Ciorcal cúng ‘Comhar’

Tharla go raibh mé i siopa Easons i lár na cathrach inniu agus, de thimpist, thug mé faoi ndeara an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge ‘Comhar’ ar an seilf is ísle de chúinne na dtreimhseachán cúrsaí reatha.  Shátaigh mo fhiosracht faoin iris mo dhroch eispearas leo anuraidh agus cheannaigh mé eagrán.

Ní raibh aon dóchas agam go mbeadh aon rud fiúntach san iris – ag an am chéanna bhí mé ag súil le caighdeán áirithe iriseoireachta.  Ní raibh sé le fáil san alt ar léigh mé faoin ceannteideal ‘Bás na nuachtán’.

Alt leataobhach agus leisciúil abea seo faoi na nuachtáin Ghaeilge agus, go h-áirithe, Foinse is Lá Nua, ar eirigh as cló le sé mhí anuas.  Ní raibh a fhios agam an alt staire nó tuairimíochta a bhí ann ach bhí cuid de na fírící ar a raibh sé bunaithe amhrasach mura raibh siad mí chruinn ar fad.

Tabharfar amach dom as díriú ar scéal Lá Nua – tá sé in am an scéal sin a ligint tharam is dócha – ach nuair a thugaim faoi ndeara alt atá bunaithe ar fhíricí mí chruinn faoi nuachtán a bhí chomh fite fuaite le mo shaol, cuireann sé idir díomá agus olc orm.

San alt seo, áfach, tugadh cúpla rud le fios nach raibh cruinn agus nach raibh iomlán.

I 2003 d’infheistigh an comhlacht nuachtáin, Belfast Media, faoi stiur Mháirtín Uí Mhuilleoir , ann agus le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, láinseáladh é arís mar nuachtán laethúil.

Níl an ráiteas sin ón alt beacht nó iomlán.  Mar shampla, ba i 1999 a rinne Belfast Media (an uair sin an Andersonstown News Group) infhéisitiú i Lá.  I 2003 a rinneadh athsheoladh ar an nuachtán laethúil.  Niorbh é Foras na Gaeilge a thug cabhair ach infheisteoirí fud fad na tíre a cheannaigh sciarana ar £500 nó €750.   Ní h-amháin gurb é seo an chéad nuachtán laethúil i nGaeilge ach an chéad nuachtán Ghaeilge a chuir fáilte roimh pháirtíocht ón bpobal agus a fuair an pháirtíocht sin.  Ní chreidim gur caitheadh go maith le na sciarshealbhóirí sin agus Lá Nua á dhruidim ach sin mar a bhí sé.

Luaitear deontas €277,300 le Lá Nua ach ní h-é seo an deontas a ceadaíodh do Lá Nua tar éis gur bhuaigh an nuachtán sin comórtas poiblí i 2006.   De reir an phreas-raitis seo, is é £400,000 thar dhá bhliain an deontas a ceadaíodh.  Tugadh €596,000 mar chothrom an tsuim sa phreas ráiteas. Ní gá a rá ná raih an luach sin ar an suim i sterling ag tús 2007 agus a raibh ag deireadh 2008.

An t-aon chabhair a tháinig ó Fhoras na Gaeilge ag an am sin gur oscail siad cúpla buidéal seaimpéan ag an ocáid seolta.   Sinne a cheannaigh iad!

Cúig nuachtán atá luaite san alt seo a chuimsíonn an tréimhse 1943-2009 – Inniu, Anois, Lá/Lá Nua, Foinse agus Amarach.  Níl ach tagairt sleasach ann do Amárach agus is beag eolais atá sna míreanna faoi na nuachtáin eile.  Ní léir gur deineadh aon taighde ar an alt seo – seachas athrá a dhéanamh ar roinnt ‘clíchéanna’ faoi na nuachtáin.

M.sh:

De na chúig pháipéar[sic] atá luaite ba é Foinse ab fhearr chun freastal ar léitheoirí Gaeltachta agus Galltachta araon agus thug sé gairmiúlacht isteach in iriseoireacht na Gaeilge nach raibh ann roimhe sin.

Ní léir domsa go bhfuil bunús fírice leis an ráiteas seo – níl ann ach tuairim agus ní aontaim leis.  Maith go leor.   Bheadh sé spéisiúil a fhiosrú mar shampla faoi dhíolaíocht Foinse sa Ghaeltacht.  Creidim go raibh sé lag amach is amach.   Ní chreidim gur féidir ‘Foinse’ agus ‘gairmiúlacht’ a chur in aon ábairt gan an focal ‘ach’ a bheith san abairt chéanna.  Léiríonn Nuacht 24 agus nós* – atá á fhoilsiú ar bhonn deonach – nach ionann gairmiúlacht agsu airgead.  Nior luadh ceachtar acu san alt seo.

Ní chuirfeadh sé íontas orm go raibh alt i Comhar ag tabhairt ard mholadh do Foinse.  Bhí eagarthóir Comhar ina cholúnaí le Foinse ar feadh i bhfad.

