Uaillmhian ‘Gaelscéal’ – an seans deiridh

Nil sé deacair nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú.  Ach tá sé dúshlánach.   Dúshlán níos mó arís é nuachtán Ghaeilge le dealramh agus le téigear a fhoilsiú.   Bhí láimh agamsa i bhfoilsiú nuachtán Ghaeilge ar feadh i bhfad agus b’obair dúshlánach agus deacair a bhí ann.    D’eirigh liom agus mo chomhleacaithe na dúshláin sin agus go leor eile a sharú in aineoin na n-aineoin.       Ba nuachtán laethúil a bhí againn – an nuachtán Ghaeilge is fearr go dtí seo, dar liom, ach ní raibh sé gan locht.  Ach sin scéal eile.

Deirim an méid seo agus mé ag léamh an tuairisc is déanaí faoi ‘Gaelscéal’, an nuachtán nua atá le maoiniú ag Foras na Gaeilge agus a bheidh ag foilsiú den chéad uair roimh dheireadh na míosa seo.     I Nuacht 24, nuachtán neamhmhaoinithe, atá an tuairisc seo le léamh.   Nuachtán teigéartha é Nuacht 24 ach bheithfeá ag súil go mbeidh an nuachtán nua níos fearr ná é, ós rud é go bhfuil maoiniú de €400,000 sa bhliain ag foilsitheoirí Gaelscéal.

Dar le h-eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, fear dá fheabhas é mar shaoririseoir nach bhfuil taithi aige ar fhoilsiú nuachtáin agus cúrsaí sprioc am is ‘seoladh chun na clólainne’ &rl, go mbeidh Gaelscéal ‘difriúil ó gach páipéar Ghaeilge  a bhí ann roimhe seo’ .  Is é seo a bhí le rá aige:

“Beidh téagar ann, nuachtán dáirire a bheidh ann.  Cothú pobal na Gaeilge an mana a bheidh againn agus tá súil agam as [sic]  go mothóidh pobal na Gaeilge go bhfuil úinéireacht acu ar Gaelscéal.”

Amhail is ná raibh téagar nó dáiríreacht le gach nuachtán Ghaeilge roimhe seo!    Bhí téagar leo gan amhras, bhí siad dáiríre, b’fhéidir ró dháiríre, agus rinne siad a gcuid iarrachtaí féin ‘pobal na Gaeilge a chothú’.   D’eirigh leo  – linn –  méid áirithe a bhaint amach – ach ní raibh pobal na Gaeilge sásta nó ábalta iad a chothú.

Is cosúil anois nach bhfuil aon áit d’ár leithéid, don taithí is don saineolas a bhailíomar i gcaitheamh na mblianta a rabhmar ag obair sa ghort seo anois.  Tá an lochrann bainte ónár lámha ag an dream nua seo agus iad ag maíomh ag ard a ngutha go ndéanfaidh siad an bheart an iarraidh seo.

Guím rath orthu!

Ach táim in amhras.  Is mó m’amhras agus is lú mó dhóchas ná ag aon uair roimhe seo.   Cinnte tá 100 bliain taithí ag an Connacht Tribune sa ghnó seo agus tá dea chlú ar Mháire Ní Thuathail as Ros na Rún agus éachtaí eile Eo Teilifís.   Ach tá foireann ar bheagán taithí roghnaithe acu chun nuachtán a fhoilsiú.

Beidh le feiceáil an mbeidh Gaelscéal faoi eagarthóíreacht Chiarán Dunbar sásta dul sa tóir ar na scéalta móra, na scéalta conspóideacha, scéalta, b’fhéidir, nach mbeidh na h-údaráis sásta a fheiscint i gcló.       Bhí Lá agus Foinse sásta dul sa tóir ar na scéalta seo – agus go minic ní raibh na boic mhóra sásta faoi sin.  Ghlac mé le cúpla glaoch feargach mé féin i gcaitheamh mo bhlianta le Lá.

