Sinn Féin agus an íoróin

Táim ar saoire b láthair I gCeatharlach agus inniu chuamar ar chúirt chug Dolman Chnoc an Bhrùnaigh. Ina dhiaidh sin bhí béile againn I mbialann a bhí suite ar bhun úrlár bhloc arasáin a tógadh, is cinnte, le linn ré an Tiogair Cheiltigh. Ainm na bialainne? Pompeii! Ní íoróin go dtí é!
Pàirtí eile a bhionn ag gabhail don Íoróin chéanna isea Sinn Féin. Ar an deireadh seachtaine céanna gur fograiodh go mbeadh Martin McGuiness ag caint ag Comhdháil na dTóraithe, bhí an Seanadóir Piaras O Dochartaigh ar This Week agus é ag moladh uaisleacht pholaiteoiri Shasana de bhrí go n-éiríonn siad as má bheirtear orthu ag ‘fidleáil’ mar a rugadh air Ivor Calelly! Ag cur san aireamh an feachtas mileata a throid an IRA ar feadh 30 bliain agus go bhfuil ceisteanna á chur mar gheall ar fheisiri SF bheith ag fáil liuntas tithiochta chun fanacht I Londain fiu nuair nach nglacann siad suiocháin ann, is cinnte go mbeirfeadh SF an craobh íoróine leo gach uair.
Eist leis an Seanadóir ró shoineannta anseo:

2 thuairim ar “Sinn Féin agus an íoróin

  1. Cillian de Búrca

    San am i láthair ní dóigh liom go bhfuair Mc Guinness ach cuireadh le labhairt, ach glacaim le do phointe – bhí an fear céanna ag léimtigh thart mar a bheadh páiste óg nuair a fograíodh go raibh Doire Cholmcille ina Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe – nó b’fhéidir nach bhfuil ‘Free Derry’ cúrtha san áireamh aige leis sin.

    Freagra
  2. seamus mac seain

    a ní thuigeann tú an fó-phlota a Chillian tá sé i gceist ag “Gluaiseacht na Poblachta” Briotánaigh a dhéanamh dena Náisiúntóirí agus a mhalairt dona h-Aontachtaithe. Nár fhuagair Gerry Adams inniu gur “Gael” é Edward Carson.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s