Is fánach an áit….

…nach bhfaighfeá gliomach. SIn an smaoineamh a ritheann liom agus mé ag tabhairt cúpla rud faoi ndeara san Irish Times inniu.

Is minic mé ag cáineadh nuachtán an taifid sa bhlag seo. Agus bhí cáineadh tuillte ag an nuachtán sin mar gheall ar altanna gan bunús a fhoilsíodh ann faoin ngaeloideachas.

Ach nuair atá moladh tuillte ní bheadh sé ceart sin a shéanadh.

Agus comóradh á dhéanamh ar an gCéad Dáil inné [Dé Máirt] in Aras an Ard Mhéara bhí roinnt de na h-oráidí i nGaeilge. Agus, fair plé, bhí alt ann ag Déaglán de Bréadún, eagarthóir ghnóthaí eachtracha an nuachtáin [agus an chéad eagarthóir Ghaeilge ar an nuachtán freisin, an t-é a shocraigh caighdeán nach bhfuil sroichte ag aon duine dá chomharbai, go deimhin tá rudaí imithe ag imeacht chun donais le blianta beaga ach sin scéal eile] i nGaeilge faoin meid den ocáid a bhí i nGaeilge.

Agus i bhforlíonadh speisialta faoin ocáid seo, bhí alt eile ag de Bréadún i nGaeilge faoin mhéid den Chéad Dáil a reachtáladh i nGaeilge.

Tá áthas orm go bhfuil duine éigean a thuigeann an tabhacht stairiúil leis an ocáid – gí gur reachtáladh é lá ro luath! – agus tá sé suntasach go raibh tagairt ann don staraí Nollaig O Gadhra a cailleadh anuraidh, suaimhneas síoraí dá anam:

Sa leabhair An Chéad Dáil (1919-21) agus an Ghaeilge (Coiscéim, 1989) rinne an t-iriseoir Nollaig Ó Gadhra (1943-2008, suaimhneas síoraí dá anam) staidéar ar leith ar an ghné seo den chéad Dáil agus d’aimsigh sé gur labhair 12 teachta trí Ghaeilge an lá san chomh maith leis an Athair Micheál Ó Flanagain adúirt an phaidir.

Agus tá moladh ag dul freisin do Nuacht 24 as forlíonadh breá a fhoilsiú faoi inshealbhú Barack Obama – ní féidir liom a rá gur thaitin an cheann líne ar an bpríomh scéal liom – Barakadh an Lae Ghil – ach ní fhéadfaí ach aitheantas agus moladh a thabhairt don bheart gur cuireadh an nuachtán le cheile, go raibh sé slachtmhar agus thar a bheith speisiúil [agus ní áirím m’alt féin faoin Dáimh Scoil sa mhéid sin!]. Bhí altanna breá ann le mo shean cháirde, Gearóid Ó Cairealláin agus Tomaí Ó Conghaile agus Fearghas Ó hÍr is eile. Bhain mé sult astu – tá beatha i ndiaidh Lá Nua! Tá tabhacht go mbeadh trachtaireacht agus tuairisceoireacht – seachas tuairisceoireacht amháin – ar eachtraí stairiúla na seachtaine seo agus fán am a bheidh an Satharn ann agus Foinse ar an margadh, beidh an scéal seanachaite agus meirg air. Agus ansan ní mór a chur san áireamh go mbionn an tuairimíocht den chuid is mó i bhFoinse seanachaite agus meirgeach ar aon nós!

Ach caithfidh mé a rá gurb é an an alt is mó a bhain mé taithneamh as an léargas ó pheann Chaoimhe Ní Chathail – an bean a fuair an scúp, agus ní deoch sa Diúc of Eabharc atá i gceist agam – faoin agallamh a rinne sí le hIan Paisley. Mo léan lom, ní raibh aon aitheantas di inniu san Irish Times agus Pól Ó Muirí ag tagairt don oscailt a rinne iar cheannaire an DUP ar an dtaispeantas speisialta faoi Cholmcille ag Leabharlann Chréagaí – níor thagair sé fiú don agallamh a rinne Ian Paisley le Raidió Fáilte, an chéad agallamh a rinne sé le meán Ghaeilge ar bith, bíodh is nach i nGaeilge a raibh an agallamh. Ar aon nós ní fiú bheith ag cur dumhach idirlíne amú ar a leitheid.

Taithníonn cholún Chaoimhe liom mar is léir dom gur guth úr í agus gur fiú éisteacht lei. Nil an glór seo siocaithe mar a bhionn glór mo leitheidse srianta ag coinbhinsiúin na h-iriseoireachta chló is eile. Sruth choinsiasa, tuairisceoireacht buille ar bhuille gan claonadh ach le greann is le gusta. Sin atá de dhith ag iriseoireacht na Gaeilge san am i láthair – agus mar is dual do na Feirstigh, tá sé ag teacht ar an ngaoth aduaidh…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s