Sinn Féin agus ath-aontú na tíre

D’eirigh le Gerry Adams filleadh ó Washington in am chun oráid a thabhairt ag ocáid Shinn Féin inné chun bunú an Chéad Dála cothrom an lae 90 bliain ó shin. Oráid a bhí ann inar dhein sé an argóint nár luadh, ní doigh liom, an lá roimhe ar chorr ar bith nuair a bhí an chomóradh oifigiúil ann ag an Stat ó dheas, go raibh crioch dheighilt tar éis bac a chur ar fhás agus fhorbairt na hÉireann agus go raibh sé in am anois feachtas a chuir sa tsiúl chun buanna athaontú na tíre a chuir os comhair an phobail.

Is ceart agus is cóir go mbeadh an feachtas sin ann dar liom agus dá mbeadh an cheist sin ag croí lár gach rud a dhein SF sna toghcháin atá romhainn, mheallfadh siad tacaíocht níos mó ná an 8-10% atá á fháil acu. Roimhe seo bhí na feachtais ag SF leath bhacáilte agus gan creidiúint – iad ag iarraidh ag an olltoghchán dheireannach bheith sa rialtas ó thuaidh is ó dheas ag an am chéanna. Bhí sé olc go leor iad a bheith ag iarraidh bheith ag suí sa rialtas leis an DUP ó thuaidh – ní dócha go bhfuil pairtí níos faide ar an eite dheis ar gach ceist tabhachtach san Eoraip – ní raibh aon rogha eile ann agus bhí toscai láidre eile le cur san áireamh.

Ach iad ag iarraidh bheith ag suí in aon rialtas le Fianna Fáil ó dheas ag an olltoghchán dheireannach, beag bheann ar na prionsabail a bheadh le fágáil ag an doras acu, b’shin céim ró fhada. Más cuimhin libh bhí Sinn Féin sásta a bpolasaithe maidir le cáín corporáideach a athrú díreach roimh an toghchán.

Tá sé tabhachtach go mbeadh polasaithe ciallmhara ag SF i réimsí tabhachtacha ar nós an eacnamaíocht, sláínte agus eile – ach is é an cheist a sháiníonn SF ceist ath-aontaithe na tíre. Is é sin gort s’acu agus cé go bhfuil pairtithe eile béal craifeach ar an gceist, níor cheart go mbeadh aon cheist faoi sheasamh SF ar an gceist.

Ach tá, mar tá an pháirtí tar éis dearúd a dhéanamh ar an mbunchúis go bhfuil siad sa pholataíocht, is é sin deireadh a chur leis an gcriochdheighilt agus Éire a athaontú. Tá an chuspóir seo ligthe i ndearmad acu de bharr go bhfuil siad dallta ag an smaoineamh go bhféadfaidís bheith i gcumhacht ach comhaontaithe a dhéanamh le FF nó eile.

Is íorónta an scéal é ach sílim go bhfuil pobal na tire reidh le h-aghaidh pairtí a chreideann i rud éigean seachas a bheith i gcumhacht ar mhaithe leis an gcumhacht.

An mbeadh speis acu anois i bpáirtí a bheadh ag iarraidh ath-aontú na tíre? Sin ceist ar fiú a chur amuigh ansin anois agus an cogaíocht ó thuaidh thart le beagnach cúig mbliain deag – sin glúin iomlán nach mór.

Tá sé in am freisin do Shinn Féin deireadh a chur lena ré mar pháirtí na h-agóide agus iad féin a athshamhlú mar phairtí an fheachtais. Ní h-aon mhaith doibh nó dón phobal bheith mar phairtí atá i gcoinnibh gach rud ach nach feidir a dhéanamh amach go díreach céard atá siad ar a shon. Sin polataíocht na seachtódaí. Táimíd beo i ré úr anois.

Os rud é go raibh Gerry Adams i Washington ag inshealbhú Barack Obama ina Uachtarán ar Mheirceá, b’fheidir gur feidir leis roinnt ceachtanna a fhoghlaim. Tá an gluaiseacht i measc an phobail a bhunaigh Barack Obama agus a chuidigh leis bheith tofa ina Uachtarán ar an ngluaiseacht pholatúil is cumhachtaí dá bhfacthas riamh san nua aois pholatúil.

Ba chabhair do Obama go raibh uachtarán chomh mí thaithneamhach le George W. Bush ann lena linn mar chuidigh sin leis an aeráid a chruthú le go bhfasfadh síol ar nós Obama i ngort an tsoinicis. B’fhearr le daoine bheith dóchasach seachas bheith soiniceach.

Go dtí seo tá daoine in Éirinn soiniceach faoin pholataíocht. Is é Fianna Fáíl – agus ar an droch uair – an Chomhaontas Glas an George W. Bush s’againne. Dá luaithe a fheicimíd iad ag imeacht, níl sé luath a dhothain. Tá gá le h-údar dochais. Tá gá le tuairim mhór chun sinn a ghriosadh agus ansan modh oibre chun sinn a eagrú.

Tá amhras faoi chumas Sinn Féin tabhairt faoin eagraíocht seo a bheadh ag teastáil chun an taoide soinicis a chur ar ath-threo. Ach ar a laghad tá tuairim mór acu. Tá sé in am go mbeadh Sinn Féin ar son rud éigean atá níos mó ná Sinn Féin agus beartú is eagrú dá réir.

Táim ag caint mar dhuine atá muinín caillte agam i Sinn Féin – de bharr an tréas a rinne an phairtí ar Lá Nua agus eile – ach de bharr go dtacaím leis an sprioc go mbeadh Éire Aontaithe ann, níl sé as an cheist nach feidir mo mhuinín a thuilleamh in athuair. Is féidir sin a dhéanamh ach tabhairt faoi. Tá daoine eile ann atá muinín caillte – ar chúiseanna eile – agus arís eile is féidir an muinín sin a shaothrú arís.

Ach fiú mura raibh Sinn Féin ach ag bladar inné agus nach bhfuil sé i gceist acu aon rud praicticiúil a dhéanamh ar son Eire Aontaithe – go leor ‘gong’ ach gan dinnéir ar bith – ba cheart dúinn mar phobal eagrú ar son an sprioc sin a bhaint amach. Ná bímis ag fánacht ar Phrionnsaí, dúirt Machiavelli fadó, agus b’shin fear a thuig úsáid na cumhachta!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s