Plus ça change, plus ça le meme chose.

Tá roinnt torthaí faighte agam ó Theach Farmleigh agus ar an droch uair go léiríonn siad gur beag an solas atá ag briseadh tríd dorchlaí smuiteacha na Gradaim Cumarsáide.

B’é Cathal Codlatach Mac Coille a bhain an gradam as ‘Colúnaí na Bliana’ agus Adhmhaidin ‘Arís’ a bhuaigh an duais don Clár Raidió is fearr. Bhí gradaim freisin ann do Dháithí Ó Sé – an pearsa teilifíse (quelle surprise!) – agus ag Ronán Mac Aodha Bhuí as an pearsa raidió. Níl aon col agam do cheachtar pearsa – ach bhuaigh siad beirt an gradam roimhe agus sílim nach raibh sé tuillte acu i mbliana.

Joe Steve Ó Neachtain ó Ros na Rún a bhuaigh an gradam don aisteoir is fearr agus is chuig In The Name of the Fada a chuaigh an gradam don clár teilifíse is fearr. I gcás Joe Steve, níl aon amhras ach go bhfuil gradam mar seo tuillte aige ach tá gá an óige a mholadh freisin nó an gá doibh fánacht go mbeidh siad ró aosta….?

Arís eile, tá an buaic ghradam cumarsáide bronnta mar fhéirín fad seirbhíse, an uair seo ar Sheán Bán Breathnach. Aris ní miste liom go bhfaigheann a leithéid gradam – ach tá seo ag dúnadh na dóirse go borb ar an nglúin úr.

An t-aon blúirín dóchais atá le baint ón oíche ar fad go bhfuil an gradam, Iriseoir na Bliana, buaite ag Eoghan Ó Néill ón Druma Mór. Bhain sé gradam nó beirt roimhe seo – ach baineann sé leis an eite dúshlánach sna meáin Ghaeilge agus is cinnte go bhfuil gradam tuillte aige as a shaothar is déanaí, An Druma Mór agus Nuacht 24.

Is léir gur fearr le lucht Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Foinse an criostal ná deis a thabhairt do thalainn úr theacht chun tosaigh. Go maire siad a ngradaim – ach is mór an trua iad.

Siopa na Meáin Ghaeilge fós dúnta….

12 de thuairimí ar “Plus ça change, plus ça le meme chose.

  1. An guth aduaidh

    Maith é, Eoghan. Tá obair iontach déanta aige agus bhí sé tuillte aige. Coinnigh leat tá tú féin ag dul go breá.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    breast iad, A Choncubhair, agus á gcuid gradam. an bhfuil siad tabhachtach dairíre? Is é an gradam is mó atá ag dul duitse go bhfuil tuairisc ar imeacht theach Farmleigh le léamh agamsa ar an suíomh seo chomh gearr sin tar eis na dtorthaí a bheith fógraíthe.Sin cumarsáid dar liom nach bhfuil a sárú le fáil ag Gaeil áit ar bit eile i nÉirinn nár laga Dia do mhisneach.Tá suíomh ‘s agatsa dúshlánach a bhuí le Dia,rud nach féidir á rá faoí mhórán de Mheán cumarsáid na Gaeilge

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    An cheart agat, a sheamuis. Ach ta ga le hearnail slaintiuil forasach agus ba cheart go mbeadh ocaid mar seo ina chuidiu agus seachas ina chonstaic agus ina shileail gloine.

    Freagra
  4. Joe

    Tá súil agam a Chonchubhair, nach bhfuil tú ag tabhairt le go bhfuil Joe Steve Ó Neachtain in áit éicint eile seachas i lár bláth a óige!

    Freagra
  5. Joe

    Tá súil agam a Chonchubhair, nach bhfuil tú ag tabhairt le fios go bhfuil Joe Steve Ó Neachtain in áit éicint eile seachas i lár bláth a óige!

    Freagra
  6. Seán Mór

    Caithfidh mise a rá go bhfuil Adhmhaidin ar fheabhas mar chlár nuachta agus plé ar maidin, agus níl a shárú le fáil i ndáiríre.

    Ach d’aontóinn leat gur chóir na duaiseanna seo a oscailt níos mó don ghlúin úr atá ag iarraidh briseadh isteach i ngort na meán.

    Tá lúcháir orm gur bhain Eoghan Ó Néill iriseoir na bliana… tá sin tuillte go maith aige.

    Beidh lá eile ag na Paoraigh Óga… tá súil agam nach seanPhaoraigh bhacacha a bheas iontu sula dtarlóidh sin.

    Freagra
  7. Micilín Muc

    Tá duais Pearsa Raidió na Bliana toilte go maith ag Eoghan Ó Néill. Is duine é a spreag go leor de chraoltóirí & iriseoirí óga na Gaeilge chun bheith ag obair i réimse mheáin chumarsáide na Gaeilge.

    Is trua mór é nach n-aithníonn lucht breithiúnais Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais an éacht atá déanta ag nós* agus Raidió Rí-Rá ar mhaithe le gaeilgeoirí óga na hÉireann chomh maith.

