Ciste na Gaeilge nó Ciste Shinn Féin?

Is cosúil go bhfuil Ciste nua Infhéistíochta don Ghaeilge bunaithe ó thuaidh agus go mbeidh £8m le h-infheistiú ag an gCiste as seo go ceann trí bliana.  Is é an £8m sin an t-airgead atá fagtha ón £20m a fuair Sinn Féin don teanga  ag an eigeandáil deireannach sa phroiseas pholatúil.

Bhí caint againn faoin gCiste seo roimhe.  Is cosúil go raibh ‘cruinnithe poiblí’ ann faoin mbealach is fearr chun an t-airgead seo a chaitheamh – ach bhí lúb ar lár ann.  Tionóladh cruinniú sa Chultúrlann mar shampla – agus cuireadh daoine a raibh suim acu sa cheist ó dhoras mar gur theastaigh ó lucht eagraithe an chruinnithe an chíste a roinnt eatarthu féin.

Bhuel tá an Ciste ann anois agus Ceann Chiste á lorg aige.  Beidh sé lonnaithe i gCultúrlann Uí Chanain i nDoire    Is maith ann a leithéid de chiste.

Ach tá cúpla ceist agam.   Tá go leor raflaí ann faoi bhallraíocht Bhord an Chiste, mar shampla.   Cé h-iad na baill ar an gCiste seo, an bhfuil a fhios ag éinne?

Má tá an Chiste seo cosúil leis an gCiste Craoltóireachta, mar shampla, cén fath nár fhograíodh proiseas ceapacháin chun na baill a ainmniú ar an mBórd seo?    An bhfuil an Chiste seo á reachtáil faoi choimirce DCAL nó roinn éigean eile?

De réir an méid atá cloiste agam, is tacadóirí Shinn Féin den chuid is mó na baill atá  ar mBórd seo.  B’fhéidir gurb iad na Gaeil is Gaelaí ar chlár na cruinne, ach ní leor sin.   Na h-ainmneacha a chuala mise, b’ainmneacha aitheanta iad i saol na Gaeilge agus i bpáírtí Shinn Féin.   Más amhlaidh ná raibh proiseas oscailte ann chun iad a cheapadh, dá fheabhas iad, beidh ceisteanna i gcónaí ann faoi stiur an Chiste seo.

Cén critéir a bheidh ann maidir le na gcinntí infheistíochta a bheidh á dhéanamh ag an mBórd seo?   An mbeidh sé ag brath ar cad é leas na Gaeilge i gceantar áirithe – nó leas Shinn Fhéin?   B’fhéidir go gcreideann Sinn Féin gur ionann an dhá leas?

Agus Ceann Chiste á lorg anois, cad is fiú do dhuine cur isteach an bpost más amhlaidh nach bhfuil aon chinnteach ann go mbronnfar an post ar an t-é is fearr atá cáilithe nó an t-é is fearr a fheilean do Shinn Féin.

Más fíor an méid atá cloiste agam, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Sinn Féin i mbun na cleasanna céanna a bhíodh siad ag casaoid mar gheall orthu bheith ar bun ag na h-aondachtaithe is ag na Sasanaigh rompu.    Cad é an Ghaeilge ar ‘political vetting’?     An bhfuil áit sa todhchaí roinnte/shared future seo do Ghaeil scríobacha?   Nó an é atá i gceist le todhchaí roinnte ná Sinn Féin ag roinnt ár dtodhchaí eatarthu féin?

8 dtuairim ar “Ciste na Gaeilge nó Ciste Shinn Féin?

  1. Feirsteach

    Lorg mé an t-eolas céanna le déanaí, cé atá ar an mbord / taobh thiar den Chiste? Dúradh liom gur chomhlacht poiblí a bhí ann agus go raibh siad ag feidhmiú as Cultúrlann Uí Chanáin ach gur boird agus comhlachtaí difriúla iad.

    Níor tugadh le fios dom cé a bhí ar bhord an chomhlachta agus cuireadh foirm iarratais chugam don phost chomh maith, mar eolas.

    Luadh chomh maith go mbeadh an Chiste ag díriú ar na 6 Chontae ar dtús báire (rud a thugann le fios go bhfuil sé i gceist é a leathnú amach).

