Donncha agus an eiriceach

Nílim ag blagáil anseo chomh minic na laethannta seo – easpa feirge an fhadhb is mó.  Nó b’fhéidir go bhfuilim ag déanamh bhainistiú ar an bhfearg a bhí ionam i slite eile.   Tá go leor údair feirge ann, gan aon amrhas: d’fhéadfainn bheith ag tabhairt amach faoin Taoiseach agus a ghloine leath fholamh nó ag clamhsán faoi Fhoras na Gaeilge atá ag fás maorláthas na Gaeilge thar aon rud eile.

Ag léamh Gaelscéal dom an tseachtain seo, thugas súntas don ‘anailís’ atá déanta ag Donncha O hÉalaithe ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge 2009/10.   Tá Donncha ag gabhail don obair seo le blianta fada agus scrigh sé altanna ‘anailíse’ mar seo go minic do sean Foinse.    Anois tá sé ag seinnt an sean phort chéanna – le casadh beag nár thug mé faoi ndeara roimhe –  do Ghaelscéal.

Leagan giorruithe den ‘anailís’ a rinne Donncha atá ina phríomhscéal ar Leathnach 1 agus é faoin cheannline ‘Gaeilge ag 30% de pháistí na Gaeltachta”.    Tá an cheannlíne amhrasach seo bunaithe ar an léamh aisteach atá ag Donncha ar na staitisticí i dtorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge.   Céard é a dúirt an fear:  ‘Statistics, statistics and damned lies’?

Céard é an léamh aisteach seo?  Bhuel is amhlaidh nach bhfuil Donncha sásta go bhfuil méadú tagtha ar líon na dteaghlaigh i nGaeltachtaí beaga ar nós Múscraí atá ag fáil an dheontais iomlán – deir sé gur ‘dea scéal’ an méid sin maith go leor ach tá ‘ACH’ mór aige.  Dár leis nach bhfuil ach 30% de na teaghlaigh atá i dteideal an deontais ag cur isteach ar an scéim.

Agus mar a deir sé ina ‘anailís’:

Thart ar 10,000 teaghlach le páistí scoile atá sa Ghaeltacht oifigiúil. 6,500 acu, ní bhacann siad le hiarratas a dhéanamh, mar go dtuigeann a bhformhór nach bhfuil a ndóthain Gaeilge ag a gcuid gasúr le cur isteach ar an scéim.

Is é fírinne an scéil go léiríonn na figiúirí ón SLG 2009/10 go bhfuil líofacht mhaith Ghaeilge ag thart ar 25% de na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht oifigiúil agus go bhfuil Gaeilge maith go leor ag páistí ó 4.5% teaghlach eile.

De réir na ‘h-anailíse seo’ is ionann agus teip gan cur isteach ar an scéim.    Nílim cinnte an bhfuil sé seo ceart nó cóir de réir cúrsaí staitisticí – is staitisticeoir Donncha ina shaol ghairmiúil – ach ceapaim go bhfuil sé éagórach go h-iomlán de réir iriseeoireacht.  Níl a fhios ag éinne cén fath nach gcuireann teaghlaigh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge.   Níl aon suirbhé déanta, go bhfios dom, ar an gceist agus mar sin tá sé mícheart, dar liom, bheith ag déanamh talamh tirim de chonclúid chomh amhrasach.

Tá ár mbarúlacha againn, gan amhras, faoi na fáthanna ach ní mór cúpla rud eile a chur sa mheá.  Mar shampla, tá go leor teaghlaigh ón iasacht tar éis bogadh isteach sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas – b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu gur féidir leo an deontas seo a shaothrú.  Ar deineadh a dhothain bolscaireachta faoin Scéim?   Ní fheadaraíos.

Creidimse go bhfuil lochtanna bunusacha ag baint leis an scéim seo agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim ó bhun go barr.  Sin mo bharúil phearsanta féin.   Mar shampla, cén fath go ndeintear na páistí a chur faoi scrúdú sna scoileanna nuair nach bhfuil na torthaí bunaithe ar na scoileanna ach na toghranna áitiúla?   Nár cheart do chigirí na scéime cuairt a thabhairt ar na teaghlaigh – iad san atá ag cur isteach ar an scéim, nach iad? – agus an scrúdú a dhéanamh ar an teaghlach ar fad sa bhaile.    Slí cam é an Scéim faoi mar a fheidhmítear é faoi láthair an teaghlach ar fad a chur faoi scrúdú agus ‘pas’ nó ‘teip’ nó ‘onóracha’ a bhronnadh orthu gan aon chuairt a thabhairt an dteaghlach agus gan ach na páístí a chur faoi scrúdú sa scoil.

