Todhchaí na Gaeilge slán – taighde nua

cludach
taighde nua foilsithe ag an Athair Mícheál Ó Gréil a thugann le fios, go neamh bhalbh, go bhfuil todhchaí na Gaeilge slán – agus gurb é An Pháil croí lár na ‘Gaeltachta úire’.

Author Fr Micheal Mac Gréil claimed the language had been saved and was now strong enough to be revived.

“The support of the Pale is higher than the support of the west of Ireland,” Fr MacGreil said.

“There has been a total change taken place.

“While still strong in the west of Ireland, Dublin City and County are ahead of the other provinces in their dispositions towards the Irish language.

“Never since the time of the Famine was there so many people with a reasonable standard of Irish.”

De réir an taighde seo, atá foilsithe anocht, ní amháin go bhfuil dearcadh níos dearfaí i measc an phobail i leith na Gaeilge ach tá caighdeán réasúnta Ghaeilge ag níos mó daoine ná am ar bith ó aimsir an Ghorta.

Más amhlaidh an scéal, agus níl eolas breise agam thar an mhéid atá léite agam go dtí seo sa tuarascáil nua seo, tá dushraith seasmhach faoin nGaeilge agus níl le déanamh anois ach plean a bheartú chun an deathoil agus an cumas sin a aistriú go h-úsáid rialta, laethúil fiú.

Ar na torthaí is súntasaí sa suirbhé seo, deirtear nach bhfuil ach 6.6% den daonra den tuairim gur cheart go gcaithfí an Ghaeilge i dtraipéisí. Creideann 52.5% gur cheart an teanga a chaomhnú agus deir 40.9% gur cheart í a athbheochan.

Ciallaíonn sin nach bhfuil sa mhionlach glórach a bhionn ag gearán faoin nGaeilge agus na h-acmhainí a chaitear uirthí ó am go cheile ach sin; mionlach glórach.

Beidh a thuilleadh faoi seo sna laethannta atá romhainn – ach is cinnte gur suirbhé suntasach é seo agus tá gá le staidéar a dhéanamh ar na torthaí uaidh agus cad iad na h-iarmhairtí do pholasaí Ghaeilge agus Ghaeltachta an stáít amach anseo.

2 thuairim ar “Todhchaí na Gaeilge slán – taighde nua

  1. Ping: Ó Cuív cáinte de bharr cur chuige ’sean fhaiseanta’ « iGaeilge

  2. Ping: Póg leisbiach ina chomhartha ar rás rite Ros na Rún? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s