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Mar sin nior tugadh an t-eolas a bhí tú sa tóir air duit, a Fheirstigh, agus cé gur ‘comhlacht phoiblí’ é seo, níl teacht ar an mbun eolas corporáideach seo. Cén fath? Cé lorgódh post ó chomhlacht nach bhfuil a fhios aige cé atá luaite leis an gcomhlacht sin?

    Freagra
  3. seamus mac seain

    tá sé uilig ráite agat a Chonchubhair agus ní héigean a thuilleadh a rá ach cuimhnigh nach dtéann páirtí polaítiúl agus tré dhearcacht le chéile i n am ar bith. Is ciste agus coiste de chuid Shinn Féin é seo agus bheadh breall ort dá sílfeá go raibh sé ag dul a bheith oscáilte do chách ach ní shin le rá nach bhfaighfidh corr “uncle tom” píosa den aicsean. Ní sin mar a oibríonn “stroke politics” lofa na tíre seo thuaidh ná theas, agus anois agus SF ar an taobh istigh tá siad i ndiaidh corr stroke dá gcuid féin a fhoghlaim. Mar eolas duit agus is scéal scéil é agus thiocfadh dó go bhfuil sé contráilte ach chuala mé Máirtín Ó Muilleoir (iar Chomhairleoir de chuid SF) ag rá ar Ráidío Fáilte inné go mbeidh sé féin ar an choiste infhéistíochta agus sa Chultúrlann inniu (áit fíor mhaith don chraic) chuala mé go bhfuil Gearóid Ó hEara (SF Doire) Rosaí McCorlaí ( Comhairleoir SF) agus léachtóir Ollscoile a bhfuil O Reilly uirthí ar an choiste chomh maith( níor chuala mé iomrá uirthí roimhe seo). Is ar “iGaeilge” atá an tré dhearcacht a Choncubhair fiú má shéanann na páirtíthe polaitiúla ar cosmhuintir na Gluaiseachta í. Coinnigh an creideamh a bhuachaill

    Freagra
  4. seamus mac seain

    chuala mé ó shin go bhfuil an tOllamh Dolores O Reilly as Ollscoil Nua Uladh ina saineolaí ar tionscail na eitilte. An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge le bheith san aer feasta? nach iad na polaiteoirí mór le rá as gach páirtí atá tugtha do na “helicopters”

    Freagra
  5. Concubhar

    An rud a leagann sin béim air, go mbeidh an Chiste seo ag feidhmiú ós ár gcionn sa spéir. b’fheidir go bhfuil sé I gceist infheistiu in eirí in áirde. Is cinnte go bhfuil sé cruthaithe ag an mBuainíocht nua go bhfuil siad chomh glic leis na dreamanna a chuaigh rompu. Tá sé go léir ráite I leabhar Orwell, Animal Farm.

    Freagra
  6. johnmodonoghue@yahoo.ie

    Dúirt Dara Calleary sa Dáil go raibh FF ró-ghnóthach leis na fo-thoghacháin a chur igcrích, a leithéad d`omós don daonlathais.De réir cosúlachta ní bheidh aon rud nua le foghlaim ón mBúnaíocht Nua i SF uatha.

    Freagra
  7. seamus mac seain

    agus sinn ag caint ar tré dhearcacht a Choncubhair an bhfaca tú gur roghnaíodh Údarás nua do RnaG. An bhfuil a fhios ag duine ar bith cad mar a roghnaítear na daoine seo?. An mbíonn fógra ar an pháipéar ag iarridh ainmniúchán? nó an gceaptar iad ar fhocal duine éigin eile gan aithne?. Cad iad na cailíochtaí is gá a bheith ag duine le bheith ar Údarás craolacháin? nó an bhfuil siad ag na daoine a roghnaíodh? Tcím ina measc roinnt “freastálaithe sráithe” (serial servers?) an bhfuil sin ina chailíocht ann féin? Ar shon trédhearcacht a chuirim na ceisteanna.

    Freagra
  8. Ping: Sabhal Mór Ostaigh agus An Nasc « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s