Lá i bPáirc an Chrócaigh

Mícheál Ó Muirchéartaigh

An maidin dar gcionn, tar éis an bhua, táim ar ais sa bhaile agus ciachán im scórnach a bheadh Brian Cowen in éad leis.   Táim amhlaidh, gan amhras, tar éis go leor screadaigh a dhéanamh ar son Chorcai i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné.

La caithréimeach do ghaiscigh Chorcaí agus d’óglaigh Thír Eoghain, gan aon amhras, ach lá le blas beag uaigneach air freisin de bhrí gurb é an cluiche ceannais dheireannach a bheadh Mícheál O Muirchéartaigh ag déanamh trachtaireacht air ar son RTÉ Raidió 1.   Tar éis breis is trí scór bliain a chaitheamh ar chúl mhícreafón ag cluichí móra, is cinnte go bhfuil a chion déanta ag Mícheál.   Agus nuair a deineadh bronnadh air inné, roimh an chluiche mhór, sheas an uile dhuine, 80,000 nó mar sin, chun bualadh bos a thabhairt don Chiarraíoch ghroí.   Ní raibh mé i láthair má thárla sé seo i bPáirc an Chrócaigh roimhe.

Ciallóidh easnamh Mhichíl ón mhicreafón is na aerthonnta gur beag an Ghaeilge a bheidh le clos feasta ag ocáidí móra mar seo ar phríomh staisiún raidió na tíre.  Is cuid de chur i láthair nádúrtha Mhichíl í an Ghaeilge agus ní doigh liom go bhfuil sé fíor le rá go mbionn an Ghaeilge in úsáid ag trachtairí eile CLG RTÉ, leithéidí Marty Morrisey, Brian Carthy nó Ger Canning.

An rud a tharlóidh, is dócha, go n-imeoimíd i dtaithí ar an easpa Ghaeilge ag an ocáid mhór agus de réir a chéile ní bheidh aon chuimhne againn ar an dteanga bheith fite fuaite, mar a dheineadh O Muircheartaigh go h-ealaíonta grámhar, le na mór mhoimintí i stair na tíre.

Bheadh sé fánach a bheith ag lorg ‘Mícheál II’ chun an traidisiún dhá theangach a leanúint ar chúl an mhícreafóin – ní thagann a leithéid chugainn ach uair sa ré.

Is mó an tabhacht, mar sin, atá le socrú a dhéanamh idir TG4 agus CLG go luath le go mbeidh an Ghaeilge le clos ag na h-ocáidí seo, beo beathach.    Is é seo mo sheanphort ach ní chreidim go bhfuil sé ceart cóir nó cothrom go mbeadh cluichí móra na tíre, cluichí CLG agus eile, á chur i láthair ar RTE, craoltóír ‘sheirbhís phoiblí’ atá beo ar an gceadúnas a íocaimíd, gan é bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.  Murar feidir le RTE seo a dhéanamh lena dteicneolaíocht ar fad agus a n-acmhainní ar fad, caithfidh dream éigean eile seasamh sa bhearna – agus sin iad TG4.

Tá TG4 fada a dhothain ag craoladh na gcluichí beaga tánaisteacha agus ag déanamh jab maith – a bhuiochas do leithéidí Brian Tyers agus Macdara Mac Donncha is Seán O Gráinne is muintir uile Nemeton – tá sé thar am go mbeadh deis acu na cluichí móra a chraoladh beo beathach le trachtaireacht i nGaeilge.

An dtarlóidh sé seo?  Cá bhfios – ach a luaithe agus a bhfaighidh mo cheapachán ar bhórd TG4 an séala oifigiúil ón Rialtas, institiúid atá cúramach go leor ag múchadh tínte faoi láthair, tosnóidh mé ar an obair thabhachtach seo.

Maidir le Páirc an Chrócaigh inné, b’aoibhinn bheith beo is i láthair ar an lá nuair a bhuaigh Corcaigh ‘Sam’ don seachtú uair.  Mo chomhbhrón le muintir an Dhúin – ní h-aon jóc bheith ag filleadh mar thánaistí ach beidh lá eile acu.

Lá fliuch ach lá brea i stair Chorcaí.  Bhí mé ann nuair a bhuaigh Corcaigh Sam an dhá uair dheireananach i 1989 agus 1990.  Agus bhí mé ann go leor uaireannta idir sin agus seo nuair a buadh orainn.

Comhghairdeas ar leith le peileadóirí Mhúscraí, Nollaig O Laoire ó Chill na Martra a d’imir sár chluiche sa chosaint agus le Anthony Lynch (Naomh Abán) a thainig aniar ó ghortú dhona chun áit a fháil ar an bpainéal.   Agus leis an roghnóir ó Naomh Abán, Peadar Healy,  fear uasal a raibh ina laoch ag muintir Bhaile Mhuirne nuair a d’imir sé féin don chumann agus don chontae.

Corcaigh abú!

4 thuairim ar “Lá i bPáirc an Chrócaigh

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras ní fhéadfaí aon locht a fháil ar SBB ó thaobh trachtaireacht spóirt de. Tá sé ar fheabhas. An t-aon rud amháin a dhéarfainn nach mbionn sé ag craoladh ar RTÉ Raidió 1 agus b’é an bua a bhí agus atá ag MÓM go mbionn an Ghaeilge agus an Bhéarla fite fuaite ina thrachtaireacht ar Raidió 1, príomh staisiún na tíre. Dhéarfainn gurb é sin ceann de bheagán uaireannta a chloiseann furmhór na n-eisteoirí an Ghaeilge ag am ar bith ar an raidió nó, go deimhin, le linn a shaol. Ba bhreá liom a cheapadh go mbeadh deis ag SBB áit MOM a ghlacadh – ach ní doigh liom go dtarlóidh sé. Creidim gur duine éigean le trachtaireacht Bhéarla amháin a roghnófar do na cluichí móra….

    Freagra
  2. johnmodonoghue@yahoo.ie

    Comhghairdeas A Choncubhair, lá iontach do mhuintir Chorcaí go mhor mór taréis an chailliúint anuraidh.Comhgairdear freisean do na baill ó foireann na Gaeltachta Antóin agus Nollaig a thug an chéad bhonn do Chill na Martra.Cailliúint mhór MÓM cé go raibh a sos tuillte go maith aige.Bhí baint nách bheag aige le Bhaile Bhuirne, nár chuaigh sé ar scoil i gColáiste Iosagáin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s