Más é ‘ag cothú pobal na Gaeilge’ an manna atá le bheith ag Gaelscéal, níor chóir gur ionann sin agus, b’fhéidir, scéalta tabhachtacha, scéalta a fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha bheith leo, a fhagaint gan dul sa tóir orthu.  Ní gá gur díbhunú Fhoras na Gaeilge nó Udarás na Gaeltachta an toradh a bheadh ar fhoilsiú na scéalta seo – ní fheadar an bhfuil cothrom an Udaráis nó an Fhorais de Watergate amuigh ansin.  An mbeidh an nuachtán sásta dúshlán Sinn Féin a thabhairt mar a thug Lá Nua le linn domsa bheith mar eagarthóír?   Ní fheadar.  Beidh le feiceáil agus le léamh.

Nuair a thosnaíonn iriseoir oilte – murab ionann agus solathróir abhair – ag fiosrú scéil, ní bhionn a fhios aige nó aici cén toradh a bheidh ar an gcuardach.

Tá an claonadh in iriseoireacht chlóite na linne seo bheith ag gearradh na h-acmhainní atá ar fáil chun iriseoireacht fhiosrathach a dhéanamh – dar le Kate Adie, agus í ag caint i mBaile Atha Cliath ag an deireadh seachtaine, tá na meáin ag foilsiú scéalta nach bhfuil iomlán fíor de bharr leisce agus srianta airgid.   Dúirt sí freisin nach raibh ról ag na meáin a bheith ag cothú athmhuintearais mar shampla – agus is dócha go bhféadfadh sí ‘ag cothú phobal na Gaeilge’ a lua san anál céanna – agus gurb é ról na meáin:

Ms Adie said she did not think the media had a role to play in promoting reconciliation. The media should pick up the carpet and find the dirt that had been swept underneath.

“If comment, ideas, opinions, prejudices all get aired, then the possibility of the right outcome is greater. That right outcome is possibly reconciliation.”

Más é ‘cothú phobal na Gaeilge’ an aidhm, bhuel bíodh sin amhlaidh ach nach é sin an misean atá ag Saol?   Níl gá le Saol 2!

Cén fath go bhfuilim ag cur an oiread sin spéise i gcúrsaí Gaelscéal?   Bhuel tá suim agam sa ghnó.   Táim ag saothrú sa ghort seo fada mo dhothain le tuiscint a fháil ar an slí a oibríonn an ghnó.   Ba mhaith liom go mbeadh nuachtán Ghaeilge téagartha ann – ba mhaith liom a leithéid a léamh.   Bheadh suim agam altanna a fhiosrú agus a scríobh dona leithéid de nuachtán ach tá amhras agus imní orm faoin méid atá tuairiscthe i leith Gaelscéal.

B’fhéidir, áfach, go bhfuilim mícheart amach is amach.  Go deimhin tá súil agam go bhfuilim mícheart.

Creidim gurb é seo an seans deireannach do nuachtán Ghaeilge tosnú mar atá Gaelscéal ag tosnú, le tacaíocht dheontais ón ‘stát’ [an Fhoras Teanga Thuaidh Theas sa chás seo agus mar sin tá stát agus dlínse eile i gceist].    Mura n-eiríonn leis, tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh an seans céanna ag éinne eile tabhairt faoi.    Gan tacaíocht dheontais ón ‘stát’, beidh orainn teacht ar bhealaí eile chun nuachtán a mhaoiniú agus níl flúirse airgid ann faoi láthair.

Mar a léiríonn Nuacht 24 agus Foinse Nua, ní dúshlán dosharaithe é sin ach an oiread.

7 dtuairim ar “Uaillmhian ‘Gaelscéal’ – an seans deiridh

  1. séamus Mac Seáin

    guíonn tú rath ar gaelscéal a choncubhair agus mise leis. tá ár mbeannacht ag dul dóibh as tabhairt faoi. is gearr go bhfaighe muid amach an mbeidh sé maith olc nó dona. mar atá a fhios agat féin níl aon áit le dul i bhfolach agus tú ag cur amach páipéir. Is trua nach mbeadh alt nó dhó agat féin air le muid a choinneáilt inar ndúiseacht agus má tá ciall ar bith acu iarrfaidh siad sin.

    Freagra
  2. ruairí ramhar

    Tá sé in am bogadh ar aghaidh a Chon. Tá glúin nua ann anois agus iad ag stiúradh Gaelscéal agus Comhar. Do léas féinig Comhar agus cheap mé go raibh ábhar maith léitheoireachta ann.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-ionann glúin nua agus glúin níos fearr, a Ruairí. Má léigh tú Comhar agus gur cheapais go raibh ‘ábhar maith leitheoireachta’ ann, bhuel is éasca tú a shasamh. An bhfuil tú ag ceannach na h-irise go rialta? Go n-eirí leat má tá.

