Siopa dúnta na meáin Ghaeilge

Is léir anois gur siopa dúnta atá i gceist leis na meáin Ghaeilge.  Mas aon léargas é liosta bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, nil ach trí pháirtí ag an tábla ar bharr in éinndí leis an sagart paróiste agus eile.  Iad sin TG4, RTÉ Raidio na Gaeltachta agus Foinse, ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ agus corr dhuine fánach eile a eiríonn leo briseadh isteach sa chiorcal sin le creidiúint a thabhairt don chuid eile acu. 

Tá an liosta foilsithe anseo ag Foinse – an scúp is mó acu i mbliana b’fheidir (nó an preas eisiúint é foilsithe roimh am an ’embargo’? – agus léiríonn sé gur beag an athrú ar liosta na mbuaiteoirí ón mbliain seo chaite.  Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Foinse isea iriseoir na bliana de reir na tuairisce seo.  

Comhghairdeas le Seán Tadhg agus na buaiteoirí eile, go h-áirithe Mícheál Ó Sé, guth údarásach CLG Raidio na Gaeltachta, agus Nollaig Ó Gadhra, iriseoir is craoltóir nach gá a chur in aithne anseo.  

 Ni bhaineann an ghearán seo le na buaiteoirí le bheith fírinneach.  Baineann sé leis an gcóras a roghnaigh iad.  Ní córas é seachas cumann, ceapaim, Comhaltas Comhghairdis Chonamara 4.  Is é an t-aon chomórtas i réimse chomórtais an Oireachtais nach bhfuil moltóireacht i gceist – tá vóta ag breis is 30 duine, nach bhfuil aithne orthu ach a thuigtear bheith ag obair sna meáin Ghaeilge.   Bhí, go dtí le déanaí, vóta agam de bharr mo phost mar eagarthóir ar Lá Nua agus tá aithne agam ar dhuine amháin eile, ó Lá Nua, le vóta.  Ní scaoilfidh mé an t-ainm libh. 

 

An deacracht is mó atá agam leis an gcóras go bhfuil na vótaí go leir, seachas dornán, lonnaithe ó dheas, i mBaile Átha Cliath agus sa Ghaillimh.  Agus fanann na duaiseanna ansin fosta.  Vótáil ar son na gcomharsan atá ann nó b’fheidir nár mhaith le na saoistí seo aitheantas a thabhairt don dream a d’eirigh leo meán Ghaeilge a bhunú in ainneon na deacrachtaí. 

 RTÉ Raidio na Gaeltachta, Foinse, TG4 – tá siad ann de bharr iarrachtaí dhaoine eile, cosmhuintir na Gaeilge is na Gaeltachta.  Fuair siad an suíomh faoi phribhléid atá acu de bharr agóidithe is eile a chuaigh amach ar na sraideanna ar a son.  Leitheidí Lá/Lá Nua, Blas, Raidio na Life, Raidio Fáilte, ní mar sin a tháinig siad ar an saol.  Tháinig siad de bharr daoine bheith ídéalach agus dúthrachtach a dhóthain chun tabhairt faoi an meán a bhunú agus ansan é a chothú, in ainneoin go leor dúshláin, msh cinsireacht in áit an tacaíocht fial stait a fhaigheann leitheidí TG4, Foinse is RTÉ RnaG i gcomparáid. 

 

Ach tá an saol socúil ina mhaireann na h-institiúidí seo ag athrú, le teacht an bhlagadóireacht is forbairt na h-idirlíne.   Tá a dtreimhse ar an dtaobh sin cúng. 

5 thuairim ar “Siopa dúnta na meáin Ghaeilge

  1. RG Cuan

    Tá an ceart ag Concubhar go bhfuil géarghá le córas iomlán nua vótála ag Gradaim na Meán Cumarsáide.

    Cén fáth nach gcuirfeadh daoine isteach ar na gradaim éagsúla le painéal aitheanta moltóirí chun an cinneadh deiridh a dhéanamh?

    Ní mór chomh maith gur na meáin uile Ghaeilge a bheadh san áireamh. Na seirbhísí stáit agus pobail, teilifís, raidió, cló agus idirlíon.

    Agus cad é faoi phroifíl níos airde ar fad a thabhairt do na gradaim agus iad a chraoladh ar TG4!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh dá gcraolfaidís é ar TG4, d’fheicfí an fhadhb láíthreach. Sin an fath gur cuireadh deireadh leis an craoladh ar RTÉ RnaG, creidim. Thógas an ceist seo cúpla bliain ó shin agus leanfaidh mé á dtógáíl – in ainneoin go gcuirfear ‘sour grapes’ im leith. Ní bheadsa istigh ar na gradaim seo arís agus mar sin tá sé in am labhairt amach agus a rá go bhfuil sé thar am na gradaim cumarsáide a bhronnadh de reir mar a bhronntar gach gradam Oireachtais eile, de reir breith mholtóírí. Ar ndóígh níl an mholtóireacht ag an Oireachtas gan locht ach an oiread – ach sin scéal eile le h-aghaidh lá eile.

    Freagra
  3. aonghus

    Fáilte isteach san meáin nua, A Chonchubhar!

    Ach anois agus tú saor, tuige nach gcuireann tú comortás de’d chuid féin ar siúl?

    Ar mhúnla na duaiseanna blagadóireachta, abair (fch http://www.awards.ie)

    P.S. Ó tharla tú bhieth saor ó doantas, seans go mbeadh suim agat san íomha a chruthaigh Michal, fch ar mo bhlag (logo le líne tríd)

    Freagra
  4. Ping: Plus ça change, plus ça le meme chose. « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s