Fiú dá mba rud é go raibh seo ag titim amach, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeilge in aon slí.   Ní dheineann SLG ach scrúdú ar líon na bpáistí a chuireann isteach uirthí sa Ghaeltacht – agus fágtar na mílte teaghlaigh atá seoladh páistí chuig Gaelscoileanna is Gaelcholáistí taobh amuigh den Ghaeltacht taobh amuigh den scéim.   Fiú amháin tá páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag freastal ar scoileanna atá taobh amuigh den Ghaeltacht, de bharr, mar shampla, go bhfuil riachtanaisí speisialta acu, agus níl siad san áireamh sa scéim seo, is cosúil.

Mar sin nuair a fhoilsítear torthaí SLG gach bliain bionn cinnlínte ‘an ghloine leath fholaimh’ ar altanna ó leithéidí Donncha O hEalaithe ag fógairt go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis i measc na n-óg cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil fás ar an dteanga trasna na tíre.

An fadhb atá agamsa le SLG gur bealach tuatach agus simplíoch é chun tomhas a dhéanamh ar libhéal labhartha na teanga sa Ghaeltacht.   Cuirtear páistí faoi scrúdú uair sa bhliain agus de réir torthaí an agallaimh ghairid sin, tugtar breith ar chomh Gaelach is atá an teaghlach agus, mar bharr ar sin, sláinte na Gaeilge sa toghroinn is sa Ghaeltacht.  Sásaíonn an cur chuige sin, a shíolraíonn is dócha ón scoil smaointeoireachta céanna a chreideann gur ionann ‘Ard Teist’ agus cruthúnas oideachais, lucht na n-anoracaí, an dream sin a thaitníonn sé leo bheith ag fáil freagraí ‘sea’ nó ‘ní hea’ ar cheisteanna nach gá go mbeadh ‘sea’ nó ‘ní hea’ mar fhreagra iomlán is fírinneach.

An dream a bhfaigheann an scrúdú sin, caitear cúpla céad euró chuthu go maslach, amhail is gurb é an breab seo an chúis go bhfuil siad ag togáil a bpáistí le Gaeilge.

Ar ndóigh tá scoil smaointeoireachta ann a chreideann go mba cheart teorainneacha na nGaeltachtaí a ath-tharraingt chun limistéir na nGaeltachtaí a laghdú agus ansan, go mbeidh níos mó acmhainní le h-infheistú san ‘Fhíor Ghaeltacht’.  B’shin bun agus barr moltaí an Staidéir Chuimsithí ar Usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge cúpla bliain ó shin.

Is rud fánach é bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun chinn ar bhonn thíreolaíoch mar ní gá ach clann corr amháin sa limistéir le cur i gcoinne d’iarrachtaí agus beidh deireadh leat.  Caithfidh an iarracht a bheith dírithe ar phobail dhaoine agus áiseanna a bheith ar fáil don phobal sin ina iomláine chun cuidiú leo a saoil a chaitheamh trí Ghaeilge an oiread agus is féidir.   Mar shampla i Múscraí, agus arís táim ag labhairt anseo ar bhonn phearsanta, d’fhéadfadh €26,000 (an méid ar an meán a íoctar le teaghlaigh an cheantair a shaothraíónn an deontas iomlán ón SLG) a chaitheamh ar léas a bhaint amach ar fhoirgneamh sa cheantar le feidhmiú mar Chultúrlann ar nós Chultúrlann Bhéal Feirste.  Sa tslí sin bheadh daoine, na teaghlaigh gan Ghaeilge, á mealladh i dtreo na teanga seachas á ‘theip’ mar atá déanta ag Donncha ina alt  ‘anailíse’.

Caithfear teacht ar bhealaí níos fearr agus níos iomláine chun labhairt na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a thomhas ná ‘Scéim Labhairt na Gaeilge’.  Modh é sin nach dtugann ach léargas aontoiseach dubh agus bán ar phictiúir ar cheart beo, trí thoiseach is iomlán dáite.  Táimíd ag maireachtaint i ré nua digiteach anois – ní sa chlochaois mhaorláthach.

Ach, ná bac liomsa, is eiriceach mé!  Mothaím an fhearg ag teacht ar ais….

 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s