Anocht i dTeach Farmleigh a bhronnfar Gradaim Cumarsáide an Oireachtais agus, íontas na n-íontas, tá níos mó cumarsáid déanta faoin ocáid seo i mbliana ná mar a bhí sna blianta roimhe seo. Ní fheadar an mbaineann seo leis an doras a bheith beagáinín níos oscailte i mbliana ná mar a bhí sé i mblianta roimhe seo, rud a d’fhag go raibh na gradaim, don chuid is mó, á roinnt idir chiorcal ana chúng, Foinse, Raidió na Gaeltachta agus TG4, agus go leor eile atá ag treabhadh leo sna meáin gan a bheith luaite fiú.
Níl a fhios agam cé a bhuaifidh anocht – ach táim ag dul sa tseans le mo rogha féin de bhuaiteoirí, na pearsaí teilifíse, na scriobhnóirí, na laithreoirí raidió, is mó a thuilleann gradam de short éigean.
Rogha iGaeilge
Pearsa Raidió na Bliana: Eoghan Ó Néill, Raidió Fáílte
Clár Raidió na Bliana: Blas, BBC Raidió Uladh
Pearsa Teilifise na Bliana: Spongebob Squarepants, TG4.
Clár Teilifíse na Bliana: Seacht
Aisteoir na Bliana; Michelle Beamish (Seacht)
Iriseoir na Bliana: Tomaí Ó Conghaile, nós*
Colúnaí na Bliana: An Cailín Sa Chathair. Táim féin ainmnithe sa chatargóir seo agus más comórtas áílleachta é seo, níl aon seans agam!
Buaic Ghradam Cumarsáide; Foireann Nuacht 24/An Druma Mór.
Sin mo rogha. Beidh bhúr rogha féin agaibh féin agus cinnte beidh sibh ag cur agus cúiteamh. Tá súil agam sibh a fheiscint anocht…agus mura bhfeiceann bíodh an am agaibh. Ná déanaigí scrios ar Theach Farmleigh. Níl a fhios agam an féidir leaba na h-oíche a fháil ann nó fiú an dtabharfaidh Brian loistín do straigléiri ina theach féin i dtailte Farmleigh…..
Bain sult as, a Chon. Agus go n-éirí leat!
Teach Farmleigh, saghas teach so-ghluaiste ag Brian Comhainn !!!!.Tá súil agam a Choncubhair go mbeidh óiche go maidin agaibh.