Tugadh léargas dúinn ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeltachta inniu nuair a ghairm an Taoiseach, Brian O Cómhainn, cruinniú mullaigh d’aon aisínteacht stáit deag a bhionn ag plé le cursaí fostaíochta. De réir na tuairisce seo san Irish Times, b’é an sprioc a bhí ag dTaoiseach, de réir mar a nocht sé ag an gcruinniú;
“What Government is doing is making sure all our State agencies are focused on the need to retain jobs and create jobs…,” he said.
Is fiú, go h-áirithe, liosta na n-áisínteachtaí a tugadh cuireadh dóibh bheith i láthair ag an gcruinniú:
The groups attending the meeting were the IDA; Enterprise Ireland; Forfás; Fás; Bord Bia; Fáilte Ireland; Tourism Ireland; Science Foundation Ireland; the Sustainable Energy Authority; the Higher Education Authority and the City and County Managers Association.
Tá an IDA agus Enterprise Ireland luaite ar an liosta seo – ach cá bhfuil Udarás na Gaeltachta, áisínteacht atá chomh h-eifeachtach ar a laghad ag cruthú postanna is atá an bheirt eile. Níl a fhios agam an é an Irish Times a d’fhag an tUdarás ar lár ón dtuairisc – nó ná bhfuair siad cuireadh a bheith i láthair.
Cé go bhféadfadh sé tarlú go raibh an tUdarás i láthair ach gur fhagadh ar lár ón dtuairisc iad, ní doigh liom gur sin a thárla. Creidim gur léargas é seo ar chomh h-imeallach is atá an Ghaeltacht/an Ghaeilge de rér an Rialtas. Botún é an Ghaeilge/an Ghaeltacht a fhágaint ar lár.
Agus, gan amhras, cuireann sé ceist bunusach mar gheall ar choimitmint an Rialtais i leith a Ráiteas i leith na Gaeilge (2006) agus gach a lean é sin. An bhfuil an Ghaeilge is an Ghaeltacht lárnach nó imeallach i saol na tíre chomh fada is a bhaineann sé leis an Rialtas?
Sé an fadbh leis an Rialtas seo nách gcreideann éinne sa tír a bhfuil ar siúl acu, an Ghaeilge san áireamh.Olltoghacháin agus amach leo i mo thuairimse.
Ping: Míreanna mire ón Oireachtas… « iGaeilge
Ping: Tír an Amhrais « iGaeilge