Ceist acadúil na nuachtán Ghaeilge

Tá cuireadh faighte agam chuig seimineár lae a bheidh á reachtáíl ag deireadh na seachtaine seo faoi iriseoireacht na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath, ach ní bheidh ar mo chumas bheith ann.    Nuair a chonaic mé clár na gcainteoirí, thuig mé láithreach an cineál imeachta a bheadh ann.

Díreoidh mé ar chúinne na nuachtáin mar is ansan atá pé taithí is saineolas atá agam.  Tugaim faoi ndeara go mbeidh plé ann faoi na h-irisí – ach ní fheicim go bhfuil éinne ann ó ‘nós*’, an t-aon iris Ghaeilge a fhéadfá rá go bhfuil dírithe ar phobal mhór leitheoireachta (gí is go bhfuil sé anois i nGaelscéal!).

Níor thuig mé go raibh suim dá laghad ag muintir UCD in iriseoireacht na Gaeilge.  I gcaitheamh na mblianta ar fad a chaitheas le Lá/Lá Nua, ní raibh aon fhiosrú ó mhuintir UCD faoin obair a raibh ar bun ag an nuachtán.   Roinnt blian ó shin d’fhoilsíodh leabhar faoi ‘Iriseoireacht Phinn na Gaeilge’ – agus ní raibh oiread is tagairt ann do Lá/sean Foinse, amhail is ná raibh tabhacht dá laghad leis an obair a bhí ar bun ag na nuachtáin sin.

Is maith an rud go bhfuil spéis á léiriú i gceist na nuachtán Ghaeilge ag lucht acadúil – mar creidim nach bhfuil ann ach ceist acadúil anois.   Sé sin gur beag an bhrí atá ag na nuachtáin Ghaeilge atá ann faoi láthair sa saol chomhaimseartha.  Nuair a bhíos ag an Oireachtas le déanaí, bhí Gaelscéal agus Foinse ann agus ag teipeadh orthu na nuachtáin a thabhairt do lucht na Gaeilge saor in aisce.  Bhí beartanna móra nuachtáin scaipithe in áiteanna éagsúla san INEC.

Bhí seans ann, le linn do Lá/Lá Nua agus Foinse bheith in árd a réime, go bhféadfadh nuachtáin Ghaeilge briseadh amach as saol chúng na Gaeilge.   Bhí seans ann go mbeadh fíor nuacht á thuairisciú sna nuachtáin sin agus bhí daoine ag súil le na nuachtáin gach lá/gach seachtain.  Luaití scéalta ó na nuachtáin ar chláracha nuachta RTÉ.  Is cuimhin liom nuair a gabhadh Seán  O Muireagáin in Iosrael, bhí eagarthóir Lá, Ciarán O Pronntaigh, ar Morning Ireland agus bhíodh scéalta ó sean Foinse á lua ar Nuacht theilifíse RTÉ.  Le h-imeacht Lá/Lá Nua agus Foinse, tá na seansanna sin caillte.

Cé go bhfuil buanna ag Gaelscéal agus Foinse nua, ní nuachtáin  iad a éilíonn dílseacht ó leitheoirí.   Níl sé soiléir go bhfuil tuiscint ag aon cheann den dhá nuachtán ar ‘nuacht’ nó bionn na scéalta a bhionn chun tosaigh sna foilseacháin seanachaite agus gan téigear de ghnath.   Ní cuimhin liom ach príomhscéal amháin i Foinse agus i nGaelscéal a raibh aon brí leis – agus is mé féin a scrígh an scéal sin.  Scéal a bhí agam i Foinse faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain ar chuir an cheist:  Cá bhfuil an t-airgead chun an straitéis (pé straitéis é!) a chur i bhfeidhm?

Má tá tú ag freastal ar an seimineár seo, d’fhéadfá an cheist seo a chur ós árd:  Cé mhéid cóip de ‘Gaelscéal’ atá á dhíol gach seachtain?   Cad é an líon is mó cóipeanna ar díoladh?     Mura bhfuil na freagraí á chur ar fáil ag an t-é atá ag déanamh ionadaíocht ar son ‘Gaelscéal’ fiafraigh cén fath nach bhfuil?  An bhfuil sé fíor, mar shampla, nach bhfuil Gaelscéal cláraithe leis an ABC, an oifig a dheineann fiosrú neamhspleach ar dhíolachán nuachtáin.   Coinnioll abea é sin a ghabh leis an deontas.

Ní ceist iomlán acadúil na nuachtáin Ghaeilge – nó tá nuachtán amháin, ar a laghad, ag cruthú gur féidir seirbhís a thabhairt don phobal leitheoireachta agus páirt tabhachtach a bheith agat sa phobal sin.  Is é an nuachtán ‘Goitse’ atá i gceist agam.  B’fhéidir go bhfuil Goitse – atá dírithe ar cheithre pharóiste Gaeltachta i dTír Chonaill – ina ghormchló againn go léir ar mhaith leo bheith ag obair sa ghnó seo.

