Ó Cuív cáinte de bharr cur chuige ‘sean fhaiseanta’

Agus mé fillte ón obair trathnóna chuala mé cúpla mír ar an gclár Drivetime ar Raidio 1 a chur ag smaoineamh mé.

Sa chéad dul síos bhí mír ann inar cháinthuairiscigh Fergal Keane go raibh líon mór airí rialtais ann a fuair ‘a suiocháin’ mar oidhreacht ó athair nó gaol eile a chuaigh rompu. Luaigh sé an Aire Ó Cuív á rá go raibh an lochrann a d’iompar a sheanathair, Éamon De Valera, tugtha do go díreach, gur fhagadh glúin as an áireamh. Ar ndóigh bhí cúramaí eile ar Bhrian Ó Cuiv, é ina údar aitheanta agus ina scoláire ar chúrsaí teanga.

An maíomh a bhí á dhéanamh ag tuairisceoir RTÉ go raibh an chuid finíochais ar bun sa Dáil agus go raibh sé ag titim amach sna mór phairtithe ar fad – cé gur i bhFianna Fáíl is coitianta go raibh sé. Ar ndóigh ní finíochas é seo ar shlí cé gur léir gur tréine fuil ná uisce sa pholataíocht.

Is amhlaidh an scéal in RTÉ, áfach, agus dá ndéanfaí staidéar ansan ar earcú foirne agus an tionchar a d’imir finíochas ar roghnú iarrthóirí thar a cheile i gcomórtais oscailte – agus comórtais ná raibh chomh h-oscailte – bheadh scéal le h-insint. Bíodh geall ná beidh an scéal sin á fhiosrú ag tuairisceoirí Drivetime go ró luath.

Ach ní h-é sin ábhar an phoist seo. I mír a lean an méid a bhí le rá faoi finíochas, bhí beirt thrachtaire pholatúil sa stuideo agus iad ag labhairt leis an láíthreoir, Philip Boucher Hayes, faoin mheasúnú a bheadh siad ag déanamh ar na h-airí éagsúla sa Rialtas. Bliain ó shin a toghadh Brian Ó Comhain ina Thaoiseach agus tá ana chuid ráite agus scríte faoin ‘annus horribilis’ a bhí aige – anois an t-am le go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ar eifeacht na n-airí a roghnaigh sé don Rialtas.

Ag bun an liosta ag Michael O’Regan, tuairisceoir OIreachtais an Irish Times, bhí Éamon Ó Cuív as ucht nár eirigh leis cur chun cinn na Gaeilge a dhéanamh ar bhealach a bhí i dtiúin leis an aimsir nua.

Cháin O’Regan an Aire go h-áirithe as ucht an béim a chur ar shuirbhéanna a léirigh tacaíocht don Ghaeilge. Agus is dócha go raibh sé ag smaoineamh ar an suirbhé seo a fhoilsíodh le déanaí agus a léirigh tacaiocht/comhbhá don teanga i measc 93% den phobal.

Dar leis an tUasal O’Regan, níl aoinne i gcoinne an Ghaeilge agus mar sin is cur amú ama agus acmhainní é bheith ag déanamh suirbhéanna mar seo ar an gcomhbhá atá ann don teanga i measc an phobail. Ar ndóigh dheirfeadh an tAire ná raibh suirbhé chomh cuimsitheach leis an suirbhé a rinne an tAthair Mac Gréil le scór bliain agus is docha go mbeadh an cheart aige faoi sin. Ach léiríonn an suirbhé freisin gur beag an bogadh atá ar na bhfigiúirí ar shon na Gaeilge in ainneoin an méid atá déanta, ceapaimíd, sa tréimhse fiche bliana atá caite.

Ach is beag an tairbhe suirbhé mura bhfuil plean ann chun úsáid phraicticiúil a bhaint as thorthaí an suirbhé, abair, chun comhbhá a iompú go h-úsáid.

Níl ann ach píosa amháin de phictiúir i bhfad níos mó agus tá tarraingt cosa an Aire faoi fhoilsiú an phlean fiche bliain chun 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge a bheith ann faoi 2028 ag cothú eiginnteacht, ar an léamh is fearr, agus fearg is frustrachas ar an léamh is measa i measc comhluadar na Gaeilge. Agus ní h-aon chabhair an sotal – a la Brian Cowen – a léiríonn sé nuair a cheistitear é sa Dáil ar an ábhar. Má h-iarrtar cén uair go bhfoilseofar é, cén fath nach dtugadh sé freagra níos tuisceanaí ná ‘nuair a cheapaim go bhfuil sé ullamh’ is a léithéid. Bhí sé le bheith foilsithe roimh Nollag agus anois tá sé mhí caite, gabhail leis, ón spriocam úd.

Tá na beartais atá tagtha chun tosaigh le linn a ré mar Aire seanachaite agus bunaithe ar chothú maorláthais seachas buanú teanga. Idir an Choimisinéir Teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas, níl tada déanta ach cur le madhm an phaipéarachais doléite Ghaeilge ná raibh ar fáil ach i mBéarla go dtí seo. Go bhfios dom is beag duine a léann an chac seo i dteanga ar bith, Gaeilge agus Béarla, ach is é seo an t-aon tionscal fáis san earnáil Ghaeilge faoi láthair. Agus na dreamanna atá ag déanamh obair fónta, leithéidi Údarás na Gaeltachta is TG4, tá a mbuíséid á ngearradh ag an Rialtas.

Ag an am chéanna tá nuachtán laethúil Ghaeilge dúnta ar a sheal faire agus tá comhluchtaí léirithe theilifíse sa Ghaeltacht agus in earnáil na Gaeilge tri cheile ag ligint daoine chun bealaigh agus ag dúnadh síos de bharr ciorruithe atá déanta ag Foras na Gaeilge, maorláthas ar mire eile, agus an tua a thugadh do TG4 le déanaí sa bhuiséad.

Mar eolas, bhí aithne agamsa ar Mhichael O’Regan nuair a bhíodh sé ag scríobh colún don Kerryman ag cáineadh an Chomhrialtas – FG/Lucht Oibre – i 1995/6 as ucht an rialtas sin bheith ag infheistiú i dTnaG/TG4 seachas i bhfallaí níos airde do phriosúin an Chaislean Riabhaigh. Ceapaim nach eisean an duine is fearr bheith ag tabhairt léacht don Aire Uí Chuiv faoi bheith ‘seanaimseartha’ i leith cur chun cinn na Gaeilge i bhfianaise gurb é TG4 an forbairt is súntasaí i saol na Gaeilge chomhaimseartha – agus níl an staisiún gan locht i leith na Gaeilge – le na blianta fada.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s