Breacadh ré nua….

Agus iad san a bhí ag Ceiliúradh na Meáin Ghaeilge ag Teach Farmleigh aréir ina luí go suanmhar ar maidin, tá na meáin úra Ghaeilge, iGaeilge le bheith beacht, múscailte agus i mbun oibre.

Ag an gcruinniú a bhí ag coiste stiúrtha an Chiste Craoltóireachta le linn na seachtaine, deineadh scagadh ar dheich gcinn d’iarratais – agus cumadh gearrliosta.

Ar an ghearrliosta seo tá trí iarratas. Nuacht 24/An Druma Mór/Fusion Media an rogha is mó a bheidh aithne ag Gaeil air nó tá An Druma Mór/Nuacht 24 ag iompar an lochrainn ó Lá Nua. Comhlacht nuálach meáin chumarsáide iad Fusion Media atá ag obair i gcomhar le An Druma Mór/Nuacht 24 ar an dtogra.

An comhlacht a léiríonn GMTV do ITV atá ar chúl an dara iarratas. McMillen Media is ainm don chomhlacht. Íontach liom go bhfuil spéis as an nua ag an gcomhlacht seo sa Ghaeilge – ní fheadar an raibh mír faoin nGaeilge riamh craolta ar GMTV. Ach tuigim freisin gur dóichí go bhfuil Gael éigean earcaithe acu chun an obair seo a dhéanamh ar a son agus tá áit bainte amach ar an ngearrliosta ag an saothar. Maith é nó í, cibé Gael a bhí ar chúl na h-oibre!

An tríú iarratas, is ón Irish News a thagann sé. Ní inniu nó inné a chur an nuachtán seo spéis sa Ghaeilge agus tá Robert McMillen ina eagarthóir Ghaeilge ansan le tamall de bhlianta. De bhrí go raibh Lá/Lá Nua i mBéal Feirste, agus go raibh baint ag an nuachtán sin le Grúpa Meáin Bhéal Feirste, céile comhraic an Irish News don lucht leitheoireachta náisiúnach sa chathair cois cuain, thosnaigh an nuachtán sin ag foilsiú leathnach i nGaeilge. Bhí fonn ar an nuachtán sin conradh is deontas le h-aghaidh nuachtán a fháil ó Fhoras na Gaeilge ach níor eirigh leo iarracht Lá Nua a sharú tar éis comórtas dian a reachtáladh i 2006.

Tá barúil agam go raibh airgead mór i gceist in iarratas an Irish News nó roinnt blianta ó shin fuarthas radharc ar chaipéis ó Fhoras na Gaeilge a thug le fios go raibh iarratas acu le h-aghaidh deontas de €500,000 sa bhliain le h-aghaidh iatan seachtainiúil a fhoilsiú. Ag an am sin bhí Lá ag foilsiú nuachtán laethúil ar níos lú ná £150,000 sa bhliain. Gan amhras ní fhéadfaí luach a chur ar dhiograis agus ar dhúthracht na foirne ag Lá – ach bhí an Fhoras breá sásta gan infhéistiú mar is ceart a dhéanamh i Lá nó, mura raibh siad sásta le Lá, airgead mar is ceart a ioc le leithéidí an Irish News chun nuachtán laethúil a fhoilsiú.

Anois tá deontas eile le buachaint – agus tá súil agam go n-eireoidh leis an dream is mó agus is dílsí atá ag treabhadh an ghoirt seo agus go mbeidh nuacht sheirbhis laethúil físiúil againn, a bhuiochas don Chiste Craoltóireachta gan ró mhoill.

Bígí ag faire ar an spás seo le h-aghaidh a thuilleadh eolais a fháíl ar an gcomórtas seo, an comórtas is spéisiúla sna meáín Ghaeilge le fada an lá.

4 thuairim ar “Breacadh ré nua….

  1. séamus Mac Seáin

    go raibh maith agat as an eolas seo a rannadh linn.Bhí a fhios agam gur chuir NUACHT 24 isteach ar an chonradh ach ní raibh a fhios agam cérbh iad an dhá dhream eile.Sin rud amháin faoin Bhlag seo , fáigheann tú eolas nach mbíonn ar fáil áit ar bith eile go dtí nach fiú é a bheith agat.maith thú.Chomh maith le sin bíonn faobhar leis atá in easneamh go minic i ngnáth mheánchumarsáid na Gaeilge.an chuid is mó de atá i seilbh “Zombies”, dar liom.

    Freagra
  2. Cuairteoir

    Bhuel nuair a bhreathnaíonn tú ar na daoine atá taobh thiar de Nuacht24, agus an dlúthbhaint atá acu le pobal na Gaeilge agus an sárobair atá ar bun acu i láthair na huaire, níl ach rogha amháin ann.

    Freagra
  3. Niall Ó Ceallaigh

    Tá a fhios pobal na Gaeilge ar fad anois cé hiad Nuacht24, is dócha go léann cúpla foghlaimeoir an leathanach Gaeilge atá ag an Irish News ach cé hiad nó cad é GMTV?

    Tá súil agam go bhfaigheann an grúpa is díograisí é, agus níl aon amras orm gurb é sin foireann Nuacht24.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s