    Mol an óige agus tiocfaidh sí? Ná bac leo, níl iontu ach todhchaí na teanga.

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Bhuaigh Eoghan Ó Néill an gradam ‘Iriseoir na Bliana’ a Mhicilín…tá sin tuillte go maith aige freisin….

    Freagra
  9. amhlaoibh O hiodrascail

    Caithfidh mé a rá go bhfuil díomá orm. Níl adhmhaidin thar moladh beirte. Ní cuimhin liom aon scéal mór a chraol siad le blianta fada. An féidir le duine ar bith ar an gclár seo a insint dom cén obair faoi leith a rinne siad le bliain anuas le gradam a ghnóthú? clár béarla ab ea In the Name of the Fada! Tá go leor buaite cheana féin ag Rónán agus Daithí agus Cathal. Maith dom é a rá ach is baolach an rud iad na gradaim seo do na meáin gaeilge mar go dtugtar moladh don lag-mheasarthacht

    Freagra
  10. iPodoir

    Ni chreidim na torthai seo le bheith firinneach. Ta duais & moladh tuilte ag Eoghan, Joe Steve & Ronan ach an chuid eile? Nil Foinse na Adhmhaidin srl ar radar aon duine de mo chuid chairde. Eisteann muidne le Raidio na Life, Ri-Ra & leann muid blagannai & nos*. Seans go bhfuil Gradaim eile ag teastail do talent ur nualach?

    Freagra
  11. Cuairteoir

    Is iontach an rud é go raibh na Gradaim seo ar siúl i lár an aonaigh ach tá saghas díoma orm féin chomh maith.

    Tá cúpla togra an-cheannródaíoch againn anois sna meáin Ghaeilge ach seachas obair iontach Eoghain Uí Néill níor bhuaigh na tograí seo gradam. Bhí Raidió Rí Rá agus Nós* ar an ngearrliosta agus nuair a bhreathnaíonn tú ar an obair atá déanta acu le bliain anuas cheapfá go raibh rud éigin tuillte ag fiú dream amháin acu.

    Rud eile, go bhfios dom, an t-aon áit a bhfuil aon nuacht faoi na Gradaim seo ná ar shuíomhanna idirlín nach bhfuil aon deontas acu, An Druma Mór & iGaeilge. Cá bhfuil oibrithe RTÉ srl…?

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ba mhó an réamhrá a fuair na gradaim seo sna meáin cumarsáide, de bhrí go raibh úireacht ag baint leis na gearrliostaí, ná mar a bhí le fáil ag na torthaí. Ní fhaca mé iad luaite in aon meán ar maidin inniu – seachas anseo agus, níos déanaí, ag An Druma Mór.

    Bhí agallamh fada féin mholtach idir Brídeog Ní Bhuachalla agus Edel Ní Chuirreáin ar Seo Beo an tSatharn – ach seachas a bheith ag moladh a chéile as chomh maith is a bhí an raidió, ní raibh aon tagairt d’aon bhuaiteoir eile nó éinne eile ar na gearrliostaí seachas Joe Steve Ó Neachtain, a bheidh páírteach i sraith atá á léiriú ag lucht an Raidió faoi Ghluaiseacht Chearta Shibhialta na Gaeltachta.

    Is é gluaiseacht na meáin nua sa Ghaeilge cothrom na linne seo den ghluaiseacht sin agus luath nó mall aithneoidh na h-iontais atá ina mbocanna móra ag an Raidió agus in áiteanna eile an méid sin. Seans go mbeidh sé ró mhall acu agus nach dtuigeann siad céard atá ag titim amach. Dá dtuigfidís, ní bhéidís ag fáil reidh le clár Ronáin don samhradh agus ag cuir clár fadalach ceoil (eile!) ina áít. I gcead do Dhónal Mac Ruairí agus a leath bhadóir Chonallach Pádraig Ó Braonáin, níl morán údair ag daoine bheith ag tabhairt cluas do RnaG idir 3-4 i lár na seachtaine anois an bhfuil?

    Meas sibh cén fath go bhfuil deireadh le sceideal Fómhar-Earraigh RnaG roinnt mhaith ama roimh atá deireadh le sceideal Fómhar-Earraigh RTÉ Raidió 1? Níl Pat nó Ryan imithe ar saoire go fóíll – ach tá cuid de na cláracha is fearr caillte ó RnaG – leath uair bainte de Nuacht a hAon agus Ronán bailithe leis ó Ronán Beo?

    Bheadh a fhios agat nach bhfuil RnaG ag brath ar fhógraí nó ar fhigiúirí lucht éisteachta an slí a chaitheann siad leis na h-éisteoirí.

    Mar a chéile le Foinse, níl aon cúis mhór an nuachtán sin a cheannach ach dílseacht don teanga. Bhí scéal ann ar an gcéad leathnach inniu faoi athbhreithniú an chaighdeáin (zzz) atá coicís d’aois.

    Mar a dúirt David Camero faoi Gordon Brown, an analogue politician in a digital world, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na meáin thraidisiúnta Ghaeilge, RnaG, Foinse, TG4: meáín cumarsáíde analógach i ndomhan digiteach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s