    Is é mo bharúil nach bhfuil Comhar maith a dhothain mar iris. Mór an trua go bhfuil an oidhreacht uasal a fuair Comhar ó leithéidí Uí Chadhain is eile á lot mar seo.

    Maidir le Gaelscéal, thóg mé roinnt ceisteanna dúshlánacha ina leith. Ní doigh liom go bhfuil an taithí nó an cumas ag an bhfoireann chun na dúshláin sin a sharú. B’fhéidir go bhfuilim mícheart.

    Ach ní h-aon dea theist ar chumas nó taithí foireann Gaelscéal an abairt seo ón bpreas raiteas chun ceapachán Dunbar a fhógairt:

    “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus is cinnte liom gur féidir leis an fhoireann atá curtha le chéile againn páipéar den chéad scoth a chur ar fáil, páipéar a bheas ag cothú le forbairt phobal na Gaeilge ar fud an domhain”.

    Céard is brí le ‘ag cothú le forbairt phobal na Gaeilge ar fud an domhain’ dar leat? An bhfuil aon brí leis?

    Freagra
  4. ruairí ramhar

    Ceapaim go bhfuil ráiteas Ghaelscéal intuigthe go maith. Cheapfainn go bhfuileadar ag iarraidh tabhairt faoi ábhar níos leithne a thaitneodh le daoinhe ar fud na cruinne, mar a dhéanann leithéidí Gabriel Rosenstock dála an scéil i gComhar agus i dTuarascáil go rialta

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Níl aon chiall le ‘cothú le forbairt phobal na Gaeilge’ mar chuid d’abairt. Ag léamh do theachtaireacht dom, tuigim b’fhéidir nach fiú bheith ag plé an abhair sin leat.

    Is brea liom altanna Gabriel Rosenstock cé go bhfuil siad beagáinín ró fhada ón bpríomh shruth domsa. B’fhearr liomsa go mbeadh sé ag plé scriobhnóireacht na hÉireann seachas scríóbhnóirí an tSile. Ní h-é nach dtaitníonn na scriobhnóirí iasachta liom – ach ceapaim go gcaithfidh iris Ghaeilge bheith i lár an aonaigh sa tír seo. Ceapaim freisin go bhfuil sé iomarcach go mbeadh scríobhnóir amháin ag líonadh trian den iris – 10 leathnach as 30 – agus gur cheart seans a thabhairt do na scriobhnóirí óga. Ní doigh liom go bhfuil sé sasúil go mbeadh seacht leathnach d’iris Ghaeilge á líonadh le dráma Ghaeilge atá dírithe ar an raidió agus gur ionann sin agus líonadh spáis ar mhaithe leis an spás a líonadh. Tá gá le cur chuige níos gníomhaí agus níos cruthaithí chun tabhairt faoi iris Ghaeilge mar is ceart a fhoilsiú, leithéidí nós*, mar shampla.

    Is beag den ghlúin nua atá le feiscint i gComhar, seachas eagrán na scríobhnóírí úra, díreach ciorcal cúng de chairde an eagarthóra agus baill an bhoird agus greim an duine bháite acu ar an gconradh bog seo ó Fhoras na Gaeilge.

    Freagra
  6. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair níl ach réiteacht amháin ar an scéal seo i.e
    d `irís féin a chur ar an bhfód.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Céard a cheapann tú atá i gceist le iGaeilge? Sin m’iris. Ní den déanamh traidisiúnta é. Bionn siar agus aniar ann, bionn idirghníomhaíocht ann idir an léitheoir agus an scríobhnóir agus trasnaíl. Is é sin mar a thaitníonn sé liom.

    Dá mbeinn ag tabhairt faoi iris Ghaeilge chlóite a bhunú, bheadh gá le suim mhór airgid chun sin a dhéanamh. Táim sásta €1000 a chur sa chiste mé féin – ach an bhfuil 99 eile amuigh ansin a bheadh sásta amhlaidh a dhéanamh? Dá mbeadh, bheadh iris chlóite againn ar feadh bliana agus is tús maith an méid sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s