Cuireann sé íontas orm, áfach, ná raibh alt ag plé na gcúiseanna le teip Foinse in iris ar nós Comhar.  Nach é sin an cineál ailt atá á lorg ag léitheoirí, alt a fhiosraíonn fios fatha na bhfadbhanna a d’eirigh idir Foinse agus Foras na Gaeilge.   Ar ndóigh, tá Comhar maoinithe ag an bhForas agus ní léir go bhfuil an cnamhdroma ag an iris na h-altanna atá gá leo a fhoilsiú, fiú má cháineann na h-altanna sin, ar bhonn chuiditheach fiú, an mhaoinitheoir.

Scéal suimiúil scéal na nuachtán Ghaeilge agus níor tugadh an meas ceart don scéal in alt Comhar.   Dearcadh cúng a léiríonn an iris seo ar shaol na Gaeilge agus ar an domhan mhór.  Ciorcal cúng scríobhnóirí atá á fhoilsiú san iris – baill de bhórd na h-irise is mó a bhíonn ag solathar na n-altanna, dealraíonn sé dom, agus mé ag léamh an eagrán is déanaí.

10 dtuairim ar “Ciorcal cúng ‘Comhar’

  1. Máirtín

    An raibh aon rud fiúntach sa chuid eile den iris? Ní fáil agam air abhus anseo (sna fóthíortha) agus níl mórán feidhm san bhlagspota.

    Tuigeann do dhíoma faoin alt. Gach seans gur cosa i dtaca atá i gceist san alt i gcoinne an Fhorais nach mbíonn ró-shásta (le scéal gairid a dhéanamh de scéal fada) nuair a dhéantar cáineadh orthu. Easpa cnamhdhroma a bheadh i gceist ansin go cinnte.

    Cén mhaith atá in iris bhéaldruidte!?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    A Mháirtín a chara
    Ma théann tú isteach in “older Posts” ar NUACHT 24 agus dul siar thart faoi dhá sheachtain tá cur síos ann ar a bhfuil le léamh i “COMHAR” mhí lúnasa.Tosaíonn leathanach “olderPost” le “Círéib in Amstardam”

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    go raibh maith agat as an seoladh a sholathair ,a dhubhaltach óg a chara, níos fusa gan amharas ná a bheith ag dul siar ar shean phostanna Nuacht24.I dtaca le Comhar agus poiblíocht a thabhairt dó.Tá sé i nGaeilge agus tá síntiús agam leis agus sílim go bhfuil sé chomh maith le hIrisleabhair eile dá mhacasamhail.Cad chuige nach dtabharfaimis tacaíocht dó?. Is beag rud atá foirfe ar an tsaol seo,Ach ar scor ar bith is fearr imreas ná uaigneas.

    Freagra
  4. Dubhaltach Óg

    Déarfainn féin má tá locht ag duine éigin ar Nuacht24 ba chóir dóibh é a nochtadh ionas go bhféadfadh an fhoireann foghlaim ó bhur moltaí.
    moltaí seachas cáineadh is fearr is dóichí.

    Freagra
  5. aonghus

    Táimse tar éis teacht ar chinneadh gan mo shintúis le Comhar a athnuachan – toisc go gcreidim nach bhfuil sé ar chomhchaighdeáin le – abair – Feasta.

    Ní thig liom gach rud i nGaeilge a cheannach!

    Pléite anseo agam:
    http://aonghus.blogspot.com/2009/08/idir-dha-chomhairle.html

    Is maith ann Nuacht24/ An Druma Mór. Agus is ceart dóibh tuairisciú a dhéanamh ar Chomhair.

    Tá an pobal ró bheag le neamh aird a dhéanamh ar na comharsan.

    Freagra
  6. Cuairteoir

    Tá mise ag teacht le hAonghus maidir le caighdeán Comhar i gcomparáid le Feasta. Dhéanfainn comparáid eile áfach nach bhfuil caighdeán ceachtair acu – ó thaobh gairmiúlachta srl de – ar aon dul le nós*.

    Maidir leis na hirisí Gaeilge de, is é nós* an t-aon cheann atá in ann seasamh taobh le hirisí Béarla le bród agus le muinín.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    bíonn orainn uilig rogha agus togha a dhéanamh ar cá chaitheann muid ár gcuid pinginí go háirithe ar na saolta deireannacha seo ach is rudaí iontach soibíochtúla iad gairmiúlacht,crut agus stíl irise.Is beatha duine a thoil óna dtaobh sin de ach dar liom féin gur fearr ann iad na hirisí Gaeilge uilig agus go bhfuil muid níos saibhre mar phobal iad a bheith againn. Is é á locht á laghad

    Freagra
    1. aonghus

      Aontaím leat a Shéamais.

      Ach is ceart dúinn ár dtuairimí ar na hirisí a phlé – is féidir feabhas a chuir ar rud ar bith ach léirmheastóireacht ionraic a dhéanamh air. (Rud atá sách deacair de bharr chomh beag agus chomh lán de phearsantachtaí láidre is atá saol na Gaeilge)

      Freagra
  8. Séamas Ó Neachtain

    Ahem. An Gael atá ann mar irisleabhar Gaeilge freisin…

    Is olc an rud é nach luaitear Nuacht24 riamh mar nuachtán. Táim den tuairim go mbraitheann saol liteartha na Gaeilge orainne, seachas ar Fhoras na Gaeilge ná aon rannóg de rialtas ar bith.

    Freagra

Freagra