurb é seo an am an bratlong a fheistiú mar is ceart. É sin nó Cultúrlann nua a thogáil ar shuíomh eile. (agus ní doigh liom gur rogha réadúil é seo mar gheall ar an méid atá infheistithe, idir fuinneamh, dóchas is acmhainní, sa Chultúrlann i gcaitheamh na mblianta.

    Glacaim leis go bhfuil iarratais eile ann freisin ó leithéid An Droichead agus Iur Chinn Trá. An togra atáím ag moladh, creidim go dtabharfaidh sé toradh uaidh go leanúnach amach anseo…..

    Freagra
  4. seamus mac seain

    A Chairde Gaeil
    Níl bliaín dá ndeacha thart ó bhunaigh muid an Chultúrlann i mBéal Feirste i 1991 nár iarr muid ar SCA an foirgneamh a dhíol linn scun scan ach ar na cúiseanna a luaigh Seán níl siad sásta sin a dhéanamh(ní dhéanfainn féin é dá mbéinn iná n-áit) ach má éiríonn leo forbairt a dhéanamh ar á bpleanna féin is leis an Chultúrlann a dhíolfaidh nó tá léas úr 25 bliana ag an Chultúrlann ar an áit ach ní fios an dtarlóidh sé. Bíodh agus gur mhaith gur leis an Chultúrlann an áit, tá obair mhaith leasa shóisialta ar bun ag SCA i rith an ama agus mar sin ní airgead amú é agus ó tharla gur airgead poiblí a bheag agus a mhór a choinníonn na grúpaí uilig sa Chultúrlann ag dul (diomaite de TACA nach bhfaigheann pingin de airgead poiblí agus an siopa leabhair agus an caife)) ní ag teacht amach as á bpóca féin atá an chíos. Tá an Chultúrlann le breis agus £1 Milliún a chaitheamh ar phíosa a chur leis an fhoirgneamh as seo go ceann bliana a bhuíochas do obair chrua a stiúrthóra Éimear Ní Mhathúna agus a foireann ach léiríonn se dar liom laige ginearálta Ghluaiseacht na Gaeilge gur ar airgead poiblí a mhaireann sí agus nár aimsigh muid go fóill foinsí airgid eile agus gur beag an t-am a chaithtear ag iarraidh a theacht ar airgead eile. An fiú don chiste infheistíochta airgead éigin a chur i dtreo neamhspleáchas a lorg ón stát ciste dar libh?

    Freagra
  5. Seán Mór

    Ba mhaith liom féin go mbeadh tacaíocht ann le roinnt Ionad Buail Isteach a fhorbairt i gceantair taobh amuigh de Bhéal Feirste fosta. Ní cultúrlanna mar atá acu i mBéal Feirste go fóill, mar níl an daonra Gaeilge ann go fóill, ach ionaid buail isteach (siopa leabhar, áit le tae is ceapaire a fháil, oifig forbartha, áiseanna do dhaoine óga srl)…. Ní bheadh mórán costais leo. Mar shampla, ar an tSrath Bán, níl gá ar bith le hamharclann ná seomraí teagaisc ná páirceanna súgartha (tá sin uilig againn cheana féin, agus is fearr dúinne, i mbaile measartha beag mar seo, ná háiseanna sin a úsáid)… ach tá gá le hionad buail isteach. D’fhéadfaí ionad a cheannach ar chostas réasúnta.

    Freagra
  6. seamus mac seain

    is féidir go bhfuil an ceart agat A Sheáin mhóir gur mó an tairbhe a bhainfí as infhéistíocht bheag i mbaile beag ná infhéistíocht mhór i gCathair cosúil le Béal Feirste áit a bhfuil daonra mór go leor, dar leat, le h-áit dá gcuid féin a chothú. Tá mistéir áthrid ag baint le coiste infhéistíocht na Gaeilge agus easpa tré-dhearcachta ó tharla SF a bheith ina bhun agus ní Gluaiseacht na Gaeilge ach san am chéanna ta daoine fiúntacha ag baint leis an chiste agus níor mhisde dar liom an moladh atá agat a chur rompa agus dar leat go mbeadh siad báúil leis.

    Tamall ó shin pléigh mé féin ar a bhlag seo smaoineamh a bhí agam faoí bheagán airgid a chaitheamh ar Ailtire le dearadh comhchoitean ionad “buail isteach” Gaeilge a dhéanamh amach agus an chomhtharthaíocht chéanna orthu bíodh siad beag ná mór a dfhágfadh na h-ionaid so aitheánta ba chuma cad é an baile ina mbéadh siad.Ba olc an tsamhail é ach seoirt “macDonalds” na Gaeilge a dhéanamh astu a d’fheicfeadh duine sa bhomaite gur áit Ghaeilge a bheadh ann. Níor mhiste liom sin a fheiceáil ar an tSrath bán. An bhfuil an ciste ag iarraidh moltaí an bhfuil a fhios ag duine ar bith?nó cad é mar a dhéanann tú teagmhail leo?

    Freagra
  7. Seán Mór

    Is maith liom an smaointiú sin atá agat a Shéamais, maidir le hionaid a mbeadh ‘ainmbhranda Gaeilge’ orthu. Níl mé ag maíomh nár chóir mór-ionaid a fhorbairt sna cathracha… tá gá leo cinnte, agus ionaid a bheadh ina mór-eiseamláir ag pobal na Gaeilge (mar atá an Chultúrlann san am i láthair i mBéal Feirste). Níl ann ach gur mhaith liom go mbeadh méid áirithe airgid curtha ar leataobh le hionaid buail isteach a fhorbairt i roinnt bailte móra taobh amuigh de na príomhchathracha fosta, le go mbeadh gréasán níos cuimsithí againn. Ba chóir na hionaid seo a lonnú i dtús ama i gceantracha/bailte ina bhfuil Gaelscoil agus pobal cruthaithe Gaeilge thart uirthi.

    Freagra
  8. seamus mac seain

    tá ráite agam roimhe seo a Sheáin ach dearfadh arís é go bhféadfadh na ionaid chaidrímh Ghaeilge seo a bheith chomh tabhachtach don athbheochain agus a bhí na Gaelscoileanna go dtí seo. Mhaígh Eamon Ó Cuív aon uair amháin go mbeadh sé de pholasaí aige na h-ionaid seo a leathnú tríd an tír. Ó d’imigh sé níl a fhios agam an bhfuil deireadh le sin? Dá mbeadh mo dhóigh agam chuirfinn deireadh le leath cuid de mhaorlathas na Gaeilge agus chuirfinn an t-airgead a shabhálfaí isteach sna h-ionaid seo, ag toiseacht leis na Bailte beaga. An ceart go mbeadh sé sin ina phríoracht ag Ciste £8 milliúin na Gaeilge seo de chuid Gerry Adams? ar a laghad ar bith ba cheart cupla ailtire a chur ag obair ar ionad a shamhlú don tsrath ban. Is féidir go mbeadh Ciarán Mac Goill nó Michael Doherty gur ailtirí i mBéal Feirste iad a bhfuil Gaeilge acu go mbeadh siad sásta á smaoíntí a thabhairt ar sin ach cupla duine ar an tsrath ban cuireadh a chur orthu agus ansin dul i dteagmhail leis an Chiste.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s