Éire go brách

Níl a fhios agam cén údar imní is mó atá agam – go bhfuil buaiteoir Ghradam Nobel san Eacnamaíocht, Paul Krugman, ag caitheamh anuas ar gheilleagar na tíre seo nó go bhfuil Máire Ní Chochláin, an Aire Fiontair is Tráchtála, sna Stáit Aontaithe ag cur cás na hÉireann.

Níor mhaith liom beag is fiú d’iarracht ar bith clú na hÉireann a chosaint agus an tír faoi íonsaí ó gach fronta le linn cogadh eacnamaíochta/géarchéim eacnamaíochta fíochmhar.

Ach nílim cinnte an é an freagra is fearr ar féidir linn a thabhairt ar a leithéid de cháineadh go mbeadh duine ón Rialtas atá ciontach as an poll ina bhfuilimíd a thochailt.

Rud amháin a thug solás dom as seo ar fad – agus is beag an méid é – go raibh a dhothain Gaeilge ag Paul Krugman chun an imeartas focal seo a dhéanamh, Erin go bragh go Erin go broke!

2 thuairim ar “Éire go brách

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Sé an rud a chuireann iontas orm fiú sa lá ata inniu ann ná nach bhfuil aon cheacht foghlama againn taréis an caimiléireacht go léir agus an ghearrchéim eachnamaíochta.Iar Uachtarán CLG Seán Ó Ceallaigh ag ceiliúradh 21 bhliain sa Dáil leis an imghabhlaí cánach Michael Lowry.Cén saghas dea – shampla é seo ó fear a bhfuil suim aige, ionadaíocht a dheanamh ar ár shon san AE.Ma leanaimíd mar seo beidh níos mó na Maire Ni Choclain ag teastáil chun a chur ina luí ar muintir Mheiricea nach bhfuil an teideal “Éireann go broke” tuilte againn.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s