Easnamh eile ar chlár an tseimineáir seo, ar ndóigh, nach bhfuil tagairt dá laghad ann do na nuamheáin Ghaeilge – na blaganna, na suíomhanna nuachta(nuacht24 mar shampla) is tionchar ‘Facebook’ is ‘twitter’ ar an earnáil.

8 dtuairim ar “Ceist acadúil na nuachtán Ghaeilge

  1. aonghus

    Is eagal liom go bhfuilim ar aon fhocail leat. Iris seachas nuachtán is ea Gaelscéal; forlíonadh is ea Foinse (nach léim níos mó)

    Freagra
  2. Owen Roe

    Tá an ceart ar fad agaibh a fheara. Ní fiú Gaelscéal nó Foinse nó Beo nó Comhar a léamh. Ní bhíonn rud ar bith as an nua iontubh nach bhfuil cloiste againn cheana. Ceapann Gaelscéal gur leor scéal mór an Déardaoin nó na Céadaoine a aistriú go Gaeilge. féar plé a Chonchubhair as suntas a thabhairt don cheist

    Freagra
    1. aonghus

      Tá scéalta fiúntacha i nGaelscéal; an stuif a scríobhann Conn Ó Muineacháin, abair, nó an scéal a bhí ag Tomás Mac Siomóin maidir le cuaird an Phápa ar an Spáinn.

      Ach níl nuacht ann (fós) – rud nach gcuireann aon ró ionadh orm, ós rud é nach bhfuil taithí iriseoireachta ró mhóir ag an bhfoireann.

      Freagra
  3. Seamie

    Ceart agaibh. Is comicbooks iad Gwaelceal agus Fonzy. Tá beo marbh agus tá comhar míchóir

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil beocht níos mó i mBeo le tamall anuas ná mar a bhíodh ach tá Comhar básaithe agus ag lobhadh ós comhair an phobail. Is maith ann Feasta mar iris do Chonraitheoirí ach is mór an trua nach bhfuil aon fhorbairt déanta air le cuimhne na gcat.

    Bionn altanna ar fiú iad a léamh i nGaelscéal – ach is annamh ann dóibh. Níl aon téigear leis an nuachtán ar bhonn leanúnach. Conradh do ‘nuachtán’ a raibh ar thairiscint ag Foras na Gaeilge – ach níl Gaelscéal ag comhlíonadh bunriachtanas an chonartha sin, ní nuachtán é ach foilseachán.

    Ní gá do Foinse Nua freagairt d’éinne maidir leis an bhfoilseachán. Tá colúnaithe móra le rá ag an nuachtán – leithéidí Evanne Ní Chuilinn, Hector agus Daithí Ó Sé is Maidhc P. – thairis sin níl nuacht ar bith ann nach mbeadh léite agat i nuachtán Bhéarla nó ar Gaelport roimh ré. An tseachtain seo chaite, áfach, bhí agallamh acu le buaiteoir Chorn Uí Riada, Nollaig Ní Laoire, agus ní raibh agallamh ag Gaelscéal leis an amhránaí gí gurb é Gaelscéal a rinne urraiocht ar an gcomórtas. Dochreidte! Bhí an tuairisciú a rinne Gaelscéal ar an Oireachtas leibideach is leisciúil – dhá leathnach i lár lán le griangrafanna is alt i gcló mhór. An ag magadh atá siad?

    Freagra
  5. Aodán Ó Sé

    Bímis réadúil mar gheall ar na foillseacháin seachtanúla Foinse agus Gaelscéal. Tá nuacht reatha i nGaeilge ar fáil ar an dtoirt ar RnaG agus TG4. Dar liom, tá feabhas leanúnach á bhaint amach ag Foinse agus Gaelscéal, agus iad leath-shlí idir nuachtán agus iris phobail na Gaeilge. Níl ach foireann bheag acu araon. Ni maith liom an searbhús agus an sior-cháineadh, tráth go bhfuil dóchas agus comhoibriú de dhíth orainn.

    Freagra
    1. aonghus

      Agus ná dearmad Nuacht24.

      Aontaím leat ar shlí, ach sílim gur fiú critic orthu – nach ionann agus cáineadh. Táimse sásta a rá nuair is maith liom rud, ach sílim go bhfuil sé de cheart agam a rá má fheicim locht air freisin. Is geallsealbhóir mé faoi dhó – mar Ghaeilgeoir Galltachta agus mar cháiníocóir.

      Freagra
  6. Concubhar

    Ní raibh ach foireann an bheag ag Lá is Sean Foinse freisin is d’eirigh linn caighdean iriseoireachta níos airde a bhaint amach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s