An ré órga agus Cathal Goan

Cathal Goan

Tá sé fógraithe go bhfuil Cathal Goan ag eirí as a phost, Ard Stiurthóir RTÉ, i mbliana, ag deireadh a thréimhse seacht mbliana agus an chúram sin air.    Tá aithne áirithe agam ar Chathal agus is mór an ionchur a bhí ag an bhFeirsteach seo i stair craoltóireachta na tíre seo.

B’é an chéad Cheannasaí ar TG4 é agus bhí sé seal ina eagarthóir Ghaeilge ar chláracha RTÉ le linn an ‘ré órga’ nuair a bhíodh ‘Cúrsaí’ á chraoladh ar RTÉ 2 ar feadh seal sna 80aí/90aí.

Creidimse go fóíll gurb é Cúrsaí an clár cúrsaí reatha Ghaeilge ab fhearr riamh agus bhí foireann le h-áireamh d’iriseoirí ag an clár:  Seán Ó Tuairisc, Mairéad Ní Nuadháin, Cynthia Ní Mhurchú, Tadhg Mac Dhonnagáin, Seán Ó Méalóid, Harry McGee (Cúrsaí Ealaíne) agus Pat Butler.  Má tá éinne fagtha amach agam, ní d’aon ghnó é an easnamh.

Le linn a sheal mar Cheannasaí ar TG4, baineadh triail as roinnt formaidí éagsúla chláracha Cúrsaí Reatha – Cead Cainte ceann acu más buan mo chuimhne.    Bhí clár ann a chuir, más buan mo chuimhne, Alan Dukes agus Máire Geoghegan Quinn i láthair.

Ach ní raibh clár ar bith acu inchurtha le Cursaí sa réimse seo.  Go deimhin níl clár cúrsaí reatha den chaighdeán céanna ann go fóíll nó dá fheabhas é 7 Lá, níl na h-acmhainní céanna ó thaobh uaireannta craolta (bhíodh cúrsaí ar siúl ar feadh leath uaire, cúig lá na seachtaine), tuairisceoirí is eile aige a bhí ag Cúrsaí.

Is cosúil nach bhfuil an suim ag TG4 i gclár cheart cúrsaí reatha – agus is léir go bhfuil an spéis ag an staisiún i gcláracha taistil mar shampla.   Tá súil agam féin malairt tuairime a chur chun tosaigh má dhearbhaíonn an Rialtas mo cheapachán ar Bhórd TG4.

Ar aon nós, tar éis gur fhill Cathal Goan ar RTÉ, ba bheag den ‘Ghaeilgeoir’ a thugamar faoi ndeara.  Is cinnte go raibh baint aige le forbairt cláracha ar nós ‘Scannal’ agus ‘Léargas’ – ach cé go raibh na cláracha go maith iontu féin, ní raibh an tacaíocht acu a bhíonn ag cláracha Primetime mar shampla.  Má bhionn clár maith ‘Primetime Investigates’ ann ar an Luan, beidh ábhar an chlár sin á phlé ag painéal ar The Frontline nó, trath dá raibh, Questions and Answers.

Tá an caidreamh idir RTÉ agus an Ghaeilge thuas seal, thíos seal.  Is íontach an áis é Raidió na Gaeltachta – cé nach bhfuil sé gan locht – ach tá an easpa tacaíochta don teanga sa mhathair staisiún ina laincis ollmhór.  Ach amháin an diultachas seo don teanga i measc réaltóga RTÉ, ní bheadh gá le TG4 ar chorr ar bith, argóint a bhí orm míniú do Leo Varadkar agus mé á chur faoi scrúdú phoiblí ag an gComhchoiste Oireachtais le déanaí.

Ní bheadh sé cothrom bheith ag súil go mbeadh Cathal Goan, leis féin, ábalta an taoide sin a chasadh.  An díomá atá orm gur lig sé go leor deiseanna thairis – mar shampla ní raibh oiread is clár – gan bacaint le cainéal – Ghaeilge i measc na gcainéalacha digiteacha raidió a sheol RTÉ le linn a réimeas.

Guím gach rath ar Chathal ina shaol tar éis RTÉ – ach is dócha go mbeidh a thuilleadh le feiceáil againn den Fheirsteach amach anseo.

Aon tuairim amháin ar “An ré órga agus Cathal Goan

  1. dochonradh

    An rud is tábhachtaí anois ná go mbeadh tuiscint mhaith ag cibé a bhéas roghnaithe mar chomharba ar Goan ar fhreagracht an craoltóir náisiúnta le seirbhísí a sholáthar i ndá theangacha oifigiúla an stáit agus go dtugann siad faoin fhreagracht sin go dícheallach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s