Cartlanna Clibe: CLG

TG4, an Staighre Beo, Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge

An tseachtain seo chaite fuaireas r-phost ó Cheannasaí TG4, Pól  O Gallchóir, agus é ag tuairisciú dom agus do bhaill eile Bhórd TG4 go mbeadh breis cluichí CLG á chraoladh ar an gcainéal an bhliain seo chugainn.

Go h-íontach, cheapas, tá an CLG tar éis geilleadh ar dheireadh do cheart éileamh na nGael agus beidh na cluichí móra, Cluichí Ceannais na Mumhan agus na gCúigí eile is araile, á chraoladh beo ar an staisiún.

Beag an bhaol.  Is cosúil gur éirigh le TG4 na cearta a bhí ag an staisiún le trí bliana anuas – cluichí beo ar an Domhnach ó Mheán Fómhair go Bealtaine (Club agus Sraith – Peil agus Iomáint) a choinneáil agus tá pacáiste nua faighte ag an staisiún freisin – aon chluiche dhéag tráthnóna Dé Céadaoin san Earrach ina mbeidh Cluichí faoi 21 agus araile.

Anois tá muintir TG4 ríméadach as seo mar gheall gur dul chun cinn atá ann agus molaim iad as na cluichí breise a aimsiú.   Ach shamhlóinn ó bheith ag léamh an r-phoist a tháinig chugam gur ag déanamh gar do TG4 atá an Chumann Lúthchleas Gael.   Ní h-ea in aon chorr.   A mhalairt glan atá i gceist. Tá proifíl ag Craobhacha na gClub agus an Craobhach Fé 21 CLG de bharr an craoltóireacht d’ard chaighdeán atá á dheanamh ag Nemeton ar son TG4 ar na cluichí seo.   Tá lucht féachana acu ná raibh roimhe seo.

Is cosúil gur staighre beo é TG4 ar son imeachtaí spoirt.  Thosnaigh sé ag craoladh an Sraith Cheilteach mar shampla agus ansan thug na staisiúin Bhéarla, leithéidí RTÉ agus Setanta is Sky, súntas don lucht féachana a bhí á aimsiú ag craoltóireacht na gcluichí seo.   D’imigh an Sraith Cheilteach ó TG4 agus anois is é Srath Magniers agus tá cearta ag TG4 ar roinnt chluichí.    Is staighre beo é ar an slí suas – agus ar an slí anuas.   Níl suim ag RTÉ níos mó i Wimbledon is sa Tour de France – agus mar sin tá siad ar TG4.   Tá buntaiste áirithe ag an staisiún mar gheall ar an lucht féachana ‘íseal’ a luaitear leis de bharr gur i nGaeilge atá an trachtaireacht – mar sin bionn an ráta a ghearrtar ar an staisiún ar son na gcearta ar na n-imeachtaí seo níos ísle.

Sna blianta a bhí caite thug staisiúin ar nós Sky agus Setanta suimeanna ollmhóra ar son na gcearta ar chraoladh Phríomhshraith Shasana.  Bhris an margadh sin Setanta sa Bhreatain nó níl an oiread san daoine ag dul go dtí na tithe tabhairne níos mó chun faire ar an gcluichí agus mar sin theip ar Setanta a dhothain sintiúis a mhealladh ó thabhairneoirí  – tuairim is €1000 sa mhí atá i gceist – chun díol as na cearta a bhí ceannaithe acu.

Is margadh casta é seo, margadh na gcearta craoltóireachta, agus ní thuigim go h-iomlán é.     Ag an am chéanna, creidim go bhféadfadh TG4 margadh ar leith a dhéanamh le na h-úinéirí na gcearta ar na cluichí móra CLG, na cluichí idirnáisiúnta sacair is rugbaí, na Cluichí Oilimpeacha is araile, chun na h-imeachtaí seo a chraoladh i nGaeilge.

Mar sin an tseachtain seo chaite, nuair a thuigeas go raibh céim chun tosaigh glactha ag TG4 ach nach raibh ‘AN’ chéim chun tosaigh glactha maidir le cluichí móra an CLG, thit mo chroí.   In ainneoin feabhas TG4 maidir le craoltóireacht ocáidí móra spoirt, tá sí fós in áit na leathphingine agus, dá bhrí sin, tá a pobal féachana ina thánaistigh i gcomparáid le pobal féachana an Bhéarla.

Ag an am céanna go raibh TG4 ag ceiliúradh na cearta breise a bhí gnóthaithe ag an staisiún, bhí na cearta ar na cluichí mionúir á chailliúint ag RTÉ agus iad ceannaithe ag TV3.   Anois tá daoine ann i ngluaiseacht na Gaeilge atá míshásta faoi seo…ach ar shlí, táim idir dhá stól ar an gceist.   Cinnte ní thaithníonn sé liom nuair a laghdaitear dualgas RTÉ i leith na Gaeilge agus táim ar shon go mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ar fáil ar gach imeacht spoirt.

Dar liomsa ba mhasla tomhaiste don Ghaeilge é go raibh an trachtaireacht ar chluiche na mionúir i nGaeilge agus an trachtaireacht ar chluiche na sínsear i mBéarla.   Mhínigh Mícheál  O Muircheartaigh go raibh trachtaireacht ar an gcluiche mór, cluiche na sínsear, leath agus leath i nGaeilge agus i mBéarla nuair a thosnaigh RTÉ ag craoladh na Cluichí Ceannais i 1962.   Ba riail ag an CLG é go mbeadh trachtaireacht i nGaeilge. Is cosúil go bhfuil an riail sin ann fós – fiú mura bhfuil sé athruithe.  Ansan, dar le Mícheál, bhí “dea smaoineamh” ag boc éigean in RTÉ:  cén fath nach gcraolfaimíd Cluiche na Mionúir chomh maith agus é sin a dhéanamh i nGaeilge agus cluiche na sínsear a chraoladh i mBéarla.  Agus b’shin a thárla ó shin go dtí an bhliain seo.   Agus bhí gach duine sasta – seachas canncráin cosúíl liomsa.

Anois tá an ualach seo bainte ó RTÉ ag TV3 – agus deir TV3 go mbeidh siad ag déanamh a machnamh ar an dtrachtaireacht a dhéanamh i nGaeilge.  I bhfírinne b’fhearr liom go gcuirfeadh TV3 X Factor i láthair i nGaeilge….ach sin scéal eile.

Bhí Padraig Mac Fhearghusa ar an clár céanna ar Raidió na Gaeltachta, An Saol ó Dheas Dé hAoine, agus é ag gearán faoin ísliú céime a bhí faighte ag an nGaeilge maidir leis na gcluichí mionúir.   Ní fheadar an dtuigeann Pádraig gur ísliú céime é go mbeadh na cluichí mionúir á chraoladh i nGaeilge (sa teanga ‘mionúir’) agus na cluichí sinsearacha á chraoladh i mBearla.

Is cosúil go bhfuil an fheachtas a thosnaigh Conradh na Gaeilge tar éis don alt seo uaim a bheith i nGaelscéal ligthe i ndearúd nó níl tasc nó tuairisc ar leathnach na bhfeachtaisí faoin bhfeachtas chun tabhairt ar an Aire Cumarsáide dualgas a chur ar na craoltóirí leaganacha Ghaeilge den trachtaireacht ar na mór ocáidí spóirt ‘saor go h-aer’ a chur ar fáil.   Mór an trua go bhfuil seo ann – nó creidim gur feachtas é seo a fhéadfaí buachaint.  Is léir, áfach, gur ag dul siar atá an Chonradh ar an gceist seo agus, ochón, ar cheisteanna eile freisin.   Os rud é go bhfuilim féin im bhall den Chonradh anois, cá bhfios ach go gcuirfinn m’ainm féin sa reicneáil d’Uachtarántacht an eagrais an bhliain seo chugainn fiú mura raibh i gceist ach an eagras is mó i saol na Gaeilge a mhúscailt óna mharbhshuan.

Idir seo agus sin, an rud atáim chun déanamh, mar is ball den CLG mé freisin, fiosruithe a dhéanamh maidir le rún a mholadh ag Cruinniú Cinn Bliana mo chumann chun tabhairt ar an eagras sin bheith níos gníomhaí ar son na teanga ná mar atá.  Más maith le duine ar bith eile é seo a dhéanamh ina chumann CLG féin, lean ar aghaidh.  Is é an rud tabhachtach go gcuirfí ar shúil an CLG go bhfuil an eagras ag déanamh failli ar an dteanga agus go bhfuil sciar dá bhallraíocht nach n-aontaíonn leis an bhfaillí seo.

Lá i bPáirc an Chrócaigh

Mícheál Ó Muirchéartaigh

An maidin dar gcionn, tar éis an bhua, táim ar ais sa bhaile agus ciachán im scórnach a bheadh Brian Cowen in éad leis.   Táim amhlaidh, gan amhras, tar éis go leor screadaigh a dhéanamh ar son Chorcai i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné.

La caithréimeach do ghaiscigh Chorcaí agus d’óglaigh Thír Eoghain, gan aon amhras, ach lá le blas beag uaigneach air freisin de bhrí gurb é an cluiche ceannais dheireannach a bheadh Mícheál O Muirchéartaigh ag déanamh trachtaireacht air ar son RTÉ Raidió 1.   Tar éis breis is trí scór bliain a chaitheamh ar chúl mhícreafón ag cluichí móra, is cinnte go bhfuil a chion déanta ag Mícheál.   Agus nuair a deineadh bronnadh air inné, roimh an chluiche mhór, sheas an uile dhuine, 80,000 nó mar sin, chun bualadh bos a thabhairt don Chiarraíoch ghroí.   Ní raibh mé i láthair má thárla sé seo i bPáirc an Chrócaigh roimhe.

Ciallóidh easnamh Mhichíl ón mhicreafón is na aerthonnta gur beag an Ghaeilge a bheidh le clos feasta ag ocáidí móra mar seo ar phríomh staisiún raidió na tíre.  Is cuid de chur i láthair nádúrtha Mhichíl í an Ghaeilge agus ní doigh liom go bhfuil sé fíor le rá go mbionn an Ghaeilge in úsáid ag trachtairí eile CLG RTÉ, leithéidí Marty Morrisey, Brian Carthy nó Ger Canning.

An rud a tharlóidh, is dócha, go n-imeoimíd i dtaithí ar an easpa Ghaeilge ag an ocáid mhór agus de réir a chéile ní bheidh aon chuimhne againn ar an dteanga bheith fite fuaite, mar a dheineadh O Muircheartaigh go h-ealaíonta grámhar, le na mór mhoimintí i stair na tíre.

Bheadh sé fánach a bheith ag lorg ‘Mícheál II’ chun an traidisiún dhá theangach a leanúint ar chúl an mhícreafóin – ní thagann a leithéid chugainn ach uair sa ré.

Is mó an tabhacht, mar sin, atá le socrú a dhéanamh idir TG4 agus CLG go luath le go mbeidh an Ghaeilge le clos ag na h-ocáidí seo, beo beathach.    Is é seo mo sheanphort ach ní chreidim go bhfuil sé ceart cóir nó cothrom go mbeadh cluichí móra na tíre, cluichí CLG agus eile, á chur i láthair ar RTE, craoltóír ‘sheirbhís phoiblí’ atá beo ar an gceadúnas a íocaimíd, gan é bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.  Murar feidir le RTE seo a dhéanamh lena dteicneolaíocht ar fad agus a n-acmhainní ar fad, caithfidh dream éigean eile seasamh sa bhearna – agus sin iad TG4.

Tá TG4 fada a dhothain ag craoladh na gcluichí beaga tánaisteacha agus ag déanamh jab maith – a bhuiochas do leithéidí Brian Tyers agus Macdara Mac Donncha is Seán O Gráinne is muintir uile Nemeton – tá sé thar am go mbeadh deis acu na cluichí móra a chraoladh beo beathach le trachtaireacht i nGaeilge.

An dtarlóidh sé seo?  Cá bhfios – ach a luaithe agus a bhfaighidh mo cheapachán ar bhórd TG4 an séala oifigiúil ón Rialtas, institiúid atá cúramach go leor ag múchadh tínte faoi láthair, tosnóidh mé ar an obair thabhachtach seo.

Maidir le Páirc an Chrócaigh inné, b’aoibhinn bheith beo is i láthair ar an lá nuair a bhuaigh Corcaigh ‘Sam’ don seachtú uair.  Mo chomhbhrón le muintir an Dhúin – ní h-aon jóc bheith ag filleadh mar thánaistí ach beidh lá eile acu.

Lá fliuch ach lá brea i stair Chorcaí.  Bhí mé ann nuair a bhuaigh Corcaigh Sam an dhá uair dheireananach i 1989 agus 1990.  Agus bhí mé ann go leor uaireannta idir sin agus seo nuair a buadh orainn.

Comhghairdeas ar leith le peileadóirí Mhúscraí, Nollaig O Laoire ó Chill na Martra a d’imir sár chluiche sa chosaint agus le Anthony Lynch (Naomh Abán) a thainig aniar ó ghortú dhona chun áit a fháil ar an bpainéal.   Agus leis an roghnóir ó Naomh Abán, Peadar Healy,  fear uasal a raibh ina laoch ag muintir Bhaile Mhuirne nuair a d’imir sé féin don chumann agus don chontae.

Corcaigh abú!

C.S.Iomáint

Ní h-amháin go raibh iomáint le feiscint ar an eagrán seo de CSI Nua Eabhrac – ach bhí an Ghaeilge le cloisteáil ann freisin.  Nach ait an scéal gur ar éigean go bhfeicfeá iomáint nó peil Gaelach ar dhráma theilifíse ar RTÉ – Fair City, The Clinic nó eile –  agus is cinnte nach gcloisfeá an Ghaeilge ann.    Agus an raibh riamh scéal ar Ros na Rún ina raibh peil nó iomáínt